An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Rialacháin i dTaobh Líonta.) Ar Aghaidh (Caibidil II. Srian le Láithreacha Inneall Seasmhach.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

CUID VIII

Innill Sheasmhacha, Coraí Iascaireachta, Dambaí Muilinn Iascaireachta agus Bacainní eile ar Ghluaiseacht Éisc.

Caibidil I.

Toirmeasc ar Innill Sheasmhacha, Coraí Iascaireachta agus Dambaí Muilinn Iascaireachta, le hEisceachtaí Áirithe

Pionós mar gheall ar inneall seasmhach a úsáid, etc., chun bradáin a ghabháil gan é a bheith deimhnithe faoin Salmon Fishery (Ireland) Act,1863.

97. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith iascaireacht le haon inneall seasmhach chun bradáin a ghabháil ná ní úsáidfidh ná ní chuirfidh suas é murar deonaíodh deimhniú i leith an innill sin faoin Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, roimh an 31ú lá de Nollaig, 1923, agus go raibh sé ar marthain gan cúlghairm an lá sin.

(2) Gach duine a dhéanfaidh iascaireacht le haon inneall seasmhach chun bradáin a ghabháil, nó a úsáidfidh nó a chuirfidh suas é, contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná fiche punt in aghaidh gach lae a ndearnadh iascaireacht leis an inneall seasmhach sin, nó a úsáideadh é nó a bhí sé curtha suas.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall seasmhach a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Éifeacht na ndeimhnithe faoi alt 6 den Salmon Fishery (Ireland)Act, 1863.

98. —Beidh deimhniú faoi alt 6 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, ina fhianaise dhochloíte gurb é an duine atá ainmnithe ann an duine ag a bhfuil teideal chun an ceart a thugtar ann a fheidhmiú, ach ní dhéanfaidh sé dleathach aon inneall seasmhach a bheadh, mura mbeadh sin, neamhdhleathach, toisc é a bheith díobhálach do loingseoireacht, ina núis choiteann don cheart iascaireachta poiblí nó ar shlí eile ina sharú ar an dlí coiteann nó ar aon achtachán.

Srian le coraí iascaireachta, dambaí muilinn iascaireachta nó innill sheasmhacha a chur suas sa chuid fíoruisce d'aibhneacha.

99. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta ná inneall seasmhach a chur suas sa chuid fíoruisce d'aon abhainn nó loch.

(2) Má dhéanann duine ar bith cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach a chur suas contrártha don alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(3) Má dhéantar aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach a chur suas contrártha don alt seo, féadfaidh an tAire a chur faoi deara an chora iascaireachta, an damba muilinn iascaireachta nó an t-inneall seasmhach sin a scartáil, agus beidh aon chostas faoina rachaidh an tAire faoin bhfo-alt seo ina fhiach a bheidh dlite don Aire ó áititheoir na cora iascaireachta, an damba mhuilinn iascaireachta nó an innill sheasmhaigh sin agus féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le doruithe fada a úsáidtear d'aontoisc chun eascanna a ghabháil ná le hinnill a úsáidtear chun iasc seachas bradáin, bric nó eascanna a ghabháil.

(5) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, a údarú, le hordú, do dhuine ainmnithe cineál sonraithe innill iascaireachta (arb éard é cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach) chun eascanna a ghabháil a chur suas, de réir phleananna a cheadóidh an tAire, in áit shonraithe sa chuid fíoruisce d'abhainn nó loch sonraithe.

(6) Ní bhainfidh aon ní san alt seo—

(a) le Bord Soláthair an Leictreachais—

(i) cora iascaireachta a chur suas chun eascanna a ghabháil, nó

(ii) cora iascaireachta a chur suas i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don Bhord sin le halt 101, nó

(b) le duine a mbeidh údarás aige le hordú faoi fho-alt (5) den alt seo cineál sonraithe innill iascaireachta (arb éard é cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach) a chur suas chun eascanna a ghabháil, do chur suas an chineáil sin innill iascaireachta faoi réim agus de réir an ordaithe sin.

Srian le coraí iascaireachta, dambaí muilinn iascaireachta nó innill sheasmhacha a úsáid i bhfíoruisce.

100. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith úsáid a bhaint sa chuid fíoruisce d'aon abhainn ná in aon loch as aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach chun iasc a ghabháil mura rud é go raibh an chora iascaireachta, an damba muilinn iascaireachta nó an t-inneall seasmhach sin ann agus á úsáid go dleathach i gcaitheamh an tséasúir oscailte iascaireachta i mbliain amháin nó níos mó de na trí bliana 1936, 1937 agus 1938.

(2) Má rinneadh bosca nó boscaí i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta a úsáid go dleathach i rith an tséasúir oscailte iascaireachta i mbliain amháin nó níos mó de na trí bliana 1936, 1937 agus 1938, measfar, chun críocha fo-alt (1) den alt seo, go ndearnadh an chora iascaireachta nó an damba muilinn iascaireachta sin a úsáid go dleathach i rith an tséasúir oscailte iascaireachta sin.

(3) Má úsáideann duine ar bith aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach contrártha don alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus i gcás ciona leanúnaigh fíneáil bhreise nach mó ná caoga punt in aghaidh gach lae a leanfaidh an cion sin tar éis an duine sin a chiontú ann.

(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le doruithe fada a úsáidtear d'aontoisc chun eascanna a ghabháil ná le hinnill a úsáidtear chun iasc seachas bradáin, bric nó eascanna a ghabháil.

(5) (a) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, údarás (dá ngairtear údarás iascaigh eascanna san alt seo) a dheonú d'áititheoir innill iascaireachta (arb éard é cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach) chun eascanna a ghabháil á údarú dó an t-inneall iascaireachta sin a úsáid chun eascanna a ghabháil.

(b) Féadfaidh an tAire cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníoll ag teorannú na tréimhse a bheidh an t-údarás i bhfeidhm) is cuí leis a chur ag gabháil le húdarás iascaigh eascanna.

(c) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, údarás iascaigh eascanna a leasú laistigh de dheich mbliana ón dáta a deonaíodh an t-údarás.

(d) Féadfaidh an tAire údarás iascaigh eascanna a chúlghairm—

(i) má bhíonn a shealbhóir arna chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo,

(ii) más deimhin leis go ndearnadh sarú ar aon choinníoll a ghabhann leis an údarás.

(6) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le húdarás iascaigh eascanna a leasú nó a chúlghairm faoin alt seo—

(a) ní dhéanfaidh an tAire an t-údarás a leasú ná a chúlghairm mura mbeidh ná go dtí go mbeidh fógra coicíse ar a laghad i scríbhinn tugtha aige leis an bpost do shealbhóir an údaráis sin á rá go bhfuil leasú nó cúlghairm an údaráis, cibé acu é, á bhreithniú ag an Aire,

(b) luafar freisin san fhógra—

(i) má deir sé gurb é leasú an údaráis atá á bhreithniú ag an Aire—an leasú sonrach atá á bhreithniú agus na forais ar a bhfuil sé á bhreithniú amhlaidh, nó

(ii) má deir sé gurb é cúlghairm an údaráis atá á bhreithniú ag an Aire—na forais ar a bhfuil an chúlghairm sin á breithniú amhlaidh,

(c) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an leasú nó an chúlghairm sin, cibé acu é, a chuirfidh sealbhóir an údaráis faoina bhráid sula rachaidh an fógra in éag.

(7) Ní bhainfidh aon ní san alt seo—

(a) le Bord Soláthair an Leictreachais do bhaint úsaide as—

(i) cora iascaireachta chun eascanna a ghabháil a chuir an Bord sin suas, nó

(ii) cora iascaireachta a chuir an Bord sin suas i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don Bhord sin le halt 101, ná

(b) le hinneall iascaireachta (arb éard é cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasmhach) a úsáid má tá údarás iascaigh eascanna i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire agus gur de réir an údaráis sin a úsáidtear é.

Coraí iascaireachta a dhéanamh ag Bord Soláthair an Leictreachais.

101. —(1) Aon uair a gheobhaidh Bord Soláthair an Leictreachais faoi Chuid III den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 (Uimh. 12 de 1945) gach iascach (má tá ann) agus gach ceart iascaigh (má tá ann) in abhainn, féadfaidh an Bord sin, le toiliú an Aire agus d'ainneoin aon ní san Acht seo, cora iascaireachta a dhéanamh san abhainn sin chun críocha gach ceann nó aon cheann de na hiascaigh (má tá ann) agus de na cearta iascaigh (má tá ann) a gheofar amhlaidh agus féadfaidh an Bord sin, dá éis sin, an chora iascaireachta a dhéanfar amhlaidh a choimeád i treo.

(2) Aon uair a gheobhaidh Bord Soláthair an Leictreachais, faoi réim nó de bhua an Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 , cora iascaireachta, féadfaidh an Bord sin, le toiliú an Aire agus d'ainneoin aon ní san Acht seo, ceachtar ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) an chora iascaireachta sin a choimeád i dtreo agus, chun críocha a coimeádta i dtreo, an chora iascaireachta sin a athdhéanamh nó a dheisiú, nó

(b) cora iascaireachta nua a dhéanamh ar láthair na cora iascaireachta sin nó ar láthair eile in ionad na cora iascaireachta a fuarthas amhlaidh agus an chora iascaireachta nua sin a choimeád i dtreo dá éis sin.