10 1958


Uimhir 10 de 1958.


AN tACHT CAIRDE TIONSCAIL (LEASÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA CHAIRDE TIONSCAIL, 1933. [22 Aibreán, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Cairde Tionscail, 1933 (Uimh. 25 de 1933) .

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo mar aon Acht amháin.

Méadú ar chumhacht an Aire chun scaireanna d'fháil.

2. —(1) Féadfaidh an tAire scaireanna sa Chuideachta a thógaint trí shuibscríobh.

(2) I gcás ina bhfuil scaireanna sa Chuideachta ag duine seachas an tAire, féadfaidh an tAire na scaireanna a cheannach ón duine sin, agus ní bheidh aon dleacht stampa inmhuirir ar an ionstraim aistrithe trína ndéanfar aon cheannach den tsórt sin.

(3) Is fo-alt i dteannta ailt 5 den Phríomh-Acht agus gan dochar don alt sin fo-alt (1) den alt seo.

Ráthaíochtaí ón Aire.

3. —(1) Féadfaidh an tAire ráthaíocht a thabhairt, i pé foirm agus slí agus ar pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí príomhshuim aon airgid a bheas faighte ar iasacht, le toiliú an Aire, ag an gCuideachta nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim sin d'aisíoc agus fós an t-ús sin d'íoc.

(2) Féadfaidh an tAire ráthaíocht a thabhairt, i pé foirm agus slí agus ar pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-íocfaidh an Chuideachta díbhinní ar scaireanna sa Chuideachta a sealbhaítear ar shlí seachas ag an Aire.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachta a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo d'fheidhmiú i slí go mbeidh an méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífeas sé aon tráth áirithe d'íoc de bhun aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon le méid na príomhshuime (más ann) atá íoctha cheana ag an Aire de bhun aon ráthaíochtaí den tsórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta, níos mó ná £5,000,000.

(4) I gcás ina ndéanfar nó ina ndearnadh ráthaíocht a thabhairt faoin alt seo, bhéarfaidh an Chuideachta don Aire, má éilíonn an tAire é, pé urrús a sonrófar san éileamh chun aisíoc aon airgid a dhlífeas sé d'íoc nó d'íoc sé faoin ráthaíocht a áirithiú don Aire.

(5) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar, maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás ina ndearna an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a haisíocadh leis an Aire de bhun na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(6) Déanfaidh an Chuideachta airgead d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo d'aisíoc leis an Aire (maraon le hús air, má cheanglann an tAire é, do réir pé rátaí a cheapfas an tAire) laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an airleacain.

(7) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir, nó aon chuid den airgead, a ceanglófar le fo-alt (6) den alt seo d'aisíoc leis an Aire gan aisíoc do réir an fho-ailt sin, déanfar an tsuim a bheas gan aisíoc amhlaidh d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) den alt seo chun suim d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta de bheith faoi dhliteanas ag an Aire i leith na suime sin agus aisíocfaidh an Chuideachta an tsuim sin (maraon le ús uirthi, má cheanglann an tAire é, do réir pé rátaí a cheapfas an tAire) leis an Aire pé trátha agus i pé tráthchoda a cheapfas an tAire agus, mura ndéantar aisíoc mar adúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthuithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) Déanfar airgead a aisíocfas an Chuideachta leis an Aire, nó a ghnóthós an tAire ón gCuideachta, faoin alt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste.

Airleacain as an bPríomh-Chiste.

4. —(1) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead go léir a bheas ag teastáil ó am go ham ón Aire faoi chomhair suimeanna a thiocfas chun bheith iníoctha aige faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo.

(2) Chun airgead a sholáthar le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh urrúis a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheobhas sé ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin alt seo agus na gcaiteachas faoina rachfar maidir le heisiúint na n-urrús sin.

Athghairm agus leasú iarmartach.

5. —(1) Athghairmtear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 9 den Phríomh-Acht trí “nó a mbeidh suibscríobh déanta aige ina leith nó ceannaithe aige faoin Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958 ” a chur isteach i ndiaidh “fén Acht seo.”

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Cairde Tionscail, 1933 agus 1958, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.