Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.)

11 1958


Uimhir 11 de 1958.


ACHT NA MÍNGEACHA MILLTEACHA AGUS NA LOITMHÍOLA (COMHDHLÚTHÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN ACHTA NA MÍNGEACHA MILLTEACHA AGUS NA LOITMHÍOLA, 1877 GO 1954, AGUS ACHTACHÁIN ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LE MÍNGEACHA MILLTEACHA AGUS LOITMHÍOLA A CHOMHDHLÚTHÚ. [7 Bealtaine, 1958].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “gníomhairí chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí” seadáin, orgnóirí agus mion-orgánachtaí, ar gach céim nó staid forbartha, a húsáidtear chun cosc a chur le haon mhíngeacha millteacha nó loitmhíola;

folaíonn an focal “barr”—

(a) aon bharr talmhaíochta nó garnóireachta,

(b) crainn,

(c) toir,

(d) síol, planda agus aon chuid de shíol nó planda;

déanfar tagairtí do mhíngeacha millteacha nó loitmhíola d'fhorléiriú mar thagairtí—

(i) do mhíngeacha a mhilleas barraí, nó

(ii) do mhúscáin nó loitmhíola eile a mhilleas barraí, nó

(iii) do bhaictéirí agus orgánachtaí fáis eile nó orgánachtaí ainmhí eile is cúis le galar bairr inaistrithe, nó

(iv) gníomhairí is cúis le galar bairr inaistrithe;

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

Orduithe chun cosc a chur le míngeacha millteacha nó loitmhíola, nó gníomhairí chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, a thabhairt isteach.

2. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham pé orduithe is fóirstineach leis a dhéanamh chun cosc a chur le haon mhíng mhillteach nó loitmhíol, nó aon ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, a thabhairt isteach sa Stát.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo, más oiriúnach leis an Aire, toirmeasc a chur le haon earra a tugadh ó áit lasmuigh den Stát a thabhairt i dtír sa Stát, nó a thabhairt i dtír a rialú, i gcás ina bhfeicfear don Aire gur dóigh go dtiocfadh dá a thabhairt i dtír aon mhíng mhillteach nó loitmhíol, nó aon ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, a thabhairt isteach sa Stát agus féadfaidh a ordú nó a údarú aon earra den tsórt sin a dhíthiú, má tugtar i dtír é.

Orduithe chun cosc a chur le míngeacha millteacha nó loitmhíola, nó gníomhairí chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, leathadh.

3. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham pé orduithe a dhéanamh is fóirstineach leis chun cosc a chur le míngeacha millteacha nó loitmhíola, nó gníomhairí chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, leathadh sa Stát.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo, más oiriúnach leis an Aire,—

(a) ordú nó údarás a thabhairt—

(i) aon bharr nó substaint d'aistriú nó a dhíthiú ar a bhfaighfear aon mhíng mhillteach nó loitmhíol ar aon chéim beois nó aon ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, nó a bhfeicfear don Aire gur dóigh dhó aon mhíng mhillteach nó loitmhíol nó aon ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí leathadh chuige nó leathadh dá dheasca, agus

(ii) dul isteach ar aon tailte chun an t-aistriú nó an díthiú sin a dhéanamh, nó chun aon scrúdú nó fiosrú a dhéanamh a bheas údaraithe leis an ordú, nó chun aon chríche eile de chuid an ordaithe;

(b) toirmeasc a chur le haon cheann acu seo a leanas a choimeád, a dhíol, nó a thaispeáint nó a thairiscint chun a dhíolta, nó aon tsamplaí beo dhe a choimeád nó d'imdháil in aon tslí—

(i) aon mhíng mhillteach nó loitmhíol ar aon chéim beois, nó

(ii) aon ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí;

(c) cumhacht a thabhairt d'aon chigire a bheas údaraithe chuige sin ag an Aire gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—

(i) aon bharr ar a mbeidh aon mhíng mhillteach nó loitmhíol, nó aon ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, a tugadh isteach sa Stát agus a bheas sonraithe san ordú, nó aon bharr chun ar dóigh nó trínar dóigh don mhíng mhillteach nó don loitmhíol sin, nó don ghníomhaire sin chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, leathadh, a thabhairt chun siúil nó a dhíthiú nó a chur faoi deara go dtabharfar chun siúil nó go ndítheofar an céanna,

(ii) pé bearta, i gcoitinne, a dhéanamh is fóirstineach leis maidir le haon bharr chun aon mhíng mhillteach nó loitmhíol den tsórt sin, nó aon ghníomhaire den tsórt sin chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, a chosc ó leathadh,

(iii) dul isteach ar aon talamh chun aon chríche acu sin adúradh nó le haghaidh aon scrúdaithe nó fiosraithe a bheas údaraithe leis an ordú nó chun aon chríche eile de chuid an ordaithe;

(d) pé táille nó muirear eile a fhorordós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'fhorchur i leith aon deimhnithe a bhéarfar de bhun an ordaithe tar éis iniúchta a dhéanamh;

(e) pionóis d'fhorchur i leith cionta i gcoinne an ordaithe nach mó ná deich bpuint d'fhíneáil más é an chéad chion é, nó fiche punt d'fhíneáil más é an dara cion nó aon chion dá éis sin é.

(3) Gach duine a sháros (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon ordú a déanfar faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, na pionóis a fhorchuirfeas an t-ordú a chur air.

Cúiteamh i leith barraí.

4. —Aon uair a tabharfar chun siúil nó a dítheofar barr ag cigire, nó ar orduithe ó chigire, a bheas údaraithe ag an Aire faoi ordú faoi alt 3 den Acht seo chun barraí a chosaint ar mhíng mhillteach nó loitmhíol nó ar ghníomhaire chun cosc bith eolaíochta a chur le loitmhíola plandaí a tugadh isteach sa Stát agus a sonrófar san ordú, féadfaidh an tAire cúiteamh a measúnófar faoi réim agus do réir na bhforál seo a leanas d'íoc le únaer an bhairr i leith an aistrithe nó an d'thithe sin—

(a) measúnóidh an tAire gurb é méid an chúitimh sin pé méid is dóigh leis an Aire a bheith réasúnach ag féachaint do na himthosca go léir,

(b) má bhíonn an t-únaer sin míshásta le méid an chúitimh a measúnófar amhlaidh, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn chun an Aire, a iarraidh go gcuirfear an t-ábhar chun eadrána, agus, air sin, cuirfear méid an chúitimh sin dá mheasúnú le cinneadh ag eadránaí amháin ar a gcomhaontóidh an t-únaer sin agus an tAire nó, cheal comhaontaithe den tsórt sin, a cheapfas an tAire, agus is cinneadh críochnaitheach a bheas i gcinneadh an eadránaí sin.

Orduithe a fhoilsiú.

5. —Foilseofar san Iris Oifigiúil gach ordú faoin Acht seo, ach más le tailte sonraithe amháin a bhainfeas an t-ordú, is leor fógra i dtaobh an t-ordú a dhéanamh a chur san Iris Oifigiúil.

Orduithe a leagadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

6. —Gach ordú a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh de dheich lá tar éis a dhéanta má bhíonn an Teach sin ina shuí an tráth sin agus, mura mbeidh, ansin laistigh de dheich lá tar éis an chéad chruinnithe eile den Teach sin.

An tréimhse chun imeachta a thionscnamh.

7. —D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin atá in aon Acht eile, féadfar imeachta i leith ciona faoin Acht seo, i gcás inar cion i ndáil le prátaí d'aistriú, a dhíol, a choinsíniú nó a chur an cion sin, a thionscnamh tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta a rinneadh an cion líomhanta.

Prátaí a spréáil.

8. —(1) Aon uair a déanfar, maidir le ceantar áirithe, ordú faoi alt 3 den Acht seo chun barraí a chosaint ar mhíng mhillteach nó loitmhíol nó ar ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur ar loitmhíola plandaí a tugadh isteach sa Stát agus a bheas sonraithe san ordú agus go mbeidh an t-ordú i bhfeidhm, féadfaidh an tAire fógra (dá ngairmtear fógra spréála san alt seo) sa bhfoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar aon únaer bairr phrátaí a bheas curtha sa cheantar sin á cheangal air an barr prátaí sin a spréáil, laistigh den tréimhse a bheas sonraithe sa bhfógra sin, leis an meascán spréála forordaithe sa tslí fhorordaithe.

(2) I gcás ina seirbheálfar fógra spréála ar únaer bairr phrátaí agus nach ndéanfar do réir an fhógra laistigh den tréimhse a teorannófar leis an bhfógra sin—

(a) féadfaidh an tAire a chur faoi deara go spréálfar an barr prátaí sin leis an meascán spréála forordaithe sa tslí fhorordaithe ar chostas an únaera sin, agus, chun sin a dhéanamh, féadfaidh aon chigire a bheas údaraithe chuige sin ag an Aire dul isteach ar an talamh ina mbeidh an barr prátaí sin curtha agus gach ní a dhéanamh ansin is gá nó a ghabhfas leis an mbarr prátaí sin a spréáil;

(b) íocfaidh an t-únaer sin costas na spréála sin leis an Aire ar é á éileamh agus féadfar an costas sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Aon duine a bhacfas nó a choiscfeas an tAire nó aon duine a bheas cuí-údaraithe ag an Aire agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

(4) Féadfar fógra spréála a sheirbheáil—

(a) trína sheachadadh don duine chun a mbeidh sé dírithe, nó

(b) trína fhágáil dó ag duine os cionn sé bliana déag d'aois ar an talamh ina mbeidh an barr prátaí lena mbainfidh an fógra sin curtha, nó

(c) trína chur leis an bpost go dtí an duine chun a mbeidh sé dírithe go dtí an áit chónaithe is deánaí is eol a bheith aige.

(5) Feádfaidh cigire a bheas údaraithe chuige ag an Aire fógra spréála a shíniú agus d'eisiúint thar ceann an Aire agus, nuair a síneofar agus a heiseofar amhlaidh é, measfar gurb é an tAire a shínigh agus d'eisigh é.

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh aon ní dá dtagartar san alt seo mar ní forordaithe, agus ciallaíonn an focal “forordaithe” san alt seo forordaithe leis na rialacháin sin.

Costais an Aire.

9. —Déanfar na costais uile faoina raghaidh an tAire ag feidhmiú an Achta seo a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas, ach an tsuim a híocfar amhlaidh in aon bhliain áirithe ní raghaidh sí, gan ceadú an Aire Airgeadais, thar míle punt.

Athghairm agus cosaint.

10. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Gan dochar d'ailt 20 agus 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937)

(a) ní dhéanfaidh aon ní san athghairm a déantar le fo-alt (1) den alt seo difir d'aon ionstraim a rinneadh ná d'aon ní eile ar aon chor a rinneadh faoi aon cheann de na hachtacháin a hathghairmtear le fo-alt (1) den alt seo, ach gach ionstraim nó ní den tsórt sin, má bhíonn sé i bhfeidhm ar dháta tosach feidhme an Achta seo, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus, sa mhéid go bhféadfaí é a dhéanamh faoin Acht seo, beidh éifeacht aige amhail is dá mba faoin Acht seo a rinneadh é;

(b) déanfar aon doiciméad a thagras d'aon achtachán a hathghairmtear le fo-alt (1) den alt seo d'fhorléiriú, muran léir a mhalairt d'intinn, mar dhoiciméad a thagras d'achtú comhréire an Achta seo.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

11. —(1) Féadfar Acht na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola (Comhdhlúthú), 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá de Mheitheamh, 1958.