33 1960


Uimhir 33 de 1960.


ACHT MHIC SHUIBHNE (PINSEAN) (MÉADÚ) (Uimh. 2), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN AN PINSEAN IS INÍOCTHA FAOI ACHTANNA MHIC SHUIBHNE (PINSEAN), 1950 AGUS 1960, A MHÉADÚ, LE hÉIFEACHT ÓN 1ú LÁ DE LÚNASA, 1960. [15 Samhain, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Pinsean a mhéadú.

1. —Déanfar an pinsean bliantúil is iníoctha an 1ú lá de Lúnasa, 1960, faoi Achtanna Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 agus 1960, a mhéadú, le héifeacht ón 1ú lá de Lúnasa, 1960 (agus an lá sin a áireamh), ó chúig chéad seasca agus aon phunt amháin agus sé scillinge déag go dtí sé chéad agus ceithre phunt.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht Mhic Shuibhne (Pinsean) (Méadú) (Uimh. 2), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua Achtanna Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 agus 1960, an tAcht seo.