Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Cuideachtana Cáilithe agus Gnóthaí Cáilithe.)

16 1958


Uimhir 16 de 1958.


AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL (INFHEISTÍOCHT ÓN gCOIGRÍCH A GHRÍOSADH), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHT CHUN DÉANTÚISÍ A RIALÚ, 1932 AGUS 1934. [2 Iúil, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú i gcoitinne.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1932” an t Acht chun Déantúisí a Rialú, 1932 (Uimh. 21 de 1932) ;

ciallaíonn “Acht 1934” an t Acht chun Déantúisí a Rialú, 1934 (Uimh. 36 de 1934) ;

ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá arb é chéad lá cinn bhliana dháta an Achta seo a rith é;

folaíonn “earra” aon airceadal, ábhar nó substaint, agus folaíonn tagairtí d'earra tagairtí do chuid den earra sin;

ciallaíonn “cuideachta”, nuair a húsáidtear gan cháiliú é, cuid eachta, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a bunaíodh í, agus pé acu sa Stát nó lasmuigh den Stát a bunaíodh í;

ciallaíonn “cuideachta Éireannach” cuideachta a cláraíodh sa Stát faoi na hAchta Cuideachtan 1908 go 1924;

ciallaíonn “duine cáilithe (Acht 1932)” duine is—

(a) saoránach Éireannach, nó

(b) duine a rugadh sa Stát, nó

(c) duine ar a raibh nó ar a bhfuil an tráth iomchuí agus ar a raibh ar feadh cúig bliana comhleanúnacha ar a laghad díreach roimh an tráth sin gnáth-chónaí sa Stát;

ciallaíonn “duine cáilithe (Acht 1934)” duine is—

(a) saoránach Éireannach, nó

(b) duine a rugadh sa Stát, nó

(c) duine ar a raibh nó ar a bhfuil an tráth iomchuí agus ar a raibh ar feadh cúig bliana comhleanúnacha ar a laghad díreach roimh an 2ú lá d'Iúil, 1934, gnáthchónaí sa Stát;

folaíonn “an Stát” an límistéir atá anois ar áireamh sa Stát.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta chun Déantúisí a Rialú, 1932 agus 1934, mar aon ní amháin.

(3) Forléireofar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, ar a n-áirítear an tAcht seo.

Próiseanna monaraíochta.

2. —Chun críocha an Achta seo is próis mhonaraíochta gach ceann acu seo a leanas—

(a) earra a dhéanamh trí chumhacht mheicniúil d'úsáid,

(b) earra d'athrú trí chumhacht mheicniúil d'úsáid,

(c) earra d'órnáidiú trí chumhacht mheicniúil d'úsáid,

(d) earra a chríochnú trí chumhacht mheicniúil d'úsáid,

(e) earra d'oiriúnú, chun a díolta, trí chumhacht mheicniúil d'úsáid.

Earraí eiscithe.

3. —(1) Aon uair is dóigh leis an Aire maidir le hearra áirithe nach bhfuil sí á monarú sa Stát nó nach bhfuil go leor di á monarú sa Stát, féadfaidh sé a dhearbhú le hordú gur earra eiscithe chun críocha an Achta seo an earra sin.

(2) I gcás an tAire do dhéanamh orduithe faoi fho-alt (1) den alt seo, ansin déanfar, in alt 2 den Acht seo agus in aon alt den Acht seo i ndiaidh an ailt seo, an focal “earra” d'fhorléiriú mar fhocal nach n-áiríonn an earra lena mbaineann an t-ordú.

(3) Aon uair a dhéanfas an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfar fógra go ndearnadh an t-ordú (fógra ina mbeidh sonraí ar an earra lena mbaineann an t-ordú) a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an t-ordú a bheith déanta.

Cuideachtana eisiata.

4. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “Stoc-Mhargadh” Stoc-Mhargadh, arb é atá ann—

(a) Stoc-Mhargadh Bhaile Atha Cliath, nó

(b) Stoc-Mhargadh Chorcaighe.

(2) Chun críocha an Achta seo, is cuideachta eisiata cuideachta má chomhlíonann agus an fhad a chomhlíonas sí na coinníollacha seo a leanas—

(a) gur cuideachta phoiblí í faoi thórainn scaireanna agus gur cuideachta Éireannach í,

(b) gur sa Stát atá sí á bainistí agus á rialú,

(c) go bhforálann a Meabhrán Comhlachais agus gach réamheolaire a eiseos sí tar éis dáta an Achta seo a rith gur príomh-chuspóir dá cuid próis mhonaraíochta a sheoladh i ndáil le hearra a beartaítear d'onnmhuiriú,

(d) gur bona fide le haghaidh a suibscríofa go poiblí sa Stát a heisíodh caoga faoin gcéad ar a laghad de gach aicme scaireanna lena ngabhann cearta vótála d'eisigh sí agus gur le haghaidh saoránach Éireannach nó cuideachtana Éireannacha atá á mbainistí agus á rialú sa Stát a cuireadh ar fáil go príomha iad,

(e) gur thug Stoc-Mhargadh luachaíocht i leith gach cinn ar leithligh den aicme scaireanna sin.

(3) I gcás cuideachta a chomhlíonas na coinníollacha atá leagtha amach i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (2) den alt seo d'iarraidh luachaíochta ar Stoc-Mhargadh i leith aon aicme scaireanna lena ngabhann cearta vótála d'eisigh sí, beidh feidhm ag na forála seo a leanas—

(a) déarfaidh an chuideachta ina hiarratas pé acu atá nó nach bhfuil sí á shuíomh gur chomhlíon sí i leith na haicme scaireanna sin an coinníoll atá leagtha amach i mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo,

(b) má bhíonn an chuideachta á shuíomh sin ina hiarratas, ansin—

(i) bhéarfaidh an chuideachta don Stoc-Mhargadh sin pé eolas, maidir leis an aicme scaireanna sin, a bheas ag teastáil ón Stoc-Mhargadh sin chun go bhféadfaidh sé a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil bunús maith leis an suíomh sin,

(ii) má mhalnníonn an chuideachta an t-eolas sin a thabhairt nó mura léir don Stoc-Mhargadh sin bunús maith a bheith leis an suíomh, ní thabharfaidh sé luachaíocht i leith na haicme scaireanna sin,

(iii) má thugann an Stoc-Mhargadh sin luachaíocht i leith na haicme scaireanna sin, measfar na coinníollacha atá leagtha amach sa mhír sin (d) a bheith comhlíonta ag an gcuideachta i gcás na haicme scaireanna sin.

Alt 9 d'Acht 1934 a leasú

5. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 9 d'Acht 1934, is dleathach do chuideachta, ag a bhfuil gnó á sheoladh ar mhodh trádála nó chun sochair, aon phróis mhonaraíochta a sheoladh i gcúrsa an ghnótha sin nó mar chuid de más rud é, le linn an ama a bheas sé á sheoladh (dá ngairmtear an tráth iomchuí sa bhfo-alt seo)—

(a) gur go príomha le haghaidh onnmhuirithe a sheolas an chuideachta sin gnó agus i gcás gach earra a bhfuil aon phróis mhonaraíochta á seoladh ag an gcuideachta maidir léi agus a díoltar ar an margadh baile nach bhfuil sa díol sin ach gnó fo-ghabhálach i ndáil lena trádáil onnmhuiriúcháin san earra sin, nó

(b) gur cuideachta eisiata an chuideachta sin, nó

(c) gur sealbhóir an chuideachta sin ar dheimnhiú díolúine a deonadh faoi alt 6 den Acht seo agus gur faoin údarás a tugadh leis an deimhniú díolúine sin atá an phróis mhonaraíochta sin á seoladh, nó

(d) gur cuideachta cháilithe do réir bhrí Choda I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo an chuideachta sin, nó

(e)  (i) go raibh an gnó sin á sheoladh go leanúnach sa Stát idir an 2ú lá d'Iúil, 1934, agus an tráth iomchuí, agus

(ii) gur gnó cáilithe do réir bhrí Coda II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo an gnó sin an tráth iomchuí, nó

(f)  (i) go raibh an gnó sin á sheoladh go leanúnach sa Stát idir an 1ú lá de Mheitheamh, 1932, agus an tráth iomchuí, agus

(ii) gur gnó díolmhaithe 1932 an gnó sin maidir leis an bpróis mhonaraíochta sin a bheith á seoladh an tráth iomchuí, do réir bhrí an Dara Sceidil a ghabhas leis an Acht seo, nó

(g) gur sealbhóir an chuideachta sin ar cheadúnas monaraíochta nua a deonadh (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) faoi Acht 1932, agus gur faoin údarás a tugadh leis an gceadúnas monaraíochta nua sin a seoltar an phróis mhonaraíochta sin, nó

(h) nach mó ná cúig mhíle punt luach na sócmhainní fosaidh a húsáidtear i ngnó na cuideachtan sin, nó

(i) go seoltar an phróis mhonaraíochta sin i gcúrsa gnótha, nó mar chuid de ghnó, a sheolas glacadóir nó bainisteoir arna cheapadh ag cúirt ag leanúint dó de ghnó cuideachtan ag a mbeadh teideal do réir dlí, faoi aon cheann de na míreanna roimhe seo den fho-alt seo, an phróis mhonaraíochta sin a sheoladh i gcúrsa an ghnótha sin nó mar chuid den ghnó sin má bhí an phróis mhonaraíochta sin á seoladh díreach sarar thosnaigh an glacadóir nó an bainisteoir sin ar an ngnó a sheoladh.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le cuideachta a chomhlíonas de thuras na huaire na coinníollacha atá leagtha amach i mír 2 den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(b) Má chuireann cuideachta lena mbaineann an fo-alt seo dearbhú reachtúil, arna shíniú ag a stiúrthóirí uile, chun an Aire, roimh an lá ceaptha, á rá go raibh próis mhonaraíochta áirithe maidir le hearra áirithe á seoladh aici an 1ú lá de Bhealtaine, 1958, nó laistigh de bhliain díreach roimh an dáta sin, ansin, d'ainneoin aon ní in alt 9 d'Acht 1934, is dleathach don chuideachta leanúint, an lá ceaptha agus dá éis, den phróis mhonaraíochta sin a sheoladh maidir leis an earra sin.

(3) Má dhíolann cuideachta ar an margadh baile earra a bhfuil aon phróis mhonaraíochta á seoladh ina leith aici agus gur go príomha le haghaidh onnmhuirithe a sheolas sí gnó, ansin, chun críocha míre (a) d'fho-alt (1) den alt seo, measfar nach bhfuil sa díol sin ach gnó fo-ghabhálach i ndáil lena trádáil onnmhuiriúcháin san earra sin, más rud é, ar na blianta d'áireamh le chéile, nach ndíoltar thar deich faoin gcéad de luach iomlán a táirgeachta uile ar an margadh baile.

(4) Déantar leis seo alt 9 (a chuireas srian le monaraíochta a sheoladh) d'Acht 1934 a leasú sna slite seo a leanas—

(a) forléireofar tagairtí do dhuine mar thagairtí do chuideachta agus ní mar thagairtí do phearsa,

(b) déanfar an tagairt i bhfo-alt (1) do dhéanamh aon ní de nithe sonraithe áirithe d'fhorléiriú mar thagairt d'aon phróis mhonaraíochta a sheoladh,

(c) i bhfo-alt (1), scriosfar na focail go léir ó na focail “maran rud é” go dtí deireadh an fho-ailt,

(d) scriosfar fo-ailt (2), (3) agus (4).

Deimhnithe díolúine.

6. —(1) I gcás inar deimhin leis an Aire, maidir le haon chuideachta Éireannach a bainistítear agus a rialaítear sa Stát agus a dhéanas, nó a bheartaíos, próis mhonaraíochta áirithe maidir le hearra áirithe a sheoladh, gur príomh-chuspóir de chuid na cuideachtan sin, á dhéanamh nó á bheartú sin di, trádáil onnmhuiriúcháin d'fhorbairt, féadfaidh an tAire, d'fhonn í a dhíolmhadh, maidir leis an bpróis mhonaraíochta sin a sheoladh, ó oibriú ailt 9 d'Acht 1934, arna leasú le halt 5 den Acht seo, deimhniú (dá ngairmtear deimhniú díolúine san Acht seo) a thabhairt di, ar í á iarraidh, á údarú dhi an phróis mhonaraíochta sin a sheoladh.

(2) I gcás inar dóigh leis an Aire, maidir le cuideachta Éireannach ar luadh a scaireanna ar Stoc-Mhargadh sa Stát ar feadh tréimhse cúig mblian ar a laghad, go ndéanann an chuideachta nó go mbeartaíonn sí próis mhonaraíochta áirithe maidir le hearra áirithe a sheoladh, agus gurb é cuspóir na cuideachtan, á dhéanamh nó á bheartú sin di, trádáil onnmhuiriucháin d'fhorbairt, féadfaidh an tAire, d'fhonn í a dhíolmhadh, maidir leis an bpróis mhonaraíochta sin a sheoladh, ó oibriú ailt 9 d'Acht 1934, arna leasú le halt 5 den Acht seo, deimhniú (dá ngairmtear deimhniú díolúine freisin san Acht seo) a thabhairt di, ar í á iarraidh, á údarú dhi an phróis mhonaraíochta sin a sheoladh.

(3) I gcás ina ndeonfaidh an tAire, faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, deimhniú díolúine do chuideachta a bheartaíos próis mhonaraíochta áirithe maidir le hearra áirithe a sheoladh, deonfar an deimhniú sin ar an gcoinníoll go dtosnóidh an chuideachta sin ar an bpróis mhonaraíochta sin a sheoladh roimh dheireadh pé tréimhse is cuí leis an Aire agus a shonrós sé sa deimhniú sin.

(4) Féadfaidh deimhniú díolúine baint a bheith aige le níos mó ná próis mhonaraíochta amháin agus le níos mó ná earra amháin.

(5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith deimhniú díolúine d'athrú nó a chúlghairm ar iarratas ó shealbhóir an chéanna, ach ní fhéadfaidh in aon chúinsí eile.

(6) I gcás ina n-údaróidh deimhniú díolúine do chuideachta próis mhonaraíochta áirithe maidir le hearra áirithe a sheoladh agus go ndéanfar únaeracht ghnótha na cuideachtan sin, sa mhéid go mbaineann sí leis an bpróis mhonaraíochta sin, d'aistriú chun cuideachtan eile, féadfaidh an chuideachta eile sin a iarraidh ar an Aire an deimhniú sin d'aistriú chuici, agus air sin aistreoidh an tAire an deimhniú sin dá réir sin más dóigh leis go dtiocfaidh den aistriú sin an trádáil onnmhuiriúcháin maidir leis an earra sin a chothabháil nó d'fhorbairt, ach muran dóigh leis sin diúltóidh sé géilleadh don iarratas sin.

(7) Aon deimhniú díolúine á údarú do chuideachta próis mhonaraíochta áirithe maidir le hearra áirithe a sheoladh scoirfidh sé de bheith i bhfeidhm—

(a) má scoireann an chuideachta sin den phróis mhonaraíochta sin a sheoladh—ar dháta an scoir sin, nó

(b) má cúlghairmtear an deimhniú sin faoi fho-alt (5) den alt seo—ar dháta na cúlghairme sin,

(c) má déantar aon iarratas ar an deimhniú sin d'aistriú, faoi fho-alt (6) den alt seo, agus go ndiúltófar don iarratas sin—ar dháta an diúltuithe sin,

(d) má rinneadh, do réir fo-ailt (3) den alt seo, an deimhniú sin a dheonadh ar an gcoinníoll go dtosnóidh an chuideachta sin, sara mbeidh tréimhse shonraithe caite, ar an bpróis mhonaraíochta sin a sheoladh agus go mainneoidh an chuideachta sin an coinníoll sin a chomhlíonadh—ar an tréimhse sin a bheith caite.

(8) (a) Bunóidh agus coimeádfaidh an tAire clár (dá ngairmtear an clár sa bhfo-alt seo) de dheimhnithe díolúine a deonfar faoin alt seo.

(b) Taifeadfar sa chlár, maidir le gach deimhniú díolúine a deonfar, na sonraí seo a leanas—

(i) ainm na cuideachtan dar tugadh an deimhniú sin,

(ii) an earra lena mbaineann an deimhniú sin,

(iii) an phróis mhonaraíochta a húdaraítear leis an deimhniú sin a sheoladh.

(c) Coimeádfar an clár in oifig an Aire i mBaile Atha Cliath agus beidh sé ar oscailt ansin chun a iniúchta ag aon duine leasmhar, ar scilling d'íoc, pé trátha a ordós an tAire.

Coinníollacha i gceadúnas monaraíochta nua.

7. —(1) I gcás ina ndeonfaidh an tAire ceadúnas monaraíochta nua, féadfaidh sé, i dteannta aon choinníll ar a mbeidh, de bhuaidh míre (c) d'fho-alt (2) d'alt 6 d'Acht 1932, an ceadúnas sin le deonadh, an ceadúnas sin a dheonadh ar an gcoinníoll nach ndéanfar gan a thoiliú roinnt de na rudaí a n-údaraítear a ndéanamh leis an gceadúnas ach ní údaróidh an fhoráil seo don Aire coinníoll a chur le ceadúnas monaraíochta nua tar éis a dheonta.

(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar dháta Achta 1932 a rith.

Alt 14 d'Acht 1934 a leasú.

8. —(1) Cuirfear an fo-alt nua seo a leanas in alt 14 d'Acht 1934—

“(3A) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar aon chomhlacht corpraithe á cheangal ar an gcomhlacht corpraithe sin laistigh d'ocht lá fhichead tar éis an fógra a sheirbheáil tuairisceán a thabhairt ina n-inseoidh—

(i) an méid dob fhiú, ar dháta sonraithe, na sócmhainní fosaidh a húsáideadh an tráth sin ina ghnó, agus

(ii) costas bunaidh na sócmhainní fosaidh sin.

(b) Féadfar a cheangal freisin le fógra faoi mhír (a) den fho-alt seo ar an gcomhlacht corpraithe ar a seirbheálfar an fógra sonraí (lena n-áirítear sonraí nil) a chur, sa tuairisceán uaidh, i dtaobh na méideanna seo a leanas—

(i) méid aon deontais a tugadh dó as airgead a sholáthraigh an tOireachtas nó aon chomhlacht a bunaíodh le haon achtachán nó faoi,

(ii) méid a chúltacaí sa mhéid gur as brabúis a soláthraíodh iad,

(iii) aon mhéideanna atá dlite dhe i leith comhaontuithe fruilcheannaigh, do réir bhrí an Achta Fost-Cheannaigh, 1946 ( Uimh. 16 de 1946 ), in aghaidh tréimhsí nach sia ná cúig bliana,

(iv) méid aon iasachtaí atá gan aisíoc de thuras na huaire agus a tugadh dó agus a dtug an tAire ráthaíocht ina leith,

(v) méid aon iasachtaí atá gan aisíoc de thuras na huaire agus a fuair sé ó shaoránaigh Éireannacha nó comhlachtaí corpraithe atá, ar dháta an tuairisceáin, díolmhaithe ó oibriú ailt 9 den Acht seo, arna leasú le halt 5 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Infheistíocht ón gCoigrích a Ghríosadh), 1958 , de bhuaidh míre (d), (e) nó (f) d'fho-alt (1) den alt sin 5,

(vi) méid aon iasachtaí atá gan aisíoc de thuras na huaire agus a fuair sé ón gCuideachta Chairde Tionscail, Teoranta, nó ar ráthaigh an Chuideachta sin a n-aisíoc.

(c) Féadfar a cheangal freisin le fógra faoi mhír (a) den fho-alt seo go ndéanfar an tuairisceán, a bheas le tabhairt de bhun an fhógra, d'fhíorú i pé slí nó sa dá shlí acu seo a leanas (a sonrófar sa bhfógra)—

(i) le dearbhú reachtúil ó dhuine a bhfuil eolas aige féin ar na fíorais,

(ii) le deimhniú a shíneos duine den tsórt sin a bhfuil eolas aige féin ar na fíorais.”.

(2) Ní thiocfaidh mír (b) d'fho-alt (3A) (an fo-alt a cuirtear isteach isteach le fo-alt (1) den alt seo) d'alt 14 d'Acht 1934 i ngníomh go dtí an lá ceaptha.

(3) Déantar leis seo alt 14 d'Acht 1934 a leasú mar leanas—

(a) i bhfo-alt (2), déanfar na tagairtí do Shaorstát Éireann d'fhorléiriú mar thagairtí don Stát;

(b) i bhfo-ailt (4) agus (8)—

(i) déanfar na tagairtí do náisiúnach de Shaorstát Éireann d'fhorléiriú mar thagairtí do dhuine cáilithe (Acht 1932), agus

(ii) déanfar na tagairtí do dhuine cáilithe d'fhorléiriú mar thagairtí do dhuine cáilithe (Acht 1934);

(c) i bhfo-alt (8) déanfar tagairtí d'áit nó d'áiteanna i Saorstát Éireann d'fhorléiriú mar thagairtí d'áit nó d'áiteanna sa Stát.

Deireadh le cumhacht chun orduithe a dhéanamh faoi alt 17 d'Acht 1934.

9. —Ní déanfar aon ordú faoi alt 17 d'Acht 1934 tar éis dáta an Achta seo a rith.

Srian le himeachta a thionscnamh faoi alt 9 d'Acht 1934.

10. —I gcás ina ndéanfaidh cuideachta a sheolas aon phróis mhonaraíochta iarratas chun na hArd-Chúirte, iar bhfógra chun an Aire, ag iarraidh dearbhuithe go bhfuil, tráth an iarratais a dhéanamh, an phróis mhonaraíochta sin á seoladh go dleathach aici—

(a) ní dhéanfaidh an tAire, i rith na tréimhse dar tosach an dáta a tugadh fógra i dtaobh an iarratais don Aire agus dar críoch sé mhí tar éis an t-iarratas a chinneadh, imeachta a thionscnamh faoi alt 9 d'Acht 1934 i leith sáruithe líomhnaithe, maidir le seoladh na próise monaraíochta sin ag an gcuideachta, ar an alt sin 9;

(b) chun críocha míre 4 d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, ní déanfar an tréimhse sin, maidir le himeachta den tsórt sin a thionscnamh, d'áireamh nuair a beifear ag ríomh na sé mhí a luaitear sa mhír sin 4.

Gan feidhm a bheith ag Acht 1932 ná ag Acht 1934 ná ag an Acht seo.

11. —Ní bhainfidh Acht 1932 ná Acht 1934 ná an tAcht seo—

(a) leis an bpróis mhuilleoireachta cruithneachtan, ná

(b) le haon táirgeadh ó chruithneacht a meileadh i muileann d'oiriúnú chun a dhíolta sa mhuileann sin, ná

(c) le talmhaíocht, ná

(d) le hathrú a dhéanfas miondíoltóir ar aon earra a bheartós sé a mhionreic, ná

(e) le haon ní a dhéanamh, faoi réim agus do réir cheadúnais a deonadh faoi Chuid III d'Acht 1934, a húdaraítear a dhéanamh faoin gceadúnas sin maidir le haon earra is earra forcoimeádta de thuras na huaire do réir bhrí na Coda sin III, ná

(f) le próis mhonaraíochta stroighne is stroighin Romhánach, stroighin Phortland nó stroighin udrálach eile, nó aon stroighin den tsórt sin a monaraíodh i monarcha d'oiriúnú chun a díolta sa mhonarcha sin, ná

(g) le haon ghníomh nó ní a rinne Comhlucht Siúicre Éireann, Teoranta, ná

(h) le haon ghnó a seoltar faoi réim agus do réir cheadúnais a deonadh faoi Chuid VII den Acht um Beithígh agus Caoire a Mharú, 1934 (Uimh. 42 de 1934) .

Seasamh Airí Stáit mar scairshealbhóirí.

12. —(1) I gcás ina sealbhaíonn Aire Stáit, ina cháil mar Aire, aon scaireanna i gcuideachta Éireannach, ansin, maidir leis na scaireanna sin, measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é únaer tairbhiúil an chéanna é agus freisin gur duine cáilithe (Acht 1932) agus gur duine cáilithe (Acht 1934) é.

(2) I gcás ina raibh, aon tráth roimh dháta an Achta seo a rith, Aire Stáit ina shealbhóir, ina cháil mar Aire, ar aon scaireanna i gcuideachta Éireannach, ansin, maidir leis na scaireanna sin, measfar, chun críocha an Achta seo, gurbh é únaer tairbhiúil an chéanna agus freisin gur dhuine cáilithe (Acht 1932) agus duine cáilithe (Acht 1934) an tráth sin é.

Athghairm.

13. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

14. —Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail (Infheistíocht ón gCoigrích a Ghríosadh), 1958 , a ghairm den Acht seo.