An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte; Cáin Ioncaim, Forcháin, Cáin Bhrabús Corparáide agus Dleachtanna Báis.) Ar Aghaidh (CUID IX. Cánacha a Ghnóthú agus an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, a Leasú: Cáin Ioncaim, Forcháin, agus Cáin Bhrabús Corparáide.)

25 1958

AN tACHT AIRGEADAIS, 1958

CUID VIII.

Gnóthais Airgeadais agus Daoine faoi Dhíolúine ó Cháin do Cheannach Scaireanna agus Srianta le Faoiseamh i leith Caillteanas trí Cháin a Aisíoc i gcás Díbhinní a íocadh as Brabúis Charnaithe: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.

Gnóthais airgeadais agus daoine faoi dhíolúine ó cháin do cheannach scaireanna.

51. —(1) Má tharlaíonn, an 19ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis, go dtiocfaidh duine a bheidh ag gabháil do thrádáil arb éard í féin nó cuid di déileála i scaireanna nó infheistíochtaí eile chun teideal a bheith aige chun díbhinne ó shealbhán scaireanna d'aicme lena mbaineann an t-alt seo agus is scaireanna a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile an dáta oibritheach nó dá éis agus tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an díbhinn chun bheith iníoctha, agus go n-íocfar aon chuid den díbhinn as brabúis a carnadh roimh an dáta a fuarthas na scaireanna amhlaidh, ansin, má bhíonn na scaireanna sin, nó na scaireanna sin maraon le—

(a) aon scaireanna eile ar iníoctha an díbhinn orthu leis an duine sin agus a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile an dáta oibritheach nó dá éis agus tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an díbhinn chun bheith iníoctha, agus

(b) i gcás ina mbeidh an trádáil faoin aon-urlámh le trádáil eile arb éard í féin nó cuid di déileála i scaireanna nó infheistíochtaí eile, aon scaireanna ar iníoctha an díbhinn orthu leis an duine atá ag gabháil don trádáil eile sin agus a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile an dáta oibritheach nó dá éis agus tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an díbhinn chun bheith iníoctha, agus

(c) aon scaireanna den tsórt sin a bheidh le cur i gcuntas faoi fho-alt (3) den alt seo,

comhionann le, nó níos mó ná, deich faoin gcéad de na scaireanna den aicme sin a eisíodh, cuirfear glanmhéid na díbhinne a fuarthas as na scaireanna sa sealbhán i gcuntas, a mhéid sin di a íocadh as brabúis a carnadh sula bhfuarthas na scaireanna, nuair a bheifear ag ríomh, chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim, brabús nó gnóchain nó caillteanas na trádála fé is dá mb'fháltas trádála é nár íocadh cáin ina leith.

(2) Má tharlaíonn, an 19ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis, go dtiocfaidh duine ag a mbeidh teideal faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) chun díolúine ó cháin ioncaim a fholaíonn díbhinní ó scaireanna chun teideal a bheith aige chun díbhinne a fháil ó shealbhán scaireanna d'aicme lena mbaineann an t-alt seo is scaireanna a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile an dáta oibritheach nó dá éis agus tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an díbhinn chun bheith iníoctha, agus go n-íocfar aon chuid den díbhinn as brabúis a carnadh roimh an dáta a fuarthas na scaireanna amhlaidh, ansin, má bhíonn na scaireanna sin nó na scaireanna sin maraon le—

(a) aon scaireanna eile ar iníoctha an díbhinn orthu leis an duine sin agus a díoladh leis nó a eisíodh chuige nó a fuair sé ar shlí eile an dáta oibritheach nó dá éis agus tráth nach mó ná sé bliana roimh an dáta a thiocfaidh an dibhínn chun bheith iníoctha, agus

(b) aon scaireanna den tsórt sin a bheidh le cur i gcuntas faoi fho-alt (3) den alt seo,

comhionann le, nó níos mó ná, deich faoin gcéad de na scaireanna den aicme sin a eisíodh, ní bhainfidh an díolúine leis an díbhinn méid ar comhréir leis an gcuid den díbhinn a íocadh as brabúis a carnadh roimh an dáta a fuarthas na scaireanna:

Ar choinníoll go measfar, má bhíonn aon íocaíocht bhliantúil iníoctha ag an duine sin as an díbhinn, an íocaíocht bhliantúil sin go léir a bheith arna híoc as brabúis nó gnóchan nár tugadh faoi mhuirear cánach agus beidh feidhm dá réir sin ag Riail 21 de na Rialacha Ginearálta.

(3) Má bhíonn gach duine de bheirt daoine nó níos mó is daoine a bhíonn ag gabháil do thrádala den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, nó a bheidh i dteideal díolúine den tsórt a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, tar éis scaireanna a fháil i gcuideachta agus gurbh idirbhearta ar dá mbun a fuarthas na scaireanna sin idirbhearta a rinne na daoine sin as comhghníomhú nó idirbhearta i dteannta a chéile in aon chomhshocraíochtaí a rinne aon duine áirithe, ansin, agus feidhm ag ceachtar de na fo-ailt sin maidir le díbhinn is iníoctha le duine de na daoine sin ar scaireanna ar cuid acu scaireanna a fuarthas amhlaidh (nó scaireanna a fuarthas de cheart na scaireanna sin), cuirfear i gcuntas, faoi mhír (c) d'fho-alt (1), nó de réir mar bheidh, faoi mhír (b) d'fho-alt (2) aon scaireanna ar iníoctha an díbhinn orthu le haon duine eile de na daoine sin, is scaireanna a fuair an duine eile sin amhlaidh (nó scaireanna a fuarthas de cheart na scaireanna sin).

(4) I gcás aon scaireanna a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile ag duine a shealbhaigh scaireanna den tsórt sin a fuarthas tráthanna éagsúla (agus tráth roimh an dáta oibritheach a bheith nó gan bheith ar áireamh), toimhdeofar, chun críocha an ailt seo, go ndearnadh na scaireanna is sia a bhí ar seilbh a dhiúscairt níos luaithe ná na scaireanna is giorra a bhí ar seilbh.

(5) I gcás, aon tráth a bheidh trádáil, nó a measfar trádáil a bheith, arna bunú agus arna tosú, inar cuid de stoc trádála na trádála aon scaireanna, measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an tráth sin a fuair an duine a bhí ag gabháil don trádáil an uair sin na scaireanna sin; agus, faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, i gcás atharach daoine do dhul ag gabháil do thrádáil nach athrú a measfar deireadh a bheith leis an trádáil dá bhíthin, beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir leis an duine a bhí ag gabháil don trádáil amhlaidh tar éis an athraithe amhail is dá mb'eisean a rinne nó leis-sean a rinneadh aon ní a rinneadh ag nó lena réamhtheachtaí.

(6) Beidh éifeacht ag forálacha an Tríú Sceidil a ghabhann leis an Acht seo chun a dhéanamh amach a n-áireofar gur as brabúis a carnadh roimh dháta áirithe a íocadh aon chuid de dhíbhinn.

(7) Chun críocha an ailt seo agus an Tríú Sceidil a ghabhann leis an Acht seo—

(a) folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe, ach ní bhaineann sé le cuideachta nach gcónaíonn sa Stát;

(b) folaíonn “duine” aon chomhlacht daoine agus, i gcás aon díolúine adeir go mbaineann sé le hioncam iontaobhais nó chiste, folaíonn tagairtí do dhuine i dteideal aon díolúine ó cháin ioncaim tagairtí do na daoine atá i dteideal a éileamh go ndeonfar an díolúine sin;

(c) ciallaíonn “scaireanna d'aicme lena mbaineann an t-alt seo” scaireanna d'aon aicme is cuid de scairchaipiteal chuideachta seachas aicme scaireanna tosaíochta láníoctha nach dtugann ceart ach chun díbhinní de réir ráta faoin gcéad d'ainmluach na scaireanna atá fosaidh nó nach malartaíonn ach de réir an ráta chánach ioncaim agus nach mó de mhórán, i dtuairim na gCoimisínéirí Speisialta, ná an toradh a fhaightear de ghnáth ó scaireanna tosaíochta a luaitear a bpraghsanna ar stocmhargaidh sa Stát;

(d) folaíonn “scair” stoc seachas stoc bintiúra nó iasachtstoc;

(e) féachfar ar scaireanna mar scaireanna d'aicmí éagsúla más féidir a aithint idir na cearta agus na hoblagáidí faoi seach a ghabhann leo maidir le híoc díbhinní nó leis an méid de na scaireanna sin a bheidh íoctha nó ar aon tslí eile;

(f) folaíonn aon tagairtí do scaireanna a fuarthas de cheart scaireanna eile tagairt do scaireanna a fuarthas de bhun tairiscinte nó cuiridh nár tugadh ach do shealbhóirí na scaireanna eile sin;

(g) measfar dhá thrádáil a bheith faoin aon-urláimh má bhíonn siad ar siúl ag daoine ar comhlacht daoine ar a bhfuil urlámh (de réir na brí a thugtar don abairt sin le fo-alt (8) den alt seo) ar dhuine díobh ag an duine eile, nó ar comhlachtaí daoine iad araon atá faoi urláimh (mar mhínítear sin) amhlaidh ag an tríú duine, agus measfar trádála iomaí a bheith faoin aon-urláimh más faoin aon-urláimh do gach trádáil díobh agus do na trádála eile uile,

agus sa mhír dheiridh roimhe seo folaíonn “comhlacht daoine” comhpháirtíocht.

(8) Chun críocha míre (g) d'fho-alt (7) den alt seo, glacfar gurb é seo a leanas an míniú a thugtar do “urlámh” leis an bhfo-alt seo:

ciallaíonn “urlámh,” maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith ag an duine sin sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le doiciméad eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur de réir tola an duine sin a sheolfar gnó an chomhlachta chorpraithe chéadluaite, agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé ceart chun scair de chuid is mó ná leath sócmhainní, nó de chuid is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta.

Srian le faoiseamh i leith caillteanas trí cháin a aisíoc i gcás díbhinní a íocadh as brabúis charnaithe.

52. —(1) I gcás trádáil, seachas trádáil den tsaghas a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 51 den Acht seo, a bheith ar siúl ag duine agus gur cuid dá ioncam in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe díbhinn (is díbhinn a dtiocfaidh sé, an 19ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis, chun teideal a bheith aige í a fháil) a ndlífí, dá mba thrádáil de shaghas a luaitear sa bhfo-alt sin an trádáil, aon chuid dá glanmhéid a chur i gcuntas mar fháltas trádála nár íocadh cáin ina leith, ansin, nuair a bheifear á dhéanamh amach cé acu atá nó nach bhfuil aon aisíoc cánach, nó cé mhéid d'aisíoc cánach atá, le déanamh faoi alt 34 den Income Tax Act, 1918, leis an duine sin faoi threoir aon chaillteanas a bhain leis an trádáil agus méide comhiomláine a ioncaim in aghaidh na bliana measúnachta sin, fágfar as an gcuntas—

(a) an mhór-mhéid a fhreagrann d'oiread den ghlanmhéid sin a dhlífear a chur i gcuntas mar adúradh, agus

(b) aon cháin a íocadh ar an méid a dhlífear a fhágáil as cuntas faoi mhír (a) den fho-alt seo.

(2) Chun críocha an ailt seo folaíonn “duine” aon chomhlacht daoine.

An dáta oibritheach, éifeacht agus forleiriú.

53. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis ciallaíonn “an dáta oibritheach” an 6ú lá d'Aibreán, 1957.

(2) Beidh éifeacht ag an gCuid seo den Acht seo agus ag an Tríú Sceideal a ghabhann leis, agus measfar go raibh éifeacht acu, amhail ar an dáta oibritheach agus ón dáta sin amach, agus, chun na críche sin, forléireofar an céanna, mar is iomchuí sin, fé is dá mba ar an dáta oibritheach a ritheadh an tAcht seo.

(3) Déanfar an Chuid seo den Acht seo agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis, a mhéid a bhaineann siad le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineann siad le cáin bhrabús corparáide, a fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin.