|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.) |
[EN] | ||
Uimhir 36 de 1959. | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT Á ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA A THÓGÁIL I gCUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN DEONTAIS A THABHAIRT DON CHUIDEACHTA SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [8 Nollaig, 1959.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
Mínithe. I.R. 1958, Uimh. 258. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an t-aerfort” an límistéar uile laistigh de chiumhais imeachtrach na líne deirge atá marcáilte ABCDEFG ar an léarscáil atá i gceangal leis an Ordú um an Aerfort Neamhchustam (Teorainneacha a Athrú), 1958, ach más rud é, tar éis dáta an Achta seo a rith, go ndéanfar aon ordú faoi alt 2 den Acht Aerfoirt Neamhchustam, 1947, ag athrú an límistéir sin agus go mbeidh sé i bhfeidhm de thuras na huaire, ciallaíonn sé an límistéar sin arna athrú amhlaidh; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta. | |
[EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun scaireanna leis an gCuideachta a thógáil. |
2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham aon aicme nó aicmí scaireanna leis an gCuideachta a thógáil trí shuibscríobh agus cinnfidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, na méideanna, nach mó san iomlán ná milliún go leith punt, a fhéadfar a shuibscríobh faoin alt seo. |
[EN] |
Airgead a airleacan as an bPríomh-Chiste. |
3. —(1) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead uile a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair íocaíochtaí is gá dó a dhéanamh leis an gCuideachta i leith aon scaireanna a thógfaidh sé faoin Acht seo. |
[EN] | (2) D'fhonn airgead a sholáthar le haghaidh na suimeanna a airleacfar as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun an céanna a fháil ar iasacht féadfaidh sé urrúis ar bith a chruthú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead a gheobhaidh sé ar iasacht amhlaidh. | |
[EN] | (3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseoidh an tAire Airgeadais faoin alt seo agus muirear agus íoc na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |
[EN] |
An tAire Airgeadais do shealbhú agus do dhíol scaireanna. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon scaireanna leis an gCuideachta a thógfaidh sé faoin Acht seo a shealbhú an fhad is oiriúnach leis é agus féadfaidh sé, mar is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é, na scaireanna sin uile nó aon chuid díobh a dhíol. |
[EN] | (2) Déanfar an glan-fháltas ó dhíol aon scaireanna de chuid na Cuideachta ag an Aire Airgeadais a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste. | |
[EN] |
An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cirt nó cumhachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna. |
5. —I gcás ina sealbhóidh an tAire Airgeadais scaireanna leis an gCuideachta, féadfaidh sé ceart nó cumhacht a fheidhmiú is infheidhmithe ag sealbhóir na scaireanna agus, más trí aturnae is infheidhmithe an ceart nó an chumhacht, féadfaidh sé, más cuí leis é, an céanna a fheidhmiú trína aturnae. |
[EN] |
Díbhinní, etc., ar scaireanna a shealbhóidh an tAire Airgeadais a dhiúscairt. |
6. —Déanfar na díbhinní, an t-airgead bónais agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna leis an gCuideachta a shealbhóidh sé a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste. |
[EN] |
Díolúine ó dhleacht stampa. 1891, c. 39. |
7. —Ní oibreoidh alt 112 den Stamp Act, 1891, chun a cheangal ar an gCuideachta aon ráiteas a sheachadadh do Chláraitheoir na gCuideachtaí Comhstoic ná aon dleacht stampa a íoc faoin alt sin i leith aon mhéadú ar chaipiteal na Cuideachta. |
[EN] |
Deontais don Chuideachta. |
8. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt don Chuideachta as airgead a sholáthróidh an tOireachtas— |
[EN] | (a) chun a chumasú don Chuideachta cibé nithe a dhéanamh a thabharfadh, go díreach nó go neamhdhíreach, go spreagfaí nó go n-éascófaí bunú agus seoladh gnóthas tráchtála, tionscail agus trádála ag an aerfort, agus | |
[EN] | (b) chun costas reatha na Cuideachta a íoc. | |
[EN] | (2) Ní bheidh comhiomlán na ndeontas faoin alt seo níos mó ná cúig chéad míle punt. | |
[EN] |
Srian le méid deontas áirithe ón gCuideachta. |
9. —(1) I gcás ina dtabharfaidh an Chuideachta deontas chun innealra agus trealamh a chur ar fáil i ndáil le haon ghnóthas tionscail nó tráchtála ag an aerfort, ní bheidh méid an deontais níos mó ná leath chostas an innealra agus an trealaimh. |
[EN] | (2) I gcás ina dtabharfaidh an Chuideachta deontas chun oibrithe a thréineáil le haghaidh aon ghnóthais tionscail nó tráchtála ag an aerfort, ní bheidh méid an deontais níos mó ná méid iarbhír an phá a íocfar leis na hoibrithe sin i gcaitheamh tréimhse a dtréineála, maraon le méid a gcostas taistil agus cothaithe i gcás oibrithe a thréineálfar lasmuigh den Stát. | |
[EN] |
Forálacha ag a mbeidh éifeacht i gcúinsí áirithe. I.R. 1959, Uimh. 49. |
10. —Beidh éifeacht ag forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo— |
[EN] | (a) an fhad a bheidh aon scaireanna leis an gCuideachta i seilbh an Aire Airgeadais, nó | |
[EN] | (b) an fhad a bheidh aon airgead gan aisíoc a fuair an Chuideachta ar iasacht agus ar thug an tAire Airgeadais ráthaíocht faoin Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 , arna leasú leis an Ordú um an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 (Leasú ar an Sceideal), 1959, go n-aisíocfaí é go cuí, nó | |
[EN] | (c) an fhad a bheidh aon airgead a fuair an Chuideachta ar iasacht, agus ar ráthaíodh amhlaidh go n-aisíocfaí é go cuí agus ar aisíoc an tAire Airgeadais é faoin ráthaíocht, gan aisíoc ag an gCuideachta leis an Aire nó gan gnóthú ón gCuideachta ag an Aire (i dteannta úis air de réir rátaí a cheap an tAire sin). | |
[EN] |
Srian leis an bhForas Tionscal do thabhairt deontas. |
11. —Tar éis dáta an Achta seo a rith, ní thabharfaidh An Foras Tionscal deontas i leith gnóthas tionscail a bhunú, a fhorbairt nó a chothabhail ag an aerfort. |
[EN] |
Caiteachas. |
12. —Íocfar as airgead a sholáthroidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
13. —Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 , a ghairm den Acht seo. |