|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Ceadúnú.) | Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a Aisghairtear.) |
AN tACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1960
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Ilghnéitheach. | |
[EN] |
Cumhachtaí cuardaigh agus gabhála faoin Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831, a leathnú. 1831, c. 55. |
22. —(1) Leathnaítear leis seo mar a leanas ailt 17 agus 18 (ailt a bhaineann le biotáille neamhdhleathach a chuardach agus a ghabháil) d'Acht 1831:— |
[EN] | (a) beidh feidhm acu maidir le teach nó áit is cuma cé acu a dhéantar driogadh ann nó nach ndéantar, agus | |
[EN] | (b) beidh feidhm acu maidir le teach nó áit a bhfuil fios nó amhras biotáille a bhfuil cion faoi alt 22 nó alt 23 (ailt a bhaineann le biotáille neamhdhleathach a bheith ar seilbh ag duine) d'Acht 1831 á dhéanamh ann agus maidir le haon bhiotáille den sórt sin a gheofar ann. | |
[EN] | (2) Ní údaróidh aon ní in alt 18 d'Acht 1831, nó san alt sin arna leathnú le fo-alt (1) den alt seo, teach a úsáidtear mar theaghais chónaithe a chuardach gan barántas. | |
[EN] | (3) Aon chomhalta den Gharda Síochána nó oifigeach custam agus máil— | |
[EN] | (a) má bhíonn cúis réasúnach aige amhras a bheith air go bhfuil feithicil á húsáid i ndáil le cion faoi alt 25 (a bhaineann le stileanna agus biotáille a aistriú) d'Acht 1831 á dhéanamh, féadfaidh sé a cheangal ar thiománaí na feithicle an fheithicil a stop, agus féadfaidh sé an fheithicil a chuardach, agus | |
[EN] | (b) má bhíonn cúis réasúnach aige amhras a bheith air go bhfuil duine ag déanamh ciona faoin alt sin 25, féadfaidh sé a cheangal ar an duine sin aon bhuidéal nó coimeádán eile a bheidh á iompar aige nó ar a phearsa a thabhairt ar aird agus féadfaidh sé an rud a bheidh sa bhuidéal nó sa choimeádán a scrúdú agus a thástáil. | |
[EN] | (4) Má bhacann, má chomhraiceann nó má choisceann aon duine, nó más rud é nach ndéanfaidh sé mar a cheanglóidh comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach custam agus máil agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (3) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoi Acht 1831 agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear pionós máil caoga punt a chur air. | |
[EN] | (5) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1831” an Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831; | |
[EN] | tá le “driogadh” an bhrí atá le “distillation” in Acht 1831; | |
[EN] | tá le “barántas” an bhrí atá le “warrant” in alt 17 d'Acht 1831. | |
[EN] |
Alt 2 d'Acht 1902 a leasú. |
23. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 (a shrianann deonú ceadúnas nua) d'Acht 1902 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (1):— |
[EN] | “(1) For premises (not being premises which were licensed by virtue of paragraph (2) of this section) which were licensed at any time during the period of five years immediately before the day on which notice of an application for the grant of a certificate entitling the holder to receive a licence in respect of the premises is given, pursuant to rules of court, to the appropriate County Registrar or to the appropriate District Court Clerk, as the case may be; or”. | |
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar éag don tréim se dhá bhliain dar tosach lá an Achta seo a rith. | |
[EN] |
Alt 6 d'Acht 1902 a leasú. |
24. —Leasaítear leis seo alt 6 (a dhéanann foráil le haghaidh ceadúnú áitribh atá tadhlach le háitreabh a ceadúnaíodh i 1902) d'Acht 1902 trí “at any time during the period of five years immediately before the day on which notice of an application for the grant of a certificate entitling the holder thereof to receive any such new licence is given, pursuant to rules of court, to the appropriate County Registrar or to the appropriate District Court Clerk, as the case may be” a chur in ionad “at the date of the passing of this Act”. |
[EN] |
Alt 19 d'Acht 1943 a leasú. |
25. —(1) Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1943 trí na mínithe ar “ceadúnas”, “ceadúnas tábhairneora” agus “ceadúnas tí bheorach” a scriosadh agus an míniú seo a leanas a chur isteach: |
[EN] | ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol ar gá deimhniú ón gCúirt Chuarda nó ón gCúirt Dúiche a thabhairt ar aird chun go ndeonófar é. | |
[EN] | (2) Déanfar na tagairtí don Chúirt Chuarda atá in ailt 21 agus 22 (a bhaineann le ceadúnais nua a dheonú i leith áitribh níos oiriúnaí nó áitribh a cuireadh in ionad áitribh a díothaíodh) d'Acht 1943 a fhorléiriú, maidir le hiarratais a dhéanfar fúthu de bhua an leasaithe a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo ag lorg deimhnithe ag tabhairt teidil do na hiarratasóirí eis-cheadúnais a fháil, mar thagairtí don Chúirt Dúiche agus déanfar an tagairt atá san alt sin 22 don Chláraitheoir Contae a fhorléiriú, maidir leis na hiarratais sin, mar thagairt don Chléireach Cúirte Dúiche agus beidh éifeacht dá réir sin ag na hailt. | |
[EN] |
Ailt 21, 22 agus 31 d'Acht 1943 a leasú. |
26. —(1) D'ainneoin aon ní atá in ailt 21 nó 31 d'Acht 1943 (ailt a bhaineann le ceadúnais a dheonú i leith áitribh níos oiriúnaí agus le ceadúnais tí leanna a aistriú) i gcás nach é an duine a bheidh ag déanamh iarratais faoi cheachtar de na hailt sin sealbhóir an cheadúnais a bheidh le múchadh nó le haistriú faoin alt ach go gcruthóidh sé don Chúirt a bheidh ag éisteacht an iarratais go bhfuil toiliú sealbhóir an cheadúnais sin faighte aige chun go múchfaí nó go n-aistreofaí é, de réir mar a bheidh, ní dhiúltófar don iarratas ar an bhforas nárbh é an duine a bheidh á dhéanamh sealbhóir an cheadúnais a bheidh le múchádh nó le haistriú amhlaidh agus forléireofar na hailt sin agus beidh éifeacht acu dá réir sin. |
[EN] | (2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 22 (a bhaineann le ceadúnais nua a dheonú i leith áitribh a cuireadh in ionad áitribh a díothaíodh) d'Acht 1943 a leasú— | |
[EN] | (a) trí “dhá bhliain” a chur i mír (a) in ionad “dhá mhí dhéag”, agus | |
[EN] | (b) “nó é a bheith tar éis toiliú áititheora dhleathaigh an áitribh sin nó láithreáin agus iarsmaí an áitribh sin a fháil leis an iarratas a dhéanamh, agus má bhíonn an ceadúnas dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo ar marthain an tráth sin, leis an gceadúnas sin a mhúchadh má dheonaítear agus nuair a dheonófar ceadúnas de bhun an ailt seo” a chur i mír (c) i ndiaidh “a iarsmaí”. | |
[EN] | (3) (a) Aon chiontú a taifeadadh ar cheadúnas a aistreofar faoin alt sin 31, scoirfidh sé, ar an aistriú sin, chun gach críche de bheith taifeadta amhlaidh agus measfar nár taifeadadh amhlaidh riamh é. | |
[EN] | (b) I gcás ina ndeonófar ceadúnas nua d'aon duine de bhun iarratais faoin alt sin 21 nó faoin alt sin 22, ansin, aon chiontú a taifeadadh ar an gceadúnas a múchadh de bhun an iarratais (nach ciontú a tháinig chun bheith taifeadta amhlaidh tráth, más aon tráth é, arbh é an duine sin sealbhóir an cheadúnais sin) measfar, d'ainneoin aon ní atá sna hailt sin, nár taifeadadh ar an gceadúnas nua é agus forléireofar na hailt sin agus beidh éifeacht acu dá réir sin. | |
[EN] |
Láncheadúnas a dheonú i leith áitribh lena ngabhann ceadúnas srianta. |
27. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “láncheadúnas” ceadúnas tábhairneora de réir bhrí Chuid II d'Acht 1910 agus nach ceadúnas sé lá ná ceadúnas mochdhúnta; | |
[EN] | ciallaíonn “ceadúnas srianta”— | |
[EN] | (a) ceadúnas tábhairneora nach láncheadúnas, nó | |
[EN] | (b) ceadúnas tí leanna de réir bhrí Chuid II d'Acht 1910. | |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfaidh duine ag a bhfuil ceadúnas srianta i leith aon áitribh (dá ngairtear an t-áitreabh iomchuí san fho-alt seo agus i bhfo-alt (3) den alt seo) a chruthú don Chúirt Dúiche, ar iarratas a dhéanamh chuici ag aon suí di don cheantar Cúirte ina bhfuil an t-áitreabh iomchuí, gur amhlaidh, maidir le— | |
[EN] | (a) ceadúnas srianta eile i leith áitribh atá sa cheantar Cúirte sin, nó | |
[EN] | (b) gach ceann de dhá cheadúnas srianta eile i leith áitreabh ar in áit seachas sa cheantar Cúirte sin atá gach ceann acu, nó | |
[EN] | (c) láncheadúnas, | |
[EN] | agus— | |
[EN] | (i) gurb eisean sealbhóir an cheadúnais sin, nó | |
[EN] | (ii) go bhfuair sé toiliú an tsealbhóra go múchfaí é má dheonaítear agus nuair a dheonófar láncheadúnas i leith an áitribh iomchuí de bhun an ailt seo, | |
[EN] | cuirfidh an Chúirt faoi deara deimhniú a thabhairt don duine sin ag tabhairt teidil dó láncheadúnas a fháil i leith an áitribh iomchuí. | |
[EN] | (3) Ar an láncheadúnas i leith an áitribh iomchuí a dheonú de bhun iarratais faoi fho-alt (2) den alt seo— | |
[EN] | (a) múchfar an ceadúnas srianta i leith an áitribh iomchuí, agus | |
[EN] | (b) múchfar an ceadúnas nó na ceadúnais eile, de réir mar a bheidh, lenar bhain an t-iarratas agus measfar, chun críocha Acht 1902, nach raibh an t-áitreabh eile ná aon cheann de na háitribh eile, de réir mar a bheidh, lenar bhain an t-iarratas ceadúnaithe riamh. | |
[EN] | (4) D'ainneoin aon ní atá sna hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1960, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarratas a fháil laistigh de dhá bhliain tar éis an tAcht seo a rith ó dhuine is sealbhóir ar cheadúnas srianta i leith aon áitribh agus ar an duine sin d'íoc suim dhá chéad punt leis na Coimisinéirí Ioncaim, láncheadúnas i leith an áitribh sin a dheonú don duine sin. | |
[EN] | (5) Ar láncheadúnas i leith aon áitribh a dheonú faoi fho-alt (4) den alt seo, múchfar an ceadúnas srianta ina leith. | |
[EN] | (6) An tsuim is iníoctha faoi fho-alt (4) den alt seo maidir le ceadúnas a dheonú is suim í i dteannta agus ní suim í in ionad aon tsuime is iníoctha ar an gceadúnas faoi alt 43 d'Acht 1910. | |
[EN] | (7) (a) Bunófar ciste a bhainisteoidh an tAire Airgeadais agus ar a dtabharfar Ciste Comhshóite na gCeadúnas Srianta agus déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na suimeanna uile a gheobhaidh siad faoi fho-alt (4) den alt seo a íoc leis an Aire sin le haghaidh creidiúna an Chiste. | |
[EN] | (b) Déanfar sócmhainní an Chiste a dhiúscairt ar cibé modh agus chun cibé críocha a chinnfear le hAcht ón Oireachtas. | |
[EN] | (c) Ullmhóidh an tAire Airgeadais cuntas i dtaobh an Chiste in aghaidh gach bliana airgeadais agus déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an cuntas a iniúchadh agus leagfar an cuntas, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] |
Ceadúnais a bheidh ag ainmnithe a aistriú. |
28. —Aon cheadúnas a bheidh ag ainmní comhlachta chorpraithe i leith áitribh ar ag an gcomhlacht corpraithe a bheidh an tionóntacht is ísle ann, féadfar, ar iarratas ón gcomhlacht corpraithe chun na Cúirte ag aon suí den Chúirt don cheantar Cúirte ina bhfuil an t-áitreabh, é a aistriú, trí fhormhuiniú a dhéanfaidh an Chúirt ar an gceadúnas nó, mura mbeidh an ceadúnas ar fáil, ar chóip de, chun cibé duine eile a ainmneoidh an comhlacht corpraithe. |
[EN] |
Eis-cheadúnais a aistriú. 1855. c. 114. |
29. —Beidh feidhm ag forálacha alt 1 (a bhaineann le haistriú idirthréimhsiúil ar cheadúnais ag an gCúirt) den Public House (Ireland) Act, 1855, maidir le heis-cheadúnais ar gá deimhniú ón gCúirt a thabhairt ar aird chun go ndeonófar iad. |
[EN] |
Cumhacht i gcásanna áirithe chun aistriú nó athnuachan ceadúnas i leith áitreabh a dheonú do dhaoine seachas na húinéirí. 1855, c. 114. 1855, c. 114. |
30. —(1) I gcás ina scoirfidh sealbhóir ceadúnais i leith aon áitribh (nach duine a shealbhaíonn an ceadúnas mar ainmní), ar ábhar ar bith seachas a bhás, an t-áitreabh a aistriú nó an ceadúnas a fhorghéilleadh, de bheith ag gabháil don ghnó a údaráítear leis an gceadúnas, agus más sa Stát atá gnáthchónaí air, go scoirfidh sé de bheith ina chónaí amhlaidh nó nach féidir é a fháil, féadfaidh an Chúirt, faoi réir fhorálacha na nAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1960, ar iarratas cuí a dhéanamh chuici ag aon suí di don cheantar Cúirte ina bhfuil an t-áitreabh— |
[EN] | (a) mura mbeidh an ceadúnas éagtha, an ceadúnas a aistriú chun an iarratasóra, de réir fhorálacha alt 1 den Public House (Ireland) Act, 1855, agus | |
[EN] | (b) má bhíonn an ceadúnas éagtha agus go ndéanfar an t-iarratas laistigh de bhliain ón éag sin, an deimhniú nó na deimhnithe is gá a thabhairt ar aird sula ndeonófar athnuachan an cheadúnais i leith an áitribh, a dheonú don iarratasóir, agus, chun críocha an iarratais agus na gCoimisinéirí Ioncaim do dheonú athnuachan an cheadúnais, measfar gurb é an t-iarratasóir sealbhóir an eastáit nó na tionóntachta is ísle san áitreabh, | |
[EN] | (2) Ní ghéillfear d'iarratas chun na Cúirte faoi fho-alt (1) den alt seo más rud é— | |
[EN] | (a) go ndéanfaidh sealbhóir an cheadúnais agóid, nó | |
[EN] | (b) nach measfaidh an Chúirt gur duine oiriúnach, i gcúinsí uile an cháis, an t-iarratasóir chun an deimhniú a dheonú dó. | |
[EN] | (3) I gcás ina ngéillfidh an Chúirt d'iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo i leith ceadúnais tar éis don cheadúnas éag, measfar gur athnuadh an ceadúnas, láithreach, tar éis dó éag. | |
[EN] | (4) I gcás sealbhóir ceadúnais ar deonaíodh aistriú nó athnuachan ceadúnais dó de bhua fho-alt (1) den alt seo á iarraidh ar an gCúirt an deimhniú nó na deimhnithe a dheonú is gá a thabhairt ar aird sula ndeonófar athnuachan an cheadúnais, measfar, chun críocha an iarratais agus na gCoimisinéirí Ioncaim do dheonú athnuachan a cheadúnais, gurb eisean sealbhóir an eastáit nó na tionóntachta is ísle san áitreabh lena mbainfidh an ceadúnas. | |
[EN] | (5) An duine is sealbhóir ar an eastát nó an tionóntacht is ísle in aon áitreabh a mbeidh ceadúnas i bhfeidhm ina leith, nach eisean is sealbhóir ar an gceadúnas sin agus go mbeifear tar éis an ceadúnas a aistriú nó a athnuachan de bhua na bhforálacha roimhe seo den alt seo, beidh teideal aige, ar iarratas cuí a dhéanamh chun na Cúirte— | |
[EN] | (a) go ndéanfar an ceadúnas i leith an áitribh a aistriú chuige de réir fhorálacha alt 1 den Public House (Ireland) Act, 1855, agus | |
[EN] | (b) cibé acu a bheifear nó nach mbeifear tar éis an ceadúnas a aistriú chuige faoi mhír (a) den fho-alt seo, go ndeonófar dó, faoi réir fhorálacha na nAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1960— | |
[EN] | (i) i gcás inarb eisean an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo mar shealbhóir an cheadúnais, an deimhniú nó na deimhnithe is gá a thabhairt ar aird sula ndeonófar athnuachan an cheadúnais, agus | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, an deimhniú nó na deimhnithe is gá a thabhairt ar aird sula ndeonófar ceadúnas trí aistriú i leith an áitribh. | |
[EN] | (6) Aon cheadúnas i leith aon áitribh a bheifear tar éis a aistriú nó a athnuachan de bhua fho-alt (1) den alt seo agus a bheidh ag duine seachas sealbhóir an eastáit nó na tionóntachta is ísle san áitreabh, ní fhéadfar é a mhúchadh faoi réim ná chun críocha alt 4 d'Acht 1902, alt 11 d'Acht 1927, alt 21 ná alt 31 d'Acht 1943, ná alt 13 ná alt 19 den Acht seo. | |
[EN] |
Agóid ó údarás sláinte in aghaidh ceadúnais a dheonú. 1833, c. 68. |
31. —Leasaítear leis seo alt 4 (a bhaineann le hagóidí in aghaidh iarratas ar dheimhnithe le haghaidh ceadúnas) den Licensing (Ireland) Act, 1833, trí “or the health authority within the meaning of the Health Acts, 1947 to 1958, in whose functional area the house is situate” a chur isteach i ndiaidh “inhabitant of said parish”. |
[EN] |
Agóid in aghaidh ceadúnais a athnuachan ar an bhforas go bhfuil an t-áitreabh neamhoiriúnach. 1854, c. 89. |
32. —(1) Féadfaidh duine ar bith agóid a dhéanamh in aghaidh iarratais chun na Cúirte á iarraidh go ndeonófaí deimhniú faoi alt 11 (a bhaineann le ceadúnais a athnuachan) den Spirits (Ireland) Act, 1854, maidir le haon áitreabh ar fhoras neamhoiriúnacht an áitribh a bheidh le ceadúnú agus, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, más deimhin leis an gCúirt an t-áitreabh a bheith neamhoiriúnach chun a cheadúnaithe, féadfaidh sí diúltú an deimhniú a dheonú. |
[EN] | (2) Ní thabharfaidh an Chúirt aird ar agóid faoin alt seo mura ndéanfar fógra i scríbhinn á rá go bhfuiltear ar intinn an agóid a dhéanamh maraon le sonraí i scríbhinn ar an neamhoiriúnacht líomhanta a thabhairt, dhá mhí dhéag ar a laghad sula n-éistfear an t-iarratas, don duine a shealbhóidh, tráth an fhógra a thabhairt, an ceadúnas ar ina leith a bheidh an t-iarratas á dhéanamh. | |
[EN] |
Luachálacha inrátaithe in iarratais ar cheadúnais. |
33. —(1) (a) Leasaítear leis seo alt 5 (a dhéanann foráil le haghaidh luachálacha íosta ar áitribh cheadúnaithe áirithe) d'Acht 1902 trí “the rateable valuation, as defined in the Interpretation Act, 1937, of the premises shall be” a chur in ionad “‘the premises shall be valued under the Irish Valuation Acts at”. |
[EN] | (b) Leasaítear leis seo alt 21 (a dhéanann foráil le haghaidh deonú ceadúnas nua i leith áitribh níos oiriúnaí) d'Acht 1943 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d) d'fho-alt (1): | |
[EN] | “(d) nach lú luacháil inrátaithe an áitribh nua ná luacháil inrátaithe an tseanáitribh, agus”. | |
[EN] | (2) Nuair a bheifear ag forléiriú alt 5, arna leasú leis an alt seo, d'Acht 1902, measfar go bhfolaíonn “rateable valuation”, agus nuair a bheifear ag forléiriú alt 21, arna leasú leis an alt seo, d'Acht 1943, agus alt 13 den Acht seo, measfar go bhfolaíonn “luacháil inrátaithe” luacháil sealadach arna heisiúint ag an gCoimisinéir Luachála. | |
[EN] |
Srian le heischeadúnais sú úll miondíoltóra a dheonú. |
34. —D'ainneoin aon ní contrártha dó sin atá in aon Acht eile, ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí cheadúnas nua nó trí sheancheadúnas a aistriú nó a athnuachan, eis-cheadúnas sú úll miondíoltóra faoi Acht 1910 a dheonú d'aon duine seachas duine is sealbhóir de thuras na huaire ar eis-cheadúnas biotáille miondíoltóra faoi Acht 1910 nó ar cheadúnas déileálaí mhórreaca chun biotáille, beoir nó fíon a dhíol faoi Acht 1910. |
[EN] |
Biotáille tríocha céim faoi bhun promhaidh a dhíol gan fógra. 1879, c. 30. |
35. —Leasaítear leis seo alt 6 (a cheadaíonn biotáille a dhíol ar nirt laghdaithe sonraithe gan fógra i dtaobh an laghdaithe a thabhairt) den Sale of Food and Drugs Act Amendment Act, 1879, trí “thirty degrees” a chur in ionad “twenty five degrees”. |
[EN] |
Alt 25 den Acht Deocha Meisciúla (Ginearálta), 1924, a leasú. |
36. —Leasaítear leis seo alt 25 (a bhaineann leis an nGarda Síochána do chuardach clubanna) den Acht Deocha Meisciúla (Ginearálta), 1924, trí “chomhalta” a chur in ionad “oifigeach” i bhfo-alt (1). |
[EN] |
Alt 25 d'Acht 1927 a leasú. |
37. —Leasaítear leis seo alt 25 (a bhaineann le ciontuithe a thaifeadadh ar cheadúnais) d'Acht 1927, trí— |
[EN] | (a) “an Chúirt dá mheas as a comhairle féin gur ceart san do dhéanamh” (a cuireadh isteach le hAcht 1943) a scriosadh as fo-alt (1) agus “faoi réir fho-alt (4) den alt seo” a chur ina n-ionad, | |
[EN] | (b) “dhá bhliain” a chur in ionad “cúig mblian”, “ceithre bliana” in ionad “seacht mblian” agus “sé bliana” in ionad “deich mblian” i bhfo-alt (2), agus | |
[EN] | (c) an fo-alt seo a leanas a chur leis an alt: | |
[EN] | “(4) D'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (1) den alt seo, má chiontaítear duine maidir le haon áitreabh a bhfuil ceadúnas aige ina leith chun deochanna meisciúla a dhíol ar mionreic i gcion lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo agus gurb é an ciontú sin an chéad chiontú ar an duine sin maidir leis an áitreabh sin i gcion lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo, ní thaifeadfar an ciontú ar an gceadúnas.” | |
[EN] | (2) (a) Gach ciontú a bhí taifeadta, díreach roimh an Acht seo a rith, faoi alt 25 d'Acht 1927 ar cheadúnas a bhí i bhfeidhm an tráth sin scoirfidh sé chun gach críche, ar an Acht seo a rith, de bheith taifeadta amhlaidh agus, i gcás ina ndearnadh, roimh an Acht seo a rith, sealbhóir ceadúnais a bhí i bhfeidhm an tráth sin a chiontú i gcion lena mbaineann Cuid III d'Acht 1927, measfar, chun críocha fho-alt (2) agus fho-alt (4) (a chuirtear isteach leis an alt seo) den alt sin 25, nár ciontaíodh an sealbhóir sin amhlaidh riamh. | |
[EN] | (b) Má chiontaítear sealbhóir ceadúnais tar éis an tAcht seo a rith i gcion lena mbaineann Cuid III d'Acht 1927 agus a rinneadh roimh an Acht seo a rith, ní thaifeadfar an ciontú ar an gceadúnas faoi alt 25 d'Acht 1927 agus measfar, chun críocha an fho-ailt sin (2) agus an fho-ailt sin (4), nár ciontaíodh an sealbhóir sin amhlaidh riamh. | |
[EN] |
Srian le deochanna meisciúla a ól i dtithe úrúcháin. 1860, c. 107. |
38. —(1) Aon duine a ólfaidh deoch mheisciúil, nó a cheadóidh deoch mheisciúil a ól, i rith tráthanna toirmiscthe i dteach úrúcháin nach áitreabh ceadúnaithe beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear an fhíneáil a chur air a dhlífí a chur air dá mba chiontú é i leith áitribh arbh áitreabh ceadúnaithe é an tráth a rinneadh an cion. |
[EN] | (2) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “teach úrúcháin” áitreabh, nó aon chuid d'áitreabh a meastar chun críocha ar Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860, gur teach úrúcháin é; | |
[EN] | tá le “áitreabh ceadúnaithe” an bhrí atá leis in Acht 1927 agus tá le “tráthanna toirmiscthe” an bhrí atá le “tráthanna coiscthe” in Acht 1927. | |
[EN] |
Srianta ailt 28 agus 29 den Weights and Measures Act, 1878. 1878, c. 49. |
39. —(1) Má bhíonn ordú i bhfeidhm faoi alt 9 den Acht Deocha Meisciúla (Ginearálta), 1924, ag forordú méideanna na mbuidéal ina bhféadfar deoch mheisciúil a shonrófar san ordú a dhíol, ní bheidh feidhm ag alt 28 ná ag alt 29 d'Acht 1878 maidir le buidéal lena mbaineann an t-alt seo. |
[EN] | (2) Déanfar ainmniúchán buidéil lena mbaineann an t-alt seo agus líne ag insint a thoilleadh a thaispeáint ar an mbuidéal le marcanna doscriosta. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála rialacháin a dhéanamh maidir le buidéil lena mbaineann an t-alt seo— | |
[EN] | (a) ag forordú méid na mbuidéal agus ionad na líne ag sonrú a dtoilleadh, | |
[EN] | (b) ag forordú na marcanna ainmniúcháin do na buidéil, méid na marcanna sin agus an áit ina mbeidh siad ar na buidéil, | |
[EN] | (c) ag forordú na dteorainneacha earráide a cheadófar maidir le toilleadh na mbuidéal mar a shonrófar é leis an líne réamhráite, | |
[EN] | (d) ag toirmeasc aon ní a bheith i ndearadh na mbuidéal ar dealraitheach dó calaois a urasú. | |
[EN] | (4) Má dhéantar sárú maidir le buidéal lena mbaineann an t-alt seo ar fho-alt (2) den alt seo nó ar rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo, measfar gur tomhas éagórach chun críocha alt 25 d'Acht 1878 an buidéal. | |
[EN] | (5) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] | (6) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1878” an Weights and Measures Act, 1878: | |
[EN] | ciallaíonn “buidéal lena mbaineann an t-alt seo” buidéal a gceanglaítear le hordú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo méid a fhorordaítear leis an ordú sin a bheith ann. | |
[EN] |
Deochanna meisciúla a dhíol i gcoimeádáin shéalaithe. 1872, c. 94. |
40. —(1) Ní dhíolfar deoch mheisciúil ar mionreic i gcoimeádán séalaithe mura dtaispeánfar ar an gcoimeádán an chainníocht atá ann. |
[EN] | (2) Aon duine a sharóidh fo-alt (1) den alt seo nó a cheadóidh do dhuine faoina rialú nó ina fhostaíocht é a shárú beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear, más é an chéad chion aige é, fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air agus fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é. | |
[EN] | (3) D'ainneoin fhorálacha alt 8 (a thoirmisceann díolacháin áirithe deochanna meisciúla ar shlí seachas i dtomhaiseanna marcáilte) den Licensing Act, 1872, measfar nach gníomh contrártha don alt sin é ag aon duine má dhíolann sé deoch mheisciúil i gcoimeádán séalaithe ar a mbeidh sé taispeáinte cad é an chainníocht atá sa choimeádán. | |
[EN] | (4) San alt seo ní fholaíonn “coimeádán” buidéal. | |
[EN] |
Cumhacht údaráis áitiúil maidir le deimhnithe a eisiúint faoi alt 6 den Acht Deocha Meisciúla, 1953 , a leathnú. |
41. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, más oiriúnach leo é agus le toiliú sealbhóir an cheadúnais, ceadúnas a d'eisigh siad faoi alt 6 (a dhéanann foráil le haghaidh údaráis áitiúla d'eisiúint deimhnithe ag ceadú láithreán d'áitribh cheadúnaithe in ionad áitribh cheadúnaithe a bheidh scartáilte acu) den Acht Deocha Meisciúla, 1953 , a chealú agus féadfaidh siad deimhniú eile a eisiúint faoin alt á dhearbhú láithreán a bheidh faighte acu, seachas an láithreán a dearbhaíodh sa deimhniú cealaithe a bheith ceadaithe acu, a bheith ceadaithe acu mar láithreán d'áitreabh ceadúnaithe in ionad an áitribh cheadúnaithe a dhearbhaigh an deimhniú cealaithe a bheith scartáilte nó le scartáil. |
[EN] | (2) Ní fhéadfar deimhniú faoin alt sin 6 a chealú má bhítear tar éis géilleadh d'iarratas faoi alt 7 nó alt 8 (ailt a dhéanann foráil le haghaidh ceadúnú áitreabh ar láithreáin a dhearbhófar le deimhnithe faoin alt sin 6 a bheith ceadaithe ag údaráis áitiúla) den Acht réamhráite a bunaíodh ar an deimhniú. | |
[EN] | (3) Aon deimhniú faoin alt sin 6 a chealófar faoin alt seo measfar nár eisíodh riamh é. |