6 1960


Uimhir 6 de 1960.


ACHT MHIC SHUIBHNE (PINSEAN) (MÉADÚ), 1960.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN AN PINSEAN IS INÍOCTHA FAOI ACHT MHIC SHUIBHNE (PINSEAN), 1950 , A MHÉADÚ, LE hÉIFEACHT ÓN 1ú LÁ DE LÚNASA, 1959. [9 Márta, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Pinsean a mhéadú.

1950, Uimh. 30 .

1. —Déanfar an pinsean bliantúil is iníoctha faoi Acht Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 , a mhéadú, le héifeacht ón lú lá de Lúnasa, 1959, ó chúig chéad punt go dtí cúig chéad seasca agus aon phunt amháin agus sé scillinge déag.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht Mhic Shuibhne (Pinsean) (Méadú), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 agus 1960, a ghairm d'Acht Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 , agus den Acht seo le chéile.