Ar Aghaidh (Sceideal A DEONTAIS)

23 1959


Uimhir 23 de 1959.


AN tACHT LEITHREASA, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1959 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ ÁIRITHE MAIDIR LE hIASACHT A FHÁIL. [30 Iúil, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontais as an bPríomh-Chiste.

£77,619,270 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1959-60.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim seachtó a seacht milliún, sé chéad agus naoi míle déag, dhá chéad agus seachtó punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad seasca.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £77,619,270 a thógáil ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná seachtó a seacht milliún, sé chéad agus naoi míle déag, dhá chéad agus seachtó punt a thógáil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna a airleacan chun an Aire Airgeadais, agus chun an céanna a thógáil ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis, agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(3) Déanfar aon airgead a chruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo a chur i gcreidiúnas do chuntas an Státchiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Deontais a Leithreasú.

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £119,308,252, a leithreasú.

3. —(1) Na suimeanna uile a dheonaítear as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo, chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim céad agus naoi milliún déag, trí chéad agus ocht míle, dhá chéad caoga is dhá phunt, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú, amhail ó dháta na nAchtanna a luaitear sa Sceideal sin A a rith, chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhann leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhann leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeadh siad i gcorp an Achta seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim seacht milliún sé chéad nócha agus ocht míle, ceithre chéad seachtó is sé phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na gcríocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1959 , a ghairm den Acht seo.

An Achomaireacht ar Sceidil A agus B dá dTagraítear san Acht seo.