|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL) |
[EN] | ||
Uimhir 21 de 1959. | ||
[EN] |
AN tACHT UM FHIANAISE LEABHAR BAINCÉIRÍ (LEASÚ), 1959. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AN BANKERS' BOOKS EVIDENCE ACT, 1879. [29 Iúil, 1959.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Bankers' Books Evidence Act, 1879. |
[EN] |
An Príomh-Acht a leasú. |
2. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad ailt 9 de. |
[EN] |
Athghairm. 1882, c. 72. 1893, c. 69. |
3. —Athghairtear leis seo fo-alt (2) d'alt 11 den Revenue, Friendly Societies, and National Debt Act, 1882, agus alt 6 den Savings Bank Act, 1893. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht um Fhianaise Leabhar Baincéirí (Leasú), 1959 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. |