|
|||||
|
AN tACHT AIRGEADAIS, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID X. Dleachtanna Stampa. | |
[EN] |
Comhaontuithe maidir le dleacht stampa ar ionstraimí áirithe. |
57. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim comhaontú a dhéanamh le haon bhaincéir faoina n-imshocrófar, de réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, dleacht stampa is inmhuirir faoin mírcheann “Bill of Exchange payable on demand” sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, ar cibé ionstraimí— |
[EN] | (a) a bheidh tarraingte ar an mbaincéir ag a chustaiméirí ar fhoirmeacha a sholáthraigh seisean, nó | |
[EN] | (b) a bheidh tarraingte ag an mbaincéir air féin nó ar bhaincéir eile, | |
[EN] | agus a shonrófar sa chomhaontú. | |
[EN] | (2) Gach aon chomhaontú den tsórt sin is i cibé foirm a bheidh sé agus beidh ann cibé téarmaí agus cibé coinníollacha is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim agus go sonrach, ceanglóidh an comhaontú, ar an mbaincéir cuntais thréimhsiúla a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim maidir le hionstraimí lena mbainfidh an comhaontú ina mbeidh sonraí— | |
[EN] | (a) i dtaobh foirmeacha a sholáthraigh sé dá chustaiméirí lena gcomhlánú agus lena n-eisiúint ag na custaiméirí mar ionstraimí den tsórt sin, agus i dtaobh foirmeacha a soláthraíodh amhlaidh ach a cuireadh ar ais neamhúsáidte nó loite, agus | |
[EN] | (b) i dtaobh ionstraimí den tsórt sin d'eisigh sé féin. | |
[EN] | (3) An fhad a leanfaidh aon chomhaontú den tsórt sin i bhfeidhm, ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon admháil lena mbainfidh an comhaontú agus ar a mbeidh cibé comhartha a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim gur íocadh an dleacht stampa, ach, ina ionad sin agus mar imshocraíocht, íocfar leis na Coimisinéirí Ioncaim, ag an mbaincéir a rinne an comhaontú, ar aon chuntas a sheachadadh faoin gcomhaontú, cibé suimeanna dob inmhuirir, mura mbeadh forálacha an ailt seo, mar dhleacht stampa ar admhála lena mbainfidh an comhaontú agus a eisíodh i rith na tréimhse lena mbainfidh an comhaontú, agus glacfar chun na críche sin gur chomhionann an líon de na hionstraimí sin d'eisigh a chustaiméirí agus an líon foirmeacha a soláthraíodh lúide an líon foirmeacha a cuireadh ar ais mar luaitear i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo. | |
[EN] | (4) Má mhainníonn baincéir aon chuntas a sheachadadh is gá a sheachadadh de réir aon chomhaontaithe den tsórt sin nó an dleacht a íoc is iníoctha ar aon chuntas den tsórt sin a sheachadadh, dlífidh sé fíneáil nach mó ná caoga punt a íoc in aghaidh gach lae a leanfaidh an mhainneachtain agus dlífidh sé freisin, i dteannta na dleachta, ús ar an dleacht a íoc, a bheidh inghnóthaithe amhail is dá mba chuid den dleacht é, de réir chúig faoin gcéad sa bhliain ón dáta a thosaigh an mhainneachtain. | |
[EN] |
Dleacht stampa ar fháltais áirithe a fhorceannadh. |
58. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon admháil i leith aon tsuime a íocfar le Coimisiún Talún na hÉireann faoi réim nó de dhroim ailt 2 den Irish Church Act Amendment Act, 1881. |
[EN] |
Dleacht stampa ar ionstraimí áirithe a fhorceannadh. |
59. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon ionstraim (lena n-áirítear ionstraim a forgníomhaíodh ach nár stampáladh roimh an Acht seo a rith) i gcás inar amháin as airgead a sholáthraigh an tOireachtas dob iníoctha, mura mbeadh an t-alt seo, méid na dleachta stampa dob inmhuirir ar an gcéanna. |
[EN] |
Dleacht stampa ar bhannaí áirithe a fhorceannadh. |
60. —Ní mhuirearófar dleacht stampa ar aon bhanna dá dtagartar sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, faoin mírcheann dar tosach “Bond given pursuant to the directions of any Act”. |