An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V. Iascaigh Oisrí a Chosaint.) Ar Aghaidh (CUID XV. Iasc Sliogánach (seachas Oisrí).)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil VI.

Ceadúnais chun Oisrí a Iascaireacht.

Srianta le hoisrí a thógáil.

277. —(1) Má thógann duine i gceantar iascaigh aon oisrí as iascach oisrí ar shlí seachas le hinneall iascaireachta oisrí a mbeidh ceadúnas iascaireachta oisrí i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire á údarú an t-inneall iascaireachta oisrí sin a úsáid sa cheantar iascaigh sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná dhá oiread agus nach mó ná trí oiread na dleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith ceadúnas iascaireachta oisrí.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo agus gur úsáideadh inneall iascaireachta oisrí ag déanamh an chiona sin, beidh an t-inneall iascaireachta oisrí sin ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Forálacha maidir le ceadúnais iascaireachta oisrí.

278. —(1) Eiseoidh boird choimeádaithe, de réir an ailt seo, ceadúnais (dá ngairtear ceadúnais iascaireachta oisrí san Acht seo) maidir le hinnill iascaireachta oisrí.

(2) Bliain an tréimhse a n-eiseofar ceadúnais iascaireachta oisrí ina haghaidh.

(3) Beidh ceadúnas iascaireachta oisrí bailí agus i bhfeidhm in aghaidh na bliana a shonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(4) Eiseofar ceadúnas iascaireachta oisrí ar leithligh i leith gach inneall iascaireachta oisrí ar leithligh.

(5) Gach ceadúnas iascaireachta oisrí a eiseoidh bord coimeádaithe cheantar iascaigh—

(a) is i cibé foirm a ordóidh an tAire a bheidh sé,

(b) luafar ann—

(i) an bhliain a mbeidh sé bailí agus i bhfeidhm ina haghaidh,

(ii) uimhir nó ainm an cheantair iascaigh sin,

(iii) an toghroinn (ar toghroinn den cheantar iascaigh sin í) inar eisíodh é,

(iv) an t-inneall iascaireachta oisrí lena mbaineann sé,

(v) ainm an duine chun ar eisíodh é,

(c) séalófar é le séala an bhoird choimeádaithe sin.

(6) Beidh ceadúnas iascaireachta oisrí ar fáil lena úsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é agus sa cheantar isacaigh sin amháin.

(7) Oibreoidh gach ceadúnas iascaireachta oisrí chun údaras a thabhairt an t-inneall iascaireachta oisrí a bheidh sonraithe ann a úsáid i gcaitheamh na bliana a bheidh sonraithe ann agus sa cheantar iascaigh a bheidh sonraithe ann, ach sin faoi réir fhorálacha na nAchtanna agus aon ionstraime arna déanamh fúthu.

Dleacht cheadúnais ar cheadúnais iascaireachta oisrí.

279. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, dhá phunt an dleacht cheadúnais a bheidh ar gach ceadúnas iascaireachta oisrí.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an dleacht cheadúnais i leith ceadúnas iascaireachta oisrí a athrú, ach sin i slí nach n-athrófar an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin ionas go mbeidh sé níos mó ná ceithre phunt.

(3) Má dhéantar an dleacht cheadúnais i leith ceadúnas iascaireachta oisrí a athrú faoi fho-alt (2) den alt seo, beidh an dleacht, arna hathrú amhlaidh, iníoctha i leith aon cheadúnas iascaireachta oisrí den sórt sin a bheidh bailí in aghaidh tréimhse a thosóidh an lú lá, nó tar éis an 1ú lá, den chéad Eanáir eile tar éis déanamh an ordaithe a rinne an t-athrú.

Ceart chun ceadúnas iascaireachta oisrí a fháil.

280. —I gcás ina n-iarrfaidh duine ceadúnas iascaireachta oisrí ar bhord coimeádaithe agus go dtairgfidh sé an dleacht cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire ina leith eiseoidh an bord sin an ceadúnas sin chun an duine sin.