13 1959


Uimhir 13 de 1959.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH MÉADUITHE AR NA RÁTAÍ PINSEAN FAOI ACHTANNA NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1908 GO 1957, AR NA RÁTAÍ CÚNAIMH DHÍFHOSTAÍOCHTA FAOI NA hACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1957, AGUS AR RÁTAÍ PINSEAN (NEAMHRANNÍOCACH) BAINTREACH FAOI NA hACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1957. [16 Meitheamh, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Méadú ar rátaí pinsean sean-aoise.

1952, Uimh. 11 .

1957, Uimh. 8 .

1. —Déantar leis seo gach ceann ar leith de na rátaí 25s. 0d., 20s. 0d., 15s. 0d., 10s. 0d., atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 77 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, de bhua ailt 1 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1957 , a mhéadú 2s. 6d.

Méadú ar rátaí cúnaimh dhífhostaíochta.

1933, Uimh. 46 .

2. —San Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933, déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad an Sceidil a cuireadh isteach mar Sceideal an Achta sin le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1957 :

“AN SCEIDEAL.

Na Rátaí Cúnaimh Dhífhostaíochta.

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo.

An ráta cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon límistéar uirbeach.

An ráta cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile.

sa tseachtain

sa tseachtain

s.

d.

s.

d.

Duine gan cleithiúnaí     ..     ..

19

0

13

0

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ..     ..     ..

32

6

24

6

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus aon leanbh cleithiúnach amháin     ..

38

6

29

6

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó     ..

43

6

33

6

Duine ag a bhfuil aon leanbh cleithiúnach amháin     ..

25

0

18

0

Duine ag a bhfuil beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó     ..

30

0

22

0

Méadú ar rátaí pinsean (neamhranníocach) baintreach.

1935, Uimh. 29 .

3. —I dTábla B a ghabhann le halt 20 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 , is é sin, an t-alt a cuireadh isteach le halt 105 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, cuirtear, leis seo, na rátaí atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo in ionad na rátaí atá, de bhua fo-ailt (1) d'alt 3 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1957 , leagtha amach sa Tábla sin B.

AN TÁBLA.

Rátaí Seachtainiúla Pinsean (Neamhranníocach) Baintreach.

Rátaí Seachtainiúla

Acmhainn na Baintrí

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe.

Baintreach, leanbh cáilithe amháin.

Baintreach, beirt leanaí cáilithe nó níos mó.

(1)

(2)

(3)

(4)

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí—

gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d.

26

0

34

0

41

0

níos mó ná £52 10s. 0d. gan

bheith níos mó ná £65 10s. 0d.

21

0

29

0

36

0

níos mó ná £65 10s. 0d. gan

bheith níos mó ná £78 10s. 0d.

16

0

24

0

31

0

níos mó ná £78 10s. 0d. gan

bheith níos mó ná £104 15s. 0d.

11

0

19

0

26

0

níos mó ná £104 15s. 0d. gan

bheith níos mó ná £117 15s. 0d.

Neamhní

8

0

15

0

níos mó ná £117 15s. 0d. gan

bheith níos mó ná £130 15s. 0d.

Neamhní

Neamhní

7

0

níos mó ná £130 15s. 0d.

..

Neamhní

Neamhní

Neamhní

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1959.

(3) Féadfar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959, a ghairm d'Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1957, agus d'alt 1 den Acht seo le chéile.

(4) Féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1959, a ghairm de na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1957, agus d'alt 2 den Acht seo le chéile.

(5) Féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1959, a ghairm do na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1957, agus d'alt 3 den Acht seo le chéile.