An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach.) Ar Aghaidh (CUID III. Na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1952, a Leasú.)

12 1960

AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1960

CUID II.

Achtanna an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 agus 1947, a Leasú.

Léiriú agus comhlua.

1938, Uimh. 34 .

3. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938.

(2) Féadfar Achtanna an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1960, a ghairm d'Achtanna an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 agus 1947, agus den Chuid seo den Acht seo le chéile.

Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú.

4. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 3 den Phríomh-Acht:

“(1) Is é liúntas a bheidh le n-íoc le gach comhalta de Dháil Éireann faoin Acht seo liúntas de réir £1,000 sa bhliain is iníoctha go míosúil.

(2) Is é liúntas a bheidh le n-íoc le gach comhalta de Sheanad Éireann faoin Acht seo liúntas de réir £750 sa bhliain is iníoctha go míosúil.

(3) I gcás comhalta den Oireachtas a bheith i seilbh oifig an Ard-Aighne, measfar an liúntas is iníoctha leis faoin Acht seo a bheith ar áireamh an tuarastail is iníoctha leis de thuras na huaire de bhua é do shealbhú na hoifige sin, agus dá réir sin ní bheidh teideal aige, an fad a bheidh tuarastal á fháil aige i leith na hoifige sin, chun aon liúntais eile faoin Acht seo.

(4) Aon fhoráil atá in aon reacht Breataineach nó in aon reacht de chuid Shaorstát Éireann nó in aon Acht ón Oireachtas (cibé acu roimh an Acht seo a rith a ritheadh, nó dá éis sin a rithfear, é) trína ndlitear aon phinsean is iníoctha as an bPríomh-Chiste nó as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a fhionraí nó a laghdú, go hiomlán nó go páirteach, i gcás an pinsinéir a bheith ag fáil íocaíochtaí (cibé ainm a thugtar orthu sa reacht nó san Acht sin) as airgead a sholáthraigh nó a sholáthróidh an tOireachtas, ní oibreoidh sí, mura mbeidh a mhalairt reachtaithe go sainráite inti, mar fhoráil á cheangal aon phinsean den sórt sin a fhionraí nó a laghdú faoi threoir liúntais is iníoctha faoin Acht seo.”

Asbhaintí i leith scéim pinsean ranníocach.

5. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach sa Phríomh-Acht i ndiaidh ailt 6:

“6A. (1) Baineann an t-alt seo le scéim le haghaidh pinsean do chomhaltaí an Oireachtais agus ar scéim í a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a) gur scéim í a rinne comhchoiste de dhá Theach an Oireachtais,

(b) gur ceadaíodh an scéim le rún ó gach Teach den Oireachtas,

(c) go ndéanann an scéim socrú le haghaidh na bpinsean fúithi a íoc as ciste a bheidh ar teachtadh ag iontaobhaithe agus a chothabhálfar le ranníocaí a íocfaidh comhaltaí uile an Oireachtais.

(2) Aon scéim lena mbainfidh an t-alt seo beidh éifeacht aici de réir a téarmaí agus déanfaidh an tAire, de réir rialachán, suimeanna a bhaint as na liúntais a íocfar faoin Acht seo le comhaltaí an Oireachtais agus na suimeanna sin a íoc isteach sa chiste a bheidh á chothabháil de bhun na scéime.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin chun críocha an ailt seo a dhéanamh agus leagfar na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta.”

Aisghairm.

1947, Uimh. 23 .

6. —Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1947 .