An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID X. Srianta le Bradáin agus Bric a Dhíol agus a Onnmhairiú lena nDíol.) Ar Aghaidh (Caibidil II. Uiscí Iascaireachta a chosaint ar Nimhiú agus ar Thruailliú.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

CUID XI.

Forálacha Ilghnéitheacha Maidir le hIascaigh Bhradán agus le hIascaigh Fíoruisce.

Caibidil I.

Toirmeasc ar Mhodhanna Áirithe Iascaireachta Bradán agus Éisc eile agus ar Chleachtais a d'Fhéadfadh iad a dhíothú.

Pionós mar gheall ar ábhar dochrach a úsáid chun iasc a ghabháil, etc., nó ábhar díobhálach a bheith ar seilbh ag duine lena úsáid chun iasc a ghabháil, etc.

164. —(1) Duine ar bith—

(a) a úsáidfidh in aon uiscí aon ábhar dochrach chun iasc a ghabháil nó a dhíothú nó díobháil a dhéanamh d'iasc, nó

(b) a mbeidh ina sheilbh nó faoina urlámhas aige ar bhruach aon uiscí nó ina n-aice aon ábhar docharach le hintinn é a úsáid chun iasc a ghabháil nó a dhíothú nó díobháil a dhéanamh d'iasc,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon ábhar docharach a fuarthas ina sheilbh nó faoina urlámhas, agus a ndearnadh an cion ina leith, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionóis mar gheall ar sholas nó tine a úsáid, etc., chun iasc a thógáil.

165. —(1) Más rud é, chun aon iasc a thógáil, go n-úsáidfidh aon duine, nó go mbeidh ina sheilbh nó faoina urlámhas aige, in aon loch, abhainn nó inbhear, nó ar a bhruach nó in aice le bruach an chéanna, aon solas nó tine de chineál ar bith, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá mhí dhéag.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh an gléas nó an hábhair lena ndearnadh an solas nó an tine ar ina leith a rinneadh an cion ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar ionstraimí áirithe a úsáid, etc., chun iasc a thógáil.

166. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “uirlis lena mbaineann an t-alt seo” aon chlár dúán, ga, ilchromán, cromán nó uirlis eile dá samhail.

(2) Más rud é, chun aon iasc a thógáil, go n-úsáidfidh duine ar bith nó go mbeidh ina sheilbh nó faoina urlámhas aige in aon loch, abhainn nó inbhear, nó ar bhruach nó in aice le bruach an chéanna, aon uirlis lena mbaineann an t-alt seo beidh an duine sin, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air nó, de rogha an cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá mhí dhéag.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) den alt seo le húsáid, seilbh nó urlámhas aon cheann acu seo—

(a) cromán a úsáideadh nó a bheidh le húsáid d'aontoisc mar chabhair chun duánacht dhleathach a dhéanamh idir éirí gréine agus uair a chloig tar éis luí gréine, nó

(b) cromán a d'úsáid sealbhóir ceadúnais iascaireachta, nó atá le húsáid aige, i leith aon bhosca i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta d'aontoisc chun iasc a thógáil go dleathach as, nó

(c) ga eascann a úsáidtear chun eascanna a thógáil.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh aon uirlis (is uirlis lena mbaineann an t-alt seo) a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar iascaireacht bradán nó breac le téada in abhainn.

167. —Aon duine a thógfaidh nó a ghabhfaidh bradán nó breac nó a dhéanfaidh iascaireacht ar aon bhradán nó breac le téada in aon abhainn, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

Pionós mar gheall ar bhradán nó breac a thógáil i gcora eascann.

168. —Má thógann úinéir nó áititheoir aon chora eascann aon bhradán nó breac sa chora sin nó má ligeann sé d'aon duine eile é a thógáil, beidh an t-úinéir nó an t-áititheoir sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Pionós mar gheall ar abhainn nó traoth mhuilinn a dhambáil, etc., chun bradán nó breac a thógáil.

169. —Aon duine a dhéanfaidh aon abhainn nó traoth mhuilinn a dhambáil, a thaomadh nó a fholmhú chun aon bhradán nó breac a thógáil nó a dhíothú, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Pionóis mar gheall ar iasc a maraíodh go mídhleathach nó a fuarthas marbh a thógáil.

170. —(1) Gach duine a aistreoidh nó a chuirfidh faoi deara go n-aistreofar in aon tslí as aon abhainn nó loch—

(a) aon bhradán nó breac nár maraíodh go dleathach, nó

(b) aon bhradán nó breac a fuair an duine sin agus é marbh ó chúis ar bith,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich bpunt agus nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach giorra ná sé mhí agus nach faide ná dhá mhí dhéag.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo—

(a) le haon duine a bheidh ag gníomhú faoi údarás an Aire, ná

(b) le haon oifigeach do bhord coimeádaithe a bheidh ag gníomhú faoi ordaithe an bhoird sin, ná

(c) le haon úinéir iascaigh ná le gníomhaire dó a bheidh ag gníomhú faoi údarási scríbhinn ó bhord coimeádaithe, ná

(d) chomh fada is a bhaineann le haon bhradán nó breac galraithe, nó aon bhradán nó breac a fuarthas marbh ó chúis ar bith, a aistriú nó a chur faoi deara é a aistriú, le haon chomhalta den Gharda Síochána ná le haon Oifigeach Sláintíochta.