|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 1 de 1960. | ||
[EN] |
AN tACHT AIRGEADAIS (DLEACHTANNA MÁIL) (FEITHICLÍ) (LEASÚ), 1960. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA AIRGEADAIS (DLEACHTA MÁIL) (FEITHICLÍ), 1952 . [9 Márta, 1960.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , arna leasú le halt 9 den Acht Airgeadais, 1955 , agus le halt 20 den Acht Airgeadais, 1958 ; | |
[EN] | forléireofar aon tagairt d'fheithicil mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fheithicil agus d'fheithicil eile nó ceanglas a mbeidh sé, de réir fho-mhír (3) de mhír 1 de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, le meas, chun críocha Coda I den Sceideal sin, gur aon fheithicil amháin iad. | |
[EN] |
Meáchan neamhualaithe chun críocha an Phríomh-Achta. |
2. —(1) Chun críocha an Phríomh-Achta, measfar, d'ainneoin alt 18 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 , gurb é meáchan neamhualaithe feithicle meáchan na feithicle, agus na breiseanna uile, ach gan meáchan uisce, breosla ná cnuasairí (seachas coirí) a úsáidtear chun tiomána ná uirlisí scaoilte ná fearais scaoilte, a áireamh. |
[EN] | (2) Chun críocha fo-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) is breis, maidir le feithicil, gach ní acu seo a leanas: | |
[EN] | (i) cabhail, | |
[EN] | (ii) páirt, | |
[EN] | (iii) feisteas, | |
[EN] | (iv) gabhadán, | |
[EN] | (b) i gcás nach mbeidh ach aon bhreis amháin ann, forléireofar mar thagairt don bhreis sin an tagairt do na breiseanna uile, | |
[EN] | (c) i gcás ina mbeidh dhá bhreis (agus ní níos mó) ann, agus nach n-úsáidtear an dá cheann acu ar ócáid ar bith, déanfar an tagairt do na breiseanna uile a fhorléiriú mar thagairt don cheann is troime de na breiseanna nó, más comhmheáchan iad, do cheann amháin acu, | |
[EN] | (d) i gcás ina mbeidh trí bhreis nó níos mó ann agus nach n-úsáidtear iad go léir ar ócáid ar bith, déanfar an tagairt do na breiseanna uile a fhorléiriú mar thagairt don chónascadh is troime de na breiseanna a úsáidtear ar aon ócáid. | |
[EN] | (3) I gcás a thagann faoi réim mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo agus nach n-úsáidtear ach ceann amháin de na breiseanna ar ócáid áirithe, measfar, maidir leis an ócáid sin, gur tagairt don bhreis sin an cónascadh a luaitear sa mhír sin. | |
[EN] | (4) (a) Aon ní a bheidh leagtha ar fheithicil chun earraí nó ualach d'aon saghas eile a iompar, is éard é, faoi réir na chéad mhíre eile, gabhadán chun críocha na bhfo-alt roimhe seo den alt seo. | |
[EN] | (b) Aon ní a bheidh leagtha amhlaidh, beidh sé eiscthe ón mír roimhe seo, más rud é nach ndéanfar, maidir le haon turas, earraí nó ualach d'aon saghas eile a luchtú isteach ann nó amach as gan é a bhaint den fheithicil. | |
[EN] | (5) In imeachtaí chun pionós a ghnóthú faoi alt 2 den Phríomh-Acht, is ar an gcosantóir a bheidh de dhualgas a chruthú go mbaineann an eisceacht a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo le haon ní áirithe. | |
[EN] |
Cur i bhfeidhm. I.R. Uimh. 13 de 1958 . |
3. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) ina dtabharfaidh comhalta den Gharda Síochána feithicil faoi deara ar aon ócáid ar bhóthar poiblí, | |
[EN] | (b) go mbeidh an comhalta in amhras go bhfuil meáchan neamhualaithe na feithicle chomh mór sin gur cion faoi alt 2 den Phríomh-Acht an fheithicil a úsáid, agus | |
[EN] | (c) nach mbeidh aon ualach ar an bhfeithicil nó go mbeidh ualach uirthi is féidir a dhíluchtú agus a luchtú gan ró-cheataí, | |
[EN] | féadfaidh an comhalta a ordú don duine a bheidh i bhfeighil na feithicle gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh: | |
[EN] | (i) an fheithicil, maraon leis na breiseanna uile a bheidh léi ar an ócáid sin, a thabhairt go dtí aon droichead meáchain ceaptha a ainmneoidh an comhalta agus nach mbeidh níos mó ná cúig mhíle den bhealach is giorra ón áit ina dtabharfar an t-ordú; | |
[EN] | (ii) an comhalta a iompar san fheithicil go dtí an droichead meáchain; | |
[EN] | (iii) an fheithicil a dhíluchtú má bhíonn sí luchtaithe; | |
[EN] | (iv) a chur faoi deara an fheithicil, maraon leis na breiseanna uile a bheidh léi ar an ócáid sin, a mheá ar an droichead meáchain i bhfianaise an chomhalta. | |
[EN] | (2) (a) Féadfaidh údarás ceadúnúcháin a d'eisigh ceadúnas faoi alt 1 den Phríomh-Acht, trí fhógra arna sheirbheáil ar únéir cláraithe na feithicle— | |
[EN] | (i) a ordú dó— | |
[EN] | (I) an fheithicil a thabhairt i láthair tráth a shonrófar, lá a shonrófar, ag droichead meáchain ceaptha a shonrófar, agus | |
[EN] | (II) a chur faoi deara an fheithicil a mheá an tráth sin, an lá sin, agus ar an droichead meáchain sin, i bhfianaise oifigigh don údarás ceadúnúcháin maraon le gach breis acu sin, agus i cibé riocht ba cheart a chur san áireamh nuair a bheadh meáchan neamhualaithe na feithicle á chinneadh chun críocha an Phríomh-Achta, nó | |
[EN] | (ii) a ordú dó— | |
[EN] | (I) an fheithicil a thabhairt i láthair tráth a shonrófar, lá a shonrófar ag droichead meáchain ceaptha a shonrófar maraon leis na breiseanna uile a tugadh faoi deara a bheith leis an bhfeithicil ar ócáid áirithe agus a shonrófar mar bhreiseanna a tugadh faoi deara a bheith léi ar an ócáid sin, agus | |
[EN] | (II) a chur faoi deara an fheithicil a mheá, an tráth sin, an lá sin, agus ar an droichead meáchain sin i bhfianaise oifigigh don údarás ceadúnúcháin maraon leis na breiseanna a sonrófar mar adúradh gur tugadh faoi deara iad agus fairis sin i cibé riocht ba cheart a chur san áireamh nuair a bheadh meáchan neamhualaithe na feithicle á chinneadh chun críocha an Phríomh-Achta. | |
[EN] | (b) I bhfo-mhír (ii) den mhír roimhe seo ciallaíonn “tugadh faoi deara” a tugadh faoi deara— | |
[EN] | (i) ag comhalta den Gharda Síochána, | |
[EN] | (ii) ag oifigeach don údarás ceadúnúcháin a d'eisigh an ceadúnas faoi alt 1 den Phríomh-Acht, nó | |
[EN] | (iii) ag oifigeach d'aon údarás ceadúnúcháin eile a eisíonn ceadúnais faoi alt 1 den Phríomh-Acht. | |
[EN] | (3) Chun críocha fo-ailt (1) agus (2) den alt seo— | |
[EN] | (a) is breis maidir le feithicil gach ní acu seo a leanas: | |
[EN] | (i) cabhail, | |
[EN] | (ii) páirt, | |
[EN] | (iii) feisteas, | |
[EN] | (iv) gabhadán, | |
[EN] | (b) i gcás nach mbeidh ach aon bhreis amháin ann, forléireofar aon tagairt do na breiseanna uile mar thagairt don bhreis sin. | |
[EN] | (4) Is gabhadán chun críocha na bhfo-alt roimhe seo den alt seo aon ní a bheidh leagtha ar fheithicil chun earraí nó ualach d'aon saghas eile a iompar. | |
[EN] | (5) Ní dhéanfaidh údarás ceadúnúcháin fógra faoi fho-alt (2) den alt seo de dhroim gur tugadh faoi deara feithicil a bheith mar luaitear i bhfo-mhír (ii) de mhír (a) den fho-alt sin a sheirbheáil tar éis deireadh na tréimhse ceithre lá déag dar tosach an lá a tugadh faoi deara an fheithicil, mura rud é— | |
[EN] | (a) go ndéanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin i rith na tréimhse sin, trí fhógra a sheirbheálfar ar únéir cláraithe na feithicle, a chur in iúl dó sin go rabhthas ag breithniú a ndéanfaí fógra faoi fho-alt (2) den alt seo a sheirbheáil, nó | |
[EN] | (b) an tráth a tugadh an fheithicil faoi deara gur chuir an duine a thug faoi deara í in iúl don duine i bhfeighil na feithicle go mb'fhéidir go ndéanfaí an breithniú sin. | |
[EN] | (6) Is tríd an bpost a sheirbheálfar fógra faoin alt seo agus, má ordaíonn an fógra feithicil a thabhairt i láthair lá sonraithe, is lá é sin lá a bheidh i ndiaidh an lae a sheirbheálfar an fógra agus beidh tréimhse seacht lá ar a laghad idir an lá sin agus é. | |
[EN] | (7) Duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh déanamh de réir ordaithe faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
[EN] | (8) Aon suimeanna a íocfar isteach sa Státchiste i leith fíneála faoin alt seo, measfar, chun críche alt 2 den Roads Act, 1920, gur íocadh isteach sa Státchiste faoin Acht sin iad. | |
[EN] | (9) (a) Baineann an fo-alt seo le cúiseamh i gcion arb éard é diúltú nó mainniú déanamh de réir ordaithe faoi fho-alt (2) den alt seo i gcás inar tugadh an t-ordú de dhroim gur tugadh faoi deara feithicil mar luaitear i bhfo-mhír (ii) de mhír (a) den fho-alt sin agus nár seirbheáladh an fógra iomchuí faoin bhfo-alt sin i rith na tréimhse ceithre lá déag dar thosach an lá a tugadh faoi deara an fheithicil. | |
[EN] | (b) I gcúiseamh lena mbaineann an fo-alt seo, is ar an gcosantóir a bheidh de dhualgas a chruthú nach ndearnadh de réir mhír (a) ná mír (b) d'fho-alt (5) den alt seo. | |
[EN] | (10) San alt seo tá le “únéir cláraithe” an bhrí a thugtar dó leis na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú), 1958, ach, má chúlghairtear na rialacháin sin, beidh leis an bhrí a thabharfar dó le cibé rialacháin a fhreagróidh do na rialacháin sin agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire. | |
[EN] |
Droichid mheáchain cheaptha. |
4. —(1) (a) Féadfaidh údarás áitiúil a dhearbhú gur droichead ceaptha chun críocha alt 3 den Acht seo aon droichead meáchain (cibé acu is droichead é a chothabhálann siad féin nó nach ea agus cibé acu ina limistéar feidhmiúcháin nó lasmuigh de atá sé). |
[EN] | (b) Féadfar aon dearbhú den sórt sin a chúlghairm le dearbhú ina dhiaidh sin ón údarás áitiúil céanna. | |
[EN] | (c) I gcás ina ndéanfaidh údarás áitiúil dearbhú faoin bhfo-alt seo, tabharfaidh siad cibé fógra poiblí i dtaobh déanamh an dearbhaithe a shonróidh an tAire Rialtais Áitiúil le rialacháin. | |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar meá, de dhroim ordú faoi alt 3 den Acht seo, ar dhroichead meáchain ceaptha a chothabhálann údarás áitiúil, ní bhainfear amach aon táille i leith an meá a dhéanamh. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfar meá, de dhroim ordú faoi alt 3 den Acht seo, ar dhroichead meáchain ceaptha nach údarás áitiúil a chothabhálann é, déanfar an táille i leith an meá a dhéanamh a chúiteamh leis an duine d'íoc é— | |
[EN] | (a) i gcás gur aon údarás áitiúil amháin a dhearbhaigh gur droichead meáchain ceaptha an droichead meáchain— ag an údarás sin, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile—ag cibé ceann de na húdaráis áitiúla a dhearbhaigh gur droichead meáchain ceaptha an droichead meáchain agus ar a gcomhaontóidh na húdaráis sin eatarthu nó, cheal comhaontaithe, ag cibé ceann acu a chinnfidh an tAire Rialtais Áitiúil. | |
[EN] | (4) San alt seo, ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae nó bardas contae-bhuirge. | |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme. |
5. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí) (Leasú), 1960 , a ghairm den Acht seo |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1952 agus 1960, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh ailt 3 agus 4 den Acht seo i ngníomh ar an Acht seo a rith agus measfar go dtáinig an chuid eile den Acht seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1960. |