|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID XIX. Imeachtaí Dlí, Fíneálacha, Forghéilleadh, Fianaise, Fiosrúcháin agus Seirbheáil Doiciméad.) | Ar Aghaidh (CUID XXI. Forálacha Sealadacha.) |
AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959
[EN] | ||
[EN] |
CUID XX. Forálacha Ilghnéitheacha. | |
[EN] |
Forálacha maidir le Limistéar Mhagh Bhile. |
325. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1952” Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 (Uimh. 5 de 1952) ; | |
[EN] | tá le “Limistéar Mhagh Bhile” an bhrí atá le Líomatáiste Mhagh Bhile mar mhínítear sin le fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1952. | |
[EN] | (2) Ach amháin mar a fhoráiltear le fo-alt (3) den alt seo, ní bhainfidh an tAcht seo le Limistéar Mhagh Bhile. | |
[EN] | (3) Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo nach talamh Stáit chun críocha Chuid II den Acht Maoine Stáit, 1954 (Uimh. 25 de 1954) , aon iascach laistigh de Limistéar Mhagh Bhile a dílsíodh san Aire agus in Aireacht Tráchtála Thuaisceart Éireann faoi alt 8 d'Acht 1952. | |
[EN] |
Cosaint d'achtacháin áirithe. |
326. —(1) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann difir d'oibriú alt 8 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1938 ( Uimh. 7 de 1938 ). |
[EN] | (2) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann difir d'oibriú an reachta Bhriotánaigh (1 Vic. c. lxxxix) a ritheadh sa bhliain 1837 agus dár teideal “An Act to enable Edward Joshua Cooper Esquire to establish and protect a Salmon Fishery upon the Lakes and Rivers of Owenmore and Arrow and also within the Bay of Ballisodare in the County of Sligo in Ireland”, sa mhéid a bheidh an reacht Briotánach sin i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme. | |
[EN] |
Ceart úinéara chun ábhair a thógáil as srutháin. |
327. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo dochar do cheart aon úinéara ábhar na hábhair sin a thógáil as aon sruthán. |
[EN] |
Gníomhairí úinéirí iascaigh. |
328. —(1) Féadfaidh aon úinéir iascaigh trí chumhacht aturnae gníomhaire a cheapadh faoina láimh chun gníomhú thar a cheann chun forálacha an Achta seo a chur i bhfeidhm. |
[EN] | (2) Gach ní a ordaítear leis an Acht seo a dhéanamh ag aon duine nó maidir le haon duine féadfar é a dhéanamh go dleathach ag gníomhaire nó maidir le gníomhaire a bheidh ceaptha aige faoin alt seo, agus féadfar déileáil leis an ngníomhaire sin i ngach bealach a bhféadfaí déileáil leis an duine sin féin faoin Acht seo. | |
[EN] | (3) Beidh ag gach gníomhaire a cheapfar faoin alt seo lánchumhacht, in ainm agus thar ceann a phríomhaí, chun bheith páirteach in aon fhiosrúchán nó gníomhú air nó chun aon ghearán, achomharc, caingean, eascair, agra nó imeacht eile a thabhairt ar aghaidh, a chosaint nó cur ina aghaidh, nó chun bheith i láthair agus vótáil ag aon chruinniú agus páirt a ghlacadh ann nó chun aon ghníomh eile a dhéanamh nó a fhulaingt chun críocha an Achta seo. | |
[EN] | (4) Gach duine a cheapfaidh gníomhaire faoin alt seo beidh sé faoi cheangal ag gníomhartha an ghníomhaire sin, de réir an údaráis a cuireadh ina chlé, chomh hiomlán céanna is dá mba é an duine sin féin a ghníomhaigh amhlaidh. | |
[EN] | (5) Déanfar gach cumhacht aturnae faoin alt seo a thabhairt ar aird, a iniúchadh nó a chlárú agus déanfar cóipeanna agus sleachta de cibé tráth agus áit agus i cibé slí a ordóidh an tAire. | |
[EN] | (6) Féadfaidh cumhacht aturnae faoin alt seo a bheith san fhoirm seo a leanas— | |
[EN] | “Déanaimse, A.B. as_________________________C.D. as____________________a cheapadh leis seo le bheith mar aturnae dleathach dom chun gníomhú dom ar gach bealach ionann is dá mba mé féin a bhí i láthair agus ag gníomhú, agus déanaim an ceapachán seo faoin Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 . | |
[EN] | Arna dhátú an_______ lá seo de____________________ 19_____ | |
[EN] | (Sínithe) A.B.” | |
[EN] | (7) I gcás duine a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, ansin— | |
[EN] | (a) más gníomhaire an duine sin do dhuine eile is coimeádaí ex officio faoi alt 34, scoirfidh sé uaidh sin amach de bheith cáilithe chun gníomhú mar ghníomhaire don duine eile sin i gcáil an duine eile sin mar choimeádaí ex officio den sórt sin go ceann seacht mbliana ó dháta an chiontaithe sin, | |
[EN] | (b) beidh an duine sin dícháilithe uaidh sin amach chun a cheaptha mar ghníomhaire faoin alt seo go ceann seacht mbliana ó dháta an chiontaithe sin. |