Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL.)

2 1960


Uimhir 2 de 1960.


AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1959. [9 Márta, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1923, Uimh. 26 .

1927, Uimh. 12 .

1932, Uimh. 24 .

1937, Uimh. 15 .

1941, Uimh. 2 .

1943, Uimh. 14 .

1946, Uimh. 3 .

1949, Uimh. 19 .

1953, Uimh. 23 .

1957, Uimh. 19 .

1959, Uimh. 15 .

1. —(I) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1923” an tAcht Arm-Phinsean, 1923 ;

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Arm-Phinsean, 1927 ;

ciallaíonn “Acht 1932” an tAcht Arm-Phinsean, 1932 ;

ciallaíonn “Acht 1937” an tAcht Arm-Phinsean, 1937 ;

ciallaíonn “Acht 1941” an tAcht Arm-Phinsean, 1941 ;

ciallaíonn “Acht 1943” an tAcht Arm-Phinsean, 1943 ;

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Arm-Phinsean, 1946 ;

ciallaíonn “Acht 1949” an tAcht Arm-Phinsean, 1949 ;

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Arm-Phinsean, 1953 ;

ciallaíonn “Acht 1957” an tAcht Arm-Phinsean, 1957 ;

ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht Arm-Phinsean, 1959 ;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1959, ach ní fholaíonn sé an tAcht seo;

ciallaíonn “an tréimhse Aibreán, 1922—Meán Fómhair, 1924” an tréimhse dár thosach an lú lá d'Aibreán, 1922, agus dár chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1924.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna mar aon ní amháin.

(3) Na tagairtí atá san Acht seo d'aon achtachán forléireofar iad mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Méadú ar phinsin chréachta faoi alt 1 d'Acht 1923.

2. —(1) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis agus roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, is é méad a bheidh ann, in ionad méad arna ríomh de réir fho-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1957, cibé méad acu seo a leanas is lú—

(a) an méad a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1957, móide—

(i) má urscaoileadh an t-oifigeach sin as na fórsaí roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1949—sé faoin gcéad, nó

(ii) má urscaoileadh an t-oifigeach sin as na fórsaí an lú lá de Mheán Fómhair, 1949, nó dá éis sin— ceathair faoin gcéad,

(b) an méad dob iníoctha leis an oifigeach sin faoi na hAchtanna dá mba ar an 2ú lá de Shamhain, 1952, a urscaoileadh as na fórsaí é agus dá mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta a urscaoileadh é iarbhír agus gurb é an scála pinsin a bhain leis an scála iomchuí atá sna Táblaí a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1957.

(3) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 1 d'Acht 1923 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin chréachta faoi alt 3 d'Acht 1923.

3. —(1) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhuine ar measadh céim oifigigh sna fórsaí a bheith aige agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcólún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhuine ar measadh céim saighdiúra sna fórsaí a bheith aige agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin bhreise faoi ailt 2 agus 3 d'Acht 1923.

4. —Aon phinsean breise a deonaíodh faoi alt 2 nó alt 3 d'Acht 1923 is é méad a bheidh ann an méad is iníoctha faoi na hAchtanna i leith an phinsin bhreise sin móide sé faoin gcéad.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1923.

5. —Déantar leis seo an Dara Sceideal (a shonraíonn liúntais do chleithiúnaithe oifigeach éagtha áirithe) a ghabhann le hAcht 1923 a leasú mar leanas—

(a) i mír 1, cuirfear “£160” in ionad “£151” (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1957),

(b) i mír 2 agus i mír 3, cuirfear “£44” agus “£73” in ionad “£41 10s.” agus “£69” (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1957) faoi seach, agus

(c) i mír 5, cuirfear “£1 16s. 6d.” in ionad “£1 14s. 6d.” (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1957).

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923.

6. —Déantar leis seo an Tríú Sceideal (a shonraíonn liúntais do chleithiúnaithe saighdiúirí éagtha áirithe) a ghabhann le hAcht 1923 a leasú mar leanas—

(a) i mír 1, cuirfear “£1 12s. 0d.” in ionad “£1 10s. 3d.” (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1957),

(b) i mír 2, cuirfear “9s. 3d.”, “6s. 3d.” agus “15s. 9d.” in ionad “8s. 9d.”, “6s.” agus “14s. 9d.” (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1957) faoi seach, agus

(c) i mír 4, cuirfear “£1 7s. 6d.” in ionad “£1 6s.” (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1957).

Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 9 d'Acht 1927.

7. —(1) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 d'oifigeach agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 10 d'Acht 1927.

8. —(1) Déanfar méad pinsin mhíthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, a chinneadh de réir na bhforálacha atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúir ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca galair dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse Aibreán, 1922—Meán Fómhair, 1924, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha de réir an ráta a shonraítear chuige sin sna forálacha sin den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1957 is infheidhmithe ina chás, iníoctha de réir an ráta mhéadaithe a shonraítear chuige sin sna forálacha sin den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo is infheidhmithe ina chás.

(3) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúir ar a raibh, ar dháta a urscaoilte as na fórsaí, míchumas de dheasca galair dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin chréachta faoi alt 11 d'Acht 1927.

9. —(1) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1927 d'oifigeach agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1927 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin chréachta áirithe faoi alt 12 d'Acht 1927.

10. —(1) Déanfar méad pinsin chréachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, a chinneadh de réir na bhforálacha atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúir a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca créachta dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí seachas i rith tréimhse na héigeandála, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha de réir an ráta a shonraítear chuige sin sna forálacha sin den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1957 is infheidhmithe ina chás, iníoctha de réir an ráta mhéadaithe a shonraítear chuige sin sna forálacha sin den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo is infheidhmithe ina chás.

(3) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúir a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca créachta dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála agus is iníoctha faoi na Achtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(4) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1949 (a shonraíonn méad an phinsin chréachta is iníoctha faoi alt 12 d'Acht 1927 le daoine a urscaoileadh as na fórsaí an 30ú lá d'Iúil 1949, nó dá éis) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Coda II (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'alt 11 d'Acht 1957):

“Cuid II.

Pinsin Chréachta—Saighdiúirí.

An Grad Míchumais

Ráta an Phinsin sa tseachtain

faoin gcéad

£

s.

d.

100

....

....

3

12

0

90

....

....

3

7

3

80

....

....

3

0

0

70

....

....

2

12

9

60

....

....

2

6

0

50

....

....

1

18

6

40

....

....

1

10

9

30

....

....

1

3

0

20

....

....

15

3

Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 13 d'Acht 1927.

11. —(1) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó do dhuine ar cinneadh go mb'oifigeach é, agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis agus roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, is é méad a bheidh ann, in ionad méad arna ríomh de réir fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1957, cibé méad acu seo a leanas is lú—

(a) an méad a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1957, móide—

(i) má urscaoileadh an t-oifigeach sin as na fórsaí roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1949— sé faoin gcéad, nó

(ii) má urscaoileadh an t-oifigeach sin as na fórsaí an lú lá de Mheán Fómhair, 1949, nó dá éis sin—ceathair faoin gcéad,

(b) an méad dob iníoctha leis an oifigeach sin faoi na hAchtanna dá mb'ar an 2ú lá de Shamhain, 1952, a urscaoileadh as na fórsaí é agus go mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta a urscaoileadh é iarbhír agus gurb é an scála pinsin a bhain leis an scála iomchuí atá sna Táblaí a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1957.

(3) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúir a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó do duine ar cinneadh go mba shaighdiúir é agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(4) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúir a urscaoileadh as na fórsaí an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha de réir an ráta a shonraítear chuige sin sna forálacha sin den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1957 is infheidhmithe ina chás, iníoctha de réir an ráta mhéadaithe a shonraítear chuige sin sna forálacha sin den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo is infheidhmithe ina chás.

Méadú ar phinsin phósta faoi ailt 9 go 13 d'Acht 1927 agus faoi alt 5 d'Acht 1946.

12. —Aon phinsean pósta a deonaíodh faoi alt 9, 10, 11, 12 nó 13 d'Acht 1927 nó faoi alt 5 d'Acht 1946, is é méad a bheidh ann an méad is iníoctha faoi na hAchtanna i leith an phinsin phósta sin móide sé faoin gcéad.

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927.

13. —Déantar leis seo an Séú Sceideal (a shonraíonn liúntais do chleithiúnaithe chomhaltaí éagtha áirithe de na fórsaí) a ghabhann le hAcht 1927 a leasú mar leanas—

(a) i mír 1 de Chuid I, cuirfear “£160” in ionad “£151” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1957),

(b) i míreanna 2 agus 3 de Chuid I, cuirfear “£44” agus “£73” in ionad “£41 10s.” agus “£69” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1957) faoi seach,

(c) i mír 1 de Chuid II, cuirfear “£1 12s.” in ionad “£1 10s. 3d.” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1957), agus

(d) i mír 2 de Chuid II, cuirfear “9s. 3d.”, “6s. 3d.” agus “15s. 9d.” in ionad “8s. 9d.”, “6s.” agus “14s. 9d.” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1957) faoi seach.

Leasú ar an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927.

14. —(1) Cuirfear na Codanna seo a leanas in ionad Cuid I agus Cuid II (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1957) den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 (a shonraíonn liúntais do chleithiúnaithe chomhaltaí éagtha áirithe de na fórsaí):

“Liúntais do Chleithiúnaithe.

Cuid I.

Oifigigh.

1. Baintreach dhara lefteanaint, lefteanaint nó chaptaein.

£109 10s. sa bhliain le linn baintreachais.

Baintreach mhaoir, lefteanant-chornail nó cheannfoirt.

£160 sa bhliain le linn baintreachais.

Baintreach chornail nó oifigigh ar chéim níos airde.

£199 10s. sa bhliain le linn baintreachais.

2. Baintreach oifigigh (aon chéim).

£188 d'aisce ar an gcéad athphósadh.

3. Leanaí atá, i gcás clann mhac, faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus, i gcás clann iníon, gan phósadh agus faoi bhun 21 bliain d'aois.

(a) le beo na máthar, £33 sa bhliain do gach leanbh.

(b) tar éis bás na máthar, £61 sa bhliain do gach leanbh.

4. Leanaí os cionn 11 bhliain d'aois agus faoi bhun 18 mbliana d'aois.

Aisíoc na suime a chruthófar a caitheadh iarbhír, go riachtanach agus go cuí, ar tháillí oideachais ach gan dul thar £60 in aon bhliain chaileandair i leith aon linbh áirithe. Is liúntas é seo i dteannta an liúntais a luaitear i mír 3.

Cuid II.

Saighdiúirí.

1. Baintreach

...

...

22s. 9d. sa tseachtain le linn baintreachais.

2. Baintreach

...

...

£86 d'aisce ar an gcéad athphósadh.

3. Leanaí atá, i gcás clann mhac, faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus, i gcás clann iníon, gan phósadh agus faoi bhun 18 mbliana d'aois.

(a) le beo na máthar, 8s. 6d. sa tseachtain do gach leanbh.

(b) tar éis bás na máthar, 17s. sa tseachtain do gach leanbh.

4. Leanaí os cionn 11 bhliain d'aois agus faoi bhun 18 mbliana d'aois.

Aisíoc na suime a chruthófar a caitheadh iarbhír, go riachtanach agus go cuí, ar tháillí oideachais ach gan dul thar £60 in aon bhliain chaileandair i leith aon linbh áirithe. Is liúntas é seo i dteannta an liúntais a luaitear i mír 3.”

(2) Measfar gur tagairt do mhíreanna 1 agus 3 de Chuid I agus do mhíreanna 1 agus 3 de Chuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 arna leasú le fo-alt (1) den alt seo an tagairt in alt 25 d'Acht 1953 do mhíreanna 1 agus 3 de Chuid I agus do mhíreanna 1 agus 3 de Chuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927.

(3) Déanfar Cuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'alt 5 d'Acht 1943) a fhorléiriú amhail is dá gcuirtí “£95 10s.” i mír 6 in ionad “£90” (a cuireadh isteach le fo-alt (3) d'alt 14 d'Acht 1957).

(4) Déanfar Cuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'alt 5 d'Acht 1943) a fhorléiriú amhail is dá gcuirtí “£47 10s.” i mír 6 in ionad “£45” (a cuireadh isteach le fo-alt (4) d'alt 14 d'Acht 1957).

Méadú ar phinsin chréachta, mhíthreora agus phósta faoi alt 10 d'Acht 1932.

15. —(1) Aon phinsean créachta nó pinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932 agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean pósta a deonaíodh faoi fho-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1932 agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaiteari gcolún (5) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1932.

16. —Déantar leis seo an Dara Sceideal (a shonraíonn liúntais agus aiscí d'aicmí áirithe daoine) a ghabhann le hAcht 1932 a leasú mar leanas—

(a) i mír 1 de Chuid I, cuirfear “£123” in ionad “£116” (a cuireadh isteach le halt 16 d'Acht 1957),

(b) i míreanna 2 agus 3 de Chuid I, cuirfear “£33” agus “£55” in ionad “£31” agus “£52” (a cuireadh isteach le halt 16 d'Acht 1957) faoi seach, agus

(c) i mír 5 de Chuid II, cuirfear “27s. 6d.” in ionad “26s.” (a cuireadh isteach le halt 16 d'Acht 1957).

Méadú ar liúntas do bhaintreach Shínitheora an Fhorógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916.

17. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1937 a leasú trí “chúig chéad seasca agus aon phunt agus sé scilling déag” a chur in ionad “chúig céad punt” i mír (a) (a bhaineann leis an liúntas is iníoctha le baintreach (más ann di) Shínitheora an Fhorógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916).

Méadú ar phinsin faoi alt 26 d'Acht 1937.

18. —(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 26 d'Acht 1937 is iníoctha de réir punt agus sé scilling sa tseachtain, is de réir punt seacht scilling agus sé phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

(2) Gach pinsean deiridh faoi alt 26 d'Acht 1937 is iníoctha de réir punt ceithre scilling déag agus sé phingin sa tseachtain, is de réir punt sé scilling déag agus sé phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin faoi ailt 28 agus 29 d'Acht 1937.

19. —Beidh eifeacht ag alt 28 agus ag alt 29 d'Acht 1937 (a dhéanann foráil le haghaidh pinsean do shean-chomhaltaí de na fórsaí agus do chomhaltaí d'eagrais áirithe i leith créacht nó galair a forthromaíodh de bharr seirbhíse) amhail is dá gcuirtí an Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad an Sceidil a ghabhann leis an Acht sin.

Méadú ar líúntais chleithiúnaithe faoi alt 37 d'Acht 1937.

20. —I bhfo-alt (2) agus i mír (d) d'fho-alt (3) d'alt 37 d'Acht 1937 (a dhéanann foráil le haghaidh liúntas do ghaolta áirithe chomhaltaí éagtha d'eagrais áirithe) cuirfear na focail “seachtó agus trí phunt” in ionad na bhfocal “seasca a naoi puint” (a cuireadh isteach le halt 20 d'Acht 1957).

Méadú ar phinsin faoi alt 6 d'Acht 1941.

21. —(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1941 is iníoctha de réir punt agus sé scilling sa tseachtain, is de réir punt seacht scilling agus sé phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

(2) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1941 is iníoctha de réir punt ceithre scilling déag agus sé phingin sa tseachtain, is de réir punt sé scilling déag agus sé phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin faoi alt 4 d'Acht 1943.

22. —Cuirfear an Sceideal seo a leanas in ionad an Sceidil (a cuireadh isteach le halt 22 d'Acht 1957) a ghabhann le halt 4 d'Acht 1943 (a leathnaíonn forálacha áirithe d'Acht 1927 ionas go mbaineann siad le comhaltaí Sheirbhíse Altranais an Airm)—

“AN SCEIDEAL.

Scála Pinsean Míthreora agus Pinsean Créachta do Chomhaltaí Sheirbhíse Altranais an Airm.

An Grád Míchumais

Scála an Phinsin

£

s.

d.

100

faoin gcéad

....

....

188

10

0

sa bhliain

90

,,      ,,

....

....

176

10

0

,,

80

,,      ,,

....

....

157

0

0

,,

70

,,      ,,

....

....

138

10

0

,,

60

,,      ,,

....

....

121

0

0

,,

50

,,      ,,

....

....

100

10

0

,,

40

,,      ,,

....

....

80

10

0

,,

30

,,      ,,

....

....

60

10

0

,,

20

,,      ,,

....

....

40

10

0

,,

Méadú ar phinsin faoi alt 6 d'Acht 1943.

23. —(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha de réir punt agus sé scilling sa tseachtain, is de réir punt seacht scilling agus sé phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

(2) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha de réir punt ceithre scilling déag agus sé phingin sa tseachtain, is de réir punt sé scilling déag agus sé phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin faoi alt 12 d'Acht 1946.

24. —Beidh éifeacht ag alt 12 d'Acht 1946 (a dhéanann foráil le haghaidh pinsean i leith eitinne a forthromaíodh de bharr seirbhíse i rith tréimhse na héigeandála) amhail is dá gcuirtí an méid seo a leanas in ionad an Dara Sceidil (a cuireadh isteach le halt 24 d'Acht 1957) a ghabhann le hAcht 1946—

“AN DARA SCEIDEAL.

Rátaí Pinsean faoi Alt 12 den Acht seo.

An Grád Míchumais

Pinsin

(1)

(2)

100

faoin gcéad

....

....

£178 sa bhliain

90

,,      ,,

....

....

£160     ,,

80

,,      ,,

....

....

£143     ,,

Tosach feidhme.

25. —Measfar go dtáinig na forálacha roimhe seo den Acht seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1959, agus beidh éifeacht ón dáta sin ag an méadú ar phinsin (lena n-áirítear pinsin bhreise agus pinsin phósta) agus ar liúntais a fhoráiltear leis na forálacha sin.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1946.

26. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 8 nó 9 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1923 nó in alt 7 nó 8 den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923, féadfar liúntas a dheonú faoi alt 2 d'Acht 1946 do bhaintreach nó do leanbh dhuine éagtha lena mbaineann an t-alt sin 2 cibé acu a bhí nó nach raibh an bhaintreach nó an leanbh sin i gcleithiúnas an duine éagtha sin go hiomlán nó go páirteach ar dháta a bháis.

(2) I gcás ina ndeonófar liúntas de bhua fo-alt (1) den alt seo do bhaintreach nó do leanbh dhuine éagtha—

(a) tosóidh an liúntas ar cibé dáta (nach luaithe ná an 21ú lá d'Iúil, 1959) a chinnfidh an tAire,

(b) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1946 maidir le tosú an liúntais.

(3) Aon iarratas ar liúntas a fhéadfar a dheonú de bhua fo-alt (1) den alt seo féadfar, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna, é a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 20ú lá d'Iúil, 1960.

(4) Ní fhorléireofar alt 7 d'Acht 1959 (a chuireann srian le liúntas nó aisce a dheonú do bhaintreach nó do leanbh dhuine éagtha lena mbaineann alt 2 d'Acht 1946) mar ní a dhéanann difir d'oibriú fo-alt (3) d'alt 40 d'Acht 1953.

(5) Measfar na fo-ailt roimhe seo den alt seo a theacht i ngníomh an 21ú lá d'Iúil, 1959, agus beidh éifeacht acu an lá sin agus ón lá sin amach.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1953.

27. —D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1953 arna leasú le halt 9 den Acht Arm-Phinsean, 1959 ( Uimh. 15 de 1959 ), féadfar iarratas de bhun fho-alt (2) d'alt 5 d'Acht 1953 a dhéanamh tráth nach déanaí ná dhá mhí déag tar éis an 21ú lá d'Iúil, 1959.

Alt 37 d'Acht 1953 do scor d'fheidhm a bheith aige.

28. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 37 d'Acht 1953 agus measfar nach raibh feidhm aige riamh i gcás duine a urscaoileadh as na fórsaí an lú lá d'Eanáir, 1953, nó dá éis.

(2) Ní oibreoidh fo-alt (1) den alt seo chun pinsean míchumais (de réir bhrí alt 37 d'Acht 1953) a mhéadú i leith na tréimhse a thosaigh an lú lá d'Eanáir, 1953, agus dar chríoch an 31ú lá d'Iúil, 1959.

Leasú ar na hAchtanna maidir le pinsin phósta.

29. —(1) San alt seo ciallaíonn “forálacha iomchuí na nAchtanna”—

(a) fo-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1923,

(b) fo-alt (2) d'alt 9, fo-alt (2) d'alt 10, fo-alt (2) d'alt 11, fo-alt (2) d'alt 12, agus fo-alt (2) d'alt 13 d'Acht 1927, agus

(c) fo-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1932.

(2) Déanfar, i gcás aon duine a bhí ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos agus atá ag fáil pinsin mhíchumais nó pinsin chréachta faoi na hAchtanna, forálacha iomchuí na nAchtanna a fhorléiriú, amhail is dá mba rud é, maidir le galar a tholg sé le linn seirbhíse a chríochnaigh roimh an 10ú lá de Nollaig, 1932, nó créacht a bhain dó roimh an 10ú lá de Nollaig, 1932, gurbh é an t-aon-choinníoll ba ghá ó thaobh pósadh an duine sin chun go ndeonófaí pinsean breise nó pinsean pósta don duine sin go ndearnadh an pósadh sin an 10ú lá de Nollaig, 1932, nó dá éis, agus roimh an 5ú lá de Lúnasa, 1953, agus, dá réir sin, ar iarratas a dhéanamh chun an Aire, beidh an pinsean breise nó an pinsean pósta is iomchuí iníoctha, faoi na hAchtanna ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfidh an tAire, leis an duine sin ar choinníoll gurbh fhear pósta é an dáta sin chun críocha na nAchtanna.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíonn pinsean breise nó pinsean pósta a íoc le duine dár deonaíodh pinsean den sórt sin in aghaidh tréimhse roimh an 5ú lá de Lúnasa, 1953, agus ar éag a bhanchéile agus a athphós roimh an dáta sin.

(4) Ní fhorléireofar fo-alt (1) agus fo-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1959 mar ní a dhéanann difir d'oibriú fo-alt (2) den alt seo.

(5) Déanfar gach iarratas ar phinsean faoi fhorálacha iomchuí na nAchtanna, arna leasú leis an Acht seo, lá nach déanaí ná dhá mhí déag tar éis dáta an Achta seo a rith agus beidh sé i cibé foirm, agus beidh cibé sonraí ann, a iarrfaidh an tAire.

Leasú ar na hAchtanna maidir le liúntais bhaintreach.

30. —(1) San alt seo ciallaíonn “forálacha iomchuí na nAchtanna”—

(a) na forálacha seo a leanas d'Acht 1927, eadhon—

(i) mír (ii) d'fho-alt (1) d'alt 14 (sa mhéid go mbaineann sí le duine a luaitear i mír (e) den fho-alt sin) arna leasú le fo-alt (1) d'alt 25 d'Acht 1932,

(ii) fo-alt (6) d'alt 14 (sa mhéid go mbaineann sé le duine a luaitear i mír (a), i mír (b) nó i mír (c) d'fho-alt (2) den alt sin),

(iii) fo-alt (4) d'alt 15 (sa mhéid go mbaineann sé le duine a luaitear i mír (a), i mír (b) nó i mír (c) d'fho-alt (2) den alt sin);

(b) alt 12 d'Acht 1932, arna leasú le halt 19 d'Acht 1937.

(2) Déanfar forálacha iomchuí na nAchtanna, maidir le haon duine éagtha a bhí ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos agus

(a) ba chomhalta d'eagras lenar bhain Cuid II d'Acht 1932, nó

(b) d'éag de ghalar roimh an 10ú lá de Nollaig, 1932, le linn bheith ag fónamh sna fórsaí, nó a urscaoileadh as na fórsaí roimh an dáta sin agus galar air, nó

(c) i gcás duine a maraíodh, a maraíodh roimh an 10ú lá de Nollaig, 1932, nó

(d) i gcás duine d'éag de dheasca créachta, ar bhain an chréacht sin dó roimh an 10ú Nollaig, 1932,

a fhorléiriú amhail is dá mba é an t-aon-choinníoll ba ghá ó thaobh pósadh an duine sin chun go ndeonófaí liúntas baintrí agus liúntais leanaí faoi na hAchtanna do bhaintreach agus do leanaí an duine sin go ndearnadh an pósadh sin an 10ú lá de Nollaig, 1932, nó dá éis sin, agus roimh an 5ú lá de Lúnasa, 1953, agus, dá réir sin, ar iarratas a dhéanamh chun an Aire, beidh an liúntas baintrí agus na liúntais leanaí is iomchuí iníoctha, faoi na hAchtanna ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith) a chinnfidh an tAire, leis an mbaintreach sin (ar choinníoll nár athphós sí an dáta sin nó roimhe) agus leis na leanaí sin.

(3) I gcás ina bhfuair duine a bhí ag gabháil do sheirbhís mhíleata roimh an sos bás le linn bheith ag fáil pinsin chréachta nó pinsin mhíchumais agus go mbeadh teideal aige, díreach roimh dháta a bháis, chun pinsin bhreise nó pinsin phósta dá mba é an t-aon-choinníoll chun go ndeonófaí an pinsean breise nó an pinsean pósta sin gur phós sé an 10ú lá de Nollaig, 1932, nó dá éis sin agus roimh an 5ú lá de Lúnasa, 1953, agus más rud é gurbh é aonsiocair bháis an duine sin an chréacht nó an galar ar ina leith a deonaíodh an pinsean créachta nó an pinsean míchumais (cibé acu é), féadfaidh an tAire, ar iarratas a dhéanamh chuige, na liúntais iomchuí faoi na hAchtanna arna leasú leis an Acht seo a dheonú do bhaintreach (ar choinníoll nár athphós sí) agus do leanaí an duine sin.

(4) (a) Ní thabharfar aird ar aon iarratas faoi na hAchtanna arna leasú leis an Acht seo, ar liúntas baintrí nó linbh i leith duine éagtha mura ndearnadh iarratas go cuí roimhe sin faoi na hAchtanna ar an liúntas sin nó ar aisce bhaintrí i leith an duine mhairbh sin.

(b) D'ainneoin mír (a) den fho-alt seo, is dleathach do bhaintreach agus do leanaí dhuine éagtha a bhí, ar dháta a bháis, ag fáil pinsin mhíchumais nó pinsin chréachta, go n-iarrfadh siad agus go ndeonófaí dóibh liúntas baintrí agus linbh faoi na hAchtanna arna leasú leis an Acht seo.

(c) D'ainneoin mír (a) den fho-alt seo, is dleathach do dhuine nár iarr roimhe sin liúntas baintrí nó linbh ná aisce bhaintrí faoi na hAchtanna i leith báis dhuine lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo go n-iarrfadh an duine sin agus go ndeonófaí don duine sin an liúntas sin faoi na hAchtanna arna leasú leis an Acht seo, ar choinníoll, dá ndéanfadh an duine sin iarratas go cuí ar liúntas nó aisce faoi na hAchtanna i leith an duine éagtha sin, gurb é an t-aon-fhoras amháin ar a ndiúltófaí don iarratas sin nár chomhlíon an t-iarratasóir forálacha iomchuí na nAchtanna.

(5) (a) I gcás ina ndearnadh, roimh dháta an Achta seo a rith, iarratas go cuí faoi na hAchtanna ar liúntas baintrí nó linbh nó ar aisce i leith duine éagtha agus gur diúltaíodh don iarratas sin ar fhorais seachas neamhchomhlíonadh forálacha iomchuí na nAchtanna, ní thabharfar aird ar aon iarratas eile faoi na hAchtanna, arna leasú leis an Acht seo, i leith an duine éagtha sin.

(b) I gcás ina ndearna duine iarratas roimhe sin ar liúntas baintrí nó linbh nó aisce bhaintrí faoi na hAchtanna agus inarbh é an t-aon-fhoras amháin ar ar diúltaíodh don iarratas sin nár comhlíonadh forálacha iomchuí na nAchtanna, is dleathach go n-iarrfadh an duine sin agus go ndeonófaí don duine sin an liúntas sin faoi na hAchtanna arna leasú leis an Acht seo.

(6) Ní fhorléireofar fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 5 ná alt 7 d'Acht 1959 mar nithe a dhéanann difir d'oibriú fo-alt (3) den alt seo.

(7) Déanfar gach iarratas ar liúntas faoi fhorálacha iomchuí na nAchtanna, arna leasú leis an Acht seo, lá nach déanaí ná dhá mhí déag tar éis dáta an Achta seo a rith agus beidh sé i cibé foirm, agus beidh cibé sonraí ann, a iarrfaidh an tAire.

Gearrtheideal agus comhlua.

31. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1960, a ghairm de na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go dtí 1959, agus den Acht seo le chéile.