Ar Aghaidh (An Achomaireacht ar Sceidil A agus B dá dTagartar san Acht seo)

26 1958


Uimhir 26 de 1958.


AN tACHT LEITHREASA, 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A hOCHT AGUS NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A NAOI, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONADH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1958 , AGUS A DEONTAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE ÁIRITHE MAIDIR LE hIASACHT D'FHÁIL. [30 Iúil, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontais as an bPríomh-Chiste

£271,860 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1957-58.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim dhá chéad seachtó a haon míle, ocht gcéad agus seasca punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad caoga a hocht.

£73,502,220 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1958-59.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim seachtó a trí milliún, cúig chéad agus dhá mhíle, dhá chéad agus fiche punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad caoga a naoi.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £73,774,080 a thógaint ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná seachtó a trí milliún, seacht gcéad agus seachtó a ceathair míle, agus ochtó punt a thógaint ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais, agus chun an céanna a thógaint ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i ndáil leis na hurrúis sin d'eisiúint.

(3) Déanfar aon airgead a cruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo a chur i gcreidiúnas do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Deontais a Leithreasú

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £118,329,717, a leithreasú.

4. —(1) Na suimeanna uile a deontar as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhas leis an Acht seo, chun slánuithe an tsoláthair a deonadh agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim céad agus ocht milliún déag, trí chéad fiche a naoi míle, seacht gcéad agus seacht bpuint déag, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú, amhail ó dháta na nAcht a luaitear sa Sceideal sin A a rith, chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhas leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhas léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhas leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo.

(2) I dteannta na suimeanna a deontar as an bPríomh-Chiste agus dá dtagartar sa bhfo-alt sin roimbe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a taispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhas leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim seacht milliún, céad nócha a sé míle, céad agus ocht bpuint d'úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é d'úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na gcríocha a sonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1958 , a ghairm den Acht seo.