An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI. Forálacha Forlíontacha.) Ar Aghaidh (Caibidil II. Forálacha a bhaineann le teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

CUID XIII.

Iascaigh Mhara.

Caibidil I.

Réamhráiteach.

Mínithe chun críocha Chuid XIII.

219. Sa Chuid seo—

teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

ciallaíonn an abairt “teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit” an chuid sin den fharraige ar laistigh di atá an ceart eisiatach iascaireachta ag saoránaigh Éireannacha de réir an dlí idirnáisiúnta agus, i gcás an chuid sin a bheith sonraithe i dtéarmaí aon choinbhinsiúin, conartha nó socraithe atá i bhfeidhm de thuras na huaire idir an Stát agus aon Stát eile, folaíonn sí, maidir le longa agus géilliúnaigh an Stáit eile sin, an chuid atá sonraithe amhlaidh;

trealamh iascaireachta.

folaíonn an abairt “trealamh iascaireachta” aon líon, gaiste, líne nó goireas eile de chineál ar bith a úsáidtear nó is féidir a úsáid chun iasc a ghabháil, agus aon rópa, téad tarraingthe, cleith nó ní eile de chineál ar bith i gceangal leis an líon, an gaiste, an líne nó an goireas eile sin nó is féidir a úsáid leis;

bád iascaireachta mara coigríche.

ciallaíonn an abairt “bád iascaireachta mara coigríche” bád iascaireachta mara nach bád iascaireachta mara Éireannach;

bad iascaireachta mara Éireannach.

ciallaíonn an abairt “bád iascaireachta mara Éireannach” bád iascaireachta mara—

(a) is bád atá cláraithe sa Stát faoi na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1947, nó

(b) is bád a bhfuil a húinéir nó, má tá níos mó ná úinéir amháin ann, a húinéir bainistí, ina chónaí sa Stát nó a bhfuil a phríomháit ghnó aige sa Stát;

máistir.

nuair a úsáidtear an focal “máistir” maidir le bád iascaireachta mara, ciallaíonn sé an máistir, an scipéir nó an duine eile atá i bhfeighil an bháid sin de thuras na huaire;

líon.

ciallaíonn an focal “líon” aon trál, saighne nó líon eile a tharraingítear nó a tharlaítear, nó atá ceaptha lena tharraingt nó a tharlú, ar ghrinneall na farraige nó cóngarach dó;

iasc mara.

ciallaíonn an abairt “iasc mara” iasc de chineál ar bith (seachas bradáin agus eascanna fíoruisce) a fhaightear san fharraige, cibé acu úr nó i staid eile dó, agus folaíonn sí crústaigh agus iasc sliogánach eile a fhaightear san fharraige;

iascaireacht mara.

ciallaíonn an abairt “iascaireacht mara” iascaireacht ar iasc mara, nó tógáil éisc mhara in uiscí taoide;

bád iascaireachta mara.

ciallaíonn an abairt “bád iascaireachta mara”—

(a) mar a bhfuil an abairt sin i gCaibidil II den Chuid seo nó in alt 232 nó in alt 233 (sa mhéid go dtugann an t-alt sin cumhachtaí d'oifigeach cosanta iascaigh mhara chun an Chaibidil sin II nó aon ionstraim arna déanamh fúithi a churi bhfeidhm)—aon long, bád nó árthach eile de chineál ar bith a úsáidtear le haghaidh iascaireacht mara,

(b) mar a bhfuil an abairt sin i gCaibidil III den Chuid seo nó in alt 233 (sa mhéid go dtugann an t-alt sin cumhachtaí d'oifigeach cosanta iascaigh mhara chun an Chaibidil sin III nó aon ordú arna dhéanamh fúithi a chur i bhfeidhm)—aon long, bád nó árthach eile de chineál ar bith a úsáidtear le haghaidh iascaireacht mara, agus folaíonn sí aon árthach nó bád a úsáidtear le haghaidh cóireáil éisc nó a úsáidtear go páirteach nó go hiomlán chun iasc a iompar.

Oifigigh Chosanta Iascaigh Mhara.

220. —Chun críocha an Achta seo, is oifigeach cosanta iascaigh mhara gach duine acu seo a leanas:—

(a) gach oifigeach don Aire a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire;

(b) gach comhalta d'Óglaigh na hÉireann (nach ísle céim ná sáirsint nó nach ísle aicme ná mionoifigeach) atá de thuras na huaire ag fónamh ar bord aon loinge nó árthaigh is leis an Stát nó atá ar fostú i seirbhís an Stáit;

(c) gach comhalta den Gharda Síochána;

(d) gach oifigeach Custam agus Máil a bheidh údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim;

(e) gach oifigeach don Aire Tionscail agus Tráchtála a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire.