17 1959


Uimhir 17 de 1959.


AN tACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ROINN IOMPAIR AGUS CUMHACHTA A BHUNÚ, AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ NA nACHTANNA AIRÍ AGUS RÚNAITHE, 1924 GO 1956. [27 Iúil, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

An lá ceaptha.

1. —Féadfaidh an Rialtas, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo.

An Roinn Iompair agus Cumhachta.

1925, Uimh. 24 .

1924, Uimh. 16 .

1939, Uimh. 36 .

2. —(1) An lá ceaptha beidh Roinn Stáit arna bunú ar a dtabharfar mar theideal agus dá ngairfear An Roinn Iompair agus Cumhachta nó (i mBéarla) the Department of Transport and Power.

(2) An tAire Iompair agus Cumhachta nó (i mBéarla) the Minister for Transport and Power a thabharfar mar theideal ar an gcomhalta den Rialtas a bheidh i mbun na Roinne Iompair agus Cumhachta agus a ghairfear de.

(3) Bainfidh na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1956, agus an tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , leis an Roinn Iompair agus Cumhachta agus leis an gcomhalta den Rialtas a bheidh i mbun na Roinne sin amhail is dá mbeadh an Roinn sin arna bunú le halt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 .

(4) Chun críocha fo-ailt (1) d'alt 6 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939 , measfar an Roinn Iompair agus Cumhachta agus oifig an Aire Iompair agus Cumhachta a bheith arna mbunú láithreach ar an Acht seo a rith, ach in aon ordú a dhéanfar maidir leis an Roinn sin nó maidir leis an Aire sin, faoin bhfo-alt sin (1) roimh an lá ceaptha, ní dhéarfar an t-ordú sin a bheith le teacht i ngníomh ar dháta is luaithe ná an lá ceaptha.

Gearrtheideal, forléiriú agus lua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1956, mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1959, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna sin le chéile.