An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL. Rialacha maidir le Comhaltas agus Cruinnithe Údarás Sláinte a bhunaítear leis an Acht seo.) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL. Forálacha Iarmartacha ar Bhoird Áirithe a Dhíscaoileadh.)

9 1960

AN tACHT UM ÚDARÁIS SLÁINTE, 1960

AN DARA SCEIDEAL.

Ailt atá á gcur in ionad Ailt 9 agus 10 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955 .

Alt 13.

Meastachán caiteachas.

9. (1) Gach bliain airgeadais áitiúil, ullmhófar, i rith na tréimhse forordaithe agus san fhoirm fhorordaithe, meastachán (dá ngairtear meastachán sealadach caiteachas san alt seo) a thaispeánfaidh na suimeanna a mheastar is gá faoi chomhair caiteachas agus chun soláthar a dhéanamh le haghaidh dliteannais agus riachtanais údaráis áitiúil i gcaitheamh na céad bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin, agus is é a ullmhóidh é—

(a) i gcás údarás áitiúil ag a mbeidh coiste meastachán, an coiste, agus

(b) in aon chás eile, an bainisteoir.

(2) Sa mhéid nach mbeidh sin ar neamhréir le comhlíonadh cuí a dhualgas eile, beidh an bainisteoir i láthair ag gach cruinniú de choiste meastachán údaráis áitiúil agus tabharfaidh don choiste cibé eolas, cúnamh agus comhairle a theastóidh uathu ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna dhóibh.

(3) Más dóigh leis an mbainisteoir go ndéanfadh meastachán sealadach caiteachas a d'ullmhaigh coiste meastachán údaráis áitiúil (cibé acu maidir leis an meastachán go léir é nó maidir le aon chuid nó codanna de) dochar mór, dá ndaingneofaí é agus dá nglacfaí leis ina dhiaidh sin, do chomhlíonadh éifeachtach nó tíobhasach feidhmeanna an údaráis áitiúil, ullmhóidh an bainisteoir tuarascáil ar leith ina sonróidh sé an soláthar is dóigh leis is gá.

(4) Mura ndéanfaidh coiste meastachán údaráis áitiúil meastachán sealadach caiteachas a ullmhú de bhun mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, ullmhóidh an bainisteoir féin an meastachán sin.

(5) I gcás ina mbeadh sé ar neamhréir le comhlíonadh cuí a dhualgas eile an bainisteoir a bheith i láthair ag cruinniú de choiste meastachán údaráis áitiúil ainmneoidh sé oifigeach don údarás áitiúil chun bheith i láthair ag an gcruinniú ina ionad.

(6) Breithneoidh an t údarás áitiúil meastachán sealadach caiteachas ag cruinniú (dá ngairtear cruinniú meastachán sealadach san Acht seo) den údarás áitiúil a mbeidh an bainisteoir i láthair aige agus a bheidh ann i rith na tréimhse forordaithe agus a mbeidh fógra seacht lá ar a laghad tugtha faoi do gach duine is comhalta den údarás áitiúil tráth an fhógra sin a thabhairt.

(7) Seacht lá ar a laghad roimh an lá a bheidh cruinniú meastachán sealadach le bheith ag údarás áitiúil, déanfaidh an bainisteoir—

(a) cóip den mheastachán sealadach caiteachas a thaisceadh in oifigí an údaráis áitiúil,

(b) cóip den mheastachán sealadach caiteachas, maraon le cóip d'aon tuarascáil ar leith faoi fho-alt (3) den alt seo, a chur chun gach duine is comhalta den údarás áitiúil an lá roimh thosach na seacht lá sin, agus

(c) fógra poiblí a thabhairt, sa tslí fhorordaithe, go bhfuiltear tar éis an meastachán sealadach caiteachas a dhéanamh agus cóip de a thaisceadh mar a dúradh.

(8) Féadfaidh aon duine den phobal cóip de mheastachán sealadach caiteachas a taisceadh de bhun an ailt seo in oifigí údaráis áitiúil a iniúchadh in aisce aon tráth an fad a bheidh na hoifigí sin ar oscailt chun gnó oifigiúil a dhéanamh, agus tabharfaidh an bainisteoir cóip den mheastachán sealadach caiteachas ar scilling an chóip d'aon duine a iarrfaidh sin air.

(9) Ag cruinniú meastachán údaráis áitiúil nó ag cruinniú atrátha de—

(a) féadfaidh an t-údarás áitiúil, le rún, an meastachán caiteachas a leasú trí chur leis nó baint as nó trína athrú,

(b) daingneoidh an t-údarás áitiúil, le rún, an meastachán sealadach caiteachas gan a leasú nó arna leasú faoi mhír (a) den fho-alt seo (de réir mar is gá sa chás), agus

(c) déanfaidh an t-údarás áitiúil, de réir an mheastachán sealadach caiteachas arna dhaingniú amhlaidh, dréachtaí a ullmhú de na héilimh nó de na hionstraimí eile sin ab iomchuí chun an t-airgead a fháil faoi chomhair na méideanna a bheidh sonraithe sa mheastachán sin agus glacfaidh siad, le rún, leis na dréachtaí sin.

(10) Féadfaidh údarás áitiúil cruinniú meastachán sealadach a chur ar atráth a mhinicí is mian leo, ach gan é a chur ar atráth chun lae nach mbeidh laistigh den tréimhse lá agus fiche dar tús an lá a thosaigh an cruinniú meastachán sealadach.

(11) Meastachán caiteachas a ghairtear san Acht seo de mheastachán sealadach caiteachas arna dhaingniú faoi fho-alt (9) den alt seo.

(12) Más dóigh leis an mbainisteoir go ndéanfadh meastachán caiteachas (cibé acu maidir leis an meastachán go léir é nó maidir le aon chuid nó codanna de) dochar mór, dá nglacfaí leis, do chomhlíonadh éifeachtach nó tíobhasach feidhmeanna an údaráis áitiúil, ullmhóidh an bainisteoir tuarascáil ar leith ina sonróidh sé an soláthar is dóigh leis is gá.

Cruinniú meastachán.

10. (1) Breithneoidh an t-údarás áitiúil meastachán caiteachas ag cruinniú (dá ngairtear cruinniú meastachán san Acht seo) den údarás áitiúil a mbeidh an bainisteoir i láthair aige agus a bheidh ann i rith na tréimhse forordaithe agus a mbeidh fógra seacht lá ar a laghad tugtha faoi do gach duine is comhalta den údarás áitiúil tráth an fhógra sin a thabhairt.

(2) Lá agus fiche ar a laghad roimh an lá a bheidh cruinniú meastachán le bheith ag údarás áitiúil, cuirfidh an bainisteoir chun gach údaráis rátúcháin lena mbainfidh—

(a) cóip den mheastachán caiteachas,

(b) cóip d'aon tuarascáil ar leith faoi fho-alt (12) d'alt 9 den Acht seo, agus

(c) cóipeanna de na dréachtaí a ullmhaíodh faoi fho-alt (9) den alt sin,

agus féadfaidh gach údarás rátúcháin den sórt sin, i rith an lá agus fiche a dúradh, moltaí a chur, le rún, chun an údaráis áitiúil ag moladh an meastachán caiteachas a leasú trí chur leis nó baint as nó trína athrú.

(3) Ag cruinniú meastachán údaráis áitiúil—

(a) féadfaidh an t-údarás áitiúil, le rún, an meastachán caiteachas a leasú trí chur leis nó baint as nó trína athrú,

(b) glacfaidh an t-údarás áitiúil, le rún, leis an meastachán caiteachas gan a leasú nó arna leasú faoi mhír (a) den fho-alt seo (de réir mar is gá sa chás), agus

(c) ullmhóidh an t-údarás áitiúil, de réir an mheastacháin chaiteachas mar bheidh glactha leis amhlaidh, na héilimh nó na hionstraimí eile trína bhfaighfear an t-airgead faoi chomhair caiteachas an chomhlachta thoghaí an chéad bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin agus glacfaidh siad amhlaidh, le rún, leis na héilimh nó leis na hionstraimí eile sin.