|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM FHOIREANN THITHE AN OIREACHTAIS, 1959) | Ar Aghaidh (CUID II. Comhaltaí d'Fhoireann Thithe an Oireachtais a Cheapadh.) |
AN tACHT UM FHOIREANN THITHE AN OIREACHTAIS, 1959
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Gearrtheideal, |
1. —Féadfar an tAcht um Fhoireann Thithe an Oireachtais, 1959 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú. |
2. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an tAcht Rialaithe leasaitheach” Acht Rialaithe na Státseirbhíse (Leasú), 1958 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht na gCoimisinéirí” Acht Choimisinéirí na Státsheirbhíse, 1956; | |
[EN] | ní fholaíonn “comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais; | |
[EN] | folaíonn “comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais; | |
[EN] | ciallaíonn “oifigeach do Thithe an Oireachtais” duine— | |
[EN] | (a) arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann, nó Sheanad Éireann, é, nó | |
[EN] | (b) arb é an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, é, nó | |
[EN] | (c) arb é Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, é; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAcht Rialaithe” Acht Rialaithe na Státsheirbhíse, 1956. | |
[EN] |
Na comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais a bheith ina státseirbhísigh don Stát. |
3. —Is státseirbhísigh don Stát na comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais. |
[EN] |
Costais riaracháin. |
4. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tO reachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire é, na costais faoina rachfar ag riaradh an Achta seo. |