An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Ceantair Iascaigh agus Toghranna.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

CUID II.

Cumhachtaí agus Dualgais Ilghnéitheacha an Aire.

Uiscí taoide speisialta.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a dhearbhú ó am go ham le hordú gur uiscí taoide speisialta chun críocha an Achta seo aon uiscí taoide áirithe lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Sonrófar agus míneofar i ngach ordú a dhéanfar faoin alt seo na huiscí taoide a n-airbheartaíonn an t-ordú go mbaineann sé leo agus beidh an t-ordú sin ina ordú críochnaitheach dochloíte maidir le limistéar na n-uiscí taoide sin d'ainneoin aon neamhréireachta idir limistéar na n-uiscí taoide mar a mhíneofar iad amhlaidh agus limistéar na n-uiscí taoide ina raibh iascach eisiatach ar sealúchas cheana.

(3) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cúlghairm nó leasú a dhéanamh tráth ar bith, le hordú, ar aon ordú a bheidh déanta roimhe sin faoin alt seo.

(4) Baineann an t-alt seo le huiscí taoide aon abhann nó inbhir áirithe ar creideadh, ar feadh fiche bliain ar a laghad roimh an lú lá d'Eanáir, 1933, go raibh iascach eisiatach iontu agus ar sealúchas mar cheart, ach ar tharla ina leith—

(a) go ndearnadh, tar éis an 1ú lá d'Eanáir, 1933 (cibé acu roimh an Acht seo a rith, nó dá éis sin é), cinneadh breithiúnach i gcúirt dlínse inniúla nach raibh aon iascach eisiatach sna huiscí taoide sin, nó

(b) nach bhfuil an duine d'fheidhmigh mar cheart, an lú lá d'Eanáir, 1933, an t-iascach eisiatach sin sna huiscí taoide sin á éileamh, ná nach bhfuil aon duine eile á éileamh, go bhfuil iascach eisiatach sna huiscí taoide aige ná ar sealúchas aige mar cheart.

Cumhacht an Aire chun fiosrúcháin a dhéanamh maidir le hiascaigh.

8. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham fiosrúchán a chur á dhéanamh in aon cheantar iascaigh maidir leis na hiascaigh sa cheantar sin nó le haon cheann acu agus féachaint cad é an tslí is fearr chun an t-iascach nó na hiascaigh sin a rialú, a fheabhsú nó a chosaint, agus chuige sin féadfaidh sé oifigeach don Aire a cheapadh chun an fiosrúchán sin a dhéanamh.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar, de réir alt 322, fógra a thabhairt faoi fhiosrúchán a bheith le déanamh faoin alt seo.

Cumhacht an Aire chun fodhlíthe a dhéanamh faoi rialú, bainistí, cosaint agus feabhsú iascach.

9. —(1) I dteannta na cumhachta chun fodhlíthe a dhéanamh a thugtar dó le haon alt eile den Acht seo, féadfaidh an tAire, faoi réir fhorálacha an Achta seo, cibé fodhlíthe a dhéanamh is dóigh leis a bheith fóirsteanach chun gur éifeachtúla a dhéanfaí iascaigh an Stáit a stiúradh, a bhainistí, a chosaint agus a fheabhsú agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh sé fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le gach ní nó aon ní acu seo a leanas—

(a) iascaigh an Stáit a rialú agus dea-ordúlacht a choimeád i measc na ndaoine a bhíonn ag gabháil dóibh,

(b) na tráthanna agus na séasúir chun tógáil na gcineálacha éagsúla éisc a thosú agus a chríochnú,

(c) na tráthanna agus na háiteanna nó an modh a bhféadfar feidhm a bhaint as aon inneall iascaireachta a úsáidfear sna hiascaigh sin,

(d) tuairisc agus déanamh na líonta a úsáidfear sna hiascaigh sin agus méid na mogall iontu,

(e) toirmeasc ar líonta a úsáid,

(f) toirmeasc ar inneall iascaireachta a úsáid tráth ar bith más dóigh leis an Aire an t-inneall sin a bheith díobhálach do na hiascaigh,

(g) toirmeasc ar chleachtas ar bith is dóigh leis an Aire a d'fhéadfadh a bheith ina bhac ar iasc a thógáil go dleathach nó a bheith in aon slí dochrach do na hiascaigh sin,

(h) aon ní nó rud eile a bhfuil baint aige in aon slí le stiúradh agus cosaint na n-iascach sin.

(2) Nuair nach bhforáiltear aon phionós eile le haon fhoráil san Acht seo mar gheall ar fhodhlí a shárú, féadfaidh an tAire a fhoráil leis an bhfodhlí sin go mbeidh duine ar bith a sháróidh é ciontach i gcion i gcoinne an fhodhlí sin agus ar a chiontú ann go hachomair go ndlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air agus go mbeidh gach inneall iascaireachta a úsáideadh ag déanamh an chiona ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní dhéanfar faoin Acht seo aon fhodhlí a bheidh in aghaidh aon dlí atá i bhfeidhm sa Stát ná a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh do chumas éifeachtach oibre aon mhuilinn nó aon mhonarchan.

Míniú ar bhéil aibhneacha, na teorainneacha idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce d'aibhneacha, na pointí i mbéil aibhneacha óna dtomhaisfear faid slí, etc.

10. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú—

(a) a mhíniú, trí thagairt do léarscáil nó ar mhodh eile, cad is teorainn do bhéal aon abhann,

(b) a mhíniú, trí thagairt do léarscáil nó ar mhodh eile, cad is teorainn do bhéal aon chraobhabhann mar a dtéann sí amach in aon abhainn eile,

(c) a mhíniú, trí thagairt do léarscáil nó ar mhodh eile, cad is teorainn idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce d'aon abhainn,

(d) a mhíniú cad iad foircinn na bhfad slí dá dtagraítear in ailt 94 agus 103 agus na foircinn sin, agus an spás ina dtoirmisctear leis an alt sin modhanna áirithe iascaireachta a úsáid nó a chleachtadh, a thaispeáint le léarscáil nó ar mhodh eile,

(e) a mhíniú, trí thagairt do léarscáil nó ar mhodh eile, cad é an pointe nó na pointí i mbéal aon abhann óna dtomhaisfear faid slí faoin Acht seo.

(2) Má tá srutháin éagsúla ag rith amach san aon-bhéal amháin nó san aon-inbhear amháin, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú gur béal ar leith an bealach amach atá ag gach sruthán acu sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(4) Gach míniú a rinneadh faoi aon achtachán aisghairthe agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta feidhme agus dá éis agus measfar gur ordú faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) (cibé acu is iomchuí) den alt seo an ionstraim lena ndearnadh an míniú sin.

Forálacha maidir le fodhlíthe a fhoilsiú agus a thaisceadh, etc., agus achomhairc i gcoinne fodhlíthe etc.

11. —(1) Bainfidh na forálacha seo a leanas le haon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo:—

(a) d'ainneoin aon achomharc a bheidh ar feitheamh, ach gan dochar d'aon ordú a dhéanfar de bharr an achomhairc sin, tiocfaidh an ionstraim sin i ngníomh an lá a shonraítear ann chuige sin, nó, mura sonraítear amhlaidh aon lá chuige sin, an t-ochtú lá is fiche tar éis lá a déanta;

(b) déanfar an ionstraim sin a fhoilsiú, chomh luath agus is féidir tar éis a déanta, san Iris Oifigiúil agus i bpáipéar nó i bpáipéir nuachta a léitear sa cheantar lena mbainfidh sí;

(c) déanfar, laistigh de mhí tar éis teacht i ngníomh di, cóip den ionstraim sin a thaisceadh—

(i) le cláraitheoir contae gach contae nó contaebhuirge a mbainfidh an ionstraim sin leis nó léi nó le cuid de nó di, agus

(ii) le Cléireach Cúirte Dúiche gach Dúiche Cúirte a mbainfidh an ionstraim sin léi nó le cuid di, agus

(iii) i ngach stáisiún Garda Síochána sa limistéar lena mbainfidh an ionstraim sin;

(d) aon duine arb ábhar éagóra leis an ionstraim sin, féadfaidh sé, laistigh d'ocht lá is fiche tar éis a foilsithe san Iris Oifigiúil, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne na hionstraime sin, agus beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le haon achomharc den sórt sin—

(i) féadfaidh breitheamh amháin den Ard-Chúirt nó níos mó ná breitheamh amháin di, de réir mar is caothúil, an t-achomharc a éisteacht,

(ii) féadfaidh an Ard-Chúirt de thoradh an achomhairc an ionstraim sin a dhaingniú nó a neamhniú, ach má neamhnítear an ionstraim sin, beidh an neamhniú sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh faoi réim nó de bhun na hionstraime sin roimh an neamhniú sin,

(iii) beidh breith na hArd-Chúirte ar an achomharc ina breith chríochnaitheach dochloíte;

(iv) déanfar ordú na hArd-Chúirte de thoradh an achomhairc sin a fhoilsiú amhail mar a cheanglaítear le mír (b) den fho-alt seo an ionstraim sin a fhoilsiú agus taiscfear é amhail mar a cheanglaítear le mír (c) den fho-alt seo an ionstraim sin a thaisceadh.

(2) Baineann an t-alt seo le haon ionstraim arb éard í—

(a) fodhlí arna dhéanamh faoin Acht seo, nó

(b) ordú arna dhéanamh faoi alt 10, nó

(c) ceadúnas arna dheonú faoi alt 245 nó 281, nó

(d) ordú arna dhéanamh faoi alt 251, 256, 266 nó 275.

Rialacháin faoi iascaireacht ag sealbhóirí ceadúnas áitiúila speisialta.

12. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní seo a leanas:—

(a) na tráthanna agus na háiteanna a bhféadfaidh sealbhóirí ceadúnas áitiúil speisialta iascaireacht a dhéanamh faoi na ceadúnais sin;

(b) ord a choimeád i measc sealbhóirí ceadúnas áitiúil speisialta ag na huiscí taoide áirithe lena mbaineann na ceadúnais sin nó ar na huiscí sin.

(2) Gach duine a dhéanfaidh aon ní (cibé acu gníomh nó neamhghníomh é) is sárú ar rialachán arna dhéanamh faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Tuairisceáin ó shealbhóirí ceadúnas áitiúla speisialta.

13. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:—

(a) na tuairisceáin a bheidh le tabhairt uathu ag sealbhóirí ceadúnas áitiúla speisialta;

(b) na daoine dá dtabharfar na tuairisceáin sin;

(c) na tráthanna a bheidh na tuairisceáin sin le tabhairt;

(d) na foirmeacha ina mbeidh na tuairisceáin sin le tabhairt.

(2) Gach duine ar a mbeidh de cheangal faoi rialacháin faoin alt seo aon tuairisceán a thabhairt uaidh agus a fhailleoidh nó a dhiúltóidh an tuairisceán sin a thabhairt uaidh de réir na rialachán sin, nó a dhéanfaidh in aon tuairisceán den sórt sin aon ráiteas a bheidh bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Cumhacht an Aire chun ceadanna díolúine a dheonú le haghaidh síolrú saorga, etc.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, a údarú, le cead i scríbhinn agus faoi réir cibé coinníollacha a shonróidh sé sa chead, d'aon duine a ainmneofar gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh aon séasúr den bhliain—

(a) aon chineál sonraithe éisc a ghabháil nó féachaint lena ngabháil agus iad a bheith ina sheilbh aige le haghaidh síolrú saorga nó athphlandú nó chun stoc a sholáthar nó a athsholáthar le haghaidh aon iascaigh nó chun é a fheabhsú nó chun aon chríche eolaíochta, agus, chun an ghabháil sin a dhéanamh amhlaidh, aon inneall iascaireachta de chineál sonraithe a bheith ina sheilbh aige, a chur suas agus a úsáid,

(b) ubháin agus gilidíní aon chineál sonraithe éisc a dhíol nó a cheannach chun stoc a sholáthar nó a athsholáthar nó chun aon chríche eolaíochta.

(2) Ní údaróidh cead faoi fho-alt (1) den alt seo aon ní a dhéanamh i ndáil le hiascach eisiatach ach amháin le toiliú úinéir an iascaigh sin.

(3) D'ainneoin aon ní san Acht seo, féadfaidh duine dá ndeonófar cead faoi fho-alt (1) den alt seo agus aon duine eile a bheidh ag gníomhú faoi ordacháin an duine chéadluaite sin, faoi réir na gcoinníollacha a shonrófar sa chead, aon ní a dhéanamh a bheidh údaraithe leis an gcead.

cumhacht an Aire chun ceadúnais liúna éisc a heonú.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, a údarú le ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas éisc san alt seo), faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis agus a shonróidh sé sa cheadúnas, do dhuine a ainmneofar cibé oibríochtaí a shonrófar sa cheadúnas a dhéanamh in áit shonraithe maidir le hoiliúint éisc de chineál sonraithe.

(2) D'ainneoin aon ní san Acht seo nó in aon ionstraim arna déanamh faoi, féadfaidh duine dá ndeonófar ceadúnas oiliún éisc agus aon duine a bheidh ag gníomhú faoi ordacháin an duine chéadluaite sin, faoi réir na gcoinníollacha a shonrófar sa cheadúnas, aon ní a dhéanamh a bheidh údaraithe leis an gceadúnas.

(3) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas oiliúna éisc a leasú laistigh de dheich mbliana ón dáta a deonaíodh an ceadúnas.

(4) Féadfaidh an tAire ceadúnas oiliúna éisc a chúlghairm—

(a) má bhítear tar éis an ceadúnaí a chiontú i gcion faoi na hAchtanna aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, nó

(b) más deimhin leis go ndearnadh sárú ar aon choinníoll dá mbeidh sonraithe sa cheadúnas.

(5) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le ceadúnas oiliúna éisc a leasú nó a chúlghairm faoin alt seo—

(a) ní dhéanfaidh an tAire an ceadúnas a leasú ná a chúlghairm mura mbeidh agus go dtí go mbeidh fógra coicíse ar a laghad i scríbhinn tugtha aige, leis an bpost, don cheadúnaí á rá go bhfuil leasú nó cúlghairm an cheadúnais, cibé acu é, á bhreithniú ag an Aire,

(b) luafar san fhógra freisin—

(i) más é leasú an cheadúnais a deir sé atá á bhreithniú ag an Aire—an leasú sonrach atá á bhreithniú agus na forais ar a bhfuil sé á bhreithniú amhlaidh, nó

(ii) más é cúlghairm an cheadúnais a deir sé atá á bhreithniú ag an Aire—na forais ar a bhfuil an chúlghairm sin á breithniú amhlaidh,

(c) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an leasú nó an chúlghairm sin, cibé acu é, a chuirfidh an ceadúnaí sin faoina bhráid roimh éag don fhógra.

Cumhacht an Aire chun iascaigh a thógáil ar léas le haghaidh taighde.

16. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon iascach a thógáil ar léas chun críocha aon scéime taighde i dtaobh saol agus nósanna bradán nó aon éisc fíoruisce agus na ndála eacnamaíochta a bhaineann le hiascaigh a fhorbairt ó thaobh tráchtála.

(2) Beidh feidhm maidir le haon iascach a thógfaidh an tAire ar léas faoin alt seo ag na forálacha de Chaibidil V de Chuid XII a bhaineann le hiascaigh dhílsithe.

(3) Má bhíonn iascach, is iascach inaistrithe de réir bhrí Chuid XII, tógtha ar léas de thuras na huaire faoin alt seo, beidh feidhm ag forálacha Chuid XII maidir leis an iascach sin d'ainneoin an léasa sin.

Cumhacht an Aire chun allmhairiú éisc bheo a shrianadh, etc.

17. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, toirmeasc a chur, le hordú (dá ngairtear san alt seo ordú chun allmhairiú (iasc) a shrianadh), le hallmhairiú aon saghas earra a shonrófar agus lena mbainfidh an t-alt seo ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnais chuige sin arna eisiúint faoin alt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú faoin bhfo-alt seo, aon ordú a rinne sé faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(3) Má allmhairíonn duine ar bith aon earra nó má thugann sé faoina allmhairiú agus gur earra é a bhfuil a allmhairiú toirmiscthe le hordú chun allmhairiú (iasc) a shrianadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó na cúig phunt is fiche a chur air.

(4) Ar dhuine ar bith dá iarraidh sin air, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas a eisiúint chun an duine sin chun uimhir áirithe a allmhairiú d'aon earra a mbeidh a allmhairiú toirmiscthe le hordú chun allmhairiú (iasc) a shrianadh, agus féadfaidh sé cibé coinníollacha is cuí leis agus a shonróidh sé sa cheadúnas sin a chur leis an gceadúnas sin.

(5) Baineann an t-alt seo leis na hearraí seo a leanas, is é sin le rá, iasc nó ainmhithe eile uisce atá beo, agus uibheacha nó óg éisc nó ainmhithe eile uisce.

Tuarascáil bhliantúil ón Aire.

18. —Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana, tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Teach den Oireachtas ina dtabharfar in aghaidh na bliana sin—

(a) sonraí ar imeachtaí an Aire faoin Acht seo, agus

(b) chomh fada agus is féidir é, cuntas staidreamhach ar iascaigh an Stáit, arna eagrú agus arna aicmiú faoi cibé mírchinn éagsúla is dóigh leis an Aire is oiriúnaí chuige sin.