An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Sochair Scoir agus Sochair eile do Stiúrthóirí agus d'Fhostaithe: Cáin Ioncaim agus Forcháin.) Ar Aghaidh (CUID VII. Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte; Cáin Ioncaim, Forcháin, Cáin Bhrabús Corparáide agus Dleachtanna Báis.)

25 1958

AN tACHT AIRGEADAIS, 1958

CUID VI.

Blianachtaí Scoir: Cáin Ioncaim agus Forcháin.

Blianachtaí scoir (faoiseamh i leith préimheanna, agus faoiseamh ioncaim thuillte).

40. —(1) Má tharlaíonn, an bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin—

(a) go mbeidh (nó go mbeadh mura mbeadh neamhdhóthaineacht bhrabús nó gnóchain) cáin inmhuirir ar phearsa i leith tuillimh iomchuí ó aon trádáil, gairm, slí bheatha, oifig nó fostaíocht a bhí ar siúl aige nó ina sheilbh, agus

(b) go n-íocfaidh sé préimh nó comaoin eile faoi chonradh blianachta a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim mar chonradh arb é an príomh-shochar a urraítear leis blianacht saoil don phearsa ina shean-aois (dá ngairtear préimh cháilitheach ina dhiaidh seo sa Chuid seo den Acht seo),

féadfar faoiseamh ó cháin a thabhairt i leith na préimhe cáilithí faoi alt 41 den Acht seo, agus déanfar aon bhlianacht is iníoctha leis an bpearsa céanna nó le pearsa eile a áireamh mar ioncam tuillte leis an mblianachtóir sa mhéid gur iníoctha í i gcomaoin aon tsuime ar a dtabharfar faoiseamh amhlaidh.

(2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, ní cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim conradh muran dóigh leo go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas, eadhon, go bhfuil sé arna dhéanamh ag an bpearsa le duine a sheolann, go dleathach sa Stát, gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaol daoine, agus ar conradh é—

(a) nach bhforálann go n-íocfaidh an duine sin, i rith saoil na pearsan, aon tsuim ach amháin suimeanna is iníoctha ar mhodh blianachta leis an bpearsa,

(b) nach bhforálann go mbeidh an bhlianacht is iníoctha leis an bpearsa le tosaí sula slánóidh sé seasca bliain d'aois nó tar éis dó seachtó bliain d'aois a shlánú,

(c) nach bhforálann go n-íocfaidh an duine sin aon tsuimeanna eile ach amháin suimeanna is iníoctha ar mhodh blianachta le baintreach nó le baintreach fir na pearsan agus aon tsuimeanna a bheidh, mura mbeidh aon bhlianacht iníoctha leis an bpearsa nó le baintreach nó le baintreach fir, iníoctha le hionadaithe pearsanta na pearsan trí phréimheanna a thabhairt ar ais, trí ús réasúnach ar phréimheanna nó trí bhónais as brabúis,

(d) nach bhforálann gur suim níos mó in aghaidh na bliana an bhlianacht is iníoctha, más iníoctha í, le baintreach nó baintreach fir na pearsan, ná an tsuim bhliantúil a íocadh nó is iníoctha leis an bpearsa, nó

(e) nach bhforálann go n-íocfar aon bhlianacht ar shlí seachas ar feadh saoil an bhlianachtóra,

agus nach bhfuil foráil ann á áirithiú nach féidir aon bhlianacht is iníoctha faoi a ghéilleadh, a iomalartú ná a shannadh go hiomlán ná go páirteach.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, agus faoi réir aon choinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur, conradh a chomhlíonann thairis sin na coinníollacha sin roimhe seo a cheadú, d'ainneoin go ndéanann an conradh foráil i leith aon ní nó nithe acu seo a leanas:

(a) go n-íocfar blianacht, tar éis bháis na pearsan, le cleithiúnaí seachas baintreach nó baintreach fir na pearsan;

(b) go n-íocfar leis an bpearsa blianacht a thosóidh sula slánóidh sé seasca bliain d'aois, má bhíonn an bhlianacht iníoctha ar é a theacht, de dheasca éalainge aigne nó coirp, chun bheith neamhinniúil go buan ar a shlí bheatha féin nó aon tslí bheatha dá samhail, a mbeidh sé oilte nó oiriúnach chuici, a bheith ar siúl aige;

(c) más slí bheatha í slí bheatha na pearsan ar gnáth le daoine scor di sula mbíonn seasca bliain d'aois slán acu, go dtosóidh an bhlianacht sula mbeidh an aois sin slán aige (ach nach dtosóidh sula mbeidh caoga bliain d'aois slán aige);

(d) go leanfaidh an bhlianacht is iníoctha le duine ar bith de bheith iníoctha ar feadh téarma chinnte (nach sia ná deich mbliana) d'ainneoin é d'fháil bháis laistigh den téarma sin, nó go bhforceannfaidh an bhlianacht is iníoctha le haon duine, nó go bhfionnrófar í, ar phósadh (nó ar athphósadh) don duine nó i gcúinsí eile;

(e) i gcás blianacht atá le leanúint ar feadh téarma chinnte, chun an bhlianacht a bheith insannaithe le huacht, agus i gcás aon duine d'fháil bháis agus teideal aige chuici, í a bheith insannaithe ag a ionadaí pearsanta i ndáileadh a eastáit chun éifeacht a thabhairt do dhiúscairt tiomnach, nó do chearta na ndaoine ag a mbeidh teideal ar dhíthiomnacht nó do leithreasú arna dhéanamh uirthi chun leagáide nó scaire nó leasa san eastáit.

(4) An méid sin d'fho-alt (1) den alt seo a fhorálann go n-áireofar blianacht go hiomlán nó go páirteach mar ioncam tuillte leis an mblianachtóir ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir leis an mblianachtóir ar chuige a bheidh an bhlianacht iníoctha faoi théarmaí an chonartha.

(5) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le ranníoc faoi scéim iontaobhais a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim fé mar atá feidhm acu maidir le préimh faoi chonradh blianachta a ceadaíodh amhlaidh, faoi réir an mhodhnaithe go gcuirfear, in ionad an choinníll maidir leis an duine lena mbeidh an conradh déanta, coinníoll—

(a) gur faoi dhlithe an Stáit a bunaíodh, agus gur sa Stát a riartar, an scéim,

(b) gur bunaíodh an scéim ar mhaithe le pearsana a bhíonn ag gabháil do shlí bheatha áirithe, nó ag a bhfuil baint le slí bheatha áirithe (nó an ceann seo nó an ceann siúd de ghrúpa slite beatha), agus chun blianachtaí scoir a sholáthar dóibh, i dteannta nó d'éagmais fo-shochar dá dteaghlaigh nó dá gcleithiúnaithe, agus

(c) go bhfuil an scéim bunaithe amhlaidh faoi iontaobhais neamhinchúlghairmthe ag comhlacht daoine arb iad formhór na bpearsan iad, nó a ionadaíonn formhór na bpearsan, den tsórt sin atá sa Stát,

agus faoi réir na n-oiriúnuithe is gá ar thagairtí eile don chonradh nó don duine lena ndearnadh an conradh; agus lamhálfar díolúine ó cháin ioncaim i leith ioncaim ó infheistíochtaí nó ó thaiscí aon chiste a cothabháladh chun na críche adúradh faoi scéim a bhí ceadaithe de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo.

(6) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, tráth ar bith, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar do na daoine ag a mbeidh nó lena mbeidh préimheanna iníoctha faoi aon chonradh a bheidh ceadaithe de thuras na huaire faoin alt seo nó do na hiontaobhaithe nó na daoine eile ag á mbeidh bainistí aon scéime a bheidh ceadaithe amhlaidh, an ceadú sin a aistarraingt ar cibé forais agus ó cibé dáta (lena n-áirítear dáta roimh an dháta an fhógra) a shonrófar sa bhfógra agus i gcás ina n-aistarraingeofar aon cheadú faoin alt seo, déanfar, air sin, cibé measúnachtaí is oiriúnach chun aon fhaoiseamh a aistarraingt a tugadh faoin gCuid seo den Acht seo de dhroim an cheaduithe.

(7) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, ní áireofar tuilleamh iomchuí mná pósta mar thuilleamh iomchuí de chuid a fearchéile d'ainneoin go n-áireofar gur ioncam dá chuid a hioncam ar ar inmhuirir cáin.

(8) Faoi réir fo-ailt (7) den alt seo agus chun críocha na Coda seo den Acht seo, ciallaíonn “tuilleamh iomchuí”, maidir le haon phearsa, aon ioncam dá chuid ar ar inmhuirir cáin in aghaidh na bliana measúnachta a bheidh i gceist, agus is—

(a) ioncaim de bharr luach saothair ó oifig nó fostaíocht bhrabúis atá aige oifig agus nach nó fostaíocht inphinsin,

(b) ioncam ó aon mhaoin a ghabhann le sochair aon oifige nó fostaíochta brabúis den tsórt sin atá aige nó is chuid den sochar sin, nó

(c) ioncam is inmhuirir faoi Sceideal B nó Sceideal D agus a fuair sé díreach óna thrádáil, a ghairm nó a shlí beatha a dhéanamh nó a chleachtadh ina aonar nó, i gcás comhpháirtíochta, mar chomhpháirtí ag gníomhú go pearsanta sa chomhpháirtíocht sin,

ach ní fholaíonn sé aon ioncam ó chuideachta infheistíochta—

(i) ar stiúrthóir dílseánach, mar mhínítear sin in alt 31 den Acht seo, uirthi é, nó

(ii) ar fostaí dílseánach, mar mhínitear sin san alt sin, di é.

Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn “cuideachta infheistíochta” cuideachta ar ioncam ó infheistíochtaí formhór a hioncaim, agus ciallaíonn “ioncam ó infheistíochtaí” ioncam nárbh ioncam tuillte dá mba phearsa an chuideachta.

(9) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, is oifig nó fostaíocht inphinsin oifig nó fostaíocht más rud é, agus amháin más rud é, gur seirbhís lena mbaineann scéim aoisliúntais faoi choimirce an tseirbhís inti (nach scéim a bhfuil de theorainn leis na sochair a sholáthraítear fúithi i leith na seirbhíse sin gur cnapshuim is iníoctha ar an tseirbhís a fhorceannadh trí bhás a fháil sula slánaítear seachtó bliain d'aois nó aois éigin is lú ná sin, nó trí mhíchumas sula slánaítear seachtó bliain d'aois éigin is lú ná sin); ach tá feidhm le tagairtí d'oifig nó d'fhostaíocht inphinsin cibé acu a chomhlíontar go hiomlán nó go páirteach sa Stát na dualgais nó cibé acu atá nó nach bhfuil cáin inmhuirir ar an sealbhóir ina leith.

Chun críocha an mhínithe seo, ní mheasfar gur seirbhís lena mbaineann scéim aoisliúntais faoi choimirce seirbhís in oifig nó i bhfostaíocht de bhrí amháin go bhféadfadh sealbhóir na hoifige nó na fostaíochta a bheith (cé nach bhfuil sé) páirteach sa scéim trí rogha atá aige de bhua na seirbhíse sin a fheidhmiú nó a fhágaint gan feidhmiú.

(10) I bhfo-alt (9) den alt seo agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ciallaíonn “scéim aoisliúntais faoi choimirce” scéim nó comhshocraíocht a bhaineann le seirbhís in oifigí nó fostaíochtaí áirithe agus arb é a cuspóir nó ceann dá cuspóirí soláthar a dhéanamh i leith daoine atá ag fónamh ann in oirichill scoir, nó páirt-scoir, san am le teacht, in oirichill forceannadh seirbhíse san am le teacht mar gheall ar bhás nó míchumas, nó in oirichill rudaí dá samhail sin, agus is scéim nó comhshocraíocht faoina ndéantar nó faoina ndearnadh aon chuid de chostas an tsoláthair a dhéanfar amhlaidh a íoc ag duine nó daoine seachas na daoine sin de dhroim a seirbhíse (cibé acu gurb é costas nó cuid de chostas na sochar a sholáthar é nó costas préimheanna nó suimeanna eile a íoc chun na sochair sin a sholáthar, nó chun an scéim nó an chomhshocraíocht a riaradh nó a bhunú); ach, chun na críche seo, measfar íoc aon íocaíochta, a rinneadh nó a comhaontaíodh a dhéanamh i leith seirbhíse duine, a bheith ar an duine sin de dhroim a sheirbhíse, má áirítear, faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, an íocaíocht sin nó an comhaontú chun í a dhéanamh mar mhéadú ar a ioncam nó dá mbeadh sí le háireamh amhlaidh dá mbeadh cáin inmhuirir air faoi Sceideal E i leith a shochair ón seirbhís sin.

(11) Ní mheasfar go mbaineann aon ní in ailt 4 agus 6 den Policies of Assurance Act, 1867, le haon chonradh a cheadófar faoin alt seo.

An saghas faoisimh do phréimheanna cáilitheacha agus a mhéid.

41. —(1) I gcás ina mbeidh faoiseamh le tabhairt faoin alt seo maidir le haon phréimh cháilitheach arna híoc ag pearsa, déanfar méid na préimhe sin a asbhaint óna thuilleamh iomchuí, nó a fhritháireamh i gcoinne a thuillimh iomchuí, in aghaidh na bliana measúnachta a íocadh an phréimh:

Ar choinníoll nach mbeidh an tsuim a fhéadfar a asbhaint nó a fhritháireamh aon bhliain mheasúnachta áirithe (cibé acu i leith préimhe cáilithí amháin nó níos mó é) níos mó ná suim chúig chéad punt nó níos mó ná an deichiú cuid dá ghlantuilleamh iomchuí in aghaidh na bliana sin, agus i gcás nach gcomhlíontar an coinníoll atá i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 40 den Acht seo ach maidir le cuid den bhliain sin, ansin cuirfear in ionad na suime sin chúig chéad punt an tsuim a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus suim cúig chéad punt a bheidh idir an gcuid sin den bhliain agus an bhliain iomlán (ach sin ar shlí go mbeidh éifeacht ag an gcoinníoll seo faoi réir forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo i gcás pearsana in oifig nó fostaíocht inphinsin, agus pearsana a rugadh sa bhliain 1917 nó roimhe).

(2) Más rud é go ndéanfaí faoin alt seo, aon bhliain mheasúnachta, laghdú, nó laghdú níos mó, ar thuilleamh pearsan mura mbeadh neamhdhóthaineacht ghlan-tuillimh iomchuí, déanfar méid an laghdaithe a dhéanfaí, mura mbeadh an neamhdhóthaineacht sin, lúide méid aon laghdaithe a dhéanfar an bhliain sin, a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain chomhleanúnach ina dhiaidh sin agus a áireamh, chun críocha faoisimh faoin alt seo, mar mhéid préimhe cáilithí a bheifear tar éis a íoc an bhliain chomhleanúnach sin, agus mar sin de blianta ina dhiaidh sin (más gá).

(3) Chun críocha faoisimh faoin alt seo, is é tuilleamh iomchuí pearsan an tuilleamh sula ndéanfar aon asbhaint as a bheidh le déanamh i leith caillteanais nó i leith aon liúntais faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D, fo-alt (3) d'alt 5 nó alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ), Cuid V den Acht Airgeadais, 1956 (Uimh. 22 de 1956) , Cuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956 (Uimh. 47 de 1956) , nó Cuid V den Acht Airgeadais, 1957 (Uimh. 20 de 1957) , agus forléireofar sa slí chéanna tagairtí d'ioncam sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo (seachas tagairtí d'ioncam iomlán),

(4) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, ciallaíonn “glan-tuilleamh iomchuí”, maidir le haon phearsa, méid a thuillimh iomchuí in aghaidh na bliana measúnachta a bheidh i gceist, lúide méid aon asbhaintí a bheidh le déanamh as an tuilleamh iomchuí nuair a bheifear ag ríomh a ioncaim iomláin in aghaidh na bliana sin—

(a) is asbhaintí i leith íocaíochtaí a rinne sé, nó

(b) is asbhaintí i leith caillteanas nó i leith liúntas den tsórt a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, is caillteanais nó liúntais de dhroim gníomhachtaí, áireofaí na brabúis nó an gnóchan uathu nuair a bheifí ag ríomh tuillimh iomchuí na pearsan nó bhanchéile nó fhearchéile na pearsan in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó bliana measúnachta ina dhiaidh sin.

(5) Más rud é, aon bhliain mheasúnachta a éileoidh pearsa, agus a lamhálfar dó, faoiseamh faoin alt seo, go mbeidh, nuair a bheifear ag riomh ioncaim iomláin na pearsan nó bhanchéile nó fhearchéile na pearsan, asbaint de shaghas dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (4) den alt seo le déanamh i leith aon chaillteanais nó liúntais de chuid na pearsan, agus go mbeidh an asbhaint nó cuid di le déanamh amhlaidh as ioncam seachas tuilleamh iomchuí, áireofar méid na hasbhainte as an ioncam eile sin mar laghdú ar glan-tuilleamh iomchuí na pearsan in aghaidh bliana measúnachta ina dhiaidh sin (agus a bhainfear, a oiread is féidir é, ó chuid na bliana díreach ina dhiaidh sin, cibé acu a éileoidh nó nach n-éileoidh sé faoiseamh nó a bheidh nó nach mbeidh sé i dteideal faoiseamh a éileamh faoin alt seo in aghaidh na bliana sin, agus, sa mhéid nach féidir é a asbhaint amhlaidh, ansin ó chuid na bliana ina dhiaidh sin, agus mar sin de).

(6) I gcás inar tuilleamh iomchuí cuid agus gur ioncam eile cuid eile d'ioncam pearsan in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe, ansin, déanfar, a mhéid is féidir é, aon asbhaintí a bheidh le déanamh nuair a bheifear ag ríomh a ioncaim iomláin, agus ar féidir a áireamh gur asbhaineadh iad go léir nó cuid díobh as tuilleamh iomchuí nó as ioncam eile, a áireamh, chun críocha an ailt seo, mar asbhaintí as an tuilleamh iomchuí sin sa mhéid gur asbhaintí iad i leith aon chaillteanais den tsaghas dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (4) den alt seo, agus, thairis sin, mar asbhaintí as an ioncam eile sin.

(7) Beidh glan-tuilleamh iomchuí pearsan in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe le ríomh gan aird ar aon fhaoiseamh a bheidh le tabhairt in aghaidh na bliana sin faoin alt seo don phearsa nó do bhanchéile nó d'fhearchéile na pearsan.

(8) Glacfar gurb é tuilleamh iomchuí pearsan, i gcás brabús comhpháirtíochta, scair na pearsan sin, arna ríomh de réir na nAchtanna Cánach Ioncaim, d'ioncam na comhpháirtíochta, ach is é méid a bheidh le n-áireamh i leith an tuillimh sin, nuair a bheidh a ghlan-tuilleamh iomchuí á ríomh, a scair den ioncam sin tar éis gach asbhaint (más aon asbhaint é) a dhéanamh as i leith íocaíochtaí arna ndéanamh ag an gcomhpháirtíocht nó i leith aon liúntais den tsaghas dá luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo agus a bheidh le tabhairt don chomhpháirtíocht in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó bliana measúnachta ina dhiaidh sin, a dhéanfaí as, dá mba phearsa an chomhpháirtíocht, nuair a bheifí ag ríomh glan-tuillimh iomchuí na pearsan sin.

(9) I gcás ina n-éileofar agus ina lamhálfar faoiseamh faoin alt seo aon bhliain mheasúnachta áirithe (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh faoiseamh le tabhairt in aghaidh na bliana sin), agus go ndéanfar ina dhiaidh sin aon mheasúnacht eile, athrú ar mheasúnacht, nó coigeartú eile ar dhliteanas an éilitheora i leith cánach, déanfar, freisin, cibé coigeartuithe (más aon choigeartuithe iad) a leanfaidh sin ar an bhfaoiseamh a lamhálfar nó a thabharfar faoin alt seo in aghaidh na bliana measúnachta sin nó aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin.

(10) I gcás ina n-éileofar agus ina lamhálfar faoiseamh faoin alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe i leith aon íocaíochta, ní thabharfar faoiseamh ina leith faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim in aghaidh na bliana measúnachta céanna nó bliana measúnachta ina dhiaidh sin ná (i gcás íocaíochta faoi chonradh blianachta) i leith aon phréimhe nó comaoine eile i leith blianachta faoin gconradh céanna; agus ní ghlacfar go bhfolaíonn tagairtí sna hAchtanna Cánach Ioncaim d'fhaoiseamh i leith préimheanna árachais saoil faoiseamh faoin alt seo.

(11) San alt seo ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach foinse arna mheas de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

Cánachas ar chuideachtaí árachais a dhéanann gnó blianachtaí.

42. —(1) I gcás ina ndéanann cuideachta árachais gnó blianachtaí pinsin—

(a) lamhálfar díolúine ó cháin ioncaim i leith ioncaim ó infheistíochtaí agus éarlaisí d'oiread sin de chiste blianachtaí na cuideachta agus a bhaineann leis an ngnó sin, agus

(b) ní bheidh an chuideachta i dteideal a áireamh gur as brabúis nó gnóchan a tugadh faoi mhuirear cánach a íocadh aon chuid (a bhaineann leis an ngnó sin) de na blianachtaí d'íoc an chuideachta.

(2) Ach amháin i gcás cuideachta árachais ar ar muirearaíodh cáin de réir na bhforálacha a bhaineann le Cás I de Sceideal D maidir leis na brabúis óna ghnó árachais saoil nó (i gcás ina mbeidh rogha déanta ag an gcuideachta faoi fho-alt (3) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1947 ( Uimh. 15 de 1947 )) déanfar brabúis a ghnáth-ghnó árachais saoil, le brabúis chun cuideachta árachais ó ghnó blianachtaí pinsean, nó ó ghnó ginearálta blianachtaí, a áireamh mar bhrabúis bhliantúla nó gnóchan bliantúil laistigh de Sceideal D, agus beidh an céanna inmhuirir faoi Chás VI den Sceideal sin, agus chun na críche sin—

(a) déileálfar ar leithligh leis an ngnó de gach aicme den tsórt sin, agus

(b) faoi réir na míre sin roimhe seo, ríomhfar na brabúis ón gcéanna de réir na bhforálacha a bhaineann le Cás I de Sceideal D (agus gan aird ar fhorálacha Rialach 2 de na Rialacha a bhaineann le Cás VI de Sceideal D maidir leis an tréimhse a ghlacfar nuair a bheifear ag ríomh brabús chun críocha Cáis sin VI):

Ar choinníoll, nuair a bheidh aon ríomh den tsórt sin á dhéanamh—

(i) go mbeidh feidhm ag forálacha fo-ailt (1) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1947 , arna mhodhnú mar is gá, agus go háirithe, gach tagairt do shealbhóirí polasaithe iontu a fhágáil ar lár,

(ii) nach lamhálfar asbhaint ar bith i leith aon chaiteachais is caiteachas bhainistí dá dtagartar i mír 33 den Income Tax Act, 1918, agus

(iii) go bhfritháireofar i gcoinne na mbrabús aon chaillteanas, a ríomhfar ar an bhforas céanna ar ar ríomhadh na brabúis, faoina ndeachthas i ngnó blianachtaí den aicme chéanna aon bhliain roimhe sin a bhí an t-alt seo i ngníomh; ach ní dhéanfar aon chaillteanas den tsórt sin a chur i gcuntas níos mó ná aon uair amháin chun críocha na míre seo.

(3) I gcás ina mbeidh faoiseamh ó cháin faoi Riail (2) de na Rialacha atá i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) , tugtha i leith ioncaim ó infheistíochtaí chiste árachais saoil coigríche de chuid cuideachta árachais ar sa Stát atá a ceann-oifig, déanfar laghdú comhréire ar aon suim ar inmhuirir cáin ar an gcuideachta ina leith de bhua fo-ailt (2) den alt seo díreach mar dhéanfar laghdú comhréire faoi fho-alt (5) d'alt 33 den Income Tax Act, 1918, ar an bhfaoiseamh a dheonfar don chuideachta i leith caiteachais bhainistí.

(4) I gcás cuideachta árachais nach sa Stát atá a ceannoifig a bheith ag déanamh gnó árachais saoil trí aon bhrainse nó gníomhaireacht sa Stát, ansin, aon mhuirear a dhéanfar i leith cánach faoi fho-alt (2) den alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe ar na brabúis chun na cuideachta ó ghnó árchais pinsean, nó ó ghnó blianachtaí ginearálta—

(a) déanfar é ar shuim a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus suim iomlán na mbrabús sin, is cuma cad as dóibh, a bheidh, faoi Riail 3 de na Rialacha a bhaineann le Cás III de Sceideal D, idir an chuid d'ioncam chiste árachais saoil na cuideachta a muirearaíodh i leith cánach faoin gCás sin III an bhliain sin agus méid iomlán an ioncaim sin, agus

(b) ní áireofar é mar mhuirear i leith cánach i leith gnó árachais saoil chun críocha míre (4) den Riail sin 3.

(5) Ní chuirfidh an díolúine ó cháin a thugtar le fo-alt (1) den alt seo aon tsuimeanna ó áireamh mar fháltais nuair a bheifear ag ríomh brabús nó gnóchain nó caillteanas chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim; agus ní bheidh teideal ag cuideachta árachais, de bhua fo-ailt (2) den alt seo, chun aon fhaoiseamh a fháil faoi alt 2 den Acht Airgeadais, 1945 ( Uimh. 20 de 1945 ), i leith caillteanas ar a gnó blianachtaí pinsean ná ar a gnó blianachtaí ginearálta.

(6) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “gnó blianachtaí ginearálta” aon ghnó blianachtaí nach gnó blianachtaí pinsean, agus aon roinnt a bheidh le déanamh idir an dá aicme ghnó déanfar é ar an bprionsabal go gcuirfear i leith an ghnó bhlianachtaí pinsean aon phréimheanna lena mbaineann fo-alt (7) den alt seo, maraon leis an gcuid a thagann uaidh de chiste blianachtaí na cuideachta agus dá dliteanas i leith blianachtaí, agus go ndéileálfar dá réir sin le hairgead eile isteach agus amach:

Ar choinníoll go bhféadfar roinnt amhail i dtosach na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó aon tráth is luaithe ná sin a dhéanamh trí chionroinnt de réir dliteanais na cuideachta san am sin ar chonarthaí lenar bhain mír (b) d'fho-alt (7) den alt seo san am agus ar chonarthaí blianachtaí eile.

(7) Is iad na préimheanna a chuirfear i leith gnó bhlianachtaí pinsean na préimheanna sin is iníoctha faoi chonarthaí de thuairisc amháin nó eile (an tráth is iníoctha an phréimh) de na tuairiscí seo a leanas:

(a) aon chonradh le pearsa ar ar inmhuirir, nó ar arbh inmhuirir mura mbeadh neamhdhóthaineacht bhrabús nó gnóchain, cáin i leith tuillimh iomchuí (mar mhínítear sin in alt 40 den Acht seo) ó thrádáil, gairm, slí bheatha, oifig nó fostaíocht a bhí aige nó á dhéanamh aige, ba chonradh a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt sin; agus

(b) aon chonradh leis na hiontaobhaithe nó le daoine eile ag a raibh bainistí chiste aoisliúntas de réir bhrí ailt 32 den Finance Act, 1921, nó bainistí scéime arna ceadú faoi alt 40 den Acht seo, is conradh—

(i) a rinneadh chun críocha, agus amháin chun críocha, an chiste nó na scéime sin nó, i gcás ciste nach mbeidh ach cuid de ceadaithe faoin alt sin 32, ansin chun críocha na coda sin, agus amháin chun críocha na coda sin, den chiste sin, agus

(ii) (i gcás conradh a rinneadh nó a athraíodh tar éis teacht i bhfeidhm don alt seo) a bheidh ceaptha ar shlí go bhfuil na dliteanais a ghlac an chuideachta árachais uirthi féin faoin gconradh ar comhréir le dliteanais a bhfuil an conradh ceaptha chun an ciste (nó an chuid iomchuí de) nó an scéim a urrú ina gcoinne.

(8) Forléireofar an t-alt seo de réir ailt 237 den Income Tax Act, 1918; agus chun críocha an ailt seo ciallaíonn “gnó blianachtaí” gnó blianachtaí a dheonadh ar shaol an duine agus folaíonn “préimh” aon chomaoin i leith blianachta.

(9) Beidh éifeacht ag na forálacha idirlinne seo a leanas chun críocha fo-ailt (2) den alt seo:

(a) i gcás cáin a bheith inmhuirir in aghaidh aon bhliana measúnachta ar mhéid brabús bliana a tháinig go hiomlán nó go páirteach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1958, ríomhfar an méid sin fé is dá mbeadh éifeacht ag fo-ailt (1) agus (5) den alt seo ar feadh na bliana sin go léir; agus

(b) i gcás inar gá, nuair a bheifear ag ríomh na méide ar ar inmhuirir cáin in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe, brabúis nó gnóchan nó caillteanais a roinnt agus a chionroinnt in aghaidh tréimhse dá ndearnadh suas cuntais agus a tháinig go hiomlán nó go páirteach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1958, ríomhfar na brabúis nó an gnóchan nó na caillteanais in aghaidh na tréimhse sin fé is dá mbeadh éifeacht ag fo-ailt (1) agus (5) den alt seo ar feadh na tréimhse sin go léir.

Forálacha forlíontacha do Chuid VI.

43. —(1) Ní thabharfar faoiseamh faoi alt 41 den Acht seo i leith préimhe cáilithí ach amháin ar éileamh a dhéanfar chun cigire chánach agus a cheadóidh seisean, ach féadfaidh aon duine ar éagóir leis aon bhreith a thabharfaidh an cigire cánach ar aon éileamh den tsórt sin, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire sin laistigh de lá agus fiche tar éis an bhreith a chur in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(2) Eistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (1) den alt seo fé is dá mb'achomharc chucu i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim é agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc a athéisteacht nó le cás a shonrú ag iarraidh tuairime na hArd-Chúirte ar phointe dlí.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh ag forordú an nós imeachta a leanfar nuair a bheifear ag tabhairt éifeachta don Chuid seo den Acht seo sa mhéid nach mbeidh socrú eile ann don nós imeachta sin agus, gan dochar do ghinearáltacht na forála sin roimhe seo, féadfaidh siad leis na rialacháin sin—

(a) an modh agus an fhoirm ina ndéanfar éilithe ar fhaoiseamh ó cháin nó ar aisíoc cánach a fhorordú,

(b) an teorainn ama a fhorordú chun aon éileamh den tsórt sin adúradh a dhéanamh,

(c) a cheangal ar na hiontaobhaithe nó na daoine eile ag a mbeidh bainistí scéime iontaobhais ceadaithe cibé eolas agus sonraí a sheachadadh ó am go ham a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún chun críocha na Coda seo den Acht seo, agus

(d) aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim (modhnaithe nó gan modhnú) a chur i bhfeidhm chun críocha na Coda seo den Acht seo nó chun críocha na rialachán.

(4) Má dhéanann aon duine go feasach, d'fhonn aon fhaoiseamh ó cháin, nó aisíoc cánach, a fháil dó féin nó d'aon duine eile faoin gCuid seo den Acht seo, aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach, dlífear pionós cúig céad punt a chur air.