An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XVI. Portáin.) Ar Aghaidh (CUID XVIII. Cumhachtaí Maor Uisce, Oifigeach agus Seirbhíseach na mBord Coimeádaithe, an Gharda Síochána agus Daoine eile chun an tAcht seo a chur i bhFeidhm.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

CUID XVII.

Pionóis mar gheall ar Chionta Ilghnéitheacha.

Pionós ar thriúr daoine nó níos mó a úsáidfidh foréigean, etc. ar dhaoine a bheidh ag oibriú iascaigh go dleathach.

286. —Má dhéanann triúr daoine nó níos mó, aon duine, nó má fhéachann siad le haon duine, a bheidh ag oibriú iascaigh go dleathach a bhac nó a chosc le foréigean, imeaglú nó bagairt, beidh gach duine de na ciontóirí agus gach duine a chabhraigh nó a neartaigh leo an tráth sin agus san áit sin ciontach i gcion faoin alt seo agus gach duine acu a chiontófar ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Pionós mar gheall ar dhaoine a bheidh ag iascaireacht go dleathach a chosc.

287. —Má choisceann aon duine duine ar bith a bheidh ag gabháil go dleathach d'iascaireacht nó ag dul chun iascaireacht dleathach a dhéanamh nó ag filleadh uaidh, beidh an duine céadluaite sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

Pionós mar gheall ar inneall iascaireachta a shuí d'fhonn iasc a chosc ó dhul isteach i líonta a bheidh curtha go dleathach.

288. —(1) Má dhéanann aon duine aon inneall iascaireachta a shuí go toiliúil agus go mailíseach d'fhonn iasc a chosc ó dhul isteach i líonta aon duine eile a bheidh curtha agus suite go dleathach, beidh an duine céadluaite sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar gan ainmneacha na n-úinéirí a bheith péinteáilte ar bháid iascaireachta.

289. —(1) Beidh ainm agus seoladh áit chónaithe úineára, nó dhuine d'úinéirí má bhíonn níos mó ná úinéir amháin ann, gach báid iascaireachta péinteáilte, i gcarachtair nó litreacha soiléire, soléite nach lú ná dhá orlach ar fad, ar chuid fheiceálach éigin den bhád sin.

(2) Más rud é, i gcás aon bháid iascaireachta, nach gcomhlíonfar forálacha fho-alt (1) den alt seo, beidh an t-úinéir nó aon duine a bheidh ag úsáid an bháid sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá phunt a chur air.

Pionós ar dhaoine a chaithfidh ballasta amach in áiteanna míchearta.

290. —Má dhéanann aon duine ballasta árthaigh nó aon chuid dá ballasta a chaitheamh amach nó a dhíluchtú aisti in aon inbhear, cuan nó áit, ansin, mura mbeidh an caitheamh amach nó an díluchtú sin ceadaithe ag an Aire nó le rialacháin áitiúla an chuain nó na háite sin, beidh gach duine díobh seo a leanas, eadhon, an duine sin, máistir an árthaigh sin agus úinéir an árthaigh sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Pionós mar gheall ar rabhadh a thabhairt do dhaoine a bheidh ag iascaireacht go mídhleathach.

291. —Gach duine a thabharfaidh nó a chuirfidh faoi deara go dtabharfar aon chomhartha nó rabhadh, nó a chuideoidh nó a chabhróidh le tabhairt aon chomhartha nó rabhaidh, d'aon duine a bheidh ag iascaireacht go mídhleathach go bhfuil aon mhaor uisce, oifigeach do bhord coimeádaithe nó comhalta den Gharda Síochána ag teacht, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.