An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL. Ceantair Iascaigh, Toghranna agus an Líon Coimeádaithe do gach Toghroinn.) Ar Aghaidh (AN CEATHRÚ SCEIDEAL. Scála na nDleachtanna Gnáth-Cheadúnais.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

AN TRIÚ SCEIDEAL

Cuntais Bhord Coimeádaithe.

48.

Mínithe.

1. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn an focal “cuntais” cuntais ar fháltais agus íocaíochtaí;

ciallaíonn an focal “iniúchadh” iniúchadh ar chuntais bhoird de bhun mír 3 den Sceideal seo;

ciallaíonn an focal “iniúchóir”, maidir leis an iniúchadh ar chuntais bhoird, an t-iniúchóir rialtais áitiúil d'ainmnigh an tAire Rialtais Áitiúil faoi mhír 3 den Sceideal seo chun an t-iniúchadh sin a dhéanamh;

ciallaíonn an focal “bord” bord coimeádaithe;

ciallaíonn an abairt “iniúchóir rialtais áitiúil” iniúchóir rialtais áitiúil de réir bhrí Alt 68 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ).

Cuntais le déanamh amach gach bliain.

2. Déanfar amach cuntais gach boird gach bliain go dtí deireadh gach bliana iascaigh.

Iniúchadh bliantúil cuntas ag iniúchóir.

3. Déanfaidh iniúchóir rialtais áitiúil a bheidh ainmnithe chuige sin ag an Aire Rialtais Áitiúil iniúchadh ar chuntais bhoird in aghaidh gach bliana iascaigh.

Táillí iniúchta.

4. (1) Tráth ar bith tar éis iniúchadh a bheith críochnaithe, féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil, le hordú, an táille (dá ngairtear táille iniúchta sa mhír seo) a shocrú a bheidh le híoc i leith an iniúchta sin.

(2) Déanfaidh bord a socrófar táille iniúchta ina leith faoin mír seo méid na táille sin a íoc leis an Aire Rialtais Áitiúil.

(3) Mura ndéanfar íocaíocht, féadfar méid aon táille iniúctha a asbhaint go hiomlán nó go páirteach as aon airgead is iníoctha ag aon Aire Stáit chun aon chríche ar bith leis an mbord ag ar iníoctha an táille iniúchta sin.

(4) Déanfar an t-airgead go léir is iníoctha leis an Aire Rialtais Áitiúil chun táillí iniúchta a ghlanadh a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(5) Measfar go bhfolóidh gach táille iniúchta gach iniúchadh urghnách a dhéanfar (má dhéantar) faoi mhír 13 den Sceideal seo ar na cuntais lena mbainfidh an táille sin.

(6) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil, le hordú, aon ordú faoin mír seo a chúlghairm.

Dualgais an iniúchóra.

5. Beidh sé de dhualgas ar an iniúchóir le linn gach iniúchta a dhéanfaidh sé ar chuntais bhoird—

(a) na cuntais sin a scrúdú,

(b) gach mír chuntais a bheidh in aghaidh an dlí nó a mheasfaidh sé a bheith gan bhunús a dhícheadú,

(c) méid aon íocaíochta a dícheadaíodh a fhormhuirearú ar an duine a rinne an íocaíocht nó a d'údaraigh í a dhéanamh,

(d) méid aon easnaimh nó caillteanais a mhuirearú ar aon duine (is comhalta, oifigeach nó seirbhíseach don bhord) arb é a fhaillí nó a mhí-iompar faoi deara an caillteanas nó an t-easnamh,

(e) aon suim nach mbeidh tugtha go cuí i gcuntas a mhuirearú ar aon duine (is oifigeach nó seirbhíseach don bhord) ar cheart dó an tsuim sin a thabhairt i gcuntas,

(f) an méid a dheimhniú a bheidh dlite ó aon duine ar a mbeidh formhuirearú nó muirearú déanta aige,

(g) ag deireadh an iniúchta ceadú na gcuntas aige, faoi réir aon dícheaduithe, formhuirearuithe nó muirearuithe a bheidh déanta aige, a dheimhniú.

Ráiteas ón iniúchóir ag insint fáth an chinnte maidir le dícheadú, formhuirearú, muirearú nó ceadú.

6. (1) Má iarrann aon pháirtí éagóirithe é, cuirfidh an t-iniúchóir a bheidh ag iniúchadh cuntais bhoird in iúl i scríbhinn, ag deireadh na gcuntas sin, na fáthanna a bhí lena chinneadh maidir le haon dícheadú, formhuirearú nó muirearú a bheidh déanta aige agus fós maidir le haon cheadú a bheidh déanta aige.

(2) Déanfar iarratas faoi fho-mhír (1) den mhír seo, i gcás ceadú, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis an ceadú a dhéanamh agus, i gcás dícheadú, formhuirearú nó muirearú, tráth nach déanaí na ceithre lá dhéag tar éis é a bheith deimhnithe go bhfuil aon tsuim dlite ó aon duine maidir leis an dícheadú, an formhuirearú nó an muirearú.

Achomhairc chun na hArd-Chúirte nó chun an Aire i gcoinne cinneadh iniúchóra.

7. (1) Aon duine arb éagóir leis aon cheadú, dícheadú, formhuirearú nó muirearú a dhéanfaidh iniúchóir ag aon iniúchadh ar chuntais bhoird agus nach mbeidh leas bainte aige as fo-mhír (2) den mhír seo, féadfaidh sé ordú certiorarí a iarraidh ar an Ard-Chúirt chun an ceadú, an dícheadú, an formhuirearú nó an muirearú sin a aistriú go dtí an Ard-Chúirt agus ar an aistriú sin a bheith déanta beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(a) tabharfaidh an Ard-Chúirt breith ar ábhar áirithe an ghearáin,

(b) má dhaingnítear cinneadh an iniúchóra, ansin, mura n-ordóidh an Ard-Chúirt don ionchúisitheoir costas an iniúchóra sna himeachtaí a íoc, ordóidh an Ard-Chúirt don bhord sin na costais sin a íoc,

(c) más léir don Ard-Chúirt go raibh cinneadh an iniúchóra earráideach—

(i) féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is gá de réir cheartais lena n-áirítear ordú i dtaobh cibé íocaíochtaí is cuí léi,

(ii) déanfaidh an Chúirt, mura n-ordóidh sí don ionchúisitheoir a chostais féin sna himeachtaí a sheasamh, a ordú don bhord sin na costais sin a íoc agus fós, mura n-ordóidh sí don inchuisitheoir a chostais féin sna himeachtaí a sheasamh, na costais sin.

(2) Aon duine arb éagóir leis aon dícheadú, formhuirearú, muirearú nó ceadú a dhéanfaidh iniúchóir ag aon iniúchadh agus nach mbeidh leas bainte aige as fo-mhír (1) den mhír seo, féadfaidh sé a iarraidh ar an Aire fiosrú agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh dleathacht na gcúiseanna a thug an t-iniúchóir leis an dícheadú, an formhuirearú, an muirearú nó an ceadú sin, agus, air sin, féadfaidh an tAire cibé ordú a dhéanamh is dóigh leis is oiriúnach chun an cheist a chinneadh agus ar an iarratas sin a bheith á chinneadh aige féadfaidh sé sin a dhéanamh de réir tuillteanais an cháis, agus, má chinneann sé go ndearnadh aon dícheadú, formhuirearú nó muirearú go dleathach ach go ndeachthas faoina ábhar in imthoscaí a thug gur chóir cothrom go maithfí an dícheadú, an formhuirearú nó an muirearú, féadfaidh sé a ordú go maithfear é ar na costais (más ann) a íoc faoina ndeachaigh an t-iniúchóir nó an t-údarás inniúil eile chun an dícheadú, an formhuirearú nó an muirearú a chur i bhfeidhm agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire.

(3) Gach iarratas a dhéanfar faoi fho-mhír (1) nó (2) den mhír seo de dhroim cinneadh an iniúchóra ar iniúchadh déanfar é laistigh de shé sheachtain dar tosach an lá a fuair an t-iarratasóir fáthanna an iniúchóra leis an gcinneadh sin.

Iarratas chun an Aire chun formhuirearú nó muirearú a mhaitheamh a dheimnigh an Ard-Chúirt.

8. Más rud é tar éis duine arb éagóir leis formhuirearú nó muirearú iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte faoi fho-mhír (1) de mhír 7 den Sceideal seo, go ndeimhneoidh an Chúirt an formhuirearú nó an muirearú, féadfaidh an duine sin, laistigh de cheithre sheachtain dar tosach lá an deimhnithe sin, a iarraidh ar an Aire an formhuirearú nó an muirearú a mhaitheamh, agus más rud é gur dóigh leis an Aire, ar an iarratais sin d'fháil dó, gur cóir cothrom in imthoscaí an cháis go maithfí an formhuirearú nó an muirearú, féadfaidh sé a ordú go maithfear é ar na costais a íoc faoina ndeachaigh an t-iniúchóir nó an t-údarás inniúil eile ag cur i gcoinne an iarratais chun na hArd-Chúirte agus ag cur an fhormhuirearú nó an mhuirearú i bhfeidhm ar shlí eile.

Formhuirir, etc., a ghnóthú.

9. (1) Más rud é—

(a) nuair a dhéanfar iniúchadh ar chuntais bhoird, go ndeimhneoidh an t-iniúchóir aon suim a bheith dlite ó aon duine, agus

(b) nach ndéanfar go cuí aon iarratas faoi fho-mhír (1) nó (2) de mhír 7 den Sceideal seo de dhroim cinneadh an iniúchóra,

íocfaidh an duine sin an tsuim sin leis an mbord sin ar shé sheachtain a bheith caite ó dháta an deimhnithe ón iniúchóir á dheimhniú an tsuim sin a bheith dlite ón duine sin nó, má bhíonn an t-iniúchóir, de bhun mhír 6 den Sceideal seo, tar éis na fáthanna lena chinneadh a chur in iúl, an dáta ar a bhfuair an duine sin na fáthanna sin.

(2) Más rud é—

(a) nuair a dhéanfar iniúchadh ar chuntais bhoird, go ndeimhneofar aon suim a bheith dlite ó aon duine, agus

(b) go ndéanfar iarratas go cuí faoi fho-mhír (1) nó (2) de mhír 7 den Sceideal seo de dhroim cinneadh an iniúchóra, agus

(c) go gcinnfear go bhfuil an tsuim sin nó aon chuid di dlite ón duine sin,

íocfaidh an duine sin an tsuim sin nó cibé cuid di (de réir mar a bheidh) leis an mbord sin sula mbeidh sé sheachtain caite ó dháta an chinnte sin.

(3) Féadfaidh an t-iniúchóir a mbeidh baint aige leis an ábhar, nó aon duine eile a cheapfaidh an tAire Rialtais Áitiúil chun na críche sin, aon suim a cheanglaítear leis an mír seo a íoc le bord a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí má mhainnítear í a íoc amhlaidh ar dheireadh a bheith leis an tréimhse a shonraítear chuige sin leis an mír seo.

(4) I gcás ina ngnóthóidh iniúchóir nó duine eile, de bhun imeachtaí a tionscnaíodh faoin mír seo, aon suim a cheanglaítear leis an mír seo a íoc le bord, íocfaidh sé an tsuim sin leis an mbord sin.

(5) I gcás ina rachaidh iniúchóir nó duine eile faoi chostais agus caiteachais réasúnacha i ndáil le suim a ghnóthú a cheanglaítear leis an mír seo a íoc le bord agus nach bhfaighidh sé aon chuid, nó nach bhfaighidh sé ach cuid, de na costais agus na caiteachais sin ón duine óna mbeidh an tsuim sin dlite, íocfaidh an bord sin na costais agus na caiteachais sin nó an t-iarmhéid díobh nach bhfuarthas mar a dúradh (de réir mar a bheidh) leis an iniúchóir sin nó an duine eile sin maraon le suim is cúiteamh réasúnach i leith an ama a chaill sé.

Dlínse na Cúirte Dúiche in imeachtaí faoi mhír 9 den Sceideal seo.

10. Déantar leis seo mír A d'alt 77 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), arna leasú le halt 52 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ), agus alt 94 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 ( Uimh. 24 de 1946 ), a leasú tuilleadh trí chlásal nua a chur isteach mar a leanas ag deireadh na míre sin—

“(vii) dlínse, gan teorainn ar bith maidir le méid an éilimh, in imeachtaí ar agra iniúchóra nó dhuine eile faoi fho-mhír (3) de mhír 9 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 .”

Cumhachtaí iniúchóirí chun fianaise, etc., a fháil.

11. (1) Féadfaidh iniúchóir a bheidh ag déanamh iniúchta fianaíse a ghlacadh faoi mhionn agus chun na críche sin féadfaidh sé daoine a chur faoi mhionn.

(2) Faoi réir fhorálacha fho-mhír (3) den mhír seo, féadfaidh an t-iniúchóir a bheidh ag déanamh iniúchta, trí fhógra chuige sin a thabhairt d'aon duine i scríbhinn, a cheangal ar an duine sin a bheith i láthair cibé tráth agus i cibé áit a bheidh sonraithe san fhógra sin chun fianaise a thabhairt maidir le haon ábhar a bheidh i gceist ag an iniúchadh sin nó aon doiciméid a bheidh ina sheilbh, ina choimeád nó faoina urláimh agus a bhainfidh le haon ábhar den sórt sin a thabhairt ar aird.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha seo a leanas chun críocha fho-mhír (2) den mhír seo—

(a) ní gá d'aon duine a bheith i láthair, de réir fhógra ó iniúchóir faoin bhfo-mhír sin (2) in áit is faide ná deich míle ó gnáth-áit chónaithe an duine sin mura mbeifear tar éis cibé suim is leor chun íoc as costais réasúnacha agus riachtanacha a ghabhfadh lena bheith i láthair amhlaidh a íoc leis an duine sin nó a thairiscint dó;

(b) ar an iniúchóir á iarraidh sin, déanfaidh bord a mbeidh a chuntais á n-iniúchadh suim a íoc le haon duine, nó a thairiscint d'aon duine, a gceanglóidh an t-iniúchóir air faoin bhfo-mhír sin (2) a bheith i láthair ar suim í a mheasfaidh an t-iniúchóir a íocfaidh as na caiteachais réasúnacha, riachtanacha a ghabhfaidh leis an duine sin a bheith i láthair amhlaidh;

(c) aon duine a bheidh, i gcomhlíonadh fógra faoin bhfo-mhír sin (2), tar éis teacht i láthair in aon áit íocfar leis, ach amháin a mhéad a bheidh na caiteachais réasúnacha riachtanacha a ghabh lena bheith i láthair amhlaidh íoctha leis cheana féin, na caiteachais sin ag an mbord a mbeidh a chuntais á n-iniúchadh, agus, ach amháin mar a dúradh, beidh na caiteachais sin, mura n-íocfar iad amhlaidh, inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla;

(d) gach duine a mbeidh fógra tugtha dó faoin bhfo-mhír sin (2) agus a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil a bheith i láthair de réir an fhógra sin nó a athróidh, a shochtóidh, a cheilfidh nó a dhítheoidh, go toiliúil, aon doiciméad lena mbainfidh an fógra sin, nó a dhiúltóidh, tar éis teacht i láthair amhlaidh, fianaise a thabhairt nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra sin a thabhairt ar aird, beidh sé ciontach i gcion faoin mír seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air;

(e) féadfar fógra faoin bhfo-mhír sin (2) a thabhairt trína sheachadadh don duine lena mbainfidh sé nó é a chur tríd an bpost i litir chláraithe réamhíoctha agus é dírithe chuig an duine sin ag an seoladh ag a gcónaíonn sé de ghnáth.

Rialacháin maidir le hiniúchadh.

12. (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas—

(a) an fhoirm ina gcoimeádfar cuntais bord,

(b) an duine a thabharfaidh agus an t-am ar laistigh de a thabharfar na cuntais sin ar aird lena n-iniúchadh;

(c) an slí ina ndéanfar an t-iniúchadh, agus

(d) aon ábhar nó ní eile a bhainfidh le hiniúchadh na gcuntas sin agus ar dóigh leis an Aire gur gá foráil a dhéanamh ina leith.

(2) Aon rialacháin a choimeádtar i bhfeidhm le fo-mhír (2) de mhír 12 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Iascaigh (Leasú), 1949 (Uimh. 18 de 1949) , nó a rinneadh faoin mír sin 12 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme leanfaidh siad i bhfeidhm agus beidh éifeacht acu ionann is dá mba faoi fho-mhír (1) den mhír seo a rinneadh iad.

Iniúchadh urghnách.

13. (1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, a ordú tráth ar bith iniúchadh urghnách a dhéanamh ar chuntais bhoird.

(2) Measfar gur iniúchadh chun críocha na bhforálacha roimhe seo den Sceideal seo iniúchadh urghnách a dhéanfar faoin mír seo agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha roimhe seo den Sceideal seo.

(3) Féadfaidh iniúchóir don Aire Rialtais Áitiúil, aon tráth a údaróidh an tAire sin dó é nó a cheanglóidh an tAire sin air é, scrúdú a dhéanamh ar chuntais aon bhoird, agus, má dhiúltaíonn aon chomhalta, oifigeach nó seirbhíseach don bhord sin an scrúdú sin a cheadú nó má bhacann sé an t-iniúchóir agus é ag déanamh an scrúdaithe sin nó má cheileann sé aon chuntas nó leabhar d'fhonn an scrúdú a chosc, beidh sé ciontach i gcion faoin mír seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.