3 1960


Uimhir 3 de 1960.


ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA (LEASÚ), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA PINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924 GO 1953. [9 Márta, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Pinsin a mhéadú.

1. —(1) Déanfar pinsean faoi Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1953, a mhéadú sé faoin gcéad.

(2) Beidh éifeacht ag méadú faoin alt seo amhail ó lá tosaithe an phinsin (agus an lá sin a áireamh) nó an lú lá de Lúnasa, 1959, cibé lá acu is déanaí.

(3) Nuair a fheidhmeofar fo-alt (1) den alt seo i gcás an pinsean a dheonú an lú lá de Lúnasa, 1959, nó dá éis, cinnfear méid an phinsin ar dtús gan aird ar an alt seo agus déanfar an méid sin a mhéadú ansin.

Cumhacht chun earráid i dtuarascáil an Réiteora a cheartú.

1934, Uimh. 43 .

1949, Uimh. 29 .

2. —(1) Baineann an t-alt seo leis na hiarratais seo a leanas faoi alt 7 d'Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 , á iarraidh go ndeonófaí deimhnithe seirbhíse:

(a) an t-iarratas d'athscrúdaigh an Réiteoir faoi achainí faoi alt 11 d'Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú), 1949 (is achainí a fuair an tAire an 18ú lá de Shamhain, 1950, agus a chuir sé chun an Réiteora an lú lá de Nollaig, 1950), agus ar ar thug an Réiteoir tuarascáil don Aire an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1958, agus

(b) an t-iarratas a cuireadh chun an Aire an 7ú lá de Mheán Fómhair, 1953, agus a tharchuir sé chun an Réiteora an 10ú lá de Shamhain, 1953, agus ar ar thug an Réiteoir tuarascáil don Aire an 24ú lá de Mheán Fómhair, 1958.

(2) Féadfaidh an tAire breitheamh den Chúirt Chuarda nó abhcóide cleachtach a mbeidh ar a laghad seasamh deich mbliana ag an mbarra aige a ainmniú chun scrúdú a dhéanamh ar thaifid an scrúdaithe ag an Réiteoir ar iarratas lena mbaineann an t-alt seo agus más deimhin leis an mbreitheamh nó an t-abhcóide, nuair a dhéanfaidh sé an scrúdú sin, gur bhain earráid don Réiteoir ag leagan amach a chinnte dó ina thuarascáil ar an iarratas féadfaidh sé, le comhthoiliú beirt de chomhaltaí an Choiste Chomhairligh a chabhraigh leis an Réiteoir leis an scrúdú, an earráid a cheartú agus measfar gurb í an tuarascáil, agus í ceartaithe amhlaidh, tuarascáil an Réiteora ar an iarratas.

(3) Forléireofar an t-alt seo agus Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 , mar aon ní amháin.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1960, a ghairm d'Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1953, agus den Acht seo le chéile.