7 1959


Uimhir 7 de 1959.


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CUIDEACHTAN, 1908 GO 1924. [5 Bealtaine, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1908, c.69.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Companies (Consolidation) Act, 1908, agus déanfar tagairtí san Acht seo don Phríomh-Acht nó d'aon fhoráil den Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí don Acht sin nó don fhoráil sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo;

ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta” cuideachta shealbhaíochta arna míniú le halt 5 den Acht seo;

ciallaíonn “fo-chuideachta” fo-chuideachta mar mhínítear le halt 5 den Acht seo.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo do chomhlacht corpraithe a fhorléiriú mar thagairtí nach bhfolaíonn corparaid aonair ach a fholaíonn comhlacht arna chorprú lasmuigh den Stát.

(3) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, mar aon ní amháin.

Cumhacht chun scaireanna tosaíochta infhuascailte a eisiúint.

2. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh cuideachta scair-theoranta, má údaraíonn a hairteagail amhlaidh di, scaireanna tosaíochta a eisiúint a bheidh le fuascailt nó, de réir rogha na cuideachta, a bheidh infhuascailte:

Ar choinníoll—

(a) nach ndéanfar aon scaireanna den sórt sin a fhuascailt ach amháin as brabúis de chuid na cuideachta a bheadh ar fáil, mura mbeadh sin, le haghaidh díbhinne nó as fáltais eisiúint nua scaireanna arna heisiúint le haghaidh na fuascailte;

(b) nach bhfuasclófar aon scaireanna den sórt sin mura mbeidh siad íoctha go hiomlán;

(c) nach foláir soláthar a bheith déanta, sula bhfuasclófar na scaireanna, as brabúis na cuideachta nó as cuntas scaireanna préimhe na cuideachta (más ann) le haghaidh na préimhe is iníoctha, más iníoctha, ar fhuascailt a dhéanamh;

(d) má fhuasclaítear aon scaireanna den sórt sin ar shlí seachas as fáltais eisiúna nua, go ndéanfar, as brabúis a bheadh ar fáil, mura mbeadh sin, le haghaidh díbhinne, suim is comhionann le méid ainmniúil na scaireanna fuascailte a aistriú chun cúlchiste, ar a dtabharfar “an cúlchiste fuascailte caipitil”, agus beidh feidhm, ach amháin mar fhoráltar san alt seo, ag forálacha an Phríomh-Achta maidir le laghdú scair-chaipitil chuideachta amhail is dá mba scair-chaipiteal láníoctha leis an gcuideachta an cúlchiste fuascailte caipitil.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfar fuascailt na scaireanna tosaíochta faoi sin a dhéanamh ar cibé téarmaí agus i cibé slí a fhorálfaidh airteagail na cuideachta.

(3) Ní mheasfar go ndéanann fuascailt scaireanna tosaíochta faoin alt seo ag cuideachta méid scair-chaipitil údaraithe na cuideachta a laghdú.

(4) I gcás cuideachta a bheith tar éis nó ar tí aon scaireanna tosaíochta a fhuascailt de bhun an ailt seo, beidh cumhacht aici scaireanna a eisiúint suas go dtí méid ainmniúil na scaireanna a fuasclaíodh nó a bheidh le fuascailt amhail is nár eisíodh na scaireanna sin ariamh, agus dá réir sin ní mheasfar, chun críocha aon achtachán a bhaineann le dleacht stampa, scair-chaipiteal na cuideachta a bheith méadaithe trí scaireanna a eisiúint de bhun an fho-ailt seo:

Ar choinníoll, i gcás ina n-eiseofar scaireanna nua sula bhfuasclófar na sean-scaireanna, nach measfar, a mhéid a bhaineann le dleacht stampa, gur de bhun an fho-ailt seo a eisíodh na scaireanna nua mura bhfuasclófar na sean-scaireanna laistigh de mhí tar éis na scaireanna nua a eisiúint.

(5) D'ainneoin aon ní san alt seo, féadfaidh an chuideachta an cúlchiste fuascailte caipitil a úsáid ag íoc as scaireanna neamheisithe de chuid na cuideachta a eiseofar chun comhaltaí na cuideachta mar scaireanna bónais lán-íoctha.

(6) Cuirfear i ngach clár comhardaithe de chuid cuideachta a bheidh tar éis scaireanna tosaíochta infhuascailte a eisiúint ráiteas ag sonrú na coda de chaipiteal eisithe na cuideachta arb éard í na scaireanna sin, an méid a bheidh íoctha ar an gcéanna agus an dáta is luaithe ar a mbeidh cumhacht ag an gcuideachta na scaireanna sin a fhuascailt.

Má mhainníonn cuideachta déanamh de réir forálacha an fho-ailt seo, dlífear, ar í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur ar an gcuideachta agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear a shamhail de phionós a chur ar gach stiúrthóir agus bainisteoir leis an gcuideachta a údaróidh nó a cheadóidh an mhainneachtain go feasach agus go toiliúil.

Toirmeasc ar chúnamh airgeadais a sholáthar ag cuideachta le haghaidh ceannach scaireanna nó suibscríobh i leith scaireanna dá cuid féin nó de chuid a cuideachta sealbhaíochta.

3. —(1) Faoi réir mar fhoráltar san alt seo, ní dleathach aon chúnamh airgeadais a thabhairt go díreach ná go neamhdhíreach, ar mhodh iasachta, ráthaíochta, soláthair urrúis nó eile, le haghaidh ná i leith ceannach aon scaireanna nó suibscríobh i leith aon scaireanna sa chuideachta, nó, más fo-chuideachta an chuideachta, ina cuideachta sealbhaíochta, a rinne nó a dhéanfaidh duine ar bith:

Ar choinníoll nach measfar go ndéanann aon ní san alt seo toirmeasc a chur—

(a) i gcás inar cuid de ghnáth-ghnó chuideachta airgead a a thabhairt ar iasacht, ar an gcuideachta sin do thabhairt airgid ar iasacht i ngnáth-chúrsa a gnó;

(b) ar an gcuideachta do sholáthar airgid, de réir aon scéime a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, chun scaireanna láníoctha sa chuideachta nó ina cuideachta sealbhaíochta a cheannach, nó chun suibscríobh i leith an chéanna, ar ceannach scaireanna nó suibscríobh i leith scaireanna é ag iontaobhaithe is scaireanna a shealbhóidh fostaithe nó athfhostaithe na cuideachta nó a shealbhófar chun sochair dóibh, ar a n-áirítear aon duine atá nó a bhí ina stiúrthóir le fostaíocht nó oifig thuarastail sa chuideachta;

(c) ar an gcuideachta do thabhairt iasachtaí do dhaoine, seachas stiúrthóirí, atá bona fide i bhfostaíocht na cuideachta de rún a chumasú do na daoine sin scair eanna lán-íoctha sa chuideachta nó ina cuideachta sealbhaíochta a cheannach nó suibscríobh i leith an chéanna lena mbeith ar seilbh acu féin ar modh úinéireachta tairbhiúla.

(2) Déanfar comhiomlán aon iasachtaí a bheidh gan íoc agus a tugadh faoi údarás choinníollacha (b) agus (c) d'fho-alt (1) den alt seo a thaispeáint mar mhír ar leithligh i ngach clár comhardaithe leis an gcuideachta.

(3) Má ghníomhaíonn cuideachta contrártha don alt seo dlífear, ar í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur ar an gcuideachta agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear a shamhail de phionós a chur ar gach stiúrthóir agus bainisteoir leis an gcuideachta a údaróidh nó a cheadóidh an mhainneachtain go feasach agus go toiliúil.

Comhaltas cuideachta sealbhaíochta.

4. —(1) Ach amháin sna cásanna a luaitear ina dhiaidh seo san alt seo, ní fhéadfaidh comhlacht corpraithe a bheith ina chomhalta de chuideachta arb í a chuideachta shealbhaíochta í, agus beidh aon leithroinnt nó aistriú scaireanna i gcuideachta chun a fo-chuideachta ar neamhní.

(2) Ní bheidh feidhm ag aon ní san alt seo maidir le cás lena mbeidh baint ag an bhfo-chuideachta mar ionadaí pearsanta, ná maidir le cás lena mbeidh baint aige mar iontaobhaí, mura mbeidh leas tairbhiúil faoin iontaobhas ag an gcuideachta shealbhaíochta nó ag fo-chuideachta léi agus nach mbeidh leas aici amhlaidh ach amháin ar mhodh urrúis chun críocha idirbhirt a rinne sí i ngnáth-chúrsa gnó ar a n-áirítear airgead a thabhairt ar iasacht.

(3) Ní choiscfidh an t-alt seo fo-chuideachta, is comhalta dá cuideachta shealbhaíochta ar dháta tosach feidhme an Achta seo, ó leanúint uirthi de bheith ina comhalta ach, faoi réir an fho-ailt dheiridh roimhe seo, ní bheidh aon cheart ag an bhfochuideachta vóta a chaitheamh ag cruinnithe na cuideachta sealbhaíochta nó aon aicme chomhaltaí den chéanna.

(4) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (3) de maidir le hainmní le haghaidh comhlachta chorpraithe is fo-chuideachta, amhail is dá bhfolódh tagairtí sna fo-ailt sin (1) agus (3) do chomhlacht corpraithe den sórt sin tagairtí d'ainmní lena aghaidh.

(5) I gcás cuideachta atá teoranta le ráthaíocht nó atá gan teorainn agus ar cuideachta shealbhaíochta í, déanfar an tagairt san alt seo do scaireanna, cibé acu atá nó nach bhfuil scairchaipiteal aici, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do leas a comhaltaí sa cháil sin, cibé sórt leas an leas sin.

An bhrí atá le “cuideachta shealbhaíochta” agus “fochuideachta”.

5. —(1) Chun críocha an Achta seo, measfar, faoi réir forálacha fo-ailt (3) den alt seo, cuideachta a bheith ina fo-chuideachta do chuideachta eile más rud é, agus amháin más rud é,—

(a)     (i) gur comhalta di an chuideachta eile sin agus go bhfuil urlámh aici ar chomhdhéanamh a bord stiúrthóirí; nó

(ii) go bhfuil breis agus a leath de réir luach ainmniúil dá scair-chaipiteal cothromais i seilbh na cuideachta eile sin; nó

(iii) go bhfuil breis agus a leath de réir luach ainmniúil dá scaireanna lena ngabhann cearta vótála (seachas cearta vótála nach mbíonn i gceist ach amháin i gcúinsí sonraithe) i seilbh na cuideachta eile sin; nó

(b) gur fo-chuideachta an chuideachta chéadluaite sin d'aon chuideachta arb éard í fo-chuideachta na cuideachta eile sin.

(2) Chun críocha an fho-ailt sin roimhe seo, measfar comhdhéanamh bord stiúrthóirí chuideachta a bheith faoi urláimh chuideachta eile más rud é, agus amháin más rud é, gur féidir leis an gcuideachta eile sin, trí chumhacht éigin a fheidhmiú is infheidhmithe aici gan toiliú nó aontú aon duine eile, sealbhóirí na stiúrthóireachtaí uile nó sealbhóirí thromlach díobh a cheapadh nó a chur as oifig; ach chun críocha na forála seo measfar cumhacht a bheith ag an gcuideachta eile sin duine a cheapadh chun stiúrthóireachta a gcomhlíonfar ina leith aon cheann de na coinníollacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) nach féidir duine a cheapadh chun na stiúrthóireachta sin gan an chuideachta eile sin d'fheidhmiú cumhachta mar adúradh ar a shon; nó

(b) gur gá duine a cheapadh chun na stiúrthóireachta sin de thoradh a cheaptha mar stiúrthóir ar an gcuideachta eile sin; nó

(c) go bhfuil an stiúrthóireacht i seilbh na cuideachta eile sin nó i seilbh fo-chuideachta dá cuid.

(3) Nuair a bheifear á chinneadh an fo-chuideachta do chuideachta eile cuideachta áirithe—

(a) ní mheasfar aon scaireanna a bheidh ar seilbh, nó aon chumhacht is infheidhmithe, ag an gcuideachta eile sin i gcáil mhuiníneach a bheith ar seilbh ná infheidhmithe aici;

(b) faoi réir an dá mhír seo a leanas, maidir le haon scaireanna a bheidh ar seilbh nó le haon chumhacht is infheidhmithe—

(i) ag aon duine mar ainmní don chuideachta eile sin (ach amháin cás nach mbeidh baint ag an gcuideachta eile sin leis ach i gcáil mhuiníneach); nó

(ii) ag fo-chuideachta, nó ag ainmní d'fho-chuideachta den chuideachta eile sin, nach fo-chuideachta nach mbeidh baint aici leis an gcás ach i gcáil mhuiníneach;

measfar gur scaireanna iad atá ar seilbh, nó gur cumhacht í is infheidhmithe, ag an gcuideachta eile sin;

(c) ní thabharfar aird ar aon scaireanna a bheidh ar seilbh, ná ar aon chumhacht is infheidhmithe, ag aon duine de bhua forálacha aon bhintiúirí de chuid na cuideachta céadluaite nó ghníomhais iontaobhais d'urrú aon eisiúna de na bintiúirí sin;

(d) aon scaireanna a bheidh ar seilbh, nó aon chumhacht is infheidhmithe, ag an gcuideachta eile sin nó ag a fo-chuideachta nó ag ainmní ar son an chéanna (nach scaireanna a bheidh ar seilbh ná cumhacht is infheidhmithe mar luaitear sa mhír dheiridh roimhe seo), measfar gur scaireanna iad nach bhfuil ar seilbh agus gur cumhacht í nach infheidhmithe ag an gcuideachta eile sin más cuid de ghnáth-ghnó na cuideachta eile sin nó a fo-chuideachta, cibé acu é, airgead a thabhairt ar iasacht agus nach bhfuil na scaireanna ar seilbh ná an chumhacht infheidhmithe mar adúradh ach amháin ar mhodh urrúis chun críocha idirbhirt i ngnáth-chúrsa an ghnó sin.

(4) Chun críocha an Achta seo, measfar cuideachta a bheith ina cuideachta shealbhaíochta i leith cuideachta eile más rud é, agus amháin más rud é, gur fo-chuideachta di an chuideachta eile sin.

(5) San alt seo folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe agus ciallaíonn “scair-chaipiteal cothromais”, maidir le cuideachta, a scair-chaipiteal eisithe ach gan aon chuid de sin a áireamh nach ngabhann léi, maidir le díbhinni ná maidir le caipiteal, aon cheart chun bheith páirteach thar méid sonraithe i ndáileadh.

Rúin neamhghnácha agus rúin speisialta.

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 69 den Phríomh-Acht—

(a) trí “as, being entitled so to do, vote” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “entitled to vote as are present”;

(b) tríd an bhfo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2):

“(2) A resolution shall be a special resolution when it has been passed by such a majority as is required for the passing of an extraordinary resolution and at a general meeting of which not less than twenty-one days’ notice specifying the intention to propose the resolution as a special resolution has been duly given:

Provided that if all the members entitled to attend and vote at any such meeting so agree, a resolution may be proposed and passed as a special resolution at a meeting of which less than twenty-one day's notice has been given.”;

(c) trí “or confirmed” a scriosadh as fo-alt (3) agus as fo-alt (4); agus

(d) trí “cast for and against the resolution” a chur in ionad “to which each member is entitled by the articles of the company”.

(2) Leasaítear leis seo alt 70 den Phríomh-Acht—

(a) trí “passing of the resolution” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “confirmation of the special resolution, or from the passing of the extraordinary resolution, as the case may be,”; agus

(b) trí “passing” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “confirmation”.

(3) (a) Aon tagairt d'alt 69 nó 70 den Phríomh-Acht atá in aon Acht a ritheadh roimh dháta an Achta seo a rith forléireofar í mar thagairt don alt sin arna leasú leis an alt seo.

(b) Aon tagairt do rún neamhghnách nó do rún speisialta le cuideachta atá in aon Acht a ritheadh nó in aon doiciméad a bhí ar marthain roimh dháta an Achta seo a rith forléireofar í mar thagairt don rún sin amhail mar mhínítear sin le halt 69 den Phríomh-Acht arna leasú leis an alt seo.

Liosta bliantúil comhaltaí.

7. —Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 26 den Phríomh-Acht amhail is dá mbeadh na forálacha breise seo a leanas ann:

(a) foráil á cheangal nach mbeidh sa liosta, aon bhliain áirithe, má bhionn sa liosta d'aon bhliain de na cúig bliana díreach roimhe sin, amhail ar dháta an liosta sin, na sonraí iomlána a cheanglaítear leis an bhfo-alt sin (2), ach amháin cibé sonraí acu sin a bhainfidh le daoine a scoir de bheith, nó a tháinig chun bheith, ina gcomhaltaí ó dháta an liosta dheiridh agus le scaireanna a aistríodh ón dáta sin; agus

(b) foráil á cheangal, mura mbeidh na hainmneacha sa liosta de réir oird aibítre, go gcaithfidh treoir dhóthaineach a bheith ag gabháil leis an liosta ionas gur féidir ainm aon duine ar an liosta a aimsiú go héasca.

Cumhacht chun scaireanna scairshealbhóirí a ghlacadh a easaontóidh le scéim nó le conradh a cheadóidh tromlach.

8. —(1) I gcás scéim nó conradh a bhainfidh le scaireanna nó aon aicme scaireanna i gcuideachta (dá ngairtear “an chuideachta is aistreoir” san alt seo) a aistriú chun cuideachta eile, cibé acu is cuideachta de réir bhrí an Príomh-Achta an chuideachta (dá ngairtear “an chuideachta is aistrí” san alt seo) nó nach ea, a cheadú, laistigh de cheithre mhí tar éis an tairiscint chuige sin a dhéanamh ag an gcuideachta is aistrí, ag sealbhóirí ceithre chúigiú ar a laghad de réir luacha de na scaireanna a mbeidh a n-aistriú i gceist (seachas scaireanna a bheidh ar seilbh cheana féin ar dháta na tairisceana ag an gcuideachta is aistrí nó a fo-chuideachta, nó ag ainmní thar ceann an chéanna), féadfaidh an chuideachta is aistrí, tráth ar bith laistigh de dhá mhí tar éis bheith caite don cheithre mhí sin, fógra a thabhairt d'aon scairshealbhóir easaontach go dteastaíonn uaithi a scaireanna a ghlacadh, agus ar an bhfógra sin a bheith tugtha beidh teideal ag an gcuideachta is aistrí agus de cheangal uirthi, muran oiriúnach leis an gcúirt a mhalairt a ordú ar iarratas arna dhéanamh ag an scairshealbhóir easaontach laistigh de mhí ón dáta a tugadh an fógra, na scaireanna sin a ghlacadh ar na téarmaí ar dá réir a bheidh scaireanna na scairshealbhóirí aontacha le haistriú, faoin scéim nó faoin gconradh, chun na cuideachta is aistrí:

Ar choinníoll, i gcás scaireanna sa chuideachta is aistreoir den aicme chéanna nó de na haicmí céanna leis na scaireanna a mbeidh a n-aistriú i gceist a bheith cheana féin ar seilbh mar adúradh agus a luach a bheith níos mó ná an cúigiú cuid de chomhiomlán a luach sin agus luach na scaireanna (seachas iad sin a bheidh ar seilbh cheana féin mar adúradh) a mbeidh a n-aistriú i gceist, nach mbeidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den fho-alt seo mura rud é—

(a) go dtairgfidh an chuideachta is aistrí na téarmaí céanna do shealbhóirí uile na scaireanna (seachas iad sin a bheidh ar seilbh cheana féin mar adúradh) a mbeidh a n-aistriú i gceist, nó, i gcás ina mbeidh scaireanna d'aicmí éagsúla ar áireamh na scaireanna sin, do shealbhóirí uile gach aicme díobh; agus

(b) nach lú an méid sealbhóirí a cheadóidh an scéim nó an conradh, i dteannta méid nach lú ná ceithre chuigiú de réir luacha de na scaireanna a shealbhú (seachas iad sin a bheidh ar seilbh cheana féin mar adúradh) a mbeidh a n-aistriú i gceist, ná trí cheathrú líon sealbhóirí na scaireanna sin.

(2) I gcás ina ndéanfar, de bhun aon scéime nó conartha mar adúradh, scaireanna i gcuideachta a aistriú chun cuideachta eile nó a hainmní, agus gurb éard a bheidh sna scaireanna sin nó go mbeidh ar áireamh orthu, i dteannta aon scaireanna eile sa chuideachta chéadluaite a bheidh ar seilbh ag an gcuideachta is aistrí nó a fo-chuideachta, nó ag ainmní thar ceann an chéanna, ar dháta an aistrithe, ceithre chúigiú de réir luacha de na scaireanna sa chuideachta chéadluaite nó d'aon aicme de na scaireanna sin, ansin—

(a) cabharfaidh an chuideachta is aistrí, laistigh de mhí ó dháta an aistrithe (mura rud é, ar aistriú roimhe sin de bhun na scéime nó an chonartha, go mbeidh an ceanglas sin comhlíonta aici cheana féin) fógra go bhfuil sé sin déanta do shealbhóirí na scaireanna a bheidh fágtha nó na scaireanna den aicme sin a bheidh fágtha, cibé acu é, nach mbeidh tar éis aontú leis an scéim nó leis an gconradh; agus

(b) féadfaidh aon sealbhóir den sórt sin, laistigh de thrí mhí ón dáta a thabharfar an fógra dó, a cheangal ar an gcuideachta is aistrí na scaireanna sin a ghlacadh;

agus i gcás ina dtabharfaidh scairshealbhóir fógra faoi mhír (b) den fho-alt seo maidir le haon scaireanna, beidh teideal ag, agus de cheangal ar, an gcuideachta is aistrí na scaireanna sin a ghlacadh de réir na dtéarmaí ar a ndearnadh, faoin scéim nó faoin gconradh, scaireanna na sealbhóirí aontacha a aistriú chuici, nó de réir cibé téarmaí eile ar a gcomhaontófar nó is oiriúnach leis an gcúirt a ordú ar iarratas ón gcuideachta is aistrí nó ón scairshealbhóir.

(3) I gcás ina mbeidh an chuideachta is aistrí tar éis fógra a thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo agus nach mbeidh an chúirt, ar iarratas ón scairshealbhóir easaontach, tar éis a mhalairt a ordú, déanfaidh an chuideachta is aistrí, ar mhí a bheith caite ón dáta a tugadh an fógra, nó, má bhíonn iarratas chun na cúirte ón scairshealbhóir easaontach ar feitheamh ansin, tar éis an t-iarratas sin a bheith diúscartha, cóip den fhógra a tharchur chun na cuideachta is aistreoir i dteannta ionstraim aistrithe arna forghníomhú thar ceann an scairshealbhóra ag aon duine a bheidh ceaptha ag an gcuideachta is aistrí agus thar a ceann féin ag an gcuideachta is aistrí, agus an méid nó an chomaoin eile arb éard é an praghas is iníoctha ag an gcuideachta is aistrí ar na scaireanna a mbeidh teideal de bhua an ailt seo ag an gcuideachta sin iad a ghlacadh a íoc leis an gcuideachta is aistreoir nó a aistriú chuici, agus déanfaidh an chuideachta is aistreoir, air sin, an chuideachta is aistrí a chlárú mar shealbhóir na scaireanna sin:

Ar choinníoll nach mbeidh ionstraim aistrithe ag teastáil le haghaidh aon scaire a mbeidh barántas scaire de thuras na huaire gan íoc ina leith.

(4) Déanfar aon suimeanna a gheobhaidh an chuideachta is aistreoir faoin alt seo a íoc isteach i gcuntas bainc ar leithligh, agus coimeádfaidh an chuideachta sin aon suimeanna den sórt sin agus aon chomaoin eile a gheofar amhlaidh ar seilbh iontaobhais le haghaidh na ndaoine ar leithligh a bheidh i dteideal na scaireanna ar ina leith a fuarthas na suimeanna sin nó an chomaoin eile sin faoi seach.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis an gcuideachta is aistrí do thabhairt fógraí faoin alt seo:

(a) féadfar fógra a thabhairt go pearsanta don scairshealbhóir nó trína chur leis an bpost cláraithe chuige ag an seoladh a bheidh cláraithe dó i leabhair na cuideachta is aistreoir, nó, mura mbeidh aon seoladh sa Stát cláraithe amhlaidh, go dtí an seoladh, más ann, sa Stát a bheidh tugtha aige don chuideachta is aistreoir le haghaidh fógraí a thabhairt dó,

(b) mura mbeidh aon seoladh sa Stát cláraithe amhlaidh don scairshealbhóir agus nach mbeidh seoladh sa Stát tugtha aige don chuideachta is aistreoir le haghaidh fógraí a thabhairt dó, measfar fógra a dhíreofar chuige agus a fhoilseofar i nuachtán a léitear i gcomharsanacht oifige cláraithe na cuideachta is aistreoir a bheith tugtha dó go cuí an lá a fhoilseofar an fógra,

(c) féadfar fógra a thabhairt do chomhshealbhóirí scaire tríd an bhfógra a thabhairt don chomhshealbhóir is túisce a ainmnítear sa chlár i leith na scaire,

(d) féadfar fógra a thabhairt do na daoine a mbeidh teideal acu chun scaire de dhroim báis nó féimheachta an scairshealbhóra trína chur chucu leis an bpost cláraithe agus an litir dírithe chucu faoina n-ainm, nó faoi theideal ionadaithe an duine éagtha, nó iontaobhaí an fhéimhigh, nó faoi aon tuairisc eile den samhail sin, go dtí an seoladh, más ann, sa Stát a bheidh tugtha chuige sin ag na daoine a bheidh á shuíomh go bhfuil an teideal sin acu, nó (go dtí go mbeadh seoladh den sórt sin tugtha amhlaidh) tríd an bhfógra a thabhairt in aon slí ina bhféadfaí é a thabhairt dá mba nár tharla an bás nó an fhéimheacht.

(6) San alt seo folaíonn “scairshealbhóir easaontach” scairshealbhóir nach mbeidh tar éis aontú leis an scéim nó an conradh agus aon scairshealbhóir a mhainnigh nó a dhiúltaigh a scaireanna a aistriú chun na cuideachta is aistrí de réir na scéime nó an chonartha.

Athrú ar ainm chuideachta a cláraíodh faoi ainm a sonraíodh le reacht.

9. —Féadfaidh cuideachta a cláraíodh faoi ainm a sonraíodh le reacht, d'ainneoin aon ní sa reacht sin, a hainm a athrú de réir fo-ailt (3) d'alt 8 den Phríomh-Acht, ach, más dóigh leis an Aire Tionscail agus Tráchtála go bhfuil baint ag aon Aire eile le riaradh an reachta a shonraigh ainm na cuideachta, ní aontóidh sé leis an athrú ainme ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire eile sin.

Forléiriú tagairtí in Achtanna eile do chuideachtaí sealbhaíochta agus d'fhochuideachtaí.

10. —Déanfar tagairtí, cibé téarmaí ina bhfuil siad, in aon Acht a ritheadh roimh dháta an Achta seo a rith do chuideachta shealbhaíochta nó d'fho-chuideachta a fhorléiriú amhail is nár ritheadh an tAcht seo.

Athghairm.

1917, c.18.

11. —Athghairtear leis seo an Companies (Foreign Interests) Act, 1917.

Geartheideal agus comhlua.

12. —(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí, 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, a ghairm d'Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1924, agus den Acht seo le chéile.