Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Forála maidir leis an gComhairle.)

1 1958


Uimhir 1 de 1958.


AN tACHT TALMHAÍOCHTA (AN FORAS TALÚNTAIS), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN INSTITIÚID TAIGHDE THALMHAÍOCHTA DÁ nGAIRMFEAR AN FORAS TALÚNTAIS A BHUNÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [19 Feabhra, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Tosach feidhme.

1. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

folaíonn “talmhaíocht” garnóireacht, foraoiseacht agus beachaireacht, agus folaíonn sé freisin saoráidí, gníomhachtaí agus eolaíochtaí a bhaineas le talmhaíocht nó a chabhraíos le talmhaíocht a chur chun cinn nó d'fheabhsú, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “an cathaoirleach” cathaoirleach na Comhairle;

ciallaíonn “an Chomhairle” Comhairle an Fhorais;

folaíonn “saoráidí le haghaidh taighde thalmhaíochta” talamh agus foirgnimh a húsáidtear le haghaidh nó i leith taighde thalmhaíochta a dhéanamh;

ciallaíonn “an Foras” an Foras Talúntais a bunaítear leis an Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

folaíonn “taighde” fiosrú, tástáil, turgnamh, taifeach agus staidéar.

Bunú an Fhorais.

3. —(1) Bunaítear leis seo Foras ar a dtabharfar agus dá ngairmfear An Foras Talúntais chun na feidhmeanna a bheirtear dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Foras ina chomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm chorpraithe agus beidh cumhacht aige chun talamh a thógaint, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Feidhmeanna an Fhorais.

4. —(1) Is iad feidhmeanna an Fhorais taighde talmhaíochta d'athbhreithniú, d'urasú, a spreagadh, a chomheagrú, a chur chun cinn, a ghabháil de láimh agus cabhrú leis.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh an Foras gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) deontais a thabhairt, faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, do dhaoine a bheas ag gabháil do thaighde talmhaíochta chun a saoráidí le haghaidh taighde thalmhaíochta a leathnú agus d'fhorbairt.

(b) pé nua-shaoráidí le haghaidh taighde thalmhaíochta a chur ar fáil a mheasfar sé is inmhianuithe agus foráil a dhéanamh dá n-úsáid, dá rialú agus dá riaradh ag an bhForas nó thar a cheann nó ar shlí eile,

(c) foráil a dhéanamh le haghaidh an Foras d'úsáid, do rialú agus do riaradh pé saoráidí le haghaidh taighde thalmhaíochta a haistreofar chun an Fhorais, le toiliú an Fhorais,

(d) dul i gcomhairle le daoine a bheas ag gabháil do thaighde talmhaíochta, agus comhairle a thabhairt dóibh, i dtaobh a gclár taighde thalmhaíochta,

(e) deontais a thabhairt, faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, chun cabhrú le cláir shonracha thaighde thalmhaíochta, nó le taighde sonrach talmhaíochta, a chur i gcrích,

(f) scoláireachtaí agus dámhachtana eile a chur ar fáil chun taighde talmhaíochta iarchéime a dhéanamh,

(g) céimeanna ánra a thabhairt, faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, do dhaoine a bhfuil saothar thar barr déanta acu maidir le heolaíocht talmhaíochta nó le taighde talmhaíochta,

(h) cúrsaí staidéir a chur ar fáil agus d'eagrú do mhic léinn ardchúrsa a bheas ag gabháil do thaighde talmhaíochta agus d'ábhair ghaolmhara,

(i) seimináir, comhchomhairlí, léachtaí agus taispeántais maidir le taighde talmhaíochta agus ábhair ghaolmhara agus maidir le fadhbanna sonracha agus cláir ina leith a chur ar fáil agus d'eagrú,

(j) toradh taighde thalmhaíochta a chur amach, nó a thabhairt go gcuirfear amach é, go dtí daoine leasmhara, lena n-áiritear, go háirithe, daoine a bhíos ag cur seirbhisí comhairlitheacha ar fáil i ndáil le talmhaíocht,

(k) toradh taighde thalmhaíochta d'fhoilsiú nó a thabhairt go bhfoilseofar é.

(3) Bhéarfaidh an Foras comhairle don Aire i dtaobh aon ní maidir le taighde talmhaíochta nó eolaíocht talmhaíochta a n-iarrfaidh sé comhairle an Fhorais ina thaobh.

Comhairle an Fhorais.

5. —(1) Beidh comhairle ann, ar a dtabharfar Comhairle an Fhorais Thalúntais, chun rialú ginearálta an Fhorais a dhéanamh agus a chúrsaí a riaradh.

(2) Cathaoirleach agus dáréag gnáth-chomhaltaí a bheas ar an gComhairle.

(3) Is é an tUachtarán a cheapfas an Cathaoirleach agus beidh sé i seilbh oifige ar feadh pé téarma (nach sia ná trí bliana) agus ar pé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí luach saothair) a chinnfeas an Rialtas tráth a cheaptha.

(4) Ceapfar an chéad chathaoirleach a luaithe is caothúil tar éis tosach feidhme an Achta seo.

(5) Féadfaidh an cathaoirleach tráth ar bith éirí as a oifig trí litir a cuirfear leis an bpost chun an Uachtaráin agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar agus ón dáta a chuirfeas an tUachtarán in iúl gur ghlac sé leis an éirí as.

(6) Féadfaidh an tUachtarán tráth ar bith an cathaoirleach a chur as oifig.

(7) Is é an Rialtas a cheapfas gnáth-chomhaltaí na Comhairle, agus beidh naonúr orthu sin a hainmneofar faoi fho-ailt (8) agus (9) den alt seo, agus déanfaidh an Rialtas na céad cheapacháin a luaithe is caothúil tar éis tosach feidhme an Achta seo.

(8) Ainmneofar cúigear daoine ina ngnáth-chomhaltaí den Chomhairle ag pé eagrais thalmhaíochta agus tuaithe, agus i pé slí, a chinnfeas an Rialtas le hordú.

(9) Ainmneoidh gach ceann acu seo a leanas duine amháin chun bheith ina ghnáth-chomhalta den Chomhairle:

Comhlucht Rialuithe an Choláiste Ollscoile, Baile Atha Cliath,

Comhlucht Rialuithe an Choláiste Ollscoile, Corcaigh,

Comhlucht Rialuithe an Choláiste Ollscoile, Gaillimh, agus

Bord Choláiste na Tríonóide, Baile Atha Cliath.

(10) Bainfidh forála an Sceidil a ghabhas leis an Acht seo leis an gComhairle.

(11) Féadfaidh an Rialtas le hordú aon ordú faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

Costas chomhaltaí na Comhairle.

6. —Féadfar pé costas taistil agus cothuithe a chinnfeas an Chomhairle d'íoc, as ioncam an Fhorais, le comhaltaí na Comhairle.

Stiúrthóir an Fhorais.

7. —(1) Beidh stiúrthóir (dá ngairmtear an Stiúrthóir san Acht seo) ar an bhForas.

(2) Is é an Stiúrthóir príomh-oifigeach an Fhorais agus déanfaidh sé gníomhachtaí agus foireann an Fhorais a rialú agus a stiúradh faoi réir treoruithe na Comhairle.

(3) Déanfaidh an Rialtas an chéad Stiúrthoir a cheapadh a luaithe is fėidir tar éis tosach feidhme an Achta seo agus beidh sé i seilbh oifige go ceann pé tréimhse agus ar pé tearmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí luach saothair) a chinnfeas an Rialtas.

(4) Dá éis sin, is í an Chomhairle a cheapfas an Stiúrthóir agus beidh sé i seilbh oifige go ceann pé tréimhse agus ar pé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí luach saothair) a chinnfeas an Chomhairle.

(5) (a) Féadfaidh an Rialtas le hordú socrú a dhéanamh le haghaidh aoisliúntais i bhfoirm pinsin nó aisce, nó pinsin agus aisce, d'íoc leis an gcéad Stiúrthóir i pé slí agus faoi réir pé coinníollacha agus tóranta a sonrófar san ordú.

(b) Féadfaidh an Chomhairle socrú a dhéanamh le haghaidh aoisliúntais i bhfoirm pinsin nó aisce, nó pinsin agus aisce, d'íoc le Stiúrthóirí ina dhiaidh sin i pé slí agus faoi réir pé coinníollacha agus tóranta a chinnfeas an Chomhairle.

(6) Bhéarfaidh an Stiúrthóir a chuid ama go léir dá dhualgais mar Stiúrthóir agus ní shealbhóidh sé aon oifig ná post eile gan toiliú na Comhairle.

(7) Féadfaidh an Stiúrthóir tograí a chur os comhair na Comhairle i dtaobh aon ní a bhainfeas le gníomhachtaí an Fhorais.

(8) Ní bheidh an Stiúrthóir ina chomhalta den Chomhairle.

(9) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Rialtais, an Stiúrthóir a chur as oifig tráth ar bith.

(10) Féadfaidh an Rialtas tráth ar bith aon ordú faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

Coistí an Fhorais.

8. —(1) Féadfaidh Comhairle an Fhorais coistí a cheapadh chun cúnamh agus comhairle a thabhairt don Chomhairle maidir le haon cheann dá feidhmeanna.

(2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Chomhairle a bheith ar choiste.

(3) Féadfaidh an Chomhairle duine a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach ar choiste a ceapfar faoin alt seo.

(4) Féadfar pé costais taistil agus cothuithe a chinnfeas an Chomhairle d'íoc, as ioncam an Fhorais, le comhaltaí choiste a ceapfar go cuí faoi fho-alt (1) den alt seo.

Séala an Fhorais.

9. —(1) A luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an Achta seo soláthróidh an Chomhairle agus coimeádfaidh sí ina seilbh séala don Fhoras, agus fíordheimhneofar an séala sin le síniú an chathaoirligh nó chomhalta éigin eile den Chomhairle a mbeidh údarás aige ón gComhairle gníomhú chuige sin maraon le síniú an Stiúrthóra nó dhuine d'fhoirinn an Fhorais a bheas údaraithe ag an gComhairle gníomhú chuige sin.

(2) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar shéala an Fhorais, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartós a bheith ina ionstraim a rinne an Foras agus a bheith séalaithe le séala an Fhorais (á airbheartú gur fíordheimhníodh do réir an ailt seo é) agus measfar gurb í an ionstraim sin í gan a thuilleadh cruthúnais mura suítear a mhalairt.

Ciste Caipitil.

10. —(1) Déanfaidh an tAire Airgeadais, nuair a iarrfas an Chomhairle air é, ocht gcéad agus daichead míle punt d'íoc leis an bhForas as an airgead atá sa Chuntas Speisialta Contrapháirteach, agus, ar an tsuim sin a bheith íoctha leis an bhForas, bhéarfar Ciste Caipitil an Fhorais Thalúntais uirthi, agus an Ciste Caipitil a gairmtear di san Acht seo.

(2) Ní bhainfidh an Foras úsáid as an gCiste Caipitil ach amháin—

(a) chun deontais a thabhairt do dhaoine a bheas ag gabháil do thaighde talmhaíochta i leith an chostais chaipitil a bhainfeas lena saoráidí le haghaidh taighde thalmhaíochta a leathnú agus d'fhorbairt,

(b) chun an costas caipitil a ghlanadh a bhainfeas le soláthar pé nua-shaoráidí le haghaidh taighde thalmhaíochta a dhéanamh, pé acu le haghaidh nó faoi rialú an Fhorais nó eile, is inmhianuithe leis an bhForas,

(c) chun an costas caipitil a ghlanadh a bhainfeas le hoifigí agus áitribh a sholáthar agus a threalamhú don Fhoras.

(3) Aon chuid den Chiste Caipitil nó aon iarmhéid de a bheas gan caitheamh agus nach mbeidh ag teastáil le haghaidh caiteachais reatha maidir leis na deontais agus na costais chaipitil a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo coimeádfaidh an Foras infheistithe é i pé urrúis a bheas ceadaithe ó am go ham ag an Aire Airgeadais.

(4) Faibhreoidh an t-ús ar an gCiste Caipitil, nó ar aon iarmhéid gan caitheamh de, chun an Fhorais mar ioncam.

(5) San alt seo agus sa chéad alt eile ina dhiaidh, ciallaíonn “an Cuntas Speisialta Contrapháirteach” Cuntas Speisialta Contrapháirteach an Deontais Mheiriceánaigh a bhunaigh an tAire Airgeadais i mBanc Ceannais na hÉireann de bhun Airteagail IV den Chomhaontú um Chomhar Eacnamaíochta idir an Rialtas agus Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá, dar dáta an 28ú lá de Mheitheamh, 1948.

An Ciste Dearlaice.

11. —(1) Déanfaidh an tAire Airgeadais, nuair a iarrfas an Chomhairle air é, suim milliún punt d'íoc leis an bhForas as an airgead atá sa Chuntas Speisialta Contrapháirteach agus, ar an tsuim sin a bheith íoctha leis an bhForas, bhéarfar Ciste Dearlaice an Fhorais Thalúntais air agus an Ciste Dearlaice a gairmtear de san Acht seo.

(2) Coimeádfaidh an Foras an Ciste Dearlaice infheistithe i pé urrúis a bheas ceadaithe ag an Aire Airgeadais ó am go ham.

(3) Faibhreoidh an t-ús ar an gCiste Dearlaice chun an Fhorais mar ioncam.

Dearlaic Stáit don Fhoras.

12. —(1) D'fhonn cabhrú leis an bhForas chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh go héifeachtúil, íocfar leis an bhForas gach bliain airgeadais, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, deontas i leith costas an Fhorais de mhéid a chinnfeas an tAire Airgeadais ar é do ghlacadh comhairle leis an Aire agus leis an gComhairle tar éis breithniú cuí a bheith déanta ar aon eolas a tugadh faoi fho-alt (2) den alt seo.

(2) Bhéarfaidh an Chomhairle don Aire pé eolas maidir lena hioncam agus a caiteachas a iarrfas sé ó am go ham.

(3) San alt seo agus sa chéad alt eile ina dhiaidh ní fholaíonn “costas” costais faoina ndeachaigh an Foras maidir leis na deontais nó an costas caipitil a sonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 10 den Acht seo.

Costas an Fhorais.

13. —Úsáidfidh an Foras ioncam an Fhorais ag íoc costais an Fhorais lena n-áirítear, go sonrach:

(a) eisíocaíochtaí agus costas bliantúil i leith oifigí, áitreabh agus trealaimh an Fhorais,

(b) luach saothair agus costas Chathaoirligh, Stiúrthóra agus foirinne an Fhorais, costas chomhaltaí na Comhairle agus chomhaltaí coistí arna gceapadh faoi alt 8 den Acht seo agus aoisliúntais Stiúrthóra agus foirinne an Fhorais,

(c) an méid a chosnós aon taighde talmhaíochta a dhéanfas an Foras nó a déanfar thar a cheann,

(d) an méid a chosnós deontais chun an méid d'íoc a chosnós cláir shonracha thaighde thalmhaíochta nó taighde sonrach talmhaíochta,

(e) an méid a chosnós sé scoláireachtaí agus dámhachtana eile a chur ar fáil chun taighde talmhaíochta iarchéime a dhéanamh,

(f) an méid a chosnós sé cúrsaí staidéir, seimináir, comhchomhairlí, léachtaí agus taispeántais a chur ar fáil agus d'eagrú,

(g) an méid a chosnós sé toradh taighde thalmhaíochta d'fhoilsiú agus a chur amach, agus

(h) an méid a chosnós pé gníomhachtaí eile de chuid an Fhorais a bheas do réir a fheidhmeanna agus a cheadós an Chomhairle ó am go ham.

Oifigí agus áitribh.

14. —(1) A luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an Achta seo, soláthróidh an Foras dó féin oifigí agus áitreabh is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo féadfaidh an Foras—

(a) aon talamh, oifigí nó áitribh a cheannach nó a thógaint ar léas, agus

(b) oifigí agus áitribh a thógáil, a threalamhú agus a chothabháil.

(3) Féadfaidh an Foras aon talamh, oifigí nó áitribh a bheas ar teachtadh aige agus nach mbeidh ag teastáil uaidh a thuilleadh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh a dhíol nó a ligean ar léas.

Táillí.

15. —Féadfaidh an Foras táillí a ghearradh, a ghlacadh agus a ghnóthú i leith taighde thalmhaíochta a dhéanamh thar ceann duine ar bith agus i leith cúrsaí staidéir, seimináir, léachtaí agus taispeántais a sholáthrós nó a eagrós sé.

Tabhartais.

16. —(1) Féadfaidh an Foras bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar pé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonrós an duine a bhéarfas an bronntanas.

(2) Ní ghlacfaidh an Foras bronntanas má bhíonn na coinníollacha a chuirfeas an deontóir lena ghlacadh ar neamhréir le feidhmeanna an Fhorais.

(3) Aon bhronntanais lena nglacfaidh an Foras faoin alt seo tógfaidh agus úsáidfidh an Chomhairle iad.

Foireann.

17. —(1) Fostóidh an Foras pé foireann is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Faoi réir forál an chéad fho-ailt eile ina dhiaidh seo, is le húdarás nó faoi údarás na Comhairle a déanfar comhaltaí foirinne an Fhorais a cheapadh agus a chur as oifig.

(3) Sara ndéanfaidh sí duine a cheapadh chun oifige ar fhoirinn taighde an Fhorais, ceapfaidh an Chomhairle bord, arb iad a bheas air daoine a mheasfas an Chomhairle a bheith oiriúnach inniúil chuige, d'fhonn na hiarratais ar lorg na hoifige a scrúdú, agus duine a mholadh lena cheapadh chun na hoifige agus breithneoidh an Chomhairle moladh an bhoird.

(4) Cinnfidh an Chomhairle ó am go ham an méid comhaltaí a bheas ar fhoirinn an Fhorais maraon lena ngráid, a luach saothair, a sealbhaíocht oifige agus a gcoinníollacha seirbhíse.

Aoisliúntas.

18. —(1) A luaithe is caothúil tar éis tosach feidhme an Achta seo, ullmhóidh an Chomhairle, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna chun aoisliúntais i bhfoirm pinsin nó aisce nó iad araon a dheonadh dá buan-fhoirinn.

(2) Déanfaidh an Foras scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire Airgeadais faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire Airgeadais í, a chur i gcrích do réir a téarmaí.

(3) Féadfaidh an Chomhairle tráth ar bith le ceadú an Aire Airgeadais scéim faoin alt seo a leasú.

(4) Socróidh scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire Airgeadais agus a ceadófar faoin alt seo an tráth scortha agus na coinníollacha scortha do na daoine uile a mbeidh liúntais iníoctha leo faoin scéim, agus féadfar trátha agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(5) Má tharlaíonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine chun, nó maidir le méid, aon liúntais is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire Airgeadais lena cinneadh.

Cuntais agus iniúchadh.

19. —(1) Coimeádfaidh an Foras, i pé foirm a cheadós an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhfas sé nó a chaithfeas sé.

(2) Cuirfidh an Chomhairle na cuntais a coimeádfar de bhun an ailt seo faoi bhráid an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste in aghaidh na bliana lena n-iniúchadh pé trátha a ordós an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus déanfar na cuntais sin, ar iad a bheith iniúchta amhlaidh, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire agus bhéarfaidh seisean go leagfar cóipeanna dhíobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil an Fhorais.

20. —(1) Déanfaidh an Chomhairle, a luaithe is caothúil tar éis deireadh gach bliana airgeadais, tuarascáil ar shaothar an Fhorais sa bhliain airgeadais sin d'ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Gach tuarascáil a chuirfeas an Chomhairle faoi bhráid an Aire faoin alt seo déanfar, laistigh de dhá mhí tar éis í d'fháil ón gComhairle, cóip di a chur faoi bhráid an Rialtais agus a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Caiteachas.

21. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, an caiteachas faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Gearrtheideal:

22. —Féadfar an tAcht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958 , a ghairm den Acht seo.