An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XVII. Pionóis mar gheall ar Chionta Ilghnéitheacha.) Ar Aghaidh (CUID XIX. Imeachtaí Dlí, Fíneálacha, Forghéilleadh, Fianaise, Fiosrúcháin agus Seirbheáil Doiciméad.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

CUID XVIII.

Cumhachtaí Maor Uisce, Oifigeach agus Seirbhíseach na mBord Coimeádaithe, an Gharda Síochána agus Daoine eile chun an tAcht seo a chur i bhFeidhm.

Léiriú Chuid XVIII.

292. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn an abairt “duine údaraithe” aon duine is—

(a) comhalta den Gharda Síochána, nó

(b) maor uisce príobháideach, nó

(c) cigire do bhord coimeádaithe, nó

(d) maor uisce coimeádaithe, nó

(e) oifigeach arna cheapadh ag an Aire;

ciallaíonn an abairt “maor uisce coimeádaithe” maor uisce arna cheapadh ag bord coimeádaithe;

ciallaíonn an abairt “maor uisce príobháideach” maor uisce arna cheapadh faoi alt 294;

ciallaíonn an abairt “maor uisce” duine is—

(a) maor uisce coimeádaithe, nó

(b) maor uisce príobháideach.

Srianta le feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar do chomhaltaí agus d'oifigigh bhord coimeádaithe.

293. —(1) Ní bheidh na cumhachtaí a thugtar leis an gCuid seo do mhaor uisce príobháideach infheidmithe ach amháin chun na hiascaigh a bheidh sonraithe ina ionstraim cheapacháin a chosaint.

(2) Ní bheidh na cumhachtaí a thugtar leis an gCuid seo do chomhalta de bhord coimeádaithe nó do chigire nó maor uisce arna cheapadh ag bord coimeádaithe do cheantar iascaigh infheidhmithe ach amháin chun na hiascaigh i gceantar iascaigh an bhoird sin a chosaint, agus chun an tAcht seo agus aon ionstraim arna déanamh faoi a chur i bhfeidhm sa cheantar iascaigh sin.

Maoir uisce a cheapadh ag daoine a bhfuil leas acu in iascaigh.

294. —(1) Féadfaidh gach duine díobh seo a leanas—

(a) aon duine a bhfuil leas aige i gcaomhnú éisc aon abhann nó locha,

(b) aon daoine atá eagraithe acu féin i gcumann chun aon iascach in aon abhainn nó loch a chaomhnú,

(c) úinéir aon iascaigh in aon abhainn nó loch,

(d) úinéir aon iascaigh bhradán ar chósta na farraige,

ó am go ham, le hionstraim i scríbhinn san fhoirm atá leagtha amach sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, aon duine a cheapadh ina mhaor uisce chun na hiascaigh a chosaint ar an gcuid sin de chósta na farraige nó in aon loch nó abhainn den sórt sin nó in aon chraobh-abhainn den chéanna.

(2) Ní ghníomhóidh duine a cheapfar ina mhaor uisce faoin alt seo sa cháil sin go dtí go ndaingneofar a cheapachán (daingniú a dhéanfar tríd an ionstraim cheapacháin a fhormhuiniú) ag aon Bhreitheamh Dúiche ar ina dhúiche a bheidh an maor uisce sin ceaptha chun gniomhú.

(3) Féadfaidh Breitheamh Dúiche, ar ghearán a dhéanamh chuige, ceapachán duine a ceapadh faoin alt seo ina mhaor uisce chun gníomhú i gceantar an Breithimh sin a chúlghairm agus air sin beidh ceapachán an duine sin ina mhaor uisce foirceannta.

(4) Dlífear dleacht stampa cúig scilling a íoc ar ionstraim lena gceapfar duine chun bheith ina mhaor uisce faoin alt seo.

(5) Aon duine a ghníomhóidh mar mhaor uisce príobháideach gan a cheapachán a bheith daingnithe faoi fho-alt (2) den alt seo nó tar éis a cheapachán a bheith cúlghairthe faoi fho-alt (3) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Ionstraim cheapacháin mhaoir uisce ina bharántas dóthaineach chun cumhachtaí a fheidhmiú.

295. —(1) Is barántas dóthaineach i leith é d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar do dhuine údaraithe leis an Acht seo maor uisce coimeádaithe nó oifigeach eile do bhord coimeádaithe do thabhairt a ionstraime ceapacháin ar aird, ach ní gá dó an ionstraim sin a thabhairt ar aird ag feidhmiú na gcumhachtaí sin dó mura gceanglófar air ar dtús í a thabhairt ar aird.

(2) Is barántas dóthaineach i leith é d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar do mhaor uisce príobháideach leis an Acht seo maor uisce príobháideach do thabhairt a ionstraime ceapacháin ar aird arna formhuiniú mar fhoráiltear le halt 294.

Cumhachtaí ginearálta daoine údaraithe.

296. —(1) Féadfaidh aon duine údaraithe, chun críocha na n-iascach a chosaint, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) dul isteach ar nó trí bhruacha nó imill, nó ar feadh bruacha nó imeall, aon lochanna nó aibhneacha nó chraobh-aibhneacha den chéanna, a ghnáthaíonn bradáin nó bric,

(b) dul isteach ar aon lochanna nó aibhneacha den sórt sin le báid nó ar mhodh eile,

(c) dul isteach agus scrúdú a dhéanamh ar gach cora, sliús, damba muilinn, traoth mhuilinn agus sruthchúrsa a bhfuil bealach idir iad agus na lochanna nó na haibhneacha sin,

(d) dul isteach in aon bhád atá i mbun, nó ar tí dul i mbun, iascaireachta,

(e) gach uile líon, a bheidh ina sheasamh nó ar snámh, nó aon líon ar bith eile, a scrúdú,

(f) aon inneall iascaireachta mídhleathach nó aon inneall iascaireachta dleathach a bheidh á úsáid go mídhleathach a urghabháil,

(g) gach uile ghníomh agus ní eile a dhéanamh a údaraítear dó a dhéanamh leis an Acht seo nó faoin Acht seo.

(2) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíonn d'aon duine údaraithe dul isteach in aon ghairdín iata nó teach cónaithe nó i gcúirtealáiste tí chónaithe ach amháin i gcás ina dtéann an gnáth-bhóthar nó an gnáth-bhealach go dtí aon chora, damba, nó díog tríd an ngairdín nó an cúirtealáiste sin.

Cumhacht Breithimh Dúiche barántas a dheonú chun dul isteach in áiteanna áirithe.

297. —(1) Más rud é ar fhaisnéis faoi mhionn gur dóigh le haon Bhreitheamh Dúiche nó Feidhmeannach Síochána go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go ndearnadh sárú ar fhorálacha an Achta seo nó aon ionstraime arna déanamh faoi laistigh d'aon ghairdín iata nó d'aon teach cónaithe nó de chúirtealáiste aon tí chónaithe, féadfaidh sé le barántas faoina láimh a údarú d'aon mhaor uisce nó d'aon oifigeach arna cheapadh ag an Aire dul isteach sa ghairdín sin, sa teach cónaithe sin nó i gcúirtealáiste an tí chónaithe sin, na tráthanna sin den lá nó den oíche a bheidh luaite sa bharántas.

(2) Ní fhanfaidh barántas faoin alt seo i bhfeidhm níos faide ná seacht lá ó dháta an bharántais sin.

Dul ar bord arárthaigh iascaireachta agus iad a scrúdú.

298. —(1) Aon oifigeach a bheidh ceaptha ag an Aire nó aon chigire nó maor uisce a bheidh ceaptha ag bord coimeádaithe, féadfaidh sé, faoi réir aon treoracha agus rialachán a thabharfaidh nó a dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh maidir le haon árthach a bheidh i mbun iascaireachta:—

(a) dul ar bord an árthaigh sin,

(b) deimhniú cláraitheachta agus innill iascaireachta an árthaigh sin a scrúdú, agus a fháil amach ar comhlíonadh forálacha an Achta seo agus ar mar a cheanglaítear leis an Acht seo a dhéanann an máistir agus na daoine eile ar bord iascaireacht,

(c) aon inneall iascaireachta mídhleathach nó aon inneall iascaireachta dleathach a úsáideadh go mídhleathach a urghabháil.

(2) Má dhiúltaíonn máistir aon árthaigh iascaireachta deimhniú cláraitheachta an árthaigh sin a thabhairt ar aird nuair a cheanglóidh oifigeach don Aire, maor uisce coimeádaithe nó cigire a bheidh ceaptha ag bord coimeádaithe air sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

Ciontóirí a ghabháil.

299. —(1) San alt seo folaíonn an abairt “duine údaraithe” aon duine ag a bhfuil leas san iascach ina ndearnadh an cion ábharthach.

(2) Má fhaightear aon duine (dá ngairtear an ciontóir san alt seo) ag úsáid aon innill iascaireachta mhídhleathaigh nó ag úsáid go mídhleathach aon innill iascaireachta dhleathaigh, nó a bheidh in aon slí eile ag sarú forálacha an Achta seo nó aon ionstraime arna déanamh faoi, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) féadfaidh aon duine údaraithe a cheangal ar an gciontóir na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) scor den chion sin, agus

(ii) a ainm agus a sheoladh a insint,

(b) más rud é, tar éis sin a cheangal air, go leanfaidh an ciontóir go toiliúil den chion sin nó go ndiúltóidh sé a ainm agus a sheoladh a insint, féadfaidh an duine údaraithe agus aon daoine eile a bheidh ag gníomhú faoina ordú an ciontóir a ghabháil,

(c) nuair a ghabhfar an ciontóir faoin alt seo, seachadfaidh an duine údaraithe é láithreach i gcoimeád chomhalta den Gharda Síochána chun go ndéileálfar leis de réir an dlí.

Cumhachtaí maidir le coraí, innill sheasmhacha, etc.

300. —Má fhaigheann aon duine údaraithe—

(a) i rith an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric nó an trátha choiscthe sheachtainiúil—

(i) aon phasáiste in aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta, inneall seasmhach, líon nó gléas a bheith dúnta nó bactha, nó

(ii) aon líon nó gléas de chineál ar bith eile a bheith suite nó á úsáid contrártha don Acht seo nó d'aon ionstraim arna déanamh faoi, nó

(b) aon tráth, aon bhacainn i saorbhearna chora iascaireachta nó i mbealach éisc, nó

(c) aon tráth, aon bhacainn sa scéith-gheata atá ag gabháil le haon mhuileann nó monarcha nuair a cheanglaítear le halt 122 an scéith-gheata sin a bheith oscailte,

féadfaidh sé na pasáistí sin a oscailt agus na bacainní sin a aistriú, gan damáiste neamhriachtanach a dhéanamh, agus gach ní a gheofar amhlaidh nó a úsáideadh contrártha d'fhorálacha an Achta seo, nó aon ionstraime arna déanamh faoi, a urghabháil agus a aistriú.

Cumhachtaí iniúchta, scrúdaithe agus coimeádta.

301. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe” aon duine is—

(a) comhalta den Gharda Síochána, nó

(b) oifigeach nó seirbhíseach de bhord coimeádaithe arna údarú i scríbhinn ag an mbord sin chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú, nó

(c) oifigeach don Aire, arna údarú i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú, nó

(d) oifigeach nó seirbhíseach do Bhord Soláthair an Leictreachais arna údarú i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú.

(2) Údaraítear leis seo do gach oifigeach údaraithe gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) aon duine a stopadh agus a chuardach atá, nó a mbeidh amhras ann é a bheith, ag iompar éisc d'aon chineál nó aon ghléas nó ábhar a úsáidtear nó atá cóirithe chun iasc a thógáil go mídhleathach, agus aon iasc, gléas nó ábhar a gheofar á iompar ag an duine sin a iniúchadh, agus chuige sin aon fheithicil nó pacáiste a mbeidh nó a mb'fhéidir go mbeadh nó a gcreidfear go bhfuil an t-iasc, an gléas nó an t-ábhar sin á iompar ann a oscailt agus a chuardach;

(b) dul isteach, agus saorchead a bheith aige istigh, gach tráth réasúnach—

(i) in aon áitreabh a ndéantar nó a gcreidtear go ndéantar iasc a dhíol, a choinneáil, a thaispeáint nó a stóráil chun a dhíolta ann, nó

(ii) in aon áitreabh a mbeidh nó a gcreidfear go bhfuil nimh nó pléascán á choinneáil ann le hiasc a dhíothú, nó

(iii) in áitreabh aon duine a bhíonn ag gabháil do ghnó iompair earraí ar luach saothair, nó

(iv) in aon aeradróm, piara, cé caladh, lamairne, duga nó áitreabh duga, nó

(v) in aon long, bád, aerárthach, vaigín iarnróid, mótar-leoraí, cairt, nó árthach nó feithicil eile a úsáidtear chun earraí a iompar;

(c) an t-iasc go léir a gheofar in aon áit a n-údaraítear dó leis an alt seo dul isteach ann a scrúdú agus chuige sin aon phacáiste a oscailt a gheofar san áit sin agus a mbeidh nó a gcreidfear go bhfuil iasc ann;

(d) aon bhád a úsáidtear nó a chreidtear a úsáidtear le haghaidh iascaireachta, nó a mbeidh nó a mbeifear in amhras go bhfuil iasc inti a gabhadh go mídhleathach a stopadh, dul isteach inti agus í a chuardach ar aon abhainn, loch nó inbhear nó ar a imill sin nó ar aon chuid den fharraige nó a cladaigh agus scrúdú a dhéanamh ar an iasc go léir agus ar gach inneall iascaireachta a gheofar ansin agus chuige sin aon phacáiste a oscailt a mbeidh nó a mbeifear in amhras go bhfuil aon iasc nó inneall iascaireachta ann;

(e) aon iasc (i dteannta nó d'éagmais an phacáiste ina mbeidh sé) a gheofar nuair a bheifear ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an alt seo agus a mbeidh, nó a mbeifear in amhras go bhfuil, cion faoin Acht seo á dhéanamh ina leith nó a gabhadh go mídhleathach nó a mbeifear in amhras gur gabhadh go mídhleathach é, a thógáil, a aistriú agus a choinneáil ina choimeád;

(f) aon inneall iascaireachta nó aon earra a dhlitear, nó a chreidtear a dhlitear, a fhorghéilleadh faoin Acht seo a thógáil, a aistriú agus a choinneáil ina choimeád;

(g) ainm agus seoladh an duine a mbeidh ina choimeád aon iasc nó earra eile a údaraítear d'oifigeach údaraithe faoin alt seo a scrúdú a éileamh agus a thógáil agus fós ainm agus seoladh úinéir an éisc nó an earra eile sin a éileamh ar an duine sin agus a thógáil uaidh.

(3) I gcás ina gcoinneoidh oifigeach údaraithe aon iasc nó earra eile ina choimeád faoi údarás an ailt seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, cibé bearta is cuí chun go ndéileálfar de réir an dlí leis an duine a bheidh ciontach, nó a chreidfear a bheith ciontach, sa chion a rinneadh, nó a chreidfear a rinneadh, maidir leis an iasc sin nó leis an earra eile sin.

(4) I gcás—

(a) ina gcoinneoidh oifigeach údaraithe aon iasc ina choimeád faoin alt seo, agus

(b) gur dócha go mbeidh an t-iasc sin neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine sula mbeidh sé caothúil ag aon Chúirt déileáil leis an ábhar,

tabharfaidh sé an t-iasc sin ar aird d'Fheidhmeannach Síochána agus air sin beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(i) más é tuairim an Fheidhmeannaigh Síochána gur cheart an t-iasc sin a dhíothú, ordóidh sé don oifigeach údaraithe sin an t-iasc sin a dhíothú agus díothófar an t-iasc sin dá réir sin,

(ii) murab é sin tuairim an Fheidhmeannaigh Síochána, ordóidh sé don oifigeach údaraithe sin an t-iasc sin a dhíol, agus díolfar an t-iasc sin dá réir sin.

(5) Aon ordú a thabharfaidh Feidhmeannach Síochána faoi fho-alt (4) den alt seo á ordú d'oifigeach údaraithe iasc a dhíothú nó a dhíol—

(a) is i scríbhinn a bheidh sé,

(b) is i cibé foirm a ordóidh an tAire, a bheidh sé,

(c) thabharfaidh sé tuairisc ar an iasc sin agus ar aon mharcanna, airíona nó sonraí eile ina thaobh a thaispeáin an t-oifigeach údaraithe sin don Fheidhmeannach Síochána sin,

(d) beidh sé ina fhianaise dhochloíte i ngach Cúirt ar na hábhair fíoras a bheidh luaite ann.

(6) Ní bheidh dliteanas ar aon oifigeach údaraithe i leith aon chaillteanais nó damáiste a thiocfaidh de dhroim nó i gcúrsa aon chumhachta a fheidhmiú dá dtugtar dó leis an alt seo murarbh é féin, go hainrianta nó go mailíseach dó, ba chúis leis an gcaillteanas nó an damáiste sin.

(7) Gach duine a choiscfidh nó a bhacfaidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an alt seo nó a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh féin nó ainm agus seoladh aon duine eile (chomh fada agus is eol dó sin) a thabhairt nuair a éileofar sin go dleathach faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá mhí.

Nós imeachta de dhroim innill iascaireachta mhídhleathacha agus innill iascaireachta dleathacha a úsáidtear go mídhleathach a urghabháil.

302. —Má dhéanann aon duine, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an gCuid seo, aon inneall iascaireachta a urghabháil, tabharfaidh sé é, a luaithe is féidir, i láthair an Bhreithimh Dúiche ar ina dhúiche a urghabhadh é, agus, air sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaireachta mídhleathach an t-inneall iascaireachta, ordóidh sé é a fhorghéilleadh agus a dhíothú,

(b) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaireachta dleathach an t-inneall iascaireachta ach go rabhthas tar éis é a úsáid, go rabhthas á úsáid nó ar tí é a úsáid go mídhleathach tráth a urghabhála, ordóidh sé é a fhorghéilleadh,

(c) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaireachta dleathach an t-inneall iascaireachta agus nach rabhthas tar éis é a úsáid, nó nach rabhthas á úsáid nó ar tí é a úsáid go mídhleathach tráth a urghabhála, ordóidh sé é a thabhairt ar ais don duine ar dóigh leis gurb é a úinéir é.

Dliteanas ar dhaoine a bheidh ag úsáid inneall iascaireachta ceadúnas ina leith a thabhairt ar aird nuair a éileofar é.

303. —(1) San alt seo folaíonn an abairt “duine údaraithe” comhalta de bhord coimeádaithe.

(2) Aon duine a bheidh ag úsáid aon innill sceidealta, nó a mbeidh aon inneall sceidealta curtha suas aige nó a bhfaighfear inneall sceidealta ina sheilbh, in aon áit iascaireachta nó ina chóngar, nó a bheidh ag dul ag iascaireacht nó ag filleadh ó iascaireacht, tabharfaidh sé an gnáth-cheadúnas i leith an innill sin ar aird d'aon duine údaraithe nuair a éileofar é, agus, má mhainníonn sé sin a dhéanamh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith gnáth-cheadúnais iascaireachta chun an t-inneall sin a úsáid agus nach mó ná dhá oiread na dleachta gnáthcheadúnais sin.

(3) Aon duine a n-éileofar go dleathach air faoin alt seo a ghnáth-cheadúnas a thabhairt ar aird agus nach dtabharfaidh an ceadúnas sin ar aird toisc nach sealbhóir ar gnáth-cheadúnas é, measfar gur mhainnigh sé an ceadúnas sin a thabhairt ar aird de réir bhrí an ailt seo.

(4) I gcás duine a chúiseamh i gcion faoin alt seo arb éard é gur mhainnigh sé gnáth-cheadúnas a thabhairt ar aird i leith innill sceidealta a bhí ina sheilbh, is cosaint mhaith a chruthú go raibh an t-inneall sceidealta ina sheilbh aige mar dhéantóir nó mar dhíoltóir an innill sin agus nach lena úsáid a bhí sé ina sheilbh aige.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hinnill sceidealta a úsáid in uiscí taoide speisialta nó in uiscí breac sceidealta.

Ceadúnais áitiúla speisialta a thabhairt ar aird.

304. —(1) San alt seo, ní fholaíonn an abairt “duine údaraithe” maor uisce príobháideach.

(2) Féadfaidh aon duine údaraithe a éileamh ar aon duine a bheidh ag iascaireacht in uiscí taoide speisialta nó a mbeidh aon inneall iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil ina sheilbh aige sna huiscí taoide speisialta sin nó ina gcóngar, a cheadúnas áitiúil speisialta a thabhairt ar aird, agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin an ceadúnas sin a thabhairt ar aird san áit sin agus an tráth sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(3) I gcás ina ndéanfaidh aon duine ar a n-éileofar go dleathach faoin alt seo a cheadúnas áitiúil speisialta a thabhairt ar aird an ceadúnas sin a thabhairt ar aird ach go ndiúltóidh sé nó g mainneoidh sé a cheadú don duine údaraithe a dhéanfaidh an t-éileamh sin an ceadúnas sin a léamh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(4) Aon uair a éileofar go dleathach faoin alt seo ar dhuine a cheadúnas áitiúil speisialta a thabhairt ar aird agus go ndiúltóidh sé nó go mainneoidh sé an ceadúnas sin a thabhairt ar aird nó go dtabharfaidh sé an ceadúnas sin ar aird ach go mainneoidh sé a cheadú don duine údaraithe a rinne an t-éileamh an ceadúnas sin a léamh, féadfaidh an duine údaraithe sin a ainm agus a sheoladh a éileamh ar an duine sin, agus má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin a ainm nó a sheoladh a thabhairt nó má thugann sé ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(5) Aon duine a chiontófar i gcion faoin alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(6) Aon duine nach ndéanfaidh a cheadúnas áitiúil speisialta a thabhairt ar aird nuair a éileofar go dleathach air faoin alt seo an ceadúnas sin a thabhairt ar aird toisc nach sealbhóir é ar cheadúnas áitiúil speisialta, measfar gur mhainnigh sé a cheadúnas áitiúil speisialta a thabhairt ar aird de réir bhrí an ailt seo.

Dliteanas ar dhaoine a bheidh ag úsáid slata breac in uiscí breac sceidealta ceadúnas a thabhairt ar aird nuair a éileofar é.

305. —(1) San alt seo folaíonn an abairt “duine údaraithe” comhalta de bhord coimeádaithe.

(2) Aon duine a bheidh ag úsáid slaite breac in aon uiscí sceidealta tabharfaidh sé a cheadúnas slaite breac ar aird d'aon duine údaraithe nuair a éileofar é, nó, más sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán é, an ceadúnas slaite bradán sin, agus má mhainníonn an duine sin é sin a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear—

(a) I gcás—

(i) inar áititheoir an duine sin ar thalamh atá tadhlach leis an gcuid de na huiscí breac sceidealta sin ina bhfaighfear ag iascaireacht é agus go bhfuil teideal aige chun cearta iascaireachta sa chuid sin, nó

(ii) gur comhalta an duine sin de theaghlach áititheoir na talún atá tadhlach leis an gcuid de na huiscí breac sceidealta sin ina bhfaighfear ag iascaireacht é agus go bhfuil teideal ag an áititheoir sin chun cearta iascaireachta sa chuid sin, nó

(iii)gur duine faoi bhun seacht mbliana déag d'aois an duine sin,

fíneáil nach lú ná sé phingin agus nach mó ná scilling amháin a chur air, nó

(b) in aon chás eile, fíneáil nach lú ná cúig scilling agus nach mó ná deich scilling a chur air.

(3) Má dhéantar duine a bheidh ag úsáid slaite breac in uiscí breac sceidealta atá i gceantar iascaigh áirithe a chúiseamh i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith a chruthú—

(a) gur comhalta é de theaghlach áititheoir na talún atá tadhlach leis an gcuid de na huiscí breac sceidealta sin ina bhfuarthas é ag úsáid na slaite breac sin, agus

(b) go bhfuil teideal ag an áititheoir sin chun cearta iascaireachta sa chuid sin agus gur sealbhóir é ar cheadúnas slaite breac (bruach-úinéir) a bhí i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'éisigh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin agus é bailí don chuid sin.

Dliteanas ar dhaoine a úsáideann innill iascaireachta oisrí ceadúnas ina leith a thabhairt ar aird nuair a éileofar é.

306. —(1) San alt seo, folaíonn an abairt “duine údaraithe” comhalta de bhord coimeádaithe.

(2) Aon duine a úsáidfidh inneall iascaireachta oisrí, nó a mbeidh inneall iascaireachta oisrí ina sheilbh aige, in iascach oisrí nó in aice le hiascach oisrí, nó a bheidh ag dul ag iascaireacht nó ag filleadh ó iascaireacht, déanfaidh sé má iarrtar sin air, an ceadúnas iascaireachta oisrí i leith an innill sin a thabhairt ar aird d'aon duine údaraithe, agus, mura ndéana, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná an dleacht cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith an cheadúnais sin agus nach mó ná dhá oiread na dleachta ceadúnais sin.

(3) Aon duine a n-éileofar go dleathach air faoin alt seo ceadúnas iascaireachta oisrí a thabhairt ar aird agus nach dtabharfaidh an ceadúnas sin ar aird mar nach bhfuil ceadúnas ar bith den sórt sin ann measfar gur mhainnigh sé an ceadúnas sin a thabhairt ar aird de réir bhrí an ailt seo.

Bealaigh éisc a iniúchadh.

307. —Beidh gach bealach éisc ar dheis a iniúchta i gcónaí ag duine údaraithe.

Pionós mar gheall ar dhaoine a bheidh ag feidhmiú a gcumhachtaí faoin gCuid seo a ionsaí nó a chosc.

308. —Má ionsaíonn nó má choisceann duine ar bith aon duine a bheidh ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an gCuid seo, beidh an duine céadluaite sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.