An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL. Ailt atá á gcur in ionad Ailt 9 agus 10 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955.) Ar Aghaidh (AN CEATHRÚ SCEIDEAL. Maoin Fhorcoimeádta.)

9 1960

AN tACHT UM ÚDARÁIS SLÁINTE, 1960

AN TRÍÚ SCEIDEAL.

Forálacha Iarmartacha ar Bhoird Áirithe a Dhíscaoileadh.

Ailt 15 agus 22.

Maoin a aistriú.

1. (1) An mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh an tosach feidhme, dílsithe sa Bhord nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh, agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad ar an tosach feidhme, agus gan tíolacadh ná sannadh ar bith eile ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachta, dílsithe san údarás nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh (de réir mar is gá sa chás) chun an eastáit, an téarma nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh an tosach feidhme, dílsithe sa bhord nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas uile a bhainfidh leis an gcéanna agus a bheidh ar marthain agus inchomhlíonta an tráth sin.

(2) An mhaoin uile a aistrítear leis an mír seo agus a bhí, díreach roimh an tosach feidhme, i leabhair aon bhaine nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm an bhoird, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an údarás dá iarraidh sin tráth ar bith tar éis an tosach feidhme, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an údaráis.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an mír seo ón mbord chun an údaráis, féadfaidh an t-údarás, tar éis an tosach feidhme, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina n-ainm féin, agus ní gá don údarás fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an mír seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an áhbar i gcaingean sin.

Dliteanais a aistriú.

2. (1) Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear fiacha stoic agus morgáiste agus freisin dliteanais neamhleachtaithe as torta nó as sáruithe conartha) a bhí, díreach roimh an tosach feidhme, dlite ón mbord agus gan íoc acu, nó tabhaithe agus gan fuascailt acu, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an tosach feidhme, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an údarás agus íocfaidh nó fuasclóidh an t-údarás é agus féadfar é a ghnóthú ón údarás nó é a chur i bhfeidhm ina gcoinne dá réir sin.

(2) Ní dhéanfaidh díscaoileadh an bhoird neamhbhailí aon ordú íoca, ná difir d'aon ordú íoca, a d'eisigh an bord agus nár tíolacadh le haghaidh íoca roimh an tosach feidhme ná neamhbhailí aon údarás, ná difir d'aon údarás, a thug an bord chun méid an ordaithe íoca sin a íoc, agus déanfaidh an t-údarás socruithe le haghaidh gach ordú íoca den sórt sin a íoc ar é a thíolacadh go cuí laistigh d'am réasúnach tar éis an tosach feidhme.

Conarthaí leanúnacha a choimeád i bhfeidhm.

3. Gach banna, ráthaíocht, nó urrús eile de chineál leanúnach a bheidh déanta nó a bheidh tugtha ag an mbord do dhuine eile nó ag duine ar bith don bhord agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an bord agus duine eile agus nár forghníomhaíodh agus nár comhlánaíodh go hiomlán roimh an tosach feidhme leanfaidh sé, d'ainneoin díscaoileadh an bhoird, d'fheidhm a bheith aige tar éis an tosach feidhme, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirtí ainm an údaráis ann in ionad ainm an bhoird, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an údarás nó ina choinne.

Rialacha agus rialacháin a choimeád i bhfeidhm.

4. Gach riail agus rialachán a rinneadh go dleathach ag an mbord agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme leanfaidh sé, tar éis an tosach feidhme agus sa mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, d'fheidhm agus d'éifeacht a bheith aige mar riail nó rialachán (de réir mar a bheidh) a rinneadh ar an tosach feidhme ag an údarás in aghaidh na coda a bheidh gan chaitheamh an tráth sin den tréimhse agus i leith an limistéir ar lena aghaidh agus ina leith a rinne an bord an céanna iarbhír, agus dá réir sin féadfar gach riail agus rialachán den sórt sin a choimeád i bhfeidhm nó a athrú nó a chúlghairm agus féadfaidh an t-údarás pionós agus forghéillte faoin gcéanna roimh an tosach feidhme nó dá éis a ghnóthú agus a chur i bhfeidhm, sa tslí chéanna agus chomh hiomlán céanna is d'fhéadfadh an bord an céanna a choimeád i bhfeidhm, a athrú, a chúlghairm, a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm amhail is dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

Rúin, etc., a choimeád i bhfeidhm.

5. Gach rún a rith an bord, gach ordú a rinne siad agus gach fógra a sheirbhéail siad roimh an tosach feidhme agus nach raibh a oibriú, a éifeacht nó a théarma éagtha nó caite roimh an tosach feidhme leanfaidh sé, tar éis an tosach feidhme agus sa mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, d'fheidhm a bheith aige agus beidh éifeacht aige amhail is dá mba rún é a rith, ordú a rinne, nó fógra a sheirbheáil an t-údarás an dáta a rith, a rinne nó a sheirbheáil an bord an céanna iarbhír agus amhail is dá bhféadfadh an t-údarás feidhmeanna an bhoird a chomhlíonadh ar an dáta sin.

Leanúint d'imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh.

6. Gach caingean, agra, inchúiseamh nó imeacht eile a bhí ar feitheamh díreach roimh an tosach feidhme in aon chúirt nó binse agus a raibh an bord ina bpáirtí ann, tiocfaidh an t-údarás chun bheith agus beidh siad ar an tosach feidhme, ina bpáirtí ann in ionad an bhoird agus leanfar den imeacht sin idir an t-údarás agus na páirtithe eile ann dá réir sin, agus ní thitfidh aon imeacht den sórt sin ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leis ná ní dhéanfar dochar dó mar gheall ar dhíscaoileadh an bhoird.

Leabhair a ghlacadh i bhfianaise.

7. (1) Gach leabhar agus doiciméad eile a ordaíodh nó a údaraíodh don bhord a choimeád le haon reacht nó faoi aon reacht agus a bhféadfaí, díreach roimh an tosach feidhme, iad a ghlacadh i bhfianaise déanfar, d'ainneoin díscaoileadh an bhoird, iad a ghlacadh i bhfianaise tar éis an tosach feidhme chomh hiomlán agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

(2) Aon uair a fhéadfaí sliocht as aon leabhar nó doiciméad eile, nó deimhniú i dtaobh lánais aon leabhair nó doiciméid eile, a ordaíodh nó a údaraíodh don bhord a choimeád le haon reacht nó faoi aon reacht, a ghlacadh, díreach roimh an tosach feidhme, mar fhianaise ar an lánas sin dá bhfíoraíodh oifigeach áirithe don bhord an céanna i slí áirithe, glacfar, tar éis an tosach feidhme, le sliocht as an leabhar nó as an doiciméad sin nó le deimhniú i dtaobh lánais an leabhair nó an doiciméid sin, má bhíonn an céanna fíoraithe sa slí áirithe sin ag an oifigeach don údarás a fhreagraíonn don oifigeach áirithe sin, mar fhianaise ar an lánas sin an oiread céanna agus a ghlacfaí amhlaidh leis an sliocht nó an deimhniú céadluaite sin dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

Iniúchadh ar chuntais.

8. (1) Déanfar iniúchadh, a luaithe is caothúil tar éis an tosach feidhme, ar chuntais ioncaim agus caiteachais uile an bhoird agus choistí an bhoird agus oifigeach an bhoird agus oifigeach na gcoistí sin, faoi seach, suas go dtí an tosach feidhme agus déanfar, gnóthófar agus cuirfear i bhfeidhm dílamhála, formhuirir, muirir agus pionóis maidir leis na cuntais, leis an ioncam agus leis an gcaiteachas sin sa tslí chéanna, a oiread agus is féidir, agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

(2) I gcás gach oifigeach don bhord nó d'aon choiste don bhord arb é a dhualgas aon chuntais a dhéanamh suas nó cuntas a thabhairt in aon chuid d'ioncam nó de chaiteachas an bhoird agus ina theannta sin i gcás gach comhalta den bhord nó d'aon choiste den sórt sin measfar, go dtí go mbeidh iniúchadh cuntas an ioncaim agus an chaiteachais sin suas go dtí an tosach feidhme críochnaithe, go bhfanfaidh an duine sin in oifig chun críocha an iniúchta sin agus go mbeidh air na dualgais chéanna a dhéanamh agus na cuntais chéanna a thabhairt agus go mbeidh sé faoi réir na ndliteanas céanna agus a bheadh dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

Oifigigh a aistriú.

9. Gach duine a bhí díreach roimh an tosach feidhme, ina oifigeach don bhord déanfar, ar an tosach feidhme sin, é a aistriú chun seirbhís an údaráis agus tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé ina oifigeach don údarás agus, chun críocha aon achtacháin a bhaineann le haoisliúntas, measfar gan deireadh a bheith curtha lena oifig faoin mbord.

Conarthaí seirbhíse a choimeád i bhfeidhm.

10. Gach conradh seirbhíse sainráite nó intuighte a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme idir an bord agus aon duine nárbh oifigeach don bhord leanfaidh sé i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirtí an t-údarás ann in ionad an bhoird, agus féadfaidh an t-údarás gach conradh den sórt sin a chur i bhfeidhm, nó féadfar é chur i bhfeidhm in aghaidh an údaráis, dá réir sin.