Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. AIRTEAGAIL CHOMHAONTAITHE NA CORPARAIDE AIRGEADAIS IDIRNAISIUNTA.)

22 1958


Uimhir 22 de 1958.


AN tACHT UM AN gCORPARÁID AIRGEADAIS IDIRNÁISIÚNTA, 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO THABHAIRT FORMHEASA AR THÉARMAÍ AN CHOMHAONTAITHE LE hAGHAIDH NA CORPARÁIDE AIRGEADAIS IDIRNÁISIÚNTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE (LENA nÁIRÍTEAR ÍOCAÍOCHTAÍ) A BHAINEANN LEIS AN gCOMHAONTÚ SIN. [23 Iúil, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Comhaontú” an comhaontú, chun comhlacht idirnáisiúnta dá ngairfear an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta a bhunú agus a oibriú, a bhfuil téacs a chuid Airteagal leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Chorparáid” an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta a bhunaítear faoin gComhaontú.

Formheas ar théarmaí an Chomhaontaithe.

2. —Formheastar leis seo téarmaí an Chomhaontaithe.

Forálacha airgeadais agus forálacha eile.

3. —(1) Tiocfaidh na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo i ngníomh an lá a shíneofar an Comhaontú thar ceann an Rialtais.

(2) Déanfar na híocaíochtaí seo a leanas, amhail mar agus nuair is iomchuí iad a íoc thar ceann an Rialtais, a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis:

(a) íocaíochtaí i leith suibscríobh chun na Corparáide,

(b) íocaíochtaí faoi fho-mhír (iii) de mhír (c) d'alt 4 d'Airteagal V den Chomhaontú.

(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna is gá faoi chomhair íocaíochtaí faoin alt seo a thógáil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna a airleacan chuige agus, chun an céanna a thógáil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus a eisiúint, agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

(4) Déanfar príomhshuim agus ús aon urrús a eiseofar faoi fho-alt (3) den alt seo, agus na costais faoina rachfar i leith a n-eisiúna, a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(5) Déanfar aon airgead a gheobhaidh an Rialtas ón gCorparáid nó a chruinneofar trí urrúis faoi fho-alt (3) den alt seo a chur chun creidiúna cuntais an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

(6) Gníomhóidh Banc Ceannais na hÉireann mar thaisclann le haghaidh sealúchas d'airgeadra an Stáit agus sócmhainní eile na Corparáide agus féadfaidh sé aon suim nó suimeanna is gá faoi chomhair íocaíochtaí faoin alt seo a airleacan chun an Aire Airgeadais.

(7) Beidh feidhm dlí sa Stát ag forálacha Alt 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9 agus 11 d'Airteagal VI den Chomhaontú, ar choinníoll nach ndéanfar aon ní san Alt sin 9 a fhorléiriú mar ní—

(i) a thugann teideal don Chorparáid earraí a allmhairiú saor ó dhleacht chustam gan aon srian lena ndíol ina dhiaidh sin sa tír chun ar allmhairíodh iad,

(ii) a thugann aon díolúine don Chorparáid ó dhleachta nó cánacha is cuid de phraghas na n-earraí a dhíolfar, nó

(iii) a thugann aon díolúine don Chorparáid ó dhleachta nó cánacha nach bhfuil iontu ach táillí i leith seirbhísí a rinneadh.

Gearrtheideal,

4. —Féadfar an tAcht um an gCorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta, 1958 , a ghairm den Acht seo.