An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV. An Séasúr Coiscthe d'Oisrí.) Ar Aghaidh (Caibidil VI. Ceadúnais chun Oisrí a Iascaireacht.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil V.

Iascaigh Oisrí a Chosaint.

Cumhacht daoine a bhfuil leas acu i leapacha oisrí chun maoir uisce a cheapadh.

276. —(1) Aon dílseánach leaba oisrí nó comhchólachas daoine ag a bhfuil leas i gcosaint nó i bhfeabhsú iascaigh oisrí féadfaidh sé, chun an t-iascach oisrí sin a chosaint agus chun forálacha an Achta seo agus aon fhodhlíthe arna ndéanamh faoi a chur i bhfeidhm go cuí, aon duine a cheapadh chun bheith ina mhaor uisce.

(2) Na forálacha d'alt 294 a bhaineann le ceapadh maor uisce beidh feidhm acu maidir le maoir uisce a cheapadh faoin alt seo.

(3) Gach maor uisce a cheapfar faoin alt seo féadfaidh sé, maidir leis an iascach oisrí dá gceapfar é, aon chumhacht dá dtugtar leis an Acht seo do mhaor uisce arna cheapadh faoi alt 294 a fheidhmiú oiread agus is gá chun an t-iascach oisrí sin a chosaint agus chun forálacha an Achta seo agus aon fhodhlíthe arna ndéanamh faoi maidir le hiascaigh oisrí a chur i bhfeidhm go cuí.