|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cáin Ioncaim i leith Díolaíochtaí áirithe.) |
AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1959
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Leasuithe Ginearálta. | |
[EN] |
Liúntas pearsanta. 1920, c. 18. |
15. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, trí “a deduction of three hundred and ninety-four pounds” a chur in ionad “a deduction of three hundred and ten pounds” agus “a deduction of two hundred and thirty-four pounds” a chur in ionad “a deduction of one hundred and fifty pounds”. |
[EN] | (2) I gcás ina mbeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, teideal ag an éilitheoir chun laghdú dhá chéad tríocha is ceithre phunt faoi fho-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, ansin, má chruthaíonn an t-éilitheoir gur baintreach fir é nó gur baintreach mná í sa bhliain mheasúnachta, beidh teideal ag an éilitheoir chun asbhainte dhá chéad caoga is naoi bpunt in ionad na hasbhainte dhá chéad tríocha is ceithre phunt sin. | |
[EN] | (3) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 18 den Finance Act, 1920, a leasú trí “three-fourths” a chur in ionad “nine-tenths”. | |
[EN] |
Liúntas ioncaim thuillte. |
16. —(1) Cuirfear an fhoráil seo a leanas in ionad ailt 16 den Finance Act, 1920 ; |
[EN] | “An individual who makes, in the manner prescribed by the Income Tax Acts, a claim in that behalf and makes a return in the prescribed form of his total income shall, for the purposes of ascertaining the amount of his assessable income for the purposes of income tax, be allowed a deduction from the amount of his earned income as estimated in accordance with the Income Tax Acts of a sum equal to one-fourth of that income, but not exceeding, in the case of any individual, the sum of four hundred and fifty pounds.” | |
[EN] | (2) Forléireofar alt 4 den Acht Airgeadais, 1951 , agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí tagairt d'fho-alt (1) den alt seo isteach i bhfo-alt (2) in ionad na tagairte d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Airgeadais, 1952 . | |
[EN] |
Préimheanna árachais shaoil, etc. |
17. —(1) Baineann an t-alt seo le préimheanna is iníoctha ar pholasaithe árachais nó ar chonarthaí i leith blianachtaí siarainne is polasaithe nó conarthaí a rinneadh tar éis an 22ú lá de Mheitheamh, 1916, agus freisin le suimeanna dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 32 den Income Tax Act, 1918. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní in alt 32 den Income Tax Act, 1918, ní dheonófar aon fhaoiseamh faoin alt sin i leith aon phréimhe nó suime eile lena mbaineann an t-alt seo. | |
[EN] | (3) Aon duine dá mbeadh faoiseamh faoi alt 32 den Income Tax Act, 1918, inlamháilte mura mbeadh fo-alt (2) den alt seo, i leith préimhe nó suime, nó i leith coda de phréimh nó de shuim, lena mbaineann an t-alt seo, beidh, má dhéanann sé éileamh chuige sin ar an modh a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim agus má chuireann sé isteach tuairisceán san fhoirm fhordaithe ar a ioncam iomlán, teideal aige, d'fhonn an méid den ioncam a mbeidh cáin (gan forcháin a áireamh) inmhuirir air ina leith a dhéanamh amach, chun asbhaint a dhéanamh as a ioncam inmheasúnaithe is comhionann— | |
[EN] | (a) i gcás inar polasaí nó conradh dá dtagraítear in alt 2 den Acht Airgeadais, 1953 , an polasaí nó an conradh a bheidh i gceist, le dhá dtrian de mhéid na préimhe a mbeadh faoiseamh inlamháilte ina leith mar adúradh tar éis éifeacht a thabhairt d'aon sriantachtaí a bheidh iomchuí de réir míreanna (a), (c) agus (d) d'fho-alt (3) den alt sin 32, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile, le leath méid na préimhe nó na suime eile a mbeadh faoiseamh inlamháilte amhlaidh ina leith. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht maidir le hasbhaintí faoi fho-alt (3) den alt seo ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais nó le hasbhaintí de réir bhrí an Tríú Sceidil a ghabhann leis an Finance Act, 1920. | |
[EN] | (5) Déantar leis seo alt 9 den Acht Airgeadais, 1958 , a leasú mar a leanas: | |
[EN] | (i) i mír (a) d'fho-alt (2) cuirfear isteach “nó faoi alt 17 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 ,” i ndiaidh “Income Tax Act, 1918,”; | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (6) cuirfear isteach “faoi alt 17 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 ,” i ndiaidh “Income Tax Act, 1918,”. | |
[EN] | (6) Déanfar tagairtí sna hAchtanna Cánach Ioncaim d'fhaoiseamh i leith préimheanna árachais shaoil a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'asbhaintí faoi fho-alt (3) den alt seo. | |
[EN] |
Athghairm. 1920, c. 18. |
18. —Athghairtear leis seo alt 23 den Finance Act, 1920, fo-alt (4) d'alt 3 den Acht Airgid, 1932 , fo-ailt (1) agus (2) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1952 , agus fo-alt (2) d'alt 1 den Acht Airgeadais, 1959 . |