Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Na Gnóthairí Gáis Sceidealta.)

26 1957


Uimhir 26 de 1957.


AN tACHT UM RIALÚ GÁIS, 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN TÁILLÍ UASTA A CHEAPADH DO GHÁS, DO CHUR DEIREADH LEIS AN TORAINN AR RANNÍOCA Ó GHNÓTHAIRÍ GÁIS LEIS AN gCISTE GÁIS, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dDAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [17 Nollaig, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1920” an Gas Regulation Act, 1920;

ciallaíonn “Acht 1928” an t Acht um Gheas do Rialáil, 1928 (Uimh. 24 de 1928) ;

ciallaíonn “Coiste Comhairlitheach” Coiste Comhairlitheach um Tháillí Gáis arna chomhdhéanamh faoi alt 2 den Acht seo;

tá le “gnóthairí gáis” an bhrí chéanna atá le “gas undertakers” in Acht 1920, arna leasú le halt 3 d'Acht 1928;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “na gnóthairí sceidealta” na gnóthairí gáis a son raítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Comhdhéanamh Coistí Comhairlitheacha um Tháillí Gáis.

2. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham le barántas faoina láimh comhlucht daoine a chomhdhéanamh ar a dtabharfar Coiste Comhairlitheach um Tháillí Gáis agus dá ngairmtear Coiste Comhairlitheach san Acht seo.

(2) Luafar sa bharántas a chomhdhéanfas Coiste Comhairlitheach ainmneacha na ndaoine a bheas ina gcomhaltaí dhe.

(3) Bainfidh forála an Dara Sceidil a ghabhas leis an Acht seo le gach Coiste Comhairlitheach.

Feidhmeanna Choiste Chomhairlithigh

3. —(1) Is iad feidhmeanna Choiste Chomhairlithigh fiosrú a dhéanamh, agus tuarascáil a thabhairt don Aire, i dtaobh táillí a bheas á n-éileamh i leith gáis ag pé gnóthaire nó gnóthairí de na gnóthairí sceidealta a sonrófar sa bharántas trína mbeidh an Coiste sin comhdhéanta.

(2) Bhéarfaidh Coiste Comhairlitheach tuarascáil don Aire ar dháta nach déanaí ná an dáta a sonrófar chuige sin sa bharántas trína mbeidh sé comhdhéanta agus má bheireann sé tuarascáil go bhfuil na táillí a bheas á n-éileamh i leith gáis ag aon cheann de na gnóthairí sceidealta a sonrófar sa bharántas sin ro-ard mar gheall ar chúiseanna a bhfuil neart orthu ag na gnóthairí sin nó mar gheall ar ró-chostais oibreachais, déarfaidh sé arb é a thuairim gur amhlaidh do na himthosca gur gá go ndéanfadh an tAire ordú faoi alt 6 den Acht seo ag socrú na dtáillí uasta a fhéadfas na gnóthairí sin d'éileamh i leith gáis.

Díscaoileadh Coiste Chomhairlithigh.

4. —(1) I gcás ina mbeidh i mbarántas a chomhdhéanfas Coiste Comhairlitheach foráil i dtaobh dáta a dhíscaoilte, beidh sé arna dhíscaoileadh ar an dáta sin mura mbeidh a thuarascáil tugtha aige roimhe sin don Aire, agus sa chás sin beidh sé arna dhíscaoileadh láithreach tar éis dó a thuarascáil a thabhairt.

(2) Mura mbeidh sa bharántas a chomhdhéanfas Coiste Comhairlitheach foráil i dtaobh dáta a dhíscaoilte, beidh sé arna dhíscaoileadh láithreach tar éis dó a thuarascáil a thabhairt don Aire.

Fógra i dtaobh Coiste Comhairlitheach a chomhdhéanamh.

5. —I gcás ina gcomhdhéanfaidh an tAire Coiste Comhairlithlitheach, cuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar, i pé slí is oiriúnach leis, fógra i dtaobh a chomhdhéanta agus i dtaobh na nithe faoina ndéanfaidh sé fiosrú.

Táillí uasta a shocrú de dhroim tuarascáil Choiste Chomhairlithigh.

6. —Más dóigh leis an Aire, tar éis dó tuarascáil Choiste Chomhairlithigh a bhreithniú, go bhfuil na táillí i leith gáis a bheas á n-éileamh ag aon cheann de na gnóthairí sceidealta a sonraíodh sa bharántas trína ndearnadh an Coiste sin a chomhdhéanamh iomarcach mar gheall ar chúiseanna a bhfuil neart orthu ag na gnóthairí sin nó mar gheall ar ró-chostais oibreachais, féadfaidh an tAire le hordú, na táillí uasta a shocrú a fhéadfas na gnóthairí sin d'éileamh i leith gáis.

Dearbhú ag an Rialtas staid éigeandála a bheith ann maidir le soláthar nó imdháil gáis.

7. —(1) Aon uair agus a mhinicí is dóigh leis an Rialtas imthosca neamhghnáthacha a bheith ann nó gur dóigh dhóibh a bheith ann maidir le soláthar nó imdháil gáis, féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go bhfuil staid éigeandála ann maidir le soláthar nó imdháil gáis.

(2) Fanfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm go ceann pé tréimhse (nach sia ná sé mhí ó dháta an orduithe sin a dhéanamh) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh san ordú agus éagfaidh sé ansin, mura gcoiméadtar i bhfeidhm é le hordú arna dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo.

(3) Más rud é—

(a) go mbeidh ordú i bhfeidhm de thuras na huaire (dá ngairmtear an príomh-ordú sa bhfo-alt seo) faoi fho-alt (1) den alt seo á dhearbhú go bhfuil staid éigeandála ann maidir le soláthar nó imdháil gáis, agus

(b) gur dóigh leis an Rialtas imthosca neamhghnáthacha a bheith fós ann maidir le soláthar nó imdháil gáis, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) Féadfaidh an Rialtas le hordú (dá ngairmtear ordú buanuithe sa bhfo-alt seo), a déanfar sara n-éaga an príomh-ordú, a choimeád i bhfeidhm go ceann pé tréimhse (nach sia ná sé mhí ón dáta d'éagfadh an príomh-ordú mura mbeadh an t-ordú buanuithe) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh san ordú buanuithe, agus féadfaidh ina dhiaidh sin ó am go ham le hordú (dá ngairmtear ordú buanuithe freisin sa bhfo-alt seo), a déanfar sara n-éaga an príomh-ordú faoin ordú buanuithe deiridh roimhe sin, an príomh-ordú a choimeád i bhfeidhm go ceann pé tréimhse (nach sia ná sé mhí ón dáta ar a n-éagfadh an príomh-ordú faoin ordú buanuithe deiridh roimhe sin) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh san ordú buanuithe,

(ii) mura ndéantar ach ordú buanuithe amháin leanfaidh an príomh-ordú i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse a gcoimeádtar i bhfeidhm é ar a feadh leis an ordú buanuithe sin, agus éagfaidh sé ansin,

(iii) má déantar dhá ordú buanuithe nó níos mó, leanfaidh an príomh-ordú i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse a gcoimeádtar i bhfeidhm é ar a feadh leis an gceann deiridh de na horduithe buanuithe, agus éagfaidh sé ansin.

(4) Déanfar gach ordú faoin alt seo d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Táillí uasta a shocrú de dhroim staid éigeandála a dhearbhú.

8. —(1) I gcás ina mbeidh ordú i bhfeidhm de thuras na huaire faoi fho-alt (1) d'alt 7 den Acht seo á dhearbhú go bhfuil staid éigeandála ann maidir le soláthar nó imdháil gáis, féadfaidh an tAire, le hordú, na táillí uasta a shocrú is inéilithe i leith gáis ag na gnóthairí sceidealta uile nó ag aon cheann nó cinn acu.

(2) Más rud é, le linn ordú (dá ngairmtear an t-ordú éigeandála sa bhfo-alt seo) a bheith i bhfeidhm faoi fho-alt (1) d'alt 7 den Acht seo á dhearbhú go bhfuil staid éigeandála ann maidir le soláthar nó imdháil gáis, go ndéanfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear an t-ordú ón Aire sa bhfo-alt seo) faoi fho-alt (1) den alt seo, ansin, mura mbeidh an t-ordú ón Aire cúlghairmthe roimhe sin, éagfaidh sé ar éag don ordú éigeandála.

Forála maidir le horduithe a dhéanfas an tAire.

9. —(1) Aon ordú a dhéanfas an tAire faoin Acht seo—

(a) féadfaidh sé táillí uasta éagsúla a shocrú do ghnóthairí gáis éagsúla,

(b) féadfaidh sé na coinníollacha a leagadh amach ar faoina dtreoir a socrófar táille uasta, agus táillí uasta éagsúla a shocrú i ndáil le coinníollacha éagsúla,

(c) féadfaidh sé táille uasta a shocrú trína shonrú nó trí fhorála a leagadh amach a bhféadfar í d'fhionnadh faoina dtreoir,

(d) féadfaidh gach foráil, teagmhasach nó fo-ghabhálach, a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirstineach chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon fhoráil a cuireadh san ordú faoi na cumhachta a bheirtear dó leis an Acht seo nó chun go ndéanfar do réir an orduithe.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, aon ordú a dhéanfas sé faoin Acht seo a chúlghairm.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú a dhéanfas sé faoin Acht seo a leasú.

Toirmeasc le heolas a nochtadh.

10. —(1) Ní nochtfaidh duine ar bith eolas a bheas ar fáil aige trí bheith i láthair ar cruinniú de Choiste Comhairlitheach a tionólfar go príobháideach.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo—

(a) le cumarsáid ó chomhalta de Choiste Comhairlitheach i gcomhlíonadh a dhualgas faoin Acht seo, ná

(b) le nochtadh eolas i dtuarascáil ó Choiste Comhairlitheach nó chun críche imeacht dlíthiúla faoin Acht seo.

(3) Má sháraíonn aon duine fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Sárú orduithe.

11. —Má sháraíonn aon duine, trí ghníomh nó neamhghníomh, foráil aon orduithe faoin Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

Pionóis mar gheall ar chionta.

12. —Gach duine a dhéanfas cion faoin Acht seo dlífidh sé ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air (agus ina theannta sin, más cion leanúnach é, fíneáil nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Cionta maidir le comhluchta corpraithe agus comhluchta neamhchorpraithe.

13. —Má dhéanann comhlucht corpraithe nó comhlucht neamhchorpraithe nó duine a airbheartós a bheith ag gníomhú thar ceann comhluchta chorpraithe nó comhluchta neamhchorpraithe daoine cion i gcoinne an Achta seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó aontú nó gur hurasaíodh a dhéanamh trí aon mhainneachtaint ar thaobh aon duine agus é ina stiúrthóir nó ina chomhalta de choiste bainstí nó d'údarás rialuithe eile an chéanna nó ina bhainisteoir, ina rúnaí nó ina oifigeach eile don chéanna, measfar cion a bheith déanta ag an duine sin freisin agus dlífear imeachta a bhunú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Inchúiseamh i leith cionta.

14. —(1) Féadfaidh an tAire imeachta i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) d'ainneoin fo-ailt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachta achomaire i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.

Díchur na tórann ar ranníoca chun ciste an gháis ó ghnóthaire gáis.

15. —Déantar leis seo fo-alt (3) d'alt 7 d'Acht 1920, arna leasú le mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1928, a leasú tuilleadh trí “not being at the rate of more than three shillings for each million cubic feet of gas sold by them in the preceding year” a scrios.

Deireadh le srianta agus ceanglais áirithe atá ann faoi láthair.

16. —(1) Aon fhoráil d'aon Acht a ritheadh roimh dháta an Achta seo a rith nó d'aon ordú faoi aon Acht den tsórt sin scoirfidh sí d'éifeacht a bheith aici sa mhéid go n-airbheartaíonn sí—

(a) na táillí uasta nó na táillí caighdeánacha a shocrú a fhéadfas gnóthairí gáis d'éileamh i leith gáis, nó

(b) cead a thabhairt do ghnóthairí gáis na táillí a éileoid a mhéadú nó a laghdú thar tháillí caighdeánacha faoi réir laghduithe nó méaduithe sa ráta díbhinne is iníoctha ag na gnóthairí, nó

(c) tórainn a chur leis an ráta díbhinne a fhéadfas gnóthairí gáis d'íoc, nó

(d) ceangal a chur ar ghnóthairí gáis ciste a bhunú nó a chothabháil as brabúis neamhroinnte, is ciste a féadfar d'úsáid chun díbhinní d'íoc ar scair-chaipiteal na ngnóthairí.

(2) Féadfar aon airgead a bheas chun creidiúna aon chiste dá dtagartar i mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo a chaitheamh chun críocha ginearálta na ngnóthairí gáis, lena n-áirítear díbhinní d'íoc.

Orduithe a leagadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

17. —Gach ordú a dhéanfas an Rialtas nó an tAire faoin Acht seo leagfar bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

Caiteachais.

18. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, na caiteachais faoina raghfar ag riaradh an Achta seo.

Cosaint.

19. —Ní oibreoidh aon ní san Acht seo chun díolúine a thabhairt d'aon ghnóthairí gáis ó bheith faoi cheangal ranníoca d'íoc faoi alt 7 d'Acht 1920, arna leasú le halt 12 d'Acht 1928.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

20. —(1) Féadfar an tAcht um Rialú Gáis, 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1958.