|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Ceantair Iascaigh agus Toghranna.) | Ar Aghaidh (CUID V. Rátaí ar Iascaigh.) |
AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Boird Choimeádaithe. | |
[EN] |
Comhdhéanamh bord coimeádaithe. |
21. —(1) Beidh bord coimeádaithe ann do gach ceantar iascaigh chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Ar an mbord coimeádaithe do cheantar iascaigh beidh— | |
[EN] | (a) comhaltaí tofa, is é sin, coimeádaithe de thuras na huaire do gach ceann de na toghranna atá sa cheantar iascaigh, | |
[EN] | (b) coimeádaithe ex officio don cheantar iascaigh sin, | |
[EN] | (c) comhaltaí ex officio (más ann) arna gceapadh faoi ailt 36, 37 nó 38, agus | |
[EN] | (d) an uimhir ionadaithe (más aon ionadaí é) do shealbhóirí ceadúnas slaite breac a luaitear in alt 39. | |
Coimeádaithe do thoghranna. | ||
[EN] |
Coimeádaithe do thoghranna a thoghadh gach bliain toghcháin. |
22. —Gach bliain toghcháin déanfar toghchán coimeádaithe do gach toghroinn a chur ar siúl de réir an Achta seo. |
[EN] |
An líon coimeádaithe do thorghanna. |
23. —(1) Faoi réir ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, is é líon coimeádaithe a bheidh ann do gach toghroinn dá n-ainmnítear i gcolún (5) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon atá leagtha amach i gcolún (7) den Sceideal sin os coinne lua na toghroinne sin. |
[EN] | (2) (a) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is cuí leis é, an líon coimeádaithe d'aon toghroinn a athrú, le hordú, ach ní dhéanfar le haon ordú den sórt sin an líon coimeádaithe sin a mhéadú os cionn naonúr ná a laghdú faoi bhun triúir. | |
[EN] | (b) Gach ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo i leith toghroinne tiocfaidh sé i ngníomh ag an gcéad toghchán tríbhliantiúil le haghaidh coimeádaithe don toghroinn sin a chuirfear ar siúl tar éis dáta an ordaithe. | |
[EN] | (c) Ní bhainfidh an fo-alt seo le dhá thoghroinn taoide Cheantar Uimh. 8 nó Cheantar Luimnigh. | |
[EN] |
An toghlach do thoghchán coimeádaithe do thoghroinn agus scála na vótaí. |
24. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn an abairt “ceadúnas eiscithe” aon cheadúnas arb éard é— | |
[EN] | (a) ceadúnas iascaireachta a eisíodh i mbliain toghcháin, ach tar éis an 31ú lá d'Iúil an bhliain sin, nó | |
[EN] | (b) ceadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse nach giorra ná bliain, nó | |
[EN] | (c) gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh bliana áirithe agus a eisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Limistéar an Fheabhail) atá bailí ar feadh na bliana sin, nó | |
[EN] | (d) ceadúnas slaite bradán ar ráta laghdaithe dleachta ceadúnais is iníoctha ina leith faoi fho-alt (5) d'alt 74, nó | |
[EN] | (e) ceadúnas slaite breac; | |
[EN] | ciallaíonn an abairt “dleacht cheadúnais bharúlach”, maidir le ceadúnais áitiúil speisialta á údarú inneall iascaireachta de chineál áirithe a úsáid, an tsuim dob iníoctha mar dhleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin dá mba ghnáth-cheadúnas iascaireachta é á údarú inneall iascaireachta den chineál céanna a úsáid. | |
[EN] | (2) Gach duine (seachas an tAire) is sealbhóir ar ghnáthcheadúnas iascaireachta amháin nó níos mó nó ar cheadúnais iascaireachta oisrí amháin nó níos mó (nach ceadúnais eiscithe) atá bailí nó a bhfuil gach ceann díobh bailí ar feadh bliain toghcháin áirithe agus a eisíodh i dtoghroinn áirithe, beidh sé i dteideal vótáil go pearsanta sa toghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl an bhliain sin don toghroinn sin agus beidh vóta nó vótaí aige ann de réir an scála seo a leanas— | |
[EN] | más lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), vóta amháin, | |
[EN] | más lú ná sé phunt ach nach lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), dhá vóta, | |
[EN] | más lú ná deich bpunt ach nach lú ná sé phunt an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), trí vóta, | |
[EN] | mura lú ná deich bpunt an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), ceithre vóta. | |
[EN] | (3) (a) Má tá an tAire ina shealbhóir ar ghnáth-cheadúnas iascaireachta amháin nó níos mó atá bailí nó a bhfuil gach ceann díobh bailí ar feadh bliain toghcháin áirithe agus a eisíodh i dtoghroinn áirithe, beidh sé i dteideal vótáil, trí sheachvótalaí arna cheapadh aige, i dtoghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl an bhliain sin don toghroinn sin agus in aghaidh gach ceadúnais den sórt sin beidh vóta nó vótaí aige ann de réir an scála seo a leanas— | |
[EN] | más lú na trí phunt an dleacht cheadúnais ina leith, vóta amháin, | |
[EN] | más lú ná sé phunt ach nach lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais ina leith, dhá vóta, | |
[EN] | más lú ná deich bpunt ach nach lú ná sé phunt an dleacht cheadúnais ina leith, trí vóta, | |
[EN] | mura lú ná deich bpunt an dleacht ceadúnais ina leith, ceithre vóta. | |
[EN] | (b) Ní gá stampa ar ionstraim cheaptha seachvótálaí faoi mhír (a) den fho-alt seo. | |
[EN] | (4) Gach duine is sealbhóir ar cheadúnas áitiúil speisialta amháin nó níos mó (nach ceadúnais eiscithe) atá bailí nó a bhfuil gach ceann díobh bailí ar feadh bliain toghcháin áirithe i leith uiscí taoide speisialta i dtoghroinn áirithe, beidh sé i dteideal vótáil go pearsanta sa toghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl an bhliain toghcháin sin don toghroinn sin agus beidh vóta nó vótaí aige ann de réir an scála seo a leanas— | |
[EN] | más lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais bharúlach i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais barúlacha i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), vóta amháin, | |
[EN] | más lú ná sé phunt ach nach lú ná trí phunt an dleacht cheadúnais bharúlach i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais barúlacha i leith na gceadúnas sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), dhá vóta, | |
[EN] | más lú ná deich bpunt ach nach lú ná sé phunt an dleacht cheadúnais bharúlach i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige) nó suim na ndleachtanna ceadúnais barúlacha sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), trí vóta, | |
[EN] | mura lú ná deich bpunt an dleacht cheadúnais bharúlach i leith an cheadúnais sin (i gcás gan ach ceann amháin a bheith aige, nó suim na ndleachtanna ceadúnais barúlacha sin go léir (i gcás níos mó ná ceann amháin a bheith aige), ceithre vóta. | |
[EN] | (5) Má bhíonn duine is áititheoir rátaithe ar iascach (ar lú ná caoga punt a luacháil inrátaithe) i dtoghroinn áirithe tar éis an ráta iascaigh a íoc ar an iascach sin in aghaidh na bliana iascaigh deiridh roimh an mbliain toghcháin sin agus gur punt nó níos mó méid an ráta iascaigh sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas— | |
[EN] | (a) beidh an duine sin nó a ghníomhaire a bheidh ceaptha go cuí faoi alt 328 i dteideal vótáil sa toghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl an bhliain toghcháin sin don toghroinn sin agus beidh sé i dteideal, i dteannta aon vóta nó vótaí chun a mbeidh teideal aige faoi fho-alt (2) den alt seo, vóta nó vótaí a bheith aige ann de réir an scála seo a leanas— | |
[EN] | (i) más lú ná trí phunt méid an ráta iascaigh sin, vóta amháin, | |
[EN] | (ii) más lú ná sé phunt ach nach lú ná trí phunt an méid sin, dhá vóta, | |
[EN] | (iii) más lú ná deich bpunt ach nach lú ná sé phunt an méid sin, trí vóta, | |
[EN] | (iv) mura lú ná deich bpunt an méid sin, ceithre vóta, | |
[EN] | (b) is leor-fhianaise ar cheart an duine sin nó a aturnae nó a ghníomhaire chun votáil sa toghchán sin admháil ar an dara leath den ráta iascaigh sin a thabhairt ar aird. | |
[EN] | (6) Ní bheidh aon duine i dteideal vótáil i dtoghchán coimeádaithe a chuirfear ar siúl bliain toghcháin áirithe do thoghroinn áirithe, ach amháin duine a bheidh i dteideal vótáil sa toghchán sin de bhua an ailt seo. | |
[EN] | (7) San Acht seo, forléireofar tagairtí do thoghlach toghroinne do bhliain toghcháin mar thagairtí do na daoine a bheidh, de bhua an ailt seo, i dteideal vótáil sa toghchán coimeádaithe don toghroinn sin a chuirfear ar siúl an bhliain sin. | |
[EN] |
Cáilíocht chónaithe nó cáilíocht mhaoine coimeádaithe. |
25. —Ní bheidh aon duine incheaptha chun oifig choimeádaí do thoghroinn mura bhfuil cónaí air nó maoin réadach aige sa cheantar iascaigh ina bhfuil an toghroinn sin. |
[EN] |
Dícháiliú chun duine a thoghadh mar choimeádaí. |
26. —I gcás duine a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, beidh sé, ar a chiontú amhlaidh, dícháilithe chun a thofa ina chomhalta de bhord coimeádaithe go ceann tréimhse seacht mbliana ó dháta an chiontaithe. |
[EN] |
Toghcháin tríbhliantúla choimeádaithe. |
27. —(1) Déanfaidh gach bord coimeádaithe, gach bliain toghcháin, cibé lá i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain toghcháin sin agus cibé am agus áit is cuí leis, a cheapadh, i leith gach toghroinne is cuid dá cheantar iascaigh, chun cruinniú a thionól de thoghlach na toghroinne sin don bhliain toghcháin sin, agus foilseoidh sé i dhá nuachtán nó níos mó a léitear ina cheantar iascaigh fógra ceithre lá dhéag ina n-inseofar an lá, an t-am agus an áit a cheapfaidh sé amhlaidh. |
[EN] | (2) Mura gceapfaidh bord coimeádaithe, de réir fho-alt (1) den alt seo, lá, am agus áit chun cruinniú a thionól de thoghlach toghroinne d'aon bhliain toghcháin, féadfaidh an tAire an lá, an t-am agus an áit sin a cheapadh. | |
[EN] | (3) An lá agus an t-am agus an áit a cheapfar faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo chun cruinniú a thionól de thoghlach toghroinne d'aon bhliain toghcháin, tionólfar an cruinniú sin agus toghfar aige an líon coimeádaithe is iomchuí don toghroinn sin. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le gach toghchán coimeádaithe do thoghroinn a chuirfear ar siúl, de bhun an Achta seo, bliain toghcháin ag cruinniú de thoghlach na toghroinne sin don bhliain toghcháin sin:— | |
[EN] | (a) san fho-alt seo ciallaíonn an focal “toghthóir” duine den toghlach sin agus, más toghthóir an tAire, folaíonn sé seachvótálaí don Aire, | |
[EN] | (b) ní bheidh duine ar bith seachas an tAire i dteideal vótáil trí sheachvótálaí, | |
[EN] | (c) toghfaidh na toghthóirí a bheidh i láthair ag an gcruinniú duine dá líon ina chathaoirleach ar an gcruinniú. | |
[EN] | (d) beidh gach toghthóir a bheidh i láthair ag an gcruinniú i dteideal vótáil ann, de réir fhorálacha alt 24, | |
[EN] | (e) a luaithe is féidir tar éis críochnú an toghcháin, comhairfidh an cathaoirleach na vótaí a fuarthas agus fogróidh sé toradh an toghcháin, | |
[EN] | (f) déanfaidh an cathaoirleach ansin toghadh gach coimeádaí a dheimhniú faoina láimh agus deimhniú a thabhairt dó a bheidh ina leorfhianaise gur toghadh é, | |
[EN] | (g) laistigh de cheithre lá tar éis an chruinnithe, cuirfidh an cathaoirleach cuntas chun an Aire ina dtaispeánfar ainm, áit chónaithe agus baile poist gach coimeádaí a toghadh, | |
[EN] | (h) má fhaillíonn na toghthóirí freastal ar an gcruinniú sin nó mura dtoghfaidh siad coimeádaithe, féadfaidh coimeádaithe aon toghroinne nó toghranna eile sa cheantar iascaigh céanna dá dtoghfar coimeádaithe an bhliain toghcháin sin gníomhú, mar sin féin, i ngach ábhar agus ní a bhaineann leis an gceantar sin. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina mbeidh cibé forálacha, nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo, is cuí leis maidir le toghcháin na gcoimeádaithe do thoghroinn agus déanfar gach toghchán den sórt sin de réir na rialachán sin. | |
[EN] |
Athchoimeádaithe le gníomhú mura mbíonn toghchán ann. |
28. —Más rud é go mbeidh an toghlach do na toghranna go léir i gceantar iascaigh gan coimeádaithe a thoghadh aon bhliain toghcháin faoi alt 27, fanfaidh na comhaltaí tofa a bheidh roimhe sin ar an mbord coimeádaithe don cheantar iascaigh sin i seilbh oifige agus measfar gurb í an bhliain toghcháin sin a toghadh iad mar chomhaltaí tofa den sórt sin. |
[EN] |
Téarma oifige coimeádaithe. |
29. —Beidh gach coimeádaí tofa toghroinne, murab éag, éirí as nó teacht faoi dhícháilíocht roimhe sin dó, i seilbh oifige ón gcéad lá i ndiaidh dáta a thofa go dtí meán oíche an lae ar a gcuirfear an chéad toghchán eile coimeádaithe don toghroinn iomchuí ar siúl de bhun alt 27. |
[EN] |
Comhalta tofa de bhord coimeádaithe a bheith dícháilithe ar a chiontú i gcion. |
30. —I gcás duine is comhalta tofa de bhord coimeádaithe a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, scoirfidh sé, ar a chiontú amhlaidh, de bheith ina chomhalta den bhord sin. |
[EN] |
Coimeádaí nach bhfreastalóidh ar chruinnithe a bheith dícháilithe. |
31. —(1) Aon choimeádaí do thoghroinn a fhanfaidh as láthair ar feadh tréimhse sé mhí as a chéile ó chruinnithe uile an bhoird don cheantar iascaigh ina bhfuil an toghroinn sin agus ó chruinnithe uile na gcoimeádaithe don toghroinn sin, beidh sé dícháilithe chun leanúint de bheith ina chomhalta den bhord sin agus i gceann coicíse tar éis deireadh na tréimhse sin tiocfaidh a ionad ar an mbord sin chun bheith, agus beidh sé, folamh faoi réir an ailt seo. |
[EN] | (2) Aon uair a bheidh comhalta de bhord coimeádaithe ar thob, nó tar éis, a dhícháilithe faoi fho-alt (1) den alt seo chun leanúint de bheith ina chomhalta den bhord sin, féadfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná coicís tar éis deireadh na tréimhse a luaitear san fho-alt sin (1) agus más dóigh leis go mbeadh sé ceart aige mar gheall ar chúrsaí speisialta an cháis, cibé tréimhse bhreise is cuí leis a chur leis an tréimhse sin, agus air sin beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin (1) sa chás áirithe sin ionann is dá gcuirfí an tréimhse fhadaithe sin in ionad na tréimhse sin de shé mhí as a chéile, ach ní dhéanfar aon tréimhse sé mhí as a chéile den sórt sin a fhadú níos mó ná uair amháin faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] |
Coimeádaí toghroinne d'éirí as oifig. |
32. —(1) Féadfaidh coimeádaí do thoghroinn éirí as oifig tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a sheachadadh do chléireach bhord coimeádaithe an cheantar iascaigh ina bhfuil an toghroinn sin agus sa chás sin measfar (mura ndéantar an fógra a tharraingt siar roimhe sin) a éirí as a theacht in éifeacht i dtosach an chéad chruinniú a bheidh ag an mbord sin tar éis an fógra sin a sheachadadh. |
[EN] | (2) Féadfar fógra éirí as faoin alt seo a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a sheachadadh do chléireach an bhoird choimeádaithe dár comhalta coimeádaí an fhógra a thabhairt agus é a sheachadadh dó roimh thosach an chéad chruinniú den bhord sin a thionólfar tar éis an fógra éirí as a sheachadadh. | |
[EN] | (3) Féadfar fógra faoin alt seo a sheachadadh do chléireach an bhoird choimeádaithe dár comhalta coimeádaí an fhógra a thabhairt trína fhágáil dó ina oifig nó trína chur le litir-phost réamhíoctha i gclúdach faoi sheoladh an chléirigh ag a oifig. | |
[EN] |
Corrfholuntais i measc comhaltaí tofa. |
33. —(1) Aon uair le linn téarma oifige aon bhoird choimeádaithe go dtarlóidh ionad aon chomhalta thofa den bhord a bheith folamh trí bhás, éirí as oifig, éagumas, nó dícháiliú, beidh sé dleathach do na comhaltaí eile den bhord nó cibé méid acu bheidh i láthair, trí rún a rithfear go cuí ag cruinniú den bhord, duine a thoghadh chun bheith ina chomhalta den bhord ar feadh a mbeidh gan chaitheamh de théarma oifige an bhoird in ionad an chomhalta a mbeidh a ionad folamh amhlaidh, agus líonfar aon chorrfholúntas den chineál sin ag, nó roimh, an dara cruinniú a bheidh ag an mbord tar éis an folúntas sin tarlú. |
[EN] | (2) Nuair a tharlóidh ionad aon chomhalta de bhord coimeádaithe a bheith folamh mar a dúradh, féadfaidh na comhaltaí eile den bhord fanacht ag gníomhú, d'ainneoin an fholúntais sin, go dtí go líonfar an folúntas faoin alt seo. | |
[EN] | Coimeádaithe ex officio. | |
[EN] |
Aititheoirí rátaithe áirithe a bheith ina gcoimeádaitheex officio. |
34. —Faoi réir alt 35, is coimeádaí ex officio do cheantar iascaigh gach duine is áititheoir rátaithe ar cheart eisiatach iascaigh nó ar chearta eisiatacha iascaigh (ar caoga punt nó níos mó a luacháil inrátaithe nó iomlán a luachálacha inrátaithe) sa cheantar iascaigh sin, ach má bhíonn beirt nó níos mó ná beirt áititheoir rátaithe den chineál sin ann ní bheidh thar duine amháin acu i dteideal gníomhú aon am áirithe mar choimeádaí ex officio i leith an iascaigh nó na n-iascach sin. |
[EN] |
Dícháiliú chun gníomhú mar choimeádaí ex officio. |
35. —(1) Ní mheasfar duine ar bith a bheith ina chomhalta ex officio de bhord coimeádaithe faoi alt 34 an fad a bheidh aon dliteanas a bheidh ar an duine sin i leith ráta iascaigh is iníoctha aige leis an mbord sin gan urscaoileadh ar feadh tréimhse is faide ná ceithre lá dhéag ó dháta an ráta iascaigh sin a theacht chun bheith iníoctha. |
[EN] | (2) I gcás— | |
[EN] | (a) duine a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, agus | |
[EN] | (b) seilbh a bheith ag an duine sin ar dháta an chiontaithe sin, nó é a theacht dá éis sin chun bheith ina áititheoir rátaithe (ina aonar nó in éineacht le daoine eile), ar iascach eisiatach nó ar iascaigh eisiatacha ar caoga punt nó níos mó a luacháil inrátaithe nó iomlán a luachálacha inrátaithe. | |
[EN] | beidh an duine sin dícháilithe chun gníomhú mar choimeádaí ex officio faoi alt 34 go ceann tréimhse seacht mbliana ó dháta an chiontaithe sin. | |
[EN] | Comhaltaí ex officio | |
[EN] |
Comhaltaí ex officioa cheapadh i leith iascaigh na Sionainne. |
36. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 34 maidir le haon iascach a áirítear de thuras na huaire ar iascaigh na Sionainne (de réir bhrí Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 (Uimh. 4 de 1935) ) agus ina ionad sin achtaítear leis seo— |
[EN] | (a) má bhíonn agus an fad a bheidh Bord Soláthair an Leictreachais mar úinéir, nó léasaí nó áititheoir ar aon iascach den sórt sin arbh iascach eisiatach é an lú lá d'Eanáir, 1931, agus nár lú ná caoga punt a luacháil faoi na hAchtanna Luachála ar an dáta sin, beidh an Bord sin i dteideal duine amháin a ainmniú chun bheith ina chomhalta ex officio i leith an iascaigh sin de bhord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin, | |
[EN] | (b) má bhíonn agus an fad a bheidh an Bord sin mar úinéir, nó léasaí nó áititheoir ar roinnt iascach den sórt sin sa cheantar iascaigh céanna arbh iascaigh eisiatach a iad an lú lá d'Eanáir, 1931, agus a bhí ar an dáta sin ar úinéireacht nó ar sealúchas nó ar áitiú ag an duine céanna agus nár lú ná caoga punt comhiomlán a luachálacha faoi na hAchtanna Luachála ar an dáta sin, beidh an Bord sin i dteideal duine amháin a ainmniú chun bheith ina chomhalta ex officio i leith na n-iascach sin de bhord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin. | |
[EN] | (2) Má bhíonn Bord Soláthair an Leictreachais i dteideal faoi fho-alt (1) den alt seo dhá chomhalta ex officio nó níos mó de bhord coimeádaithe a ainmniú, féadfaidh an Bord sin, in ionad an dá chomhalta sin nó níos mó a ainmniú, gan ach comhalta amháin a ainmniú chun bheith ina chomhalta ex officio den bhord coimeádaithe sin, agus i gcásanna den sórt sin beidh ag an duine amháin sin, agus beidh infheidhmithe aige, ag cruinnithe den bhord coimeádaithe sin uimhir vótaí a bheidh comhionann leis an líon comhaltaí ex officio den bhord coimeádaithe sin a bheidh an Bord sin i dteideal de thuras na huaire a ainmniú faoin bhfo-alt sin. | |
[EN] |
Comhaltaí ex officioa cheapadh i leith iascach eile a gheobhaidh Bord Soláthair an Leictreachais. |
37. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 34 maidir le haon iascach a thógfaidh Bord Soláthair an Leictreachais faoi Chuid III den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 (Uimh. 12 de 1945) , agus ina ionad sin achtaítear leis seo— |
[EN] | (a) má bhíonn agus an fad a bheidh an Bord sin mar úinéir, léasaí nó áititheoir ar aon iascach den sórt sin arbh iascach eisiatach é an lú lá d'Eanáir, 1931, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhforáil seo a leanas, is é sin le rá, aon uair ar an dáta ar a ngearrfaidh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin an ráta iascaigh d'aon bhliain iascaigh, nach lú ná caoga punt luacháil an iascaigh sin faoi na hAchtanna Luachála, beidh an Bord sin i dteideal duine amháin a ainmniú chun bheith, go dtí go ngearrfar amhlaidh an chéad ráta iascaigh eile, ina chomhalta ex officio, i leith an iascaigh sin, de bhord coimeádaithe an cheantair ina bhfuil an t-iascach sin, agus | |
[EN] | (b) má bhíonn agus an fad a bheidh an Bord sin mar úinéir, léasaí nó áititheoir ar dhá iascach nó níos mó den sórt sin sa cheantar iascaigh céanna arbh iascach eisiatach gach ceann ar leith díobh an lú lá d'Eanáir, 1931, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá, aon uair, ar an dáta ar a ngearrfaidh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin an ráta iascaigh d'aon bhliain iascaigh, nach lú ná caoga punt comhiomlán luachálacha na n-iascach sin faoi na hAchtanna Luachála, beidh an Bord sin i dteideal duine amháin a ainmniú chun bheith, go dtí go ngearrfar amhlaidh an chéad ráta iascaigh eile, ina chomhalta ex officio, i leith na n-iascach sin, de bhord coimeádaithe an cheantair ina bhfuil na hiascaigh sin. | |
[EN] | (2) Má bhíonn Bord Soláthair an Leictreachais i dteideal, faoi fho-alt (1) den alt seo, dhá chomhalta ex officio nó níos mó de bhord coimeádaithe a ainmniú, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:— | |
[EN] | (a) beidh an Bord sin i dteideal cibé méid comhaltaí ex officio (cibé acu comhalta amháin nó níos mó ná sin é) den bhord coimeádaithe sin a ainmniú a mheasfaidh an Bord sin is ceart, ach gan dul thar an méid iomlán comhaltaí den sórt sin a bheidh an Bord sin i dteideal a ainmniú faoin bhfo-alt sin; | |
[EN] | (b) gach comhalta ex officio den bhord coimeádaithe sin a ainmneoidh an Bord sin amhlaidh, ainmneofar é mar ionadaí d'aon iascach nó grúpa iascach amháin nó níos mó a shonrófar agus a mbeidh an Bord sin i dteideal, faoin bhfo-alt sin, comhaltaí ex officio den bhord coimeádaithe sin a ainmniú ina leith, ach sin i slí go mbeidh na comhaltaí ex officio sin a ainmneofar amhlaidh ina n-ionadaithe eatarthu do na hiascaigh nó na grúpaí iascach go léir a mbeidh an Bord sin i dteideal mar a dúradh comhaltaí ex officio den bhord coimeádaithe sin a ainmniú ina leith; | |
[EN] | (c) gach comhalta ex officio den bhord coimeádaithe sin a ainmneoidh an Bord sin amhlaidh, beidh aige, agus beidh infheidhmithe aige, ag cruinnithe den bhord coimeádaithe sin uimhir vótaí is ionann agus an uimhir (cibé acu ceann amháin nó níos mó é) d'iascaigh nó de ghrúpaí iascach dá mbeidh sé ainmnithe faoi mhír (b) den fho-alt seo mar ionadaí. | |
[EN] |
Ainmniú comhaltaí ex officio ag an Aire. |
38. —(1) Más rud é, ar an dáta a ngearrfaidh bord coimeádaithe an ráta iascaigh d'aon bhliain iascaigh, nach lú ná caoga punt an luacháil faoi na hAchtanna Luachála ar aon iascach dílsithe i gceantar iascaigh an bhoird sin, féadfaidh an tAire duine amháin a ainmniú mar ionadaí uaidh chun bheith, go dtí go ngearrfaidh an bord sin an chéad ráta iascaigh eile, ina chomhalta ex officio den bhord sin i leith an iascaigh sin. |
[EN] | (2) I gcás— | |
[EN] | (a) dhá iascach dhílsithe nó níos mó sa cheantar iascaigh céanna a dhílsiú san Aire ar an dáta céanna, agus | |
[EN] | (b) na hiascaigh sin a bheith díreach roimh iad a dhílsiú amhlaidh ar úinéireacht nó ar áitiú ag an duine céanna, | |
[EN] | ansin, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, measfar gurb aon iascach amháin na hiascaigh sin agus gurb é a luacháil inrátaithe luacháil inrátaithe chomhiomlán na n-iascach sin go léir. | |
[EN] | (3) I gcás aon iascach dílsithe a bheith ar léas de thuras na huaire nó a bheith ina iascach neamhúsáidte de thuras na huaire, ansin, chun críocha fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, measfar gur neamhní luacháil inrátaithe an iascaigh sin. | |
[EN] | (4) I gcás an tAire a bheith i dteideal, faoi fho-alt (1) den alt seo, comhaltaí ex officio de dhá bhord coimeádaithe nó níos mó a ainmniú, féadfaidh sé an duine céanna a ainmniú chun bheith ina chomhalta ex officio de gach bord ar leith acu sin. | |
[EN] | (5) I gcás an tAire a bheith i dteideal, faoi fho-alt (1) den alt seo, dhá chomhalta ex officio nó níos mó de bhord coimeádaithe a ainmniú, féadfaidh sé gan ach duine amháin a ainmniú, agus, sa chás sin, beidh ag an duine amháin sin agus beidh infheidhmithe aige, ag cruinnithe den bhord sin, uimhir vótaí is ionann agus an uimhir de na comhaltaí ex officio den bhord sin a bheidh an tAire i dteideal a ainmniú de thuras na huaire. | |
[EN] | (6) San alt seo tá leis na habairtí “iascach dílsithe” agus “iascach neamhúsáidte” na bríonna chéanna atá leo faoi seach i gCuid XII. | |
[EN] | Ionadaíocht ag duánaithe breac ar bhord coimeádaithe. | |
[EN] |
Ionadaíocht ag duánaithe breac ar bhord coimeádaithe. |
39. —(1) Más rud é go mbeidh in aon cheantar iascaigh an uimhir de cheadúnais slaite breac a eiseofar aon bhliain ina mbeidh toghchán do bhord coimeádaithe don cheantar sin comhionann le caoga faoin gcéad ar a laghad den uimhir de cheadúnais slaite bradán a eisíodh sa cheantar sin i gcaitheamh na bliana sin agus ar ar íocadh dleacht cheadúnais dhá phunt, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:— |
[EN] | (a) i gcás nach mbeidh uimhir na gceadúnas slaite breac sin níos mó ná seachtó a cúig faoin gcéad d'uimhir na gceadúnas slaite bradán sin, féadfaidh sealbhóirí na gceadúnas slaite breac sin duine dá líon a thoghadh mar ionadaí chun suí ar an mbord coimeádaithe sin; | |
[EN] | (b) i gcás ar bith eile, féadfaidh na sealbhóirí sin beirt dá líon a thoghadh mar ionadaithe chun suí ar an mbord coimeádaithe sin. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le haon duine a thoghfar faoi fho-alt (1) den alt seo aon bhliain mar ionadaí chun suí ar an mbord coimeádaithe do cheantar:— | |
[EN] | (a) faoi réir fhorálacha an Achta seo, suífidh an duine sin agus gníomhóidh sé mar choimeádaí ar an mbord sin agus beidh sé ina dhuine breise ar an líon coimeádaithe a bheidh le toghadh don cheantar sin faoin Acht seo; | |
[EN] | (b) beidh an duine sin i seilbh oifige, mura dtarlóidh roimhe sin é d'fháil bháis nó é d'éirí as oifig nó é d'éirí éagumasach nó a theacht faoi dhícháilíocht, ar feadh tréimhse oifige na ngnáth-choimeádaithe a thoghfar don cheantar sin an bhliain a thoghfar an duine sin; | |
[EN] | (c) más rud é, le linn a thréimhse oifige, go bhfaighidh an duine sin bás, go n-éireoidh sé as oifig nó go n-éireoidh sé éagumasach, nó go dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht chun gníomhú mar choimeádaí, féadfaidh an bord sin ag an dara cruinniú tar éis é d'fháil bháis, nó d'éirí as oifig, d'éirí éagumasach nó a theacht faoi dhícháilíocht amhlaidh, nó roimh an gcruinniú sin, duine eile, is sealbhóir ar cheadúnas slaite breac a d'eisigh an bord sin, a chomhthoghadh ina ionad chun an folúntas, a tharla de dheasca é d'fháil bháis, d'éirí as oifig, d'éirí éagumasach nó a theacht faoi dhícháilíocht amhlaidh, a líonadh ar feadh a mbeidh gan chaitheamh de thréimhse oifige an bhoird sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, cibé forálacha a dhéanamh is cuí leis maidir le toghcháin faoi fho-alt (1) den alt seo, agus déanfar gach toghchán den sórt sin de réir na rialachán sin. | |
[EN] | (4) In aon toghchán faoi fho-alt (1) den alt seo beidh duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite breac i dteideal vóta amháin agus sin an méid, cibé acu is sealbhóir é ar níos mó ná ceadúnas slaite breac amháin nó nach ea. | |
[EN] | (5) San alt seo ní fholóidh an abairt “ceadúnais slaite breac” ceadúnais slaite breac (sóisear). | |
[EN] | Oifigigh agus Seirbhísigh. | |
[EN] |
Oifigigh bhord coimeádaithe. |
40. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo féadfaidh bord coimeádaithe cléireach nó cléirigh a cheapadh agus cibé líon cigirí agus maor uisce is dóigh leis an mbord a bheith riachtanach chomh fada is a bheidh sin d'acmhainn ag na cistí a bheidh faoina réir ag an mbord, ach sin an méid, chun na hiascaigh ina gceantar a chosaint agus chun an tAcht seo a chur i bhfeidhm go ginearálta sa cheantar sin. |
[EN] | (2) Beidh gach ceapachán cléirigh nó oifigigh nó seirbhísigh eile a dhéanfaidh bord coimeádaithe agus tuarastal, liúntais agus seilbh oifige gach duine a cheapfar amhlaidh faoi réir fhormheas an Aire, agus ní thiocfaidh aon cheapachán den sórt sin in éifeacht mura gcuirfear agus go dtí go gcuirfear formheas an Aire air in iúl i scríbhinn don bhord. | |
[EN] | (3) Tógfaidh bord coimeádaithe ó aon chléireach agus ó aon oifigeach nó duine eile a bheidh ag fáil airgid don bhord leor-urrús go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go cuí agus go dtabharfaidh sé cuntas cuí san airgead sin. | |
[EN] | (4) Ní fhoirceannfar tréimhse oifige chléirigh ná aon oifigigh nó seirbhísigh eile do bhord coimeádaithe ar an aonchúis gur scoir comhaltaí an bhoird sin dá n-oifig nó gur cuireadh as oifig iad. | |
[EN] | (5) Féadfaidh bord coimeádaithe ó am go ham aon oifigeach nó seirbhíseach a chur as oifig. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar bhord coimeádaithe aon chléireach nó oifigeach nó seirbhíseach eile don bhord a fhionraí ó dhualgas nó a dhífhostú agus más rud é go bhfailleoidh bord coimeádaithe ar fead tréimhse míosa fógra faoin alt seo a chomhlíonadh féadfaidh an tAire féin, le hordú, an cléireach nó an t-oifigeach nó an seirbhíseach eile a luafar sin fhógra a fhionraí ó dhualgas nó a dhífhostú. | |
[EN] | (7) Déanfar gach ionstraim lena gceapfaidh bord coimeádaithe aon chisteoir, cléireach, cigire, maor uisce nó oifigeach eile— | |
[EN] | (a) a ullmhú agus a chló san fhoirm fhorordaithe, | |
[EN] | (b) a shéalú le séala an bhoird, agus | |
[EN] | (c) a shíniú ag triúr comhaltaí ar a laghad den bhord. | |
[EN] | (8) Beidh gach ionstraim cheapacháin ó bhord coimeádaithe a airbheartóidh a bheith séalaithe le séala an bhoird ina leorfhianaise ar an gceapachán sin. | |
[EN] | (9) Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar ionstraim cheapacháin ó bhord coimeádaithe. | |
[EN] | (10) Ní bheidh aon chomhalta de bhord coimeádaithe incháilithe le haghaidh aon oifig íoctha faoin mbord. | |
[EN] |
Dualgais chléireach bhord coimeádaithe. |
41. —(1) Déanfaidh cléireach bhord coimeádaithe— |
[EN] | (a) freastal ar chruinnithe uile an bhoird, | |
[EN] | (b) cuntas fíor a bhreacadh agus a choimeád, i leabhar nó i leabhair a sholáthrófar chuige sin, ar an airgead a fuair an bord agus ar a úsáid, agus ar ghníomhartha, imeachtaí agus idirbhearta uile an bhoird, | |
[EN] | (c) cibé dualgais eile a chomhlíonadh a ordóidh an bord, | |
[EN] | (d) cuntas a thabhairt don Aire gach bliain nó a mhinice a iarrfaidh an tAire é ar an airgead uile a fuarthas agus a íocadh i leith cheantar iascaigh an bhoird. | |
[EN] | (2) Aon uair a thairgfear ag cruinniú de bhord coimeádaithe aon ghníomh, ní nó rud a dhéanamh a mbeidh íocaíocht neamhdhleathach le déanamh dá dhroim as cistí an bhoird sin, nó ar dóigh easnamh sna cistí sin nó caillteanas dóibh a theacht dá chionn, beidh de dhualgas ar chléireach an bhoird sin agóid a dhéanamh i gcoinne an gníomh, an ní nó an rud sin a dhéanamh agus forais na hagóide sin a lua, agus déanfar an agóid sin agus a forais agus, má thugtar cinneadh ar an tairiscint sin, ainmneacha na gcomhaltaí den bhord sin a bhí i láthair agus na gcomhaltaí díobh a vótáil ar thaobh an chinnte sin nó ina choinne agus na gcomhaltaí díobh nár vótáil ar an gcinneadh sin a thaifeadadh ar mhiontuairiscí an chruinnithe sin, | |
[EN] | Forálacha Airgeadais. | |
[EN] |
Cisteoir an bhoird. |
42. —Féadfaidh bord coimeádaithe banc a cheapadh chun ghíomhú mar chisteoir dó. |
[EN] |
Dleachtanna ceadúnais, etc., a íoc leis an gcisteoir. |
43. —Déanfar an t-airgead go léir a gheobhaidh bord coimeádaithe nó a gheofar thar a cheann faoin Acht seo a íoc le cisteoir an bhoird. |
[EN] |
Iocaíochtaí ón gcisteoir. |
44. —Déanfaidh cisteoir bord coimeádaithe, as airgead a bheidh de thuras na huaire i gcreidiúint don bhord, na suimeanna go léir a bheidh le híoc ag an gcisteoir a íoc ar dhréacht nó ordú arna shíniú ag an gcathaoirleach ag aon ghnáth-chruinniú den bhord agus ag dhá chomhalta eile den bhord. |
[EN] |
Iocaíochtaí ó bhoird choimeádaithe leis an Aire i leith ceadúnas áitiúla speisialta. |
45. —(1) I gcás ina n-eiseoidh bord coimeádaithe aon cheadúnais áitiúla speisialta aon mhí, íocfaidh an bord sin, tríocha lá ar a dhéanaí tar éis deireadh na míosa sin, leis an Aire, i leith gach ceadúnais áitiúil speisialta a d'eisigh an bord sin an mhí sin, suim is comhionann leis an difríocht idir— |
[EN] | (a) an dleacht cheadúnais a íocfaí ina leith dá mba ghnáthcheadúnas é á údarú úsáid a bhaint as inneall iascaireachta den chineál céanna leis an gceann lena mbaineann an ceadúnas áitiúil speisialta sin, agus | |
[EN] | (b) an dleacht cheadúnais áitiúil speisialta a íocadh i leith an cheadúnais sin. | |
[EN] | (2) Déanfar an t-airgead go léir a gheobhaidh an tAire faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais. | |
[EN] |
Bord coimeádaithe le meastachán bliantúil a thabhairt. |
46. —(1) Beidh de dhualgas ar gach bord coimeádaithe meastachán a thabhairt don Aire, an 30ú lá de Shamhain nó roimhe sin gach bliain iascaigh, ar an airgead go léir a bheidh le fáil aige an bhliain iascaigh sin agus ar a mbeidh beartaithe a dhéanamh leis an airgead sin agus ar chaiteachas eile a bheidh beartaithe a dhéanamh an bhliain iascaigh sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire aon mheastachán ar chaiteachas a bheidh beartaithe a thabharfar dó de bhun fo-alt (1) den alt seo a cheadú gan leasú nó le cibé leasuithe (trí athrú nó breisiú nó fágáil ar lár) is oiriúnach leis. | |
[EN] |
Srian le caiteachas ag boird choimeádaithe. |
47. —Ní rachaidh bord coimeádaithe aon bhliain iascaigh faoi aon chaiteachas taobh amuigh de cibé caiteachas a bheidh luaite sa mheastachán ar chaiteachas don bhliain iascaigh sin mar a cheadóidh an tAire é faoi alt 46 agus aon chaiteachas breise a cheadóidh an tAire go speisialta (má cheadaíonn). |
[EN] |
Cuntais bhord coimeádaithe. |
48. —Beidh feidhm maidir le cuntais bhord coimeádaithe agus le hiniúchadh agus le hiniúchóir na gcuntas sin ag na forálacha atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. |
[EN] |
An Ciste Caomhnaithe Bradán. |
49. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1954” an t Acht um Chiste Caomhanta Bradán, 1954 (Uimh. 4 de 1954) (a aisghaireadh le hAcht 1958); | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1958” an t Acht Iascaigh (Leasú), 1958 (Uimh. 15 de 1958) (a aisghairtear leis an Acht seo); | |
[EN] | ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Caomhnaithe Bradán a bunaíodh le halt 5 d'Acht 1954 agus a choimeádtar ar marthain le fo-alt (2) d'alt 8 d'Acht 1958; | |
[EN] | ní fholaíonn “bradáin” bradáin leasaithe i stáin, i mbuidéil, i searróga nó i gcoimeádáin dá samhail sin agus gan iontu ach codanna d'iasc nó táirgí éisc; | |
[EN] | (2) Leanfaidh an tAire den Chiste a chothabháil. | |
[EN] | (3) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú a fhoráil nach n-onnmhaireoidh duine ar bith bradáin mura dtugtar ar aird tráth an onnmhuirithe fianaise, i cibé foirm a fhorordófar, gur íocadh tobhach de réir an ráta fhorordaithe ar na bradáin sin. | |
[EN] | (b) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo a chúlghairm. | |
[EN] | (4) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, an ráta tobhaigh a bheidh le híoc ar bhradáin a bheidh le honnmhuiriú, agus modh a íoctha, a fhorordú le rialacháin. | |
[EN] | (b) Féadfar rátaí éagsúla tobhaigh a fhorordú do thréimhsí éagsúla. | |
[EN] | (c) Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo ní bheidh an ráta tobhaigh níos mó ná dhá phingin an punt meáchain. | |
[EN] | (d) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, a fhoráil go bhféadfar a fhorordú gur ráta sonraithe is mó ná dhá phingin an punt meáchain ráta an tobhaigh, ach ní bheidh éifeacht ag aon ordú den sórt sin mura ndaingnítear agus go dtí go ndaingneofar é le rún ó gach Teach den Oireachtas. | |
[EN] | (5) Déanfaidh gach bord coimeádaithe agus gach duine eile a bhaileoidh tobhaigh faoin alt seo na suimeanna uile a bhaileofar amhlaidh a íoc leis an Aire a luaithe is féidir. | |
[EN] | (6) (a) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 68, gur mó ná dhá phunt an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire ar ghnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) a bheidh bailí ar feadh bliana áirithe déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na bliana sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana sin. | |
[EN] | (b) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 68, gur mó ná punt an dleacht ghnáthcheadúnais is iníoctha de thuras na huaire ar ghnáthcheadúnas slaite bradán (seacht lá) a bheith bailí ar feadh tréimhse áirithe seacht lá, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na tréimhse sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin. | |
[EN] | (c) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 68, gur mó ná punt agus deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha ar ghnáthcheadúnas slaite bradán (lá agus fiche) a bheidh bailí ar feadh tréimhse áirithe lá agus fiche, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na tréimhse sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin. | |
[EN] | (d) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 68, gur mó ná punt agus deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire ar ghnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) a bheidh bailí ar feadh tréimhse áirithe sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na tréimhse sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin. | |
[EN] | (e) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordú faoi mhír (c) d'fho-alt (2) d'alt 68, gur mó ná deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire ar ghnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (is ceadúnas a bheidh bailí ar feadh bliana áirithe agus a eisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Limistéar an Fheabhail) agus a bheidh bailí ar feadh na bliana sin), déanfaidh gach bord coimeádaithe maidir le gach ceadúnas den sórt sin a d'eisigh sé agus a bheidh bailí ar feadh na bliana sin, méid na breise sin a íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana sin. | |
[EN] | (7) Déanfar aon airgead a gheobhaidh an tAire faoi fho-alt (5) nó (6) den alt seo a íoc isteach sa Chiste. | |
[EN] | (8) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna is gá chun go bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh faoi mhír (a) d'fho-alt (9) den alt seo a íoc isteach sa Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (b) Féadfar íocaíochtaí isteach sa Chiste faoin bhfo-alt seo a dhéanamh ar mhodh deontais nó ar mhodh airleacan is inaisíoctha ar cibé téarmaí a cheadóidh an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (9) (a) Féadfaidh an tAire na suimeanna seo a leanas a íoc as an gCiste— | |
[EN] | (i) cibé suimeanna a mheasfaidh sé is cuí chun cur le hioncam aon bhoird choimeádaithe ar dóigh leis nach leor a ioncam aon bhliain áirithe faoi chomhair caiteachas an bhoird choimeádaithe sin ag comhlíonadh a dhualgas. | |
[EN] | (ii) cibé suimeanna is cuí leis an Aire i leith an chaiteachais faoina rachfar maidir le haon scéim chun iascaigh intíre a fheabhsú. | |
[EN] | (b) Déanfaidh an tAire costas riartha an Chiste a íoc as an gCiste. | |
[EN] | (c) Íocfaidh an tAire as an gCiste na híocaíochtaí uile a bheidh dlite i leith airleacan chun an Chiste faoi fho-alt (8) den alt seo. | |
[EN] | (10) Ullmhófar cuntas ar an gCiste do gach bliain airgeadais i bhfoirm a cheadóidh an tAire Airgeadais agus iniúchfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an cuntas agus leagfar an cuntas, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] | (11) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal ar dhaoine ag ar iníoctha tobhach faoin alt seo, nó ar aon aicme daoine den sórt sin, clárú sa tslí, taifid a choimeád agus saoraidí a thabhairt chun a n-iniúchta, agus tuairisceáin a thabhairt mar a fhorordófar. | |
[EN] | (b) Aon duine a sháróidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon rialachán a dhéanfar faoin bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air. | |
[EN] | (12) Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an ailt seo agus nach bhfuil soláthar dó in aon áit eile, a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (13) Aon ordú nó rialachán a rinneadh faoi Acht 1954 agus a bheidh i bhfeidhm de bhua fho-alt (14) d'alt 8 d'Acht 1958, díreach roimh an dáta feidhme leanfaidh sé i bhfeidhm d'ainneoin Acht 1958 a aisghairm agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh é. | |
[EN] | Fiosrúcháin i dtaobh bord coimeádaithe agus díscaoileadh na mbord sin. | |
[EN] |
Fiosrúcháin i dtaobh bord coimeádaithe. |
50. —(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, más cuí leis é, a ordú fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh comhlíonadh a dhualgas ag aon bhord coimeádaithe agus féadfaidh sé duine ar bith a cheapadh chun an fiosrúchán sin a dhéanamh. |
[EN] | (2) Nuair a cheapfar duine (nach oifigeach don Aire) chun fiosrúchán a dhéanamh faoin alt seo, íocfar leis an duine sin cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (3) Nuair a dhéanfar fiosrúchán maidir le bord coimeádaithe faoin alt seo, deimhneoidh an tAire méad an chaiteachais faoina ndeachaigh an tAire maidir leis an bhfiosrúchán sin, agus déanfaidh an tAire an méad a dheimhneofar amhlaidh a ghnóthú as ioncam an bhoird sin. | |
[EN] | (4) Déanfar aon suim a ghnóthóidh an tAire faoi fho-alt (3) den alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais. | |
[EN] |
Cumhacht chun boird choimeádaithe a dhíscaoileadh. |
51. —(1) Má tharlaíonn agus aon uair a tharlóidh— |
[EN] | (a) gur deimhin leis an Aire, tar éis fiosrúchán a dhéanamh faoin Acht seo i dtaobh comhlíonadh a dhualgas ag bord coimeádaithe, nach bhfuil dualgais an bhoird sin á gcomhlíonadh go cuí agus go héifeachtúil ag an mbord sin, nó | |
[EN] | (b) go bhfailleoidh bord coimeádaithe go toiliúil déanamh de réir aon ordaithe nó treorach nó rialacháin atá dleathach ón Aire, nó go bhfailleoidh sé déanamh de réir aon bhreithiúnais, ordaithe nó fhoraithne ó aon chúirt, | |
[EN] | féadfaidh an tAire, le hordú, an bord coimeádaithe sin a dhíscaoileadh agus toghchán nua do chomhaltaí den bhord sin a ordú (faoin gcumhacht a thugtar dó anseo ina dhiaidh seo) nó cistí, leabhair agus maoin eile agus cumhachtaí, dualgais agus dliteanais éagsúla an bhoird sin a aistriú chun aon chomhlachta nó duine is cuí leis. | |
[EN] | (2) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo ag díscaoileadh boird choimeádaithe féadfaidh sé cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun dualgais an bhoird choimeádaithe sin a chomhlíonadh agus féadfaidh sé ó am go ham gach duine nó aon duine díobh sin a chur as oifig agus daoine eile a cheapadh ina n-ionad, agus féadfaidh sé sealbhaíocht oifige, dualgais agus luach saothair gach duine den chineál sin agus an t-urrús (más ann) a bheidh le tabhairt aige a shocrú. | |
[EN] | (3) Déanfar luach saothair gach duine a cheapfar faoi fho-alt (2) den alt seo chun dualgais bhoird choimeádaithe a chomhlíonadh a íoc as ioncam an bhoird choimeádaithe sin mar chuid den chaiteachas a ghabhann le comhlíonadh dhualgais an bhoird. | |
[EN] | (4) I gcás duine atá ag fónamh sa Státseirbhís a cheapadh faoi fho-alt (2) den alt seo chun dualgais bhoird choimeádaithe a chomhlíonadh, aisíocfar as ioncam an bhoird choimeádaithe sin leis an Státchiste, i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais, tuarastal an duine sin maraon le cibé muirir a chinnfidh an tAire sin a bheith ceart i leith aoisliúntais, agus liúntais agus aiscí eile is iníoctha leis an duine sin nó ina leith faoi na hAchtanna Aoisliúntas a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire. | |
[EN] | (5) Tráth ar bith tar éis bord coimeádaithe a dhíscaoileadh faoin alt seo, féadfaidh an tAire le hordú, más cuí agus nuair is cuí leis é, a chur faoi deara toghchán nua do chomhaltaí den bhord sin a chur ar siúl, agus ar an toghchán nua sin a bheith críochnaithe dílseoidh maoin, cumhachtaí agus dualgais uile an bhoird choimeádaithe dhíscaoilte sa chomhlacht a thoghfar amhlaidh, d'ainneoin an céanna a bheith aistrithe ag an Aire faoin alt seo chun aon chomhlachta nó duine eile. | |
[EN] | (6) Cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar toghchán nua do chomhaltaí de bhord coimeádaithe a chur ar siúl de bhun ordú faoi fho-alt (5) den alt seo, déanfar an chéad toghchán eile ina dhiaidh sin do chomhaltaí den bhord coimeádaithe sin a chur ar siúl ar an gcéad ócáid eile ar ghá de réir dlí toghchán do na comhaltaí sin a chur ar siúl dá mba rud é nár díscaoileadh an bord sin, agus air sin dílseoidh maoin, cumhachtaí agus dualgais uile an bhoird choimeádaithe dhíscaoilte sa chomhlacht a thoghfar amhlaidh. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, gach ní agus gach rialachán a dhéanamh is dóigh leis is gá chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon ordú a dhéanfaidh sé faoin alt seo. | |
[EN] | Forálacha ilghnéitheacha maidir le boird choimeádaithe. | |
[EN] |
Séala boird choimeádaithe. |
52. —Soláthróidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh séala dó féin. |
[EN] |
Imeachtaí boird choimeádaithe. |
53. —(1) Déanfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh ó am go ham na tráthanna agus na hionaid a shocrú agus a chinneadh do ghnáth-chruinnithe an bhoird, agus fógra ina dtaobh a fhoilsiú go cuí. |
[EN] | (2) Féadfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh ag aon ghnáth-chruinniú an tráth agus an t-ionad a shocrú chun gnáthchruinniú den bhord a thionól agus féadfaidh sé cruinnithe atrátha a thionól. | |
[EN] | (3) Féadfaidh aon trí chomhalta de bhord coimeádaithe cheantair iascaigh ó am go ham cruinniú speisialta den bhord a ghairm ar choinníoll— | |
[EN] | (a) go ndéanfar fógra faoi ionad agus tráth gach cruinniú speisialta den sórt sin, arna shíniú ag trí chomhalta nó níos mó nó ag cléireach an bhoird ar iad á fhor-éileamh sin air, a chur isteach dhá uair ar a laghad i dhá nuachtán éigin a léitear sa chontae nó sna contaetha ina bhfuil an ceantar iascaigh sin, deich lá ar a laghad sula dtionólfar an cruinniú sin, nó | |
[EN] | (b) go ndéanfaidh cléireach an bhoird, arna fhoréileamh air mar atá ráite, fógra deich lá i scríbhinn a thabhairt i dtaobh an chruinnithe sin do gach comhalta den bhord. | |
[EN] | (4) Ag gach cruinniú den bhord coimeádaithe beidh córam ann má bhíonn trí chomhalta i láthair. | |
[EN] | (5) Déanfar gach ceist a éireoidh ag cruinniú de bhord coimeádaithe a chinneadh le vótaí thromlach na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an tAire nó oifigeach don Aire a mbeidh údarás aige ón Aire freastal ar aon chruinniú de bhord coimeádaithe agus dul i gcomhairle leis an mbord agus comhairle a thabhairt dó nó a ghlacadh uaidh faoi rialú, bainistí agus feabhsú na n-iascach, agus féadfaidh sé gach tráth réasúnach teacht a bheith aige ar na leabhair agus na cuntais a choimeádtar chun críocha aon cheantair iascaigh agus iad a bhreithniú. | |
[EN] |
Cosaint ar bhradáin ag sceitheadh i dTuaisceart Éireann. |
54. —Más rud é gur uiscí taoide speisialta atá i gcuid d'abhainn agus gur i dTuaisceart Éireann atá an chuid eile (ar cuid í ina sceitheann bradáin) den abhainn sin, féadfaidh an bord coimeádaithe ar laistigh dá cheantar atá na huiscí taoide sin, le haontú an Aire, cibé comhshocraíochtaí nó comhaontuithe is fóirsteanach leis a dhéanamh chun a áirithiú go gcosnófar bradáin agus bric, agus a n-uibheacha agus a ngilidíní, sa chuid den abhainn sin atá i dTuaisceart Éireann agus chun críche na gcomhshocraíochtaí nó na gcomhaontaithe sin íocaíochtaí a dhéanamh as cistí an bhoird. |