An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Custaim agus Mál.)

28 1958

AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1958

CUID II.

Faoiseamh Sealadach ó Chánachas.

Oibríochtaí trádála díolmhaithe.

3. —(1) San alt seo ciallaíonn “cuideachta cháilithe” cuideachta ar san aerfort a dhéantar a trádáil go léir nó cuid dá trádáil.

(2) Faoi réir fo-alt (5) agus (6) den alt seo, féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála díolmhaithe chun críocha na Coda seo den Acht seo, le héifeacht amhail ó dháta a dtosaithe, na hoibríochtaí trádála sin de chuid cuideachta cáilithe a bheidh sonraithe sa deimhniú, agus fanfaidh aon deimhniú a thabharfar amhlaidh i bhfeidhm go ceann na tréimhse cúig bliana fichead ó dháta an Achta seo a rith, mura gcúlghairmfear é faoi fho-alt (4) den alt seo.

(3) Féadfar deimhniú faoi fho-alt (2) den alt seo a thabhairt gau aon choinníollacha nó faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé ann.

(4) Má tharlaíonn, i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) den alt seo tugtha ina leith—

(a) go scoirfear de thrádáil na cuideachta nó go dtiocfaidh sé sa déanamh gur lasmuigh den aerfort a bheifear ag déanamh na trádála sin go léir, nó

(b) gur deimhin leis an Aire aon choinníoll áirithe ar ar tugadh an deimhniú a bheith gan comhlíonadh ag an gcuideachta,

féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar tríd an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm.

(5) Ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2) den alt seo, gur oibríocht trádála dhíolmhaithe oibríocht trádála áirithe muran de cheann amháin nó níos mó de na cineálacha oibríochta trádála seo a leanas í:

(a) díol earraí a onnmhairíodh, nó a onnmhaireofar, as an Stát ag an gcuideachta cháilithe (ag gníomhú di mar phríomhaí nó mar ghníomhaire), is earraí a táirgeadh, a monaraíodh nó a próisíodh san aerfort ag an gcuideachta cháilithe,

(b) díol earraí a onnmhairíodh, nó a onnmhaireofar, as an Stát, ag an gcuideachta cháilithe, is earraí a allmhairíodh isteach sa Stát agus a pacáistíodh nó a láimhsíodh san aerfort ag an gcuideachta cháilithe,

(c) aerárthaí a dheisiú nó a chothabháil san aerfort,

(d) seirbhísí lena ngabhann úsáid aerárthach nó aeriompair a dhéanamh san aerfort nó lasmuigh den Stát.

(e) oibríochtaí trádála eile ar dóigh leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, go gcabhraíonn siad le húsáid nó forbairt an aerfoirt,

(f) oibríochtaí trádála a ghabhann le haon oibríocht dá dtuairiscítear sna míreanna roimhe seo den fho-alt seo.

(6) Ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2) den alt seo, gur oibríocht trádála dhíolmhaithe aon oibríocht trádála acu seo a leanas:

(a) díol earraí a tugadh, nó a thabharfar ón aerfort isteach in aon chuid eile den Stát ar shlí seachas i gcúrsa a n-onnmhairithe as an Stát,

(b) seirbhísí a dhéanamh do dhaoine a chónaíonn sa Stát lasmuigh den aerfort,

(c) earraí a tháirgeadh nó a mhonarú lasmuigh den aerfort,

(d) seirbhís aer-iompair a oibriú seachas seirbhís aeriompair—

(i) a oibrítear idir an t-aerfort agus áit lasmuigh den Stát, agus

(ii) nach n-oibrítear amhlaidh faoi chomhaontú dháthaobhach idirnáisiúnta ar páirtí ann an Rialtas,

(e) seirbhísí a dhéanamh sa Stát—

(i) do phaisnéirí a rachaidh ar bord nó a thiocfaidh ó bhord aerárthach, lena n-áirítear seirbhísí óstán, seirbhísí bídh agus dí, seirbhísí malartaithe airgid nó seirbhísí iompair (seachas seirbhísí aeriompair), nó

(ii) i ndáil le haerárthaí a bheidh ag tuirling ná ag imeacht, nó a bheidh á luchtú nó á ndíluchtú,

(f) earraí a dhíol ar mionreic,

(g) earraí inchaite a dhíol mar bhreosla aerárthach nó le loingsiú mar stórais aerárthach,

(h) oibríocht trádála arna déanamh i gcúrsa trádála sa Bhreatain Mhóir nó i dTuaisceart Éireann.

Ní áireofar brabúis, gnóchan ná caillteanais i gcás oibríochtaí trádála díolmhaithe.

4. —(1) Ní dhéanfar brabúis nó gnóchan ná caillteanais de dhroim oibríochtaí trádála díolmhaithe a áireamh chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim, nó na nAchtanna Cánach Brabús Corparáide, maidir leis an gcuideachta a dhéanann na hoibríochtaí sin.

(2) I gcás inar oibríochtaí díolmhaithe cuid, agus gur oibríochtaí trádála eile cuid, den trádáil a dhéanann cuideachta, déanfar méid na mbrabús nó an ghnóchain nó na gcaillteanas de dhroim na n-oibríochtaí trádála eile sin a ríomh, chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim, mar ríomhfaí é chun na críche sin dá mbeadh dhá thrádáil ar leithligh á ndéanamh ag an gcuideachta arbh éard iad faoi seach na hoibríochtaí trádála díolmhaithe agus na hoibríochtaí trádála eile.

Idirbhearta idir daoine i gcomhlachas le chéile.

5. —(1) Má tharlaíonn, i gcúrsa oibríochtaí trádála díolmhaithe go gceannóidh an chuideachta a bheidh ag déanamh na n-oibríochtaí (dá ngairtear an ceannaitheoir ina dhiaidh seo sa bhfo-alt seo) earraí ó dhuine eile (dá ngairtear an díoltóir ina dhiaidh seo sa bhfo-alt seo) agus—

(a) go mbeidh urlámh ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó, más comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht an díoltóir, go mbeidh urlámh ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó urlámh ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir, agus

(b) go ndíolfar na hearraí ar phraghas is lú ná an praghas ba dhóigh le duine a gheofaí orthu dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí le chéile na páirtithe san idirbheart,

ansin, déanfar aon riomh ar bhrabúis nó gnóchan nó caillteanais an díoltóra, chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim nó na nAchtanna Cánach Brabús Corparáide, fé is dá ndíolfaí na hearraí ar an bpraghas a gheofaí orthu dá mba idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar adúradh a dhéanfaí an t-idirbheart.

(2) San alt seo, ciallaíonn “urlámh”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachta a thugtar leis na hairteagail chomhlachais, nó doiciméad eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, go seoltar gnó an chomhlachta chéadluaite de réir tola an duine sin agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé an ceart chun scaire is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta.

Ráitis a sheachadadh, etc.

6. —I gcás ina mbeidh deimhniú tugtha ag an Aire faoi alt 3 den Acht seo—

(a) na forálacha sin de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim agus na nAchtanna Cánach Brabús Corparáide a bhaineann le tabhairt ráiteas nó tuairisceán brabús nó gnóchan, leanfaidh siad d'éifeacht a bheith acu fé is dá mbeifí gan an deimhniú a thabhairt, agus

(b) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcomhlacht iomchuí cibé cuntais agus sonraí eile is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun críocha na Coda seo den Acht seo a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse a ordóidh siad agus má mhainníonn an chuideachta, gan leithscéal réasúnach, déanamh de réir an fhógra, dlífear pionós nach mó ná céad punt a chur uirthi, agus, tar éis breithiúnas i leith an phionóis sin a bheith tugtha, pionós breise dá chóimhéid in aghaidh gach lae a leanfar den mhainneachtain sin.

Eisceadh ó Chuid III den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956.

1956, Uimh. 47 .

7. —D'ainneoin aon ní i gCuid III den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, ní thabharfar aird chun aon chríche de chuid na Coda sin III ar aon mhéid is infhaighte ó earraí a dhíol a onnmhairíodh as an Stát i gcúrsa oibríochtaí trádála díolmhaithe.

Laghdú ar asbhaintí áirithe.

1946, Uimh. 15 .

1956, Uimh. 22 .

1956, Uimh. 47 .

1957, Uimh. 20 .

8. —(1) I gcás inar oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid, agus gur oibríochtaí trádála eile cuid, den trádáil a dhéanann cuideachta, déanfar méid aon asbhainte, is asbhaint lena mbaineann an t-alt seo, a mbeadh teideal ag an gcuideachta chuige mura mbeadh an t-alt seo, a laghdú den mhéid sin, más aon mhéid é, is dóigh leis na Coimisinéirí Speisialta a bheith cóir ag féachaint d'alt 4 den Acht seo.

(2) Is iad na hasbhaintí lena mbaineann an t-alt seo asbhaintí i leith aon liúntais faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D, fo-alt (3) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1946 , Cuid V den Acht Airgeadais, 1956 , Cuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, nó Cuid V den Acht Airgeadais, 1957 .

Díbhinní.

1940, Uimh. 14 .

1925, Uimh. 28 .

9. —(1) I gcás díbhinn a bheith arna híoc go páirteach as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe agus go páirteach as brabúis eile, beidh feidhm ag Riail 20 de na Rialacha Ginearálta agus ag alt 5 den Acht Airgeadais, 1940 , fé is dá mbeadh an díbhinn comhdhéanta de dhá dhíbhinn a íocadh faoi seach as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe agus as brabúis eile.

(2) Ní dhéanfar an mhéid d'aon díbhinn a íocadh as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe a áireamh mar ioncam nó brabúis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim nó na nAchtanna Cánach Brabús Corparáide.

(3) Maidir le gach barántas, seic, nó ordú arna tharraing nó arna dhéanamh ag cuideachta chun díbhinn a íoc is iníoctha go hiomlán nó go páirteach as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe, bainfidh alt 13 den Acht Airgid, 1925 , leis an gcuideachta ar shlí go dtaispeánfaidh (de réir mar dhlífidh an cás) an ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear ar leith ón alt seo a thabhairt—

(a) gurb é atá in iomlán na suime dar tarraingíodh nó dá ndearnadh an barántas, an seic nó an t-ordú, íocaíocht díbhinne brabús ó oibríochtaí trádála díolmhaithe, nó

(b) gur íocaíocht as brabúis ó oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid den tsuim sin agus gur íocaíocht as brabúis eile cuid (a luafar ar leithligh a mórmhéid sula ndearnadh aon asbhaint i leith cánach ioncaim) den tsuim sin.

Forálacha maidir le híocaíochtaí áirithe.

10. —(1) I gcás aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a bheith iníoctha as brabúis nó gnóchan trádála ar oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid di agus oibríochtaí trádála eile cuid di, is é amháin an méid a n-áireofar gur as brabúis nó gnóchan a tugadh faoi mhuirear cánach a íocadh as brabúis nó gnóchan an chuid sin den íocaíocht a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus an íocaíocht iomlán agus a bheidh idir méid brabús nó gnóchain na trádála ar ar muirearaíodh cáin iarbhír agus méid na mbrabús nó an ghnóchain sin ar a muirearófaí cáin iarbhír dá mba nach n-achtófaí an Chuid seo den Acht seo.

(2) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht úis airgid, bhlianachta, nó íocaíocht bhliantúil eile ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D, nó aon ríchíosa nó suime eile a íocadh i leith paitinn a úsáid.