An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Iascaigh Inaistrithe a Aistriú chun an Aire.) Ar Aghaidh (Caibidil IV. Tógáil Talún, etc., ag an Aire chun Iascaigh Dhílsithe a Bhainistí, a Oibriú agus a Chosaint.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil III.

Iascaigh Áirithe Stáit a Aistriú chun an Aire.

Iascaigh a aistriú chun an Aire ó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí.

198. —(1) Féadfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, le hordú faoina séala, eastát agus leas uile na gCoimisinéirí sin in aon iascach nó ceart iascaireachta atá ar seilbh nó ar áitiú ag na Coimisinéirí sin a aistriú chun an Aire ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh na Coimisinéirí sin agus an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus fós aon talamh, éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile atá ar seilbh nó ar áitiú ag na Coimisinéirí sin agus atá ag fo-ghabháil le haon iascach nó ceart iascaireachta den sórt sin a aistreofar amhlaidh.

(2) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo oibreoidh sé chun go ndílseofar san Aire, gan aon tíolacas breise ná aon tíolacas eile, gach iascach agus ceart iascaireachta agus na tailte, na héasúintí, na ceada slí, na cearta uisce agus na cearta eile go léir a airbheartófar a aistriú chun an Aire leis an ordú sin.

Iascaigh a aistriú chun an Aire ó Choimisiún Talún na hÉireann.

199. —(1) Féadfaidh Coimisiún Talún na hÉireann, le hordú faoina séala, eastát agus leas uile an Choimisiúin sin in aon iascach nó ceart iascaireachta atá ar seilbh nó ar áitiú ag an gCoimisiún sin a aistriú chun an Aire ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh an Coimisiún sin agus an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus fós aon talamh, éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile atá ar seilbh nó ar áitiú ag an gCoimisiún sin agus atá ag fo-ghabháil le haon iascach nó ceart iascaireachta den sórt sin a aistreofar amhlaidh.

(2) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo oibreoidh sé chun go ndílseofar san Aire, gan aon tíolacas breise ná aon tíolacas eile, gach iascach agus ceart iascaireachta agus an talamh, na héasúintí, na ceada slí, na cearta uisce agus na cearta eile go léir a airbheartófar a aistriú chun an Aire leis an ordú sin.