An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Liúntais Chaiteachais agus Sochair in Earraí: Cáin Ioncaim agus Forcháin.) Ar Aghaidh (CUID VI. Blianachtaí Scoir: Cáin Ioncaim agus Forcháin.)

25 1958

AN tACHT AIRGEADAIS, 1958

CUID V.

Sochair Scoir agus Sochair eile do Stiúrthóirí agus d'Fhostaithe: Cáin Ioncaim agus Forcháin.

Léiriú (Cuid V).

31. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “stiúrthóir”—

(a) maidir le comhlacht corpraithe ar bord stiúrthóirí nó comhlacht dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, comhalta den bhord sin nó den chomhlacht dá shamhail,

(b) maidir le comhlacht corpraithe ar stiúrthóir aonair nó duine dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, an stiúrthóir sin nó an duine sin,

(c) maidir le comhlacht corpraithe arb iad na comhaltaí féin a bhainistíonn a ghnó, comhalta den chomhlacht corpraithe,

agus folaíonn sé duine ar bith atá le bheith nó a bhí ina stiúrthóir;

ciallaíonn “fostaí”, maidir le comhlacht corpraithe, aon duine a ghlacann páirt i mbainistí ghnó an chomhlachta chorpraithe agus nach stiúrthóir, agus folaíonn sé duine atá le bheith nó a bhí ina fhostaí;

ciallaíonn “luach saothar deiridh,” maidir le stiúrthóir nó fostaí chomhlachta chorpraithe, meán-mhéid bhliantúil a luach saothair ón gcomhlacht corpraithe ar feadh na dtrí bliana deiridh dá sheirbhís leis an gcomhlacht corpraithe, agus glacfar gurb é méid luach saothair dhuine in aghaidh aon bhliana áirithe an méid de a mbeadh sé inmheasúnaithe ina leith faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, dá gceanglaíodh na forálacha sin gur ar bhrabúis nó gnóchan na bliana sin agus nach ar bhrabúis nó gnóchan aon bhliana nó tréimhse eile a bhunófaí an mheasúnacht, arna laghdú d'aon asbhaint (seachas asbhaintí faoi alt 32 den Finance Act, 1921, nó faoi alt 38 den Acht seo) dob inlamháilte le linn brabúis nó gnóchan a bheith á ríomh faoi na hAchtanna sin agus d'aon asbhaintí dob inlamháilte i leith caithimh agus cumailte aon inneallra nó gléasra: Ar choinníoll nach bhfolóidh luach saothair, i gcás stiúrthóra chuideachta, aon táille stiúrthóra nó luach saothair dá shamhail a fuair sé ina cháilíocht mar stiúrthóir den tsórt sin;

ciallaíonn “stiúrthóir páirt-aimsire”, maidir le comhlacht corpraithe, stiúrthóir nach bhfuil de cheangal air formhór a chuid ama a chaitheamh i seirbhís an chomhlachta chorpraithe;

ciallaíonn “fostaí páirt-aimsire”, maidir le comhlacht corpraithe, fostaí nach bhfuil de cheangal air formhór a chuid ama a chaitheamh i seirbhís an chomhlachta chorpraithe; ciallaíonn “stiúrthóir dílseánach” stiúrthóir cuideachta arb é an t-úinéir tairbhiúil é ar níos mó ná cúig déag faoin gcéad de ghnáth-scair-chaipiteal na cuideachta, nó ar féidir leis, go díreach nó trí mheán cuideachtana eile nó trí aon mheán neamhdhíreach eile, níos mó ná an méid sin den ghnáth-scair-chaipiteal sin a rialú;

ciallaíonn “fostaí dílseánach”, maidir le cuideachta, fostaí arb é an t-úinéir tairbhiúil é ar níos mó ná cúig déag faoin gcéad de ghnáth-scair-chaipiteal na cuideachta nó ar féidir leis, go díreach nó trí mheán cuideachtana eile, nó trí aon mheán neamhdhíreach eile, níos mó ná an méid sin den ghnáth-scair-chaipiteal sin a rialú;

ciallaíonn “sochar scoir nó sochar eile” aon phinsean, blianacht, cnapshuim, aisce nó sochar eile dá shamhail a bheidh le tabhairt ar scor nó in oirichill scoir, nó, i ndáil le seirbhís san am a caitheadh, tar éis scoir, nó ar bhás, nó i ndáil le bás, a fháil le linn seirbhíse nó tar éis scoir, nó a bheidh le tabhairt ar aon athrú, nó in oirichill aon athrú. nó i ndáil le haon athrú, a theacht ar sheirbhís an duine iomchuí, ach amháin nach bhfolaíonn sé aon phinsean, blianacht, cnapshuim, aisce, nó sochar eile dá shamhail sin a bheidh le tabhairt de dhroim amháin bás nó éagumas duine ó thionóisc a tharla de dhroim nó i gcúrsa a oifige nó a fhostaíochta agus ní de dhroim aon chúise eile;

ciallaíonn “seirbhís” seirbhís mar fhostaí don chomhlacht corpraithe iomchuí nó mar stiúrthóir ar an gcomhlacht sin agus forléireofar “scor” dá réir sin;

ciallaíonn “scéim aoisliúntais reachtúil” scéim arna cur ar bun le nó faoi aon achtachán a bhaineann le haoisliúntas.

(2) Chun críocha na mínithe atá i bhfo-alt (1) den alt seo ar “stiúrthóir dílseánach” agus “fostaí dílseánach”—

(a) gnáth-scair-chaipiteal atá ar úinéireacht nó ar urlámh mar adeirtear sna mínithe ag duine arb é céile stiúrthóra nó fostaí é nó ar naíon le stiúrthóir nó fostaí é nó is iontaobhaí ar iontaobhas chun sochair dhuine nó dhaoine arb eisean, nó ar a bhfuil, aon duine den tsórt sin nó an stiúrthóir nó an fostaí sin, measfar gurb é an stiúrthóir nó an fostaí sin agus nach aon duine eile an duine a bhfuil sé ar úinéireacht nó ar urlámh aige, agus

(b) ciallaíonn “gnáth-scair-chaipiteal” an caipiteal eisithe uile (cibé ainm a thugtar air) na cuideachta seachas caipiteal a bhfuil ceart ag a shealbhóirí díbhinn a fháil de réir ráta shocair nó de réir ráta a athraíonn de réir an ráta chánach ioncaim, ach nach bhfuil aon cheart eile acu chun scair de bhrabúis na cuideachta a fháil.

(3) I gcás athrú a bheith déanta ar scéim shochar scoir tráth ar bith i ndiaidh an 23ú lá d'Aibreán, 1958, measfar, chun críocha na Coda seo den Acht seo, gur scéim nua an scéim a tháinig i ngníomh dáta an athraithe, ach ní bhainfidh an fo-alt seo le hathrú arna cheadú ag na Coimisinéirí Ioncaim.

(4) Aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do shochair scoir nó sochair eile a sholáthar do dhuine folaíonn sí tagairt do shochair is iníoctha le céile, leanaí, cleithiúnaithe nó ionadaithe pearsanta dlíthiúla an duine sin a sholáthar.

(5) Aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do shochair scoir nó sochair eile nó pinsean nó blianacht a sholáthar ag comhlacht corpraithe folaíonn sí tagairt don tsoláthar sin a dhéanamh trí chonradh le tríú duine.

(6) Beidh feidhm ag an gCuid seo den Acht seo maidir le comhlachtaí neamhchorpraithe nó comhlachtaí eile fé mar atá feidhm aici maidir le comhlachtaí corpraithe, ach measfar nach bhfolaíonn an tagairt sa bhfo-alt seo do chomhlachtaí neamhchorpraithe nó do chomhlachtaí eile tagairt do phearsana i gcomhpháirtíocht.

Muirear cánach i leith soláthair le haghaidh sochar scoir nó sochar eile do stíúrthóirí agus d'fhostaithe comhlachtaí corpraithe.

32. —(1) Faoi réir ailt 33 den Acht seo, má tharlaíonn, de bhun scéime chun soláthar a dhéanamh faoi chomhair sochar scoir nó sochar eile san am le teacht do dhaoine arb éard iad, nó ar a bhfuil stiúrthóirí nó fostaithe comhlachta chorpraithe (dá ngairtear scéim sochar scoir sa Chuid seo den Acht seo), go n-íocfaidh an comhlacht corpraithe in aon bhliain mheasúnachta áirithe suim chun aon sochair den tsórt sin a sholáthar d'aon stiúrthóir nó fostaí don chomhlacht, ansin (cibé acu a bhraitheann nó nach mbraitheann faibhriú na sochar ar aon teagmhas)—

(a) maidir leis an tsuim a bheifear tar éis a íoc, mura mbeidh sí inchurtha faoi cháin ioncaim ar shlí eile mar ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí, measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, gur ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí sin don bhliain mheasúnachta sin an tsuim sin agus go bhfuil sí inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Chás VI de Sceideal D; agus

(b) más íocaíocht faoi aon árachas nó conradh den tsaghas a luaitear in alt 32 den Income Tax Act, 1918, an íocaíocht, tabharfar faoiseamh, muran inlamháilte ar shlí eile é, don stiúrthóir nó don fhostaí faoin alt sin i leith na híocaíochta agus tabharfar an oiread faoisimh, más aon fhaoiseamh é, agus dob inlamháilte dó dá mb'eisean a rinne an íocaíocht agus gur leis a rinneadh an t-árachas nó an conradh faoina ndearnadh an íocaíocht.

(2) Faoi réir ailt 33 den Acht seo, i gcás—

(a) comhaontú a bheith i bhfeidhm idir comhlacht corpraithe agus stiúrthóir nó fostaí don chomhlacht sin chun soláthar a dhéanamh faoi chomhair aon sochar scoir nó sochar eile dó san am le teacht faoi scéim sochar scoir, nó duine a bheith ag fónamh mar stiúrthóir nó fostaí ag comhlacht corpraithe a bhfuil scéim sochar scoir ann maidir leis, a bhaineann le daoine den aicme ar di é agus faoina soláthrófar aon sochair den tsórt sin dó,

(b) nach ndéanann an comhlacht corpraithe, nó nach ndéanann sé go hiomlán, soláthar na sochar a urrú trí shuimeanna den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a íoc, agus

(c) nach imthosca ina bhfaibhreoidh na sochair imthosca a fhághfaidh cáin ioncaim a bheith inmheasúnaithe ar na sochair mar shochair óna oifig mar stiúrthóir nó óna fhostaíocht,

ansin (cibé acu a bhraitheann nó nach mbraitheann faibhriú na sochar ar aon teaghmhas áirithe), gach bliain mheasúnachta a bheidh an comhaontú i bhfeidhm nó a bheidh an stiúrthóir nó an fostaí ag fónamh mar adúradh suas go dtí an bhliain mheasúnachta, agus an bhliain mheasúnachta sin freisin, a fhaibhreoidh na sochair nó a scoirfidh aon seans de bheith ann go bhfaibhreoidh siad, measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, gur ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí don bhliain sin, agus is ioncam ar inmheasúnaithe cáin ioncaim ina leith faoi Chás VI de Sceideal D, suim is comhionann leis an suim bhliantúil a bheadh ar an gcomhlacht corpraithe a íoc an bhliain sin faoi chonradh leis an tríú duine ag urrú soláthar na sochar sin ag an tríú duine sin nó, cibé acu é, an oiread de na sochair sin nach mbeidh urraithe cheana trí íoc na suimeanna sin a luaitear i bhfo-alt (1) den alt sin.

(3) I gcás ina n-íocfaidh an comhlacht corpraithe aon tsuim a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo maidir le stiúrthóirí nó fostaithe iomaí-déanfar, chun críocha an fho-ailt sin, an tsuim a íocfar amhlaidh a chionroinnt eatarthu faoi threoir na suimeanna faoi leith a chaithfí a íoc chun a urrú go ndéanfaí na sochair ar leith a sholáthar dóibh faoi seach, agus, chun na críche sin, measfar an chuid den tsuim a chionroinnfear ar gach duine faoi leith díobh a bheith íoctha ar leithligh maidir leis an duine áirithe sin díobh.

Díolúintí ó mhuirear cánach faoi alt 32.

33. —(1) Beidh na híocaíochtaí seo a leanas díolmhaithe ó oibriú fo-ailt (1) d'alt 32 den Acht seo:

(a) íocaíochtaí le ciste aoisliúntais a bheidh ceadaithe (go hiomlán nó go páirteach) ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha ailt 32 den Finance Act, 1921;

(b) íocaíochtaí ar mhodh préimhe de bhun scéime sochar scoir, a bhfuil na sochair fúithi urraithe trí phréimheanna is iníoctha ag an gcomhlacht corpraithe, le ranníoca nó gan ranníoca ó na stiúrthóirí nó na fostaithe lena mbaineann, faoi chonarthaí árachas saoil nó dearlaice nó blianachtaí saoil, agus is scéim a bhí i ngníomh roimh an 24ú lá d'Aibreán, 1958,

faoi réir an choinníll nach mbeidh feidhm ag mír (b) den fho-alt seo maidir le híocaíocht i leith stiúrthóra nó fostaí a ligfear isteach ina chomhalta den scéim tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo, ná maidir le duine a bheidh, tráth ar bith i rith na bliana measúnachta—

(i) ina stiúrthóir dílseánach,

(ii) ina stiúrthóir páirt-aimsire,

(iii) ina fhostaí dílseánach, nó

(iv) ina fhostaí páirt-aimsire.

(2) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ná ag fo-alt (2) d'alt 32 den Acht seo ar shlí go mbeidh aon tsuim le háireamh mar ioncam mar luaitear ansin i gcás inarb éard í an scéim sochar scoir a bheidh i gceist—

(i) scéim aoisliúntais reachtúil,

(ii) scéim eiscthe, nó

(iii) scéim a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 34 den Acht seo.

(b) Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn “scéim eiscthe” scéim shochar scoir a bhaineann le daoine nach stiúrthóir dílseánach, stiúrthóir páirt-aimsire, fostaí dílseánach ná fostaí páirt-aimsire aon duine díobh agus nach cead, de réir a téarmaí, luach comhiomlán na sochar uile is féidir a sholáthar d'aon duine a bheith níos mó ná £3,000 (i gcás ina bhfuil níos mó ná scéim shochar scoir amháin ann de thuras na huaire maidir leis an gcomhlacht corpraithe agus a bhaineann le daoine den aicme chéanna, measfar gur scéim amháin chun críocha an mhínithe seo na scéimeanna sin go léir i dteannta a chéile).

(3) I gcás—

(a) ina mbeifear, maidir le soláthar a dhéanamh faoi chomhair aon tsochar scoir nó sochar eile san am le teacht do stiúrthóir nó fostaí, tar éis a mheas gur ioncam dá chuid de bhua fo-ailt (1) nó fo-ailt (2) d'ailt 32 den Acht seo suim (dá ngairtear an tsuim mhuirearaithe sa bhfo-alt seo),

(b) go gcruthóidh an stiúrthóir nó an fostaí dá éis sin do na Coimisinéirí Ioncaim, nó ar achomharc do na Coimisinéirí Speisialta, nach ndearnadh aon íocaíocht i leith nó in ionad na sochar agus gur tharla teaghmas éigin a bheir nach ndéanfar aon íocaíocht den tsórt sin, agus

(c) go n-iarrfaidh an stiúrthóir nó an fostaí faoiseamh faoin bhfo-alt seo laistigh de thrí bliana ón am a tharla an teagmhas sin,

tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh i leith cánach ar an tsuim mhuirearaithe trí aisíoc nó ar shlí eile mar is iomchuí; agus má shásaíonn an stiúrthóir nó an fostaí na Coimisinéirí Ioncaim, nó ar achomharc, na Coimisinéirí Speisialta, mar adúradh maidir le cuid áirithe éigin de na sochair is lú ná a n-iomlán, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé faoiseamh a thabhairt is dóigh leo a bheith cóir, réasúnach.

(4) I gcás ina ndéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, a mheas, de bhua fo-ailt (1) nó fo-ailt (2) d'alt 32 den Acht seo, gur ioncam le fostaí in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe aon tsuim áirithe, ach, maidir leis an mbliain sin, nach bhfuil, faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, cáin ioncaim inmheasúnaithe ar an bhfostaí i leith sochar a fhostaíochta nó gur ar fhoras na méide a fuair sé sa Stát is inmheasúnaithe amhlaidh í, ní bheidh d'fheidhm ag an bhfo-alt sin go mbeadh sé le meas gur ioncam dá chuid in aghaidh na bliana sin an tsuim sin.

Scéimeanna sochar scoir a cheadú.

34. —(1) Faoi réir ailt 35 den Acht seo, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncaim scéim shochar scoir chun críocha na Coda seo den Acht seo má chruthaítear dóibh go gcomhlíonann an scéim na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) go bhfuil an scéim bunaithe i ndáil le trádáil nó gnóthas a sheoltar go hiomlán nó go páirteach sa Stát ag comhlacht corpraithe a chónaíonn sa Stát chun críocha cánach ioncaim;

(b) nach féidir le sochair na scéime faibhriú ach—

(i) do stiúrthóirí nó d'fhostaithe an chomhlachta chorpraithe ar scor dóibh, ar aois shonraithe (nach mó ná seachtó bliain) a shlánú dóibh, nó ar theacht faoi éagumas buan níos óige ná sin dóibh, nó

(ii) do bhaintreacha, do chlann nó do chleithiúnaithe eile nó d'ionadaithe pearsanta dlíthiúla daoine atá nó a bhí ina stiúrthóirí nó ina bhfostaithe don chomhlacht corpraithe, ar éag do na daoine sin;

(c) go bhfuil ceart sonraithe chun sochar sonraithe faoin scéim ag na daoine uile lena mbaineann an scéim agus gur cuireadh téarmaí na scéime in iúl dóibh;

(d) gur mar a chéile, maidir leis na daoine uile lena mbaineann an scéim, an saghas sochar a thugtar faoin scéim;

(e) gurb é an comhlacht corpraithe a íocann trian ar a laghad den chostas a bhaineann le soláthar na sochar is iníoctha faoin scéim le gach duine nó maidir le gach duine lena mbaineann an scéim;

(f) nach cead aon tsuim d'íoc an comhlacht corpraithe chun sochair a sholáthar faoin scéim a chur chun aon chríche eile ná a aisíoc leis an gcomhlacht corpraithe;

(g) i gcás aon stiúrthóir nó fostaí do dhéanamh ranníoca i leith costas soláthair na sochar faoin scéim, nach cead aon tsuim a ranníoc aon duine amhlaidh a chur chun aon chríche eile seachas soláthar na sochar sin ná a aisíoc leis;

(h) (i) nach cead luach comhiomlán na sochar uile d'fhéadfadh faibhriú chun aon duine ar scor dó a bheith níos mó ná suim is comhionann, ar dháta an scoir sin, le luach pinsin ar feadh a shaoil ar cóimhéid leis an seascadú cuid dá luach saothair deiridh arna iolrú faoi uimhir a bhlianta seirbhíse, nó ná suim is comhionann, ar an dáta sin, le luach pinsin ar feadh a shaoil ar cóimhéid le dhá dtrian a luach saothair deiridh cibé acu sin is lú, agus

(ii) nach mó luach na sochar a thugtar, má thugtar, ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe, ná ceathrú cuid an luacha chomhiomláin sin;

(i) nach bhféadfaidh luach comhiomlán na sochar uile (dá ngairtear sochair bháis sa bhfo-mhír seo), a fhéadfaidh faibhriú ar aon duine d'fháil bháis le linn a sheirbhíse, a bheith níos mó ná luach na sochar d'fhéadfaí, de réir an choinníll atá i bhfo-mhír (i) de mhír (h) den fho-alt seo, a sholáthar dó ar scor dó ar an aois shonraithe a shlánú, dá leanadh sé de bheith ag fónamh nó go slánódh sé an aois sin de réir ráta bhliantúil luach saothair comhionann lena luach saothair deiridh, agus nach bhféadfaidh luach na sochar báis uile sin a fhéadfar a thabhairt ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamh-iomalartaithe a bheith níos mó ná cibé suim acu seo a leanas is mó:

(i) míle punt,

(ii) suim is comhionann le luach saothair deiridh an duine,

(iii) suim is comhionann leis an tríochadú cuid de luach saothair deiridh an duine arna iolrú faoi uimhir a bhlianta seirbhíse nó faoi dhaichead a cúig, cibé acu is lú,

(iv) suim is comhionann le comhiomlán na suimeanna a ranníoc an duine faoin scéim, maraon le hús réasúnach ar na suimeanna sin;

(j) (i) nach bhféadfaidh comhiomlán na sochar uile a fhéadfaidh faibhriú, ar aon duine d'fháil bháis tar éis scor dó, a bheith níos mó ná suim is comhionann le luach comhiomlán na sochar ar tháinig an duine sin ina dteideal ar scor dó arna laghdú de shuim iomlán na n-íocaíochtaí uile a rinneadh nó a bhí dlite suas go dtí bás an duine sin i leith na sochar sin, nó

(ii) gurb é an t-aon-sochar a fhéadfaidh faibhriú ar aon duine d'fháil bháis tar éis scor dó pinsean neamh-iomalartaithe dá bhaintreach nó do chleithiúnaí eile de mhéid nach mó ná leath an phinsin nó na blianachta a raibh an duine sin ina theideal tráth a bháis;

(k) nach insannaithe go hiomlán ná go páirteach na pinsin ná na blianachtaí faoin scéim;

(l) go bhfuil foráil sa scéim á áirithiú nach ngéillfear, go hiomlán nó go páirteach, aon chearta chun aon tsochair a soláthraíodh nó a sholáthrófar faoin scéim (cibé acu a bhraitheann nó nach mbraitheann faibhriú an tsochair ar theagmhas); agus

(m) nach bhféadfar seirbhís ar bith a thabharfaidh duine in aon fheidhmeannas, agus é—

(i) ina stiúrthóir dílseánach,

(ii) ina stiúrthóir páirt-aimsire,

(iii) ina fhostaí dílseánach, nó

(iv) ina fhostaí páirt-aimsire,

a chur san áireamh chun aon cheann de chríocha na scéime.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo é, ag féachaint do chúinsí an cháis áirithe, agus faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur, scéim sochar scoir chun críocha na Coda seo den Acht seo a cheadú d'ainneoin feidhm a bheith ag mír nó mireanna acu seo a leanas:

(i) go bhfuil an coinníoll atá i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo gan comhlíonadh,

(ii) cé gurb é príomh-chuspóir na scéime soláthar sochar nach bhféadfaidh faibhriú ach sna cúinsí dá dtagartar i mír (b) den fho-alt sin, nach é an soláthar sin aon-chuspóir na scéime.

(iii) go bhfuil an coinníoll atá i mír (f) den fho-alt sin gan comhlíonadh toisc, más mó na suimeanna a bheidh íoctha ag an gcomhlacht corpraithe chun sochair a sholáthar faoin scéim i leith aon duine nó daoine ná an méid is gá chun sochair a sholáthar de réir na scéime don duine nó do na daoine sin, go bhféadfar suim i leith na breise a aisíoc leis an gcomhlacht corpraithe,

(iv) go bhfuil an coinníoll atá i mír (g) den fho-alt sin gan comhlíonadh toisc go bhféadfar suimeanna a ranníoc stiúrthóir nó fostaí a aisíoc leis (maraon le hús réasúnach air nó dá éagmais sin) ar dheireadh a bheith lena sheirbhís i gcúinsí de shaghas nach dtiocfaidh sé i dteideal pinsin is iníoctha láithreach nó ar dháta éigin le teacht,

(v) i gcúinsí faoi leith féadfaidh luach comhiomlán na sochar a fhéadfaidh faibhriú, ar stiúrthóir nó fostaí do scor, a dhul thar an teorainn atá leagtha amach i bhfo-mhír (i) de mhír (h) den fho-alt sin, nó luach na sochar sin a thabharfar ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe a dhul thar an teorainn atá leagtha amach i bhfo-mhír (ii) de mhír (h) den fho-alt sin,

(vi) féadfaidh luach comhiomlán na sochar a fhéadfar a thabhairt ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamh-iomalartaithe, ar aon duine d'fháil bháis le linn a sheirbhíse a dhul thar an teorainn atá leagtha amach i mír (i) den fho-alt sin,

(vii) go bhfuil an coinníoll atá i mír (m) den fho-alt sin gan comhlíonadh maidir le stiúrthóir páirtaimsire nó fostaí páirt-aimsire,

ar choinníoll go gcomhlíonann an scéim ar shlite eile na coinníollacha atá sa bhfo-alt sin agus go bhfuil na híocaíochtaí go léir faoin scéim le daoine lena mbaineann an scéim iníoctha ag duine nó trí dhuine a chónaíonn, chun críocha cánach ioncaim, sa Stát.

(3) Nuair a bheidh a gceadú tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim i leith scéime, féadfaidh siad tráth ar bith, trí fhógra i scríbhinn chun an chomhlachta chorpraithe lena mbainfidh, a gceadú a aistarraingt ar cibé forais agus amhail ó cibé dáta (ar a n-áirítear dáta roimh dháta an fhógra) a shonrófar sa bhfógra agus i gcás ina n-aistarraingeofar aon cheadú faoin bhfo-alt seo, déanfar, air sin, cibé measúnachtaí a bheidh oiriúnach, ag féachaint d'alt 32 den Acht seo, de dhroim na haistarraingte sin.

(4) I gcás scéime a bheidh ar bun nuair a thiocfaidh an Chuid seo den Acht seo i bhfeidhm agus nach gcomhlíonfaidh an tráth sin na coinníollacha atá i bhfo-alt (1) den alt seo nó nach scéim an tráth sin ar cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim í a cheadú faoi fho-alt (2) den alt seo ach a athrófar oiread roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim, gur incheadaithe í faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, ansin, má cheadaítear í tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1959, measfar, má ordaíonn na Coimisinéirí Ioncaim amhlaidh, éifeacht a bheith ag an gceadú sin amhail ón lá sin.

Scéimeanna comhshuimithe agus eadarscartha.

35. —(1) Déanfar na tagairtí atá sa Chuid seo den Acht seo do scéim shochar scoir a fhorléiriú de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) déanfar tagairtí do scéim den tsórt sin a fhorléiriú, maidir le gníomhas, comhaontú, sreath de chomhaontuithe nó comhshocraíochtaí eile do dhéanamh soláthair le haghaidh sochar scoir nó sochar eile do dhaoine de dhá aicme nó níos mó, mar thagairtí don méid sin den chéanna a bhaineann le daoine d'aicme amháin, agus, dá réir sin, measfar, chun críocha na Coda seo den Acht seo, dhá scéim sochar scoir nó níos mó a bhaineann faoi seach leis na haicmí éagsúla a bheith ar comhdhéanamh i ngníomhas, comhaontú, sreath de chomhaontuithe nó comhshocraíochtaí eile a dhéanann soláthar den tsórt sin;

(b) folaíonn tagairtí do scéim den tsórt sin tagairtí do ghníomhas, comhaontú, sreath de chomhaontuithe, nó do chomhshocraíochtaí eile do dhéanamh soláthair le haghaidh sochar scoir nó sochar eile do dhaoine arb éard iad, nó ar a bhfuil, stiúrthóir nó fostaí, nó stiúrthóirí nó fostaithe, chomhlachta chorpraithe (nó, i gcás lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo, don méid sin den chéanna a bhaineann le duine nó daoine d'aon aicme áirithe), d'ainneoin nach mbaineann sé nó siad ach le líon beag stiúrthóirí nó fostaithe, nó le stiúrthóir nó fostaí amháin.

(2) Chun a chinneadh, i gcás scéime sochar scoir a chuirfear faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim lena ceadú, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 34 den Acht seo arna gcomhlíonadh, breithneofar an scéim i dteannta aon scéime nó scéimeanna eile a bheidh ann maidir leis an gcomhlacht corpraithe agus a bhainfidh le daoine den aicme lena mbainfidh an scéim a bheidh i gceist agus má bhíonn na coinníollacha sin arna gcomhlíonadh, i gcás na scéimeanna uile agus iad a ghlacadh le chéile, measfar go bhfuil na coinníollacha sin arna gcomhlíonadh i gcás gach scéime díobh, agus, mura mbeidh, glacfar nach bhfuil na coinníollacha sin arna gcomhlíonadh i gcás aon scéime díobh.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo—

(a) cuid de scéim shochar scoir a cheadú, nó

(b) scéim den tsórt sin a cheadú, d'ainneoin gur amhlaidh a bheidh, ag féachaint do scéim eile dá sórt a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, go mbeidh sé le meas, de bhua na fo-mhíre deiridh roimhe seo, nach gcomhlíonann an scéim a bheidh i gceist na coinníollacha réamhráite,

agus measfar go bhfolaíonn tagairtí sa Chuid seo den Acht seo do scéim shochar scoir a ceadaíodh faoi alt 34 den Acht seo tagairtí do chuid de scéim a ceadaíodh faoin bhfo-alt seo.

Measfar gur ioncam suimeanna áirithe.

36. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le scéim shochar scoir arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim i bhfeidhmiú na gcumhacht a thugtar dóibh le fo-alt (2) d'alt 34 den Acht seo, i gcás lena mbaineann mír (v) den fho-alt sin.

(2) I gcás ina ndéanfar, faoi scéim shochar scoir a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir léi, aon sochar a sholáthar do stiúrthóir nó d'fhostaí ar scor dó, ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamh-iomalartaithe, agus go mbeidh breis ag luach iomlán na sochar uile a sholáthrófar amhlaidh faoi na scéimeanna sochar scoir uile lena mbainfidh an t-alt seo ar an tsuim a chomhlíonfadh an coinníoll a shonraítear i bhfo-mhír (ii) de mhír (h) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht seo, measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, gur ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí in aghaidh na bliana measúnachta a scoirfidh sé an bhreis sin (dá ngairtear an bhreis ina dhiaidh seo san alt seo) agus gur inmheasúnaithe í i leith cánach ioncaim faoi Chás VI de Sceideal D:

Ar choinníoll go mbeidh teideal ag an stiúrthóir nó ag an bhfostaí, ar na fíorais iomchuí a bheith cruthaithe do na Coimisinéirí Ioncaim, go ndéanfar iomlán na cánach ioncaim agus na forchánach is iníoctha aige in aghaidh na bliana measúnachta a laghdú go dtí iomlán an dá shuim seo a leanas:

(i) an méid cánach ioncaim agus forchánach dob iníoctha aige dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo, agus

(ii) cáin ioncaim agus forcháin ar mhéid na breise de réir rátaí a dhéanfar amach faoi seach ar an modh a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo.

(3) Ríomhfar:

(a) na méideanna cánach ioncaim agus forchánach faoi seach dob iníoctha ag an stiúrthóir nó ag an bhfostaí in aghaidh na bliana measúnachta a scoir sé mura mbeadh ar áireamh a ioncaim iomláin in aghaidh na bliana sin aon luach saothair ón oifig nó ón bhfostaíocht óna mbeidh sé tar éis scor, ach go raibh ar áireamh ann íocaíocht bliana iomláine den bhlianacht nó den phinsean neamh-iomalartaithe a soláthraíodh dó, má soláthraíodh, ar scor dó, agus

(b) na suimeanna breise cánach ioncaim agus forchánach, de bhreis ar na suimeanna a ríomhfar de réir míre (a) den fho-alt seo, dob iníoctha aige dá mbeadh ar áireamh a ioncaim iomláin in aghaidh na bliana measúnachta, i dteannta an ioncaim a shonraítear sa mhír sin, íocaíocht bhliana iomláine de phinsean ar feadh a shaoil (dá ngairtear an meas-phinsean ina dhiaidh seo sa bhfo-alt seo) ar chomhionann leis an mbreis a luach ar dháta a scoir,

agus déanfar na rátaí cánach ioncaim agus forchánach faoi seach chun críocha míre (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) den alt seo a ríomh ansin tríd na suimeanna breise cánach ioncaim agus forchánach faoi seach, arna ríomh de réir míre (b) den fho-alt seo, a roinnt ar mhéid an mheas-phinsin.

(4) (a) Bainfidh Riail 21 de na Rialacha Ginearálta le haon íocaíocht i leith, nó ar cuntas, na breise amhail is dá mb'éard í an íocaíocht sin íocaíocht úis ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D nach iníoctha as brabúis nó gnóchan a tugadh faoi mhuirear cánach, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an íocaíocht cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin.

(b) Ní dhéanfaidh an fo-alt seo difir do dhliteanas an stiúrthóra nó an fhostaí iomchuí a bheith inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim de bhua an ailt seo faoi Chás VI de Sceideal D, ná don méid a bhféadfar cáin a mheasúnú amhlaidh air ina leith, ach, chun críocha bailiúcháin, tabharfar creidiúint dó sa mhéid a asbhainfear agus a dtabharfar cuntas ina leith faoin bhfo-alt seo.

(5) I gcás nach mó ná £3,000 luach comhiomlán na sochar uile a sholáthrófar, ar scor do stiúrthóir nó d'fhostaí nó i ndáil le scor stiúrthóra nó fostaí, faoi na scéimeanna sochar scoir uile a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ní ghlacfaidh an t-alt seo éifeacht maidir leis an stiúrthóir nó an fostaí sin.

Baint Rialach 21 de na Rialacha Ginearálta le híocaíochtaí áirithe.

37. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le scéim shochar scoir arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim trí fheidhmiú na gcumhacht a thugtar dóibh le fo-alt (2) d'alt 34 den Acht seo, i gcás lena mbaineann mír (vi) den fho-alt sin.

(2) I gcás ina ndéanfar, faoi scéim shochar scoir a mbeidh feidhm ag an alt seo maidir léi, aon sochar a sholáthar, ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamh-iomalartaithe, ar stiúrthóir nó fostaí d'fháil bháis le linn a sheirbhíse agus go mbeidh breis ag luach iomlán na sochar uile a sholáthrófar amhlaidh faoin scéim sin agus faoi na scéimeanna eile uile a bheidh díolmhaithe ó oibriú ailt 32 den Acht seo, agus a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ar an tsuim a chomhlíonfadh an coinníoll a shonraítear i mír (i) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht seo, bainfidh Riail 21 de na Rialacha Ginearálta le haon íocaíocht i leith, nó ar cuntas, na breise sin amhail is dá mb'éard í an íocaíocht úis ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D nach iníoctha as brabúis nó gnóchan a tugadh faoi mhuirear cánach, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an íocaíocht cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin.

(3) Ní thabharfaidh aon ní san alt seo go ndéileálfar, chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim, le haon bhreis den tsórt sin dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo mar ioncam le hionadaí pearsanta dlíthiúil an stiúrthóra nó an fhostaí éagtha nó le haon duine eile.

(4) I gcás nach mó ná £3,000 luach comhiomlán na sochar uile a sholáthrófar, ar, nó i ndáil le, stiúrthóir nó fostaí d'fháil bháis le linn a sheirbhíse, faoi na scéimeanna sochar scoir uile a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ní ghlacfaidh an t-alt seo éifeacht maidir leis an stiúrthóir nó an fostaí sin.

Ranníoca a lamháil mar asbhaintí, etc.

38. —(1) I gcás ina ndéanfaidh stiúrthóir nó fostaí ranníoc, faoi théarmaí scéime sochar scoir arna ceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 34 den Acht seo, i leith costas soláthair shochar na scéime, déanfar aon tsuim a ranníocfaidh an stiúrthóir nó an fostaí sin amhlaidh, a lamháil, chun críocha measúnachta faoi Sceideal E, mar asbhaint ón luach saothair óna oifig nó óna fhostaíocht agus déanfar an asbhaint sin de réir fo-ailt (3) d'alt 17 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), ach

(a) déanfar suim (dá ngairtear an tsuim sin ina dhiaidh seo sa mhír seo), is inlamháilte ar shlí eile faoin bhfo-alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe, is é sin, suim aon asbhainte nó asbhaintí, a laghdú (ar a n-áirítear a laghdú go nialas), más gá sin, ionas nach mó iomlán na suime sin agus na hasbhainte, más aon asbhaint é, is inlamháilte in aghaidh na bliana measúnachta céanna faoi fho-alt (1) d'alt 32 den Finance Act, 1921, i leith ranníoc a rinneadh le ciste aoisliúntais a bhaineann leis an oifig nó leis an bhfostaíocht chéanna ná 15 faoin gcéad den luach saothair ón oifig nó ón bhfostaíocht iomchuí in aghaidh na bliana, nó na coda den bhliain, ar ina leith a rinneadh na ranníoca iomchuí, agus

(b) ní inlamháilte aon asbhaint i leith ranníoca a aisíocfar roimh dheireadh na bliana measúnachta a rinneadh é.

(2) I gcás ina ndéanfar aon ranníoca a rinne stiúrthóir nó fostaí faoi scéim is scéim cheadaithe de réir bhrí fo-ailt (1) den alt seo a aisíoc leis i rith a shaoil—

(a) beidh feidhm ag Riail 21 de na Rialacha Ginearálta maidir le méid na ranníoc a aisíocfar fé is dá mb'íoc é ar ús a tugadh faoi mhuirear cánach faoi Sceideal D nárbh iníoctha as brabúis nó gnóchan ar ar muirearaíodh cáin, agus déanfaidh an duine a rinne nó trína ndearnadh an t-aisíoc cáin d'asbhaint, agus gnóthófar cáin uaidh, dá réir sin,

(b) chun críocha cánach ioncaim (gan forcháin a áireamh) ní dhéanfar méid na ranníoc a aisíocfar a áireamh mar ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí, ach ar é do dhéanamh éilimh air, beidh teideal aige go n-aisíocfar leis oiread den cháin a asbhaineadh faoi mhír (a) den fho-alt seo agus a bheidh de bhreis ag an gcáin sin ar shuim comhionann le cáin ar mhéid na ranníoc a aisíocadh gan aon ranníoca ná coda de ranníoca a áireamh nárbh inlamháilte mar asbhaintí faoi fho-alt (1) den alt seo, de réir ráta a dhéanfar amach trí iomlán na suimeanna breise cánach ioncaim dob iníoctha aige in aghaidh na sé bliana measúnachta roimh an mbliain a aisíocadh na ranníoca mura lamhálfaí aon asbhaint faoin bhfo-alt sin (1) faoi threoir na ranníoc sin a íoc, ar iomlán na n-asbhaintí a lamháladh iarbhír amhlaidh i leith na mblianta sin, agus

(c) chun críocha forchánach, déanfar na ranníoca a bheidh aisíoctha a áireamh, sa mhéid gur lamháladh mar asbhaintí iad faoi fho-alt (1) den alt seo, mar ioncam sna blianta leithleacha measúnachta ar lamháladh ina leith amhlaidh iad agus féadfar aon mheasúnachtaí eile is gá i leith forchánach a dhéanamh dá réir sin.

(3) Scoirfidh mír (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 32 den Finance Act, 1921, d'éifeacht a bheith aici agus ní lamhálfar aon fhaoiseamh faoi alt 32 den Income Tax Act, 1918, in aghaidh aon bhliana measúnachta i leith íocaíochta, más rud é, go mbeidh an asbhaint in aghaidh na bliana sin—

(a) inlamháilte faoi alt 32 den Finance Act, 1921, de dhroim mír (b) den choinníoll a ghabhann le halt (1) den alt sin do scor d'éifeacht a bheith aige, nó

(b) inlamháilte faoi fho-alt (1) den alt seo,

i leith na híocaíochta sin nó íocaíochta dá samhail a rinneadh an bhliain roimh an mbliain mheasúnachta.

Sonraí scéimeanna sochar scoir a sheachadadh, etc.

39. —(1) Beidh de dhualgas ar chomhlacht corpraithe—

(a) sonraí a thabhairt don chigire cánach laistigh den am a shonraítear sa bhfo-alt seo i dtaobh aon scéime sochar scoir atá ann maidir leis an gcomhlacht corpraithe ar an gCuid seo den Acht seo a theacht i bhfeidhm, nó a thiocfaidh chun bheith ann tar éis di a theacht i bhfeidhm, seachas scéim a oibrítear trí chiste a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 32 den Finance Act, 1921, nó faoi scéim reachtúil aoisliúntais, agus

(b) nuair a cheanglófar air é sin a dhéanamh trí fhógra nó gcigire cánach, cibé sonraí breise a thabhairt laistigh den am a theorannófar leis an bhfógra sin a iarrfaidh an cigire le reasún i dtaobh aon scéime sochar scoir a bheidh ann maidir leis an gcomhlacht corpraithe nó leis na daoine lena mbaineann sí.

Is é an t-am chun sonraí a sheachadadh faoi mhír (a) den fho-alt seo—

(i) i gcás scéime a tháinig chun bheith ann roimh an dáta a tháinig an tAcht seo i bhfeidhm, sé mhí dar tosach an dáta sin, agus

(ii) i gcás scéime a tháinig chun bheith ann tar éis an dáta a tháinig an tAcht seo i bhfeidhm, trí mhí ón dáta a tháinig sí chun bheith ann.

(2) I gcás ina mbeidh scéim shochar scoir ceadaithe de thuras na huaire chun críocha na Coda seo den Acht seo, beidh sé de dhualgas ar an duine ag a mbeidh bainistí na scéime, nuair a cheanglófar air é sin a dhéanamh trí fhógra ón gcigire cánach, cibé sonraí maidir le hoibriú na scéime, a iarrfaidh an cigire le réasún, a thabhairt laistigh den am a theorannófar leis an bhfógra, lena n-áirítear (go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo)—

(a) sonraí íocaíochtaí a rinneadh chun sochair a sholáthar faoin scéim,

(b) sonraí íocaíochtaí a rinneadh i leith nó ar cuntas sochar faoin scéim agus daoine lena ndearnadh na híocaíochtaí, agus

(c) sonraí ranníoc a aisíocadh faoin scéim agus aon úis a íocadh ar na ranníoca sin.

(3) (a) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (3) d'alt 107 den Income Tax Act, 1918, maidir le sonraí a iarrtar leis an alt seo nó faoi fé mar a bhainfidh siad le liosta, dearbhú nó ráiteas a cheanglófar a thabhairt trí fhógra dá dtagartar sa bhfo-alt sin (1).

(b) I gcás ina mbeidh feidhm ag an bhfo-alt sin (1) de bhua na míre roimhe seo, déanfar an tagairt ann don am a theorannófar i bhfógra, a fhorléiriú, i gcás ina gceanglófar sonraí a thabhairt le mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, mar thagairt don am a shonraítear sa bhfo-alt sin.

(4) I gcás ina mbainfidh comhlacht corpraithe as na sochair a íocfaidh sé le haon duine dá stiúrthóirí nó dá fhostaithe, nó ina n-íocfaidh sé thar ceann an duine sin, aon ranníoca de chuid an stiúrthóra nó an fhostaí sin faoi scéim shochar scoir cheadaithe, cuirfear sonraí na hasbhainte nó na híocaíochta sa tuairisceán iomchuí pá agus thuarastal a cheanglaítear a thabhairt faoi alt 105 den Income Tax Act, 1918.