|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID XX. Forálacha Ilghnéitheacha.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtacháin a Aisghairtear.) |
AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959
[EN] | ||
[EN] |
CUID XXI. Forálacha Sealadacha. | |
[EN] |
Coimeádaithe láithreacha toghroinne d'fhanúint in oifig. |
329. —Gach duine a bheidh i seilbh oifige mar choimeádaí do thoghroinn díreach roimh an dáta feidhme measfar é a bheith arna thoghadh faoin Acht seo agus, murab éag, éirí as nó teacht faoi dhícháilíocht roimhe sin dó, sealbhóidh sé oifig go dtí meán oíche an lae a chuirfear ar siúl an chéad toghchán eile le haghaidh coimeádaithe don toghroinn sin de bhun alt 27. |
[EN] |
Oifigigh agus seirbhísigh láithreacha d'fhanúint in oifig nó i bhfostaíocht. |
330. —Gach duine a bheidh i seilbh oifige nó fostaíochta chun ar ceapadh é faoi aon fhoráil d'aon achtachán aisghairthe leanfaidh sé air san oifig nó san fhostaíocht sin ar an dáta feidhme agus dá éis sin agus measfar é a bheith arna cheapadh chuige sin faoin bhforáil chomhréire den Acht seo. |
[EN] |
Údaráis láithreacha d'fhanúint i bhfeidhm. |
331. —Aon údaras a deonaíodh faoi aon fhoráil d'aon achtachán aisghairthe agus nach mbeidh aistarraingthe roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige ar an dáta feidhme agus dá éis ionann is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a deonaíodh é. |
[EN] |
Rátaí iascaigh arna ngearradh faoi achtacháin aisghairthe. |
332. —(1) Measfar gur faoi alt 55 a gearradh gach ráta iascaigh a bheidh gearrtha ag bord coimeádaithe roimh an dáta feidhme faoi alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ). |
[EN] | (2) Measfar gur faoi alt 55 a dhaingnigh an tAire gach ráta iascaigh a bheidh daingnithe ag an Aire roimh an dáta feidhme faoi alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 . | |
[EN] | (3) Measfar gur faoi alt 55 a ghearr an tAire gach ráta iascaigh a bheidh gearrtha ag an Aire roimh an dáta feidhme faoi alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 . | |
[EN] |
Ceadúnais agus deimhnithe láithreacha d'fhanúint i bhfeidhm. |
333. —Gach ceadúnas arna eisiúint agus gach deimhniú arna dheonú faoi aon fhoráil d'aon achtachán aisghairthe agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme leanfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta feidhme agus dá éis agus measfar gur faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a deonaíodh é. |
[EN] |
Fodhlíthe, orduithe agus rialacháin láithreacha d'fhanúint bhfeidhm. |
334. —Gach ionstraim acu seo a leanas a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme:— |
[EN] | (a) aon fhodhlí arna dhéanamh faoi aon achtachán aisghairthe, | |
[EN] | (b) aon ordú nó rialachán arna dhéanamh faoi aon achtachán aisghairthe, | |
[EN] | leanfaidh sí i bhfeidhm ar an dáta feidhme agus dá éis agus measfar gur faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh é. | |
[EN] |
Leasú ar fhodhlíthe áirithe a rinneadh faoi na hachtacháin aisghairthe agus a d'fhoráil forghéilleadh. |
335. —I gcás aon fhodhlí (is fodhlí a bhunaigh cion) a rinneadh faoi aon achtachán aisghairthe agus a choinnítear i bhfeidhm le halt 334, dá fhoráil, mar chuid den phionós mar gheall ar an gcion agus mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontaithe, go bhforghéillfidh an duine a chiontófar sa chion sin ní áirithe nó go bhforghéillfear ní áirithe, déanfar an fodhlí sin a fhorléiriú ionann is gur fhoráil sé, in ionad na forála sin, go mbeidh, i gcás duine a chiontú sa chion sin, an ní sin a shonraítear san fhodhlí sin mar an ní a bheidh le forghéilleadh ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontaithe. |