An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Ceadúnais Leaba Oisrí.) Ar Aghaidh (Caibidil IV. An Séasúr Coiscthe d'Oisrí.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil III.

Orduithe um Iascach Oisrí.

Cumhacht an Aire chun orduithe um iascach oisrí a dhéanamh.

256. —Faoi réir alt 11 agus fhorálacha na Caibidle seo, féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh chun iascach oisrí a bhunú nó a fheabhsú agus chun é a chothabháil agus a rialú ar chladach agus grinneall na mara nó inbhir nó abhann taoidmhire taobh thuas nó taobh thíos nó go páirteach taobh thuas agus go páirteach taobh thíos den mharc diathrá (agus gairtear an cladach sa Chaibidil seo den chladach agus den ghrinneall sin), agus, más inmhianaithe é, forálacha a chur iontu chun bord nó comhlacht corpraithe a bhunú chun críche an ordaithe sin, ar iarratas a fháil don Aire ó aon duine ar mian leis ordú den sórt sin a fháil.

Fógraí a fhoilsiú i dtaobh iarratais.

257. —Más rud é, tar éis breithniú a dhéanamh ar iarratas ar ordú um iascach oisrí (Acht 1959), gur dóigh leis an Aire go bhfuil sé oiriúnach dul ar aghaidh leis an gcás, cuirfidh an tAire faoi deara fógraí sa chéill sin a fhoilsiú agus a leathadh sa cheantar lena mbainfidh an t-ordú agus tabharfaidh sé fógra i dtaobh an iarratais i cibé slí is cuí leis chun eolas a thabhairt do gach páirtí leasmhar agus d'úinéirí nó d'úinéirí ainmne, do léasaithe nó do léasaithe ainmne agus d'áititheoirí nó d'áititheoirí ainmne, chomh fada agus is eol cé hiad nó is féidir a chinntiú cé hiad, i dtaobh na coda den chladach lena mbainfidh an t-ordú a bheidh beartaithe nó i dtaobh na dtailte atá tadhlach leis.

Agóidí agus uiríolla maidir le hordú um iascach oisrí (Acht 1959) a bheidh beartaithe.

258. —Ar feadh míosa amháin tar éis na fógraí a luaitear in alt 257 a fhoilsiú, glacfaidh an tAire le haon agóidí nó uiríolla a dhéanfar chuige i scríbhinn maidir leis an ordú um iascach oisrí (Acht 1959) a bheidh beartaithe agus lena mbainfidh na fógraí sin.

Fiosrúchán faoi ordú um iascach oisrí (Acht 1959) a bheidh beartaithe.

259. —Tar éis mí amháin i ndiaidh na fógraí a luaitear in alt 257 a fhoilsiú, maidir le hiarratas ar ordú um iascach oisrí (Acht 1959), ceapfaidh an tAire oifigeach don Aire chun fiosrúchán (a dtabharfar fógra cuí ina thaobh) a dhéanamh faoi ábhar an ordaíthe a bheidh beartaithe agus chun na críche sin suí nó suíonna a thionól i gcomharsanacht na coda den chladach lena mbainfidh an t-ordú a bheidh beartaithe agus ag an suí nó na suíonna sin aon fhianaise agus aon eolas a thabharfar a ghlacadh agus a fháil agus fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh aon agóidí nó uiríolla a dhéanfar maidir leis an ordú a bheidh beartaithe, agus beidh cumhacht aige ó am go ham aon suí a chur ar atráth.

Ordú um iascach oisrí (Acht 1959) a dhéanamh.

260. —A luaithe is caothúil tar éis fiosrúchan a dhéanamh faoi iarratas ar ordú um iascach oisrí (Acht 1959), déanfaidh an tAire breithniú ar na hagóidí nó na huiríolla a rinneadh maidir leis an ordú a bheidh beartaithe agus air sin diúltóidh sé don iarratas nó déanfaidh sé ordú i cibé foirm, agus le cibé forálacha ann, is fóirsteanach leis.

Ordú um iascach oisrí a leasú.

261. —Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, ordú um iascach oisrí a leasú, agus na forálacha go léir a bhain le hordú um iascach oisrí bunaidh beidh feidhm acu freisin i gcás ordaithe leasúcháin arna mhodhnú mar is gá.

Éifeacht ordaithe um iascach oisrí (Acht 1959).

262. —Nuair a bheidh ordú um iascach oisrí (Acht 1959) déanta, ansin, laistigh de theorainneacha an iascaigh oisrí a bheidh ainmnithe ann, beidh ag an deontaí, de bhua an ordaithe, an ceart eisiatach chun oisrí a chur síos, a shíolrú, a dhreideáil agus a iascaireacht agus a thógáil, agus, i bhfeidhmiú an chirt sin, féadfaidh sé, laistigh de theorainneacha an iascaigh, leapacha oisrí a dhéanamh agus a chothabháil, agus, i séasúr ar bith, oisrí a bhailiú agus iad a aistriú ó áit go háit agus iad a chur síos in aon slí agus in aon áit is cuí leis, agus gach ní eile a dhéanamh is cuí leis chun toradh an iascaigh a fháil, a stóráil agus a chur de láimh nó chun an t-iascach a rialú.

Cumhachtaí deontaithe faoi ordú um iascach oisrí chun rialacháin a dhéanamh le hiascach oisrí a bhainistí.

263. —Chun iascach oisrí arna dheonú faoi ordú um iascach oisrí a chosaint, féadfaidh an deontaí nó na deontaithe, faoi lámha aon bheirte acu, má bhíonn thar bheirt ann, agus faoi réir thoiliú an Aire, cibé rialacháin is gá leo a dhéanamh le haghaidh bainistí an iascaigh sin.

Ceapadh maor ag deontaithe faoi orduithe um iascach oisrí.

264. —Chun iascach oisrí arna dheonú faoi ordú um iascach oisrí a chosaint, féadfaidh an deontaí nó na deontaithe, faoi lámha aon bheirte acu, má bhíonn thar bheirt ann, aon mhaor is dóigh leo is gá chun an t-iascach a chosaint a cheapadh, faoi réir thoiliú an Aire, ar chostas agus ar chaiteachas na ndeontaithe, agus féadfaidh aon mhaor a cheapfar amhlaidh aon rialacháin arna ndéanamh faoi alt 263 maidir leis an iascach oisrí sin a chur i bhfeidhm agus beidh aige gach cumhacht dá tugtar do mhaoir uisce leis an Acht seo.

Pionós mar gheall ar fhoghail ar iascach oisrí nó mar gheall ar a rialacháin a shárú.

265. —(1) Más rud é, maidir le haon iascach oisrí arna dheonú faoi ordú um iascach oisrí, go ndéanfaidh duine ar bith—

(a) foghail go toiliúil ar an iascach sin, nó

(b) gan é a bheith ina dheontaí nó gan cead i scríbhinn a bheith aige ón deontaí nó ó a deontaithe, nó, má bhíonn thar bheirt ann, ó dhá thrian de na deontaithe ar a laghad, aon oisrí a dhreideáil, a iascaireacht nó a thógáil, nó

(c) ina dheontaí dó nó ina dhuine a bheidh údaraithe go cuí mar a dúradh, aon oisrí a dhreideáil, a iascaireacht nó a thógáil contrártha d'aon rialachán arna dhéanamh faoi alt 263 maidir leis an iascach sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo—

(a) mura mbeidh na hoisrí a ndearnadh an cion ina leith díolta. beidh na hoisrí sin ar forghéilleadh ma iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe, agus féadfaidh an Chúirt a ordú iad a sheachadadh do dheontaithe an iascaigh as ar tógadh iad,

(b) má bhíonn na hoisrí sin díolta, féadfaidh an Chúirt a ordú don duine sin suim is comhionann lena luach a íoc leis na deontaithe sin.

Orduithe um iascach oisrí a fhoirceannadh.

266. —(1) Má fheictear don Aire nach bhfuil an deontaí in aon ordú um iascach oisrí ag cothabháil an iascaigh oisrí a deonaíodh ann, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, le hordú, an t-ordú um iascach oisrí sin a fhoirceannadh agus air sin beidh gach ceart agus pribhléid faoin ordú sin foirceannta go hiomlán agus beidh siad ar neamhní.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire ó am go ham cibé fiosrúchán agus scrúdúchán a dhéanamh agus a cheangal ar an deontaí cibé eolas a thabhairt uaidh is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó cuí, agus tabharfaidh an deontaí gach saoráid le haghaidh na bhfiosrúchán agus an scrúdúcháin sin agus tabharfaidh sé an t-eolas sin dá réir sin.

Gan ceart iascaigh eisiataigh a chúngú le hordú um iascach oisrí.

267. —Faoi réir alt 270 ní dhéanfaidh aon ordú um iascach oisrí cealú ná cúngú ar aon cheart iascaigh eisiataigh ná ar aon cheart ar aon chuid, nó chun aon choda, nó thar aon chuid den chladach, i gcás an ceart sin a bheith ar sealúchas ag duine ar bith faoi aon Acht, áitiúil nó speisialta, nó faoi aon chairt, litreacha paitinne, rúradh nó gnáthamh imchian, gan toiliú an duine sin.

Cóipeanna a choimeád d'orduithe um iascach oisrí.

268. —Coimeádfaidh an deontaí faoi ordú um iascach oisrí cóipeanna den ordú i gcónaí in áit oiriúnach éigin i gcomharsanacht na coda den chladach lena mbainfidh an t-ordú, agus díolfaidh sé na cóipeanna sin leis na daoine go léir ar mian leo a gceannach ar phraghas nach mó ná scilling an chóip.

Cosaint do chearta an Stáit.

269. —Más leis an Stát aon chuid den chladach a bheartaítear a áireamh in ordú um iascach oisrí (Acht 1959), ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú gan toiliú an Aire Tionscail agus Tráchtála,

Alt 9 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1938 , a oiriúnú.

270. —In alt 9 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1938 ( Uimh. 7 de 1938 )—

(a) forléireofar na tagairtí i bhfo-ailt (2) agus (4) don Oyster Cultivation (Ireland) Act, 1884, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Chaibidil seo,

(b) forléireofar na tagairtí, i bhfo-alt (3), d'alt 17 den Ouster Cultivation (Ireland) Act, 1884, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'alt 267 den Acht seo.