An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Fruilcheannach, Díol Creidmheasa agus Ligean Earraí a Rialú.) Ar Aghaidh (CUID IV. Ilghnéitheach.)

15 1960

AN tACHT FRUILCHEANNAIGH (LEASÚ), 1960

CUID III.

Leasú ar an bPríomh-Acht.

Forálacha breise maidir le horduithe iarchurtha i leith sainseachadadh earraí.

1926, Uimh. 18 .

15. —(1) I gcás ordú iarchurtha á ordú earraí a shainseachadadh don úinéir a dhéanamh, roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, faoi mhír (b) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Phríomh-Acht, féadfar cumhachtaí na cúirte faoi mhíreanna (a) agus (c) d'fho-alt (4) d'alt 14 den Acht sin (míreanna a thugann, faoi seach, cumas don chúirt coinníollacha an iarchuir a athrú nó ordú a dhéanamh á ordú cuid de na hearraí a sheachadadh don úinéir agus teideal an úinéara chun na coda eile a aistriú chun an fhruilitheora) a fheidhmiú, d'ainneoin aon choinníoll i ndáil leis an iarchur a bheith gan chomhlíonadh, aon tráth sula seachadfar na hearraí don úinéir de réir ordú fhorghníomhaithe de réir bhrí an Achta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , arna eisiúint de bhun an ordaithe; agus má bhíonn ordú forghníomhaithe den sórt sin arna eisiúint (roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin), déanfaidh an chúirt—

(a) má athraíonn an chúirt coinníollacha an iarchuir faoin mír sin (a), an t-ordú forghníomhaithe a fhionraí ar choinníollacha den sórt céanna;

(b) má dhéanann an chúirt ordú faoin mír sin (c) á ordú cuid de na hearraí a shainseachadadh don úinéir agus teideal an úinéara chun na coda eile de na hearraí a aistriú chun an fhruilitheora, an t-ordú forghníomhaithe a chealú sa mhéid go bhforálann sé an chuid is déanaí a luaitear de na hearraí a sheachadadh.

(2) D'ainneoin aon ní i rialacha cúirte, féadfar, aon tráth sula seachadfar earraí don úinéir de réir ordú forghníomhaithe arna eisiúint mar adúradh, an t-ordú forghníomhaithe, sa mhéid go mbeidh foráil ann go seachadfar na hearraí, a urscaoileadh tríd an bhfruilitheoir nó aon ráthóir d'íoc iomlán iarmhéad neamhíoctha an phraghais fhruilcheannaigh leis an úinéir maraon le haon ús (is ús is iníoctha faoin gcomhaontú fruilcheannaigh ar thráthchodanna den phraghas fruilcheannaigh a bheidh dlite agus gan íoc) a raibh foráil i leith a íoca san ordú iarchurtha, agus in aon chás den sórt sin dílseoidh teideal an úinéara chun na n-earraí san fhruilitheoir.

(3) Má tharlaíonn, in aon chaingean lena mbainfidh an t-alt sin 13, go ndéanfaidh an fruilitheoir agus go nglacfaidh an t-úinéir, de réir rialacha cúirte, tairiscint maidir le coinníollacha i leith oibriú ordaithe faoi mhír (b) d'fho-alt (4) den alt sin a iarchur, féadfaidh an chúirt, air sin, ordú a dhéanamh faoin mír sin de réir na tairisceana sin gan fianaise a éisteacht maidir le hábhair a shonraítear sa mhír sin (b):

Ar choinníoll nach ndéanfar aon ordú den sórt sin roimh an lá a bheidh socair chun an caingean a éisteacht i gcás ina mbeidh ráthóir ina pháirtí sa chaingean.

Seilbh a aisghabháil ar mhótar-fheithiclí a ligeadh faoi chomhaontuithe fruilcheannaigh.

16. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 6 den Phríomh-Acht maidir le foráil i gcomhaontú a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo faoina mbeidh úinéir mótar-fheithicle a ligeadh faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann—

(a) údaraithe chun dul isteach in áitreabh (seachas teach a úsáidtear mar áit chónaithe nó aon fhoirgneamh laistigh dá chuirtealáiste) chun seilbh a ghlacadh ar an mótar-fheithicil, nó

(b) saor ó dhliteanas mar gheall ar dhul isteach amhlaidh.

(2) I gcás—

(a) ina mbeidh úinéir mótar-fheithicle a ligeadh faoi chomhaontú fruilcheannaigh tar éis caingean a thionscnamh tar éis tosach feidhme an Achta seo chun seilbh a aisghabháil ar an bhfeithicil ón bhfruilitheoir, agus

(b) (i) go mbeidh trian an phraghais fhruilcheannaigh íoctha nó tairgthe, sula dtionscnófar an caingean, ag an bhfruilitheoir nó ag aon ráthóir nó thar ceann an fhruilitheora nó aon ráthóra, nó

 (ii) gur comhaontú fruilcheannaigh eile de réir bhrí alt 16 den Phríomh-Acht an comhaontú fruilcheannaigh, agus

(c) go mbeidh an fheithicil tréigthe nó fágtha gan freastal i gcúinsí dá dtáinig, nó ar dócha go dtiocfadh díobh go ró-luath, an fheithicil a dhamáistiú nó níos mó ná mar is gnáth de laghdú ar a luach,

ní bheidh feidhm ag forálacha alt 12 den Phríomh-Acht agus beidh teideal ag an úinéir ceart chun seilbh a aisghabháil ar an bhfeithicil a chur i bhfeidhm agus seilbh a choimeád uirthi dá éis sin i gcaitheamh an eatraimh nó go ndéanfaidh an chúirt ordú maidir leis an bhfeithicil faoi fho-alt (3) d'alt 13 den Phríomh-Acht.

(3) I gcás ina gcuirfidh úinéir feithicle, de bhun fo-alt (2) den alt seo, ceart chun seilbh a aisghabháil ar an bhfeithicil i bhfeidhm—

(a) déanfaidh sé iarratas chun na cúirte faoi fho-alt (3) d'alt 13 den Phríomh-Acht lá nach déanaí ná an ceathrú lá déag tar éis an lae a aisghabhadh seilbh ar an bhfeithicil nó, mura mbeidh an chúirt ina suí an lá sin, an chéad lá a shuífidh an chúirt tar éis an lae sin, agus

(b) más rud é, ar an gcaingean dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a éisteacht, nach gcruthóidh an t-úinéir don chúirt go raibh sé, i gcúinsí uile an cháis, i dteideal, de bhun an fho-ailt sin, a cheart chun seilbh a aisghabháil ar an bhfeithicil a chur i bhfeidhm, féadfaidh an chúirt, gan dochar d'aon chumhacht eile de chuid na cúirte, damáistí mar is cuí léi a bheidh iníoctha ag an úinéir a dhámhadh don fhruilitheoir i leith aisghabháil na feithicle agus coimeád seilbhe uirthi dá éis sin.

(4) I gcás ina ndéanfaidh úinéir mótar-fheithicle, de bhun fho-alt (2) den alt seo, ceart chun seilbh a aisghabháil ar an bhfeithicil a chur i bhfeidhm ach nach gcomhlíonfaidh sé forálacha mír (a) d'fho-alt (3) den alt seo, measfar, d'ainneoin forálacha fo-alt (2) den alt seo, gur aisghabh sé an fheithicil contrártha d'fho-alt (1) d'alt 12 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (2) den alt sin.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 12 den Phríomh-Acht in aon chás ina ndámhfar damáistí faoi mhír (b) d'fho-alt (3) den alt seo.

(6) Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, maidir le comhaontuithe fruilcheannaigh a bhainfidh le mótar-fheithiclí agus a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo, tríd an mír atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach ag a dheireadh.

(7) San alt seo ciallaíonn “mótar-fheithicil” aon fheithicil inneall-ghluaiste atá déanta le húsáid ar bóthar chun daoine nó earraí a iompar agus folaíonn sé tarracóir.

Dliteanas ráthóra nuair a thugtar earraí ar ais don úinéir.

17. —(1) I gcás—

(a) earraí a bheidh arna ligean faoi chomhaontú fruilcheannaigh, arna dhéanamh roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, agus

(b) go n-aisghabhfaidh an t-úinéir seilbh ar na hearraí sin, nó go ndéanfaidh an chúirt ordú faoi mhír (a) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Phríomh-Acht ag ordú na hearraí sin a shainseachadadh don úinéir,

ansin, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ní bheidh dliteanas ráthóra faoi chonradh ráthaíochta maidir leis an gcomhaontú níos mó ná an méad más aon mhéad é, a dhlífeadh an fruilitheoir a íoc faoi alt 5 den Phríomh-Acht dá bhfoirceannadh sé an comhaontú faoin alt sin tráth na haisghabhála nó tráth déanta an ordaithe, de réir mar bheidh.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, beidh aon fhoráil ar neamhní a bheidh in aon chonradh ráthaíochta maidir le comhaontú fruilcheannaigh trína mbeidh an ráthóir, tar éis seilbh a bheith aisghafa ar na hearraí a ligeadh faoin gcomhaontú nó tar éis ordú a dhéanamh ag an gcúirt faoin mír sin (a) ag ordú na hearraí a shainseachadadh don úinéir, faoi dhliteanas is mó ná an dliteanas a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(3) Ní dochar fo-ailt (1) agus (2) den alt seo d'aon dliteanas de chuid an ráthóra a bheidh faibhrithe i leith tráthchodanna den phraghas fruilcheannaigh a bheidh dlite faoin gcomhaontú fruilcheannaigh agus a bheidh gan íoc tráth na haisghabhála nó tráth déanta an ordaithe, de réir mar bheidh.

(4) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo maidir le héileamh nó ordú i dtaobh ráthóra a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo.

An t-úinéir do leithreasú íocaíochtaí i leith comhaontuithe fruilcheannaigh.

18. —I gcás—

(a) ina mbeidh fruilitheoir i dteideal faoi alt 10 den Phríomh-Acht íocaíocht a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo a leithreasú, agus

(b) ina mainneoidh an fruilitheoir leithreasú a dhéanamh faoin alt sin, agus

(c) ina mbeidh dhá dtrian an phraghais cheannaigh íoctha faoi gach ceann de na comhaontuithe fruilcheannaigh a mbeidh suimeanna dlite ina leith ar chun nó mar chabhair chun iad a íoc a bheidh an teideal ann,

féadfaidh an t-úinéir, d'ainneoin forálacha an ailt sin 10, an íocaíocht a leithreasú chun nó mar chabhair chun íoctha na suime a bheidh dlite faoi aon cheann de na comhaontuithe nó chun nó mar chabhair chun íoctha na suimeanna a bheidh dlite faoi aon dá cheann nó níos mó de na comhaontuithe go comhréireach mar is oiriúnach leis agus, má mhainníonn sé aon leithreasú mar adúradh a dhéanamh, beidh an íocaíocht arna leithreasú, de bhua an ailt sin, mar chabhair chun íoctha na suimeanna a bheidh dlite faoi na comhaontuithe fruilcheannaigh faoi seach de réir na comhréire a bheidh idir na suimeanna sin.

Dlínse na gcúirteanna.

1924, Uimh. 10 .

1936, Uimh. 48 .

19. —(1) In aon chaingean a thosófar tar éis tosach feidhme an Achta seo ag úinéir earraí a ligeadh faoi chomhaontú fruilcheannaigh le ceart chun seilbh na n-earraí a aisghabháil ón bhfruilitheoir a chur i bhfeidhm—

(a) beidh dlínse ag an gCúirt Chuarda i gcás nach mó ná míle punt praghas fruilcheannaigh na n-earraí, agus

(b) beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche i gcás nach mó ná céad punt praghas fruilcheannaigh na n-earraí.

(2) In aon chaingean a thosófar tar éis tosach feidhme an Achta seo ag úinéir earraí a ligeadh faoi chomhaontú fruilcheannaigh chun iallach a chur suim a íoc a bheidh dlite faoin gcomhaontú fruilcheannaigh nó faoi aon chonradh ráthaíochta a bhainfidh leis an gcomhaontú sin—

(a) beidh dlínse ag an gCúirt Chuarda i gcás nach mó ná míle punt an méad a bheidh á éileamh, agus

(b) beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche i gcás nach mó ná céad punt an méad a bheidh á éileamh.

(3) Ní bhainfidh mír (v) d'alt 52 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , ná mír (a) d'alt 53 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 , le caingean—

(a) ar sa Stát atá gnáthchónaí ar an gcosantóir nó ar dhuine, ar a laghad, de na cosantóirí ann nó a bhfuil an cosantóir nó na cosantóirí sin ag gabháil d'aon ghairm, gnó nó slí bheatha sa Stát, agus

(b) lena mbainfidh fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo.

An míniú ar phraghas fruilcheannaigh a leasú.

20. —(1) Chun críocha an Phríomh-Achta, is cuid den phraghas fruilcheannaigh aon suim is iníoctha ag an bhfruilitheoir faoi chomhaontú fruilcheannaigh ar mhodh éarlaise nó chéadíocaíochta eile nó a chreidiúnófar, nó a bheidh le creidiúnú, dó faoi chomhaontú den sórt sin ar cuntas aon éarlaise nó íocaíochta den sórt sin, cibé acu atá an tsuim sin le híoc nó íoctha leis an úinéir nó le haon duine eile nó le glanadh nó glanta trí airgead a íoc nó trí earraí a aistriú nó a sheachadadh nó trí aon mheán eile.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo chun críocha an Phríomh-Achta mar bhaineann sé le comhaontuithe a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo, ach amháin maidir le haon nóta nó meabhrán i dtaobh comhaontaithe den sórt sin a rinneadh chun críocha alt 3 den Phríomh-Acht.

Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú.

21. —Déantar leis seo mír (d) d'fho-alt (2) d'alt 3 den Phríomh-Acht a leasú, maidir le comhaontuithe fruilcheannaigh a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo, trí “de cheithre lá déag” a chur in ionad “de sheacht lá”.

Alt 4 den Phríomh-Acht a leasú.

22. —Déantar leis seo mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 4 den Phríomh-Acht a leasú maidir le comhaontuithe díola chreidmheasa a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo trí “de cheithre lá déag” a chur in ionad “de sheacht lá”.

Cúngú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

23. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 5 den Phríomh-Acht maidir le comhaontuithe díola chreidmheasa a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo i leith gléasra nó innealra (seachas feithiclí inneall-ghluaiste) a bheidh beartaithe a úsáid i bpróis thionscail agus ar mó ná dhá chéad punt a phraghas réidh-airgid (de réir bhrí alt 3 den Phríomh-Acht).

(2) Beidh éifeacht ag an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, maidir le comhaontuithe fruilcheannaigh lena mbainfidh fo-alt (1) den alt seo, ionann is dá ndéanfaí “Ceart an Fhostóra chun an Comhaontú a Fhoirceannadh” agus na chéad cheithre mhír san fhógra a fhorordaítear ann a scriosadh.

Alt 7 den Phríomh-Acht a leasú.

24. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht a leasú, maidir le hiarratais den sórt dá dtagraítear san fho-alt sin agus a gheofar tar éis tosach feidhme an Acht seo, trí “de sheacht” a chur in ionad “de cheithre”.

Alt 16 den Phríomh-Acht a leasú.

25. —Déantar leis seo alt 16 den Phríomh-Acht a leasú, maidir le ceart chun seilbh a aisghabháil ar earraí a ligeadh faoi chomhaontú fruilcheannaigh a chur i bhfeidhm tar éis tosach feidhme an Achta seo, trí—

(a) “nó aon cheann díobh” a chur isteach i ndiaidh “na hearraí sin”, agus

(b) “ionann is dá mbeadh trian den phraghas fostcheannaigh íoctha nó tairgthe” a chur isteach i ndiaidh “a thosnú”.