32 1959


Uimhir 32 de 1959.


AN tACHT UM CHISTÍ AGRÓIRÍ, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CUID DE CHISTÍ AGRÓIRÍ ATÁ DÍLSITHE I gCUNTASÓIR NA gCÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS A DHIÚSCAIRT. [24 Samhain, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an cuntas” cuntas airgid ginearálta na gcistí agróirí atá i leabhair Bhanc na hÉireann in ainm Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais;

ciallaíonn “na cistí agróirí” na cistí agróirí atá dílsithe i gCuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an Cumann” Cumann Onórach Óstaí an Rí.

Cuid de chistí agróirí a dhiúscairt.

1956, Uimh. 12 .

2. —(1) Déanfaidh Banc na hÉireann, ar ordú ón bPríomh-Bhreitheamh, na híocaíochtaí seo a leanas as an gcuntas :

(a) cibé suimeanna, nach mó ná £250,000 san iomlán agus a theastóidh ón Aire ó am go ham, a íoc leis an gCiste Caipitil,

(b) suim £3,000 a íoc leis an Aire, agus

(c) suim £70,000 a íoc le hiontaobhaithe an Chumainn.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (4) d'alt 4 den Acht Príomh-Chiste, 1956, féadfar an Ciste Caipitil, a mhéid gurb é na suimeanna é a íocfar leis de bhun an ailt seo, a chaitheamh chun Amharclann na Mainistreach, Baile Atha Cliath, a atógáil.

(3) Déanfar an tsuim a íocfar leis an Aire de bhun an ailt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste mar ordóidh an tAire.

(4) Teachtfaidh iontaobhaithe an Chumainn ar iontaobhas an tsuim a íocfar leo de bhun an ailt seo—

(a) maidir le £45,000—chun ciste a bhunú a gcaithfear an caipiteal agus an t-ioncam uaidh chun costas an chaiteachais faoina mbeifear tar éis dul nó faoina rachfar ag athnuachan foirgneamh an Chumainn a fháil ar ais nó a íoc agus a gcaithfear aon iarmhéid de, tar éis an costas sin a fháil ar ais nó a íoc, le haghaidh cuspóirí ginearálta an Chumainn, agus

(b) maidir le £25,000—chun ciste caipitil a bhunú agus an t-ioncam uaidh a chaitheamh (mar chinnfidh Binseoirí Óstaí an Rí ó am go ham) le haghaidh cuspóirí ginearálta an Chumainn nó leabharlann an Chumainn a chothabháil.

Easnamh i gcistí agróirí.

3. —Má tharlaíonn aon tráth go mbeidh cistí agróirí laghdaithe go dtí suim nach leor chun freastal d'éilithe orthu, déanfaidh an tAire, chun lán-slánaíocht a sholáthar d'agróirí in aon chaillteanas a bhainfeadh dóibh mar gheall ar an Acht seo a rith, cibé suim, nach mó ná £323,000, is dóigh leis is gá a airleacan as an bPríomhchiste nó a thoradh fáis.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht um Chistí Agróirí, 1959 , a ghairm den Acht seo.