44 1960


Uimhir 44 de 1960.


AN tACHT COSANTA (LEASÚ) (Uimh. 2), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ, FAOI RÉIR CEADÚ DHÁIL ÉIREANN ROIMH RÉ IN IMTHOSCA ÁIRITHE, DÍORMAÍ DE NA BUAN-ÓGLAIGH A CHUR CHUN BEALAIGH LE hAGHAIDH SEIRBHÍSE LASMUIGH DEN STÁT LE FÓRSAÍ IDIRNÁISIÚNTA ARNA mBUNÚ AG COMHAIRLE SLÁNDÁLA NÓ COMHTHIONÓL GINEARÁLTA NA NÁISIÚN AONTAITHE CHUN DUALGAIS AR MHODH PÓILÍNEACHTA A CHOMHLÍONADH, DO LEATHNÚ LIMISTÉAR SEIRBHÍSE COMHALTAÍ ÁIRITHE DE NA BUAN-ÓGLAIGH, AGUS CHUN NA gCRÍOCHA SIN DO LEASÚ AN ACHTA COSANTA, 1954 , I SLITE ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [21 Nollaig, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1954, Uimh. 18 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Cosanta, 1954 ;

ciallaíonn an abairt “Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe” fórsa nó comhlacht idirnáisiúnta arna bhunú ag Comhairle Slándála nó Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun dualgais ar mhodh póilíneachta a chomhlíonadh.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.

Díormaí de na Buan-Óglaigh a chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát le Fórsaí Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe.

2. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfar díorma de na Buan-Óglaigh a chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát mar chuid d'fhórsa áirithe is Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe má ritheann, agus amháin má ritheann, Dáil Éireann rún ag ceadú díorma de na Buan-Óglaigh a chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát mar chuid den fhórsa a dúradh is Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe.

(2) Féadfar díorma de na Buan-Óglaigh a chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát le fórsa áirithe is Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe gan rún á cheadú sin a bheith rite ag Dáil Éireann, más rud é agus amháin más rud é—

(a) go bhfuil an Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe sin neamharmáilte, nó

(b) nach mó ná dhá chomhalta déag de na Buan-Óglaigh líon an díorma sin agus nach méadófar, de dhroim an díorma sin a chur chun bealaigh, go dtí líon is mó ná dhá chomhalta déag an líon comhaltaí de na Buan-Óglaigh a bheidh ag fónamh lasmuigh den Stát leis an bhFórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe a dúradh, nó

(c) go bhfuil sé beartaithe don díorma go nglacfaidh sé, go hiomlán nó go páirteach, ionad díorma, nó go ndéanfaidh sé athneartú ar dhíorma, de na Buan-Óglaigh a bheidh ag fónamh lasmuigh den Stát mar chuid den Fhórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe a dúradh agus a bheidh comhdhéanta de líon is mó ná dhá chomhalta déag de na Buan-Óglaigh.

Dliteanas a bheith ar chomhaltaí áirithe de na Buan-Óglaigh seirbhís a thabhairt le Fórsaí Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe.

1960, Uimh. 22 .

3. —(1) (a) Baineann an t-alt seo i gcónaí le—

(i) oifigeach de na Buan-Óglaigh arna cheapadh ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis,

(ii) fear de na Buan-Óglaigh arna liostáil ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis.

(b) I gcás comhalta de na Buan-Óglaigh (nach comhalta de na Buan-Óglaigh a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo) a bheith tar éis a thairiscint i scríbhinn, cibé acu roimh nó ar dháta an Achta seo a rith nó tar éis an dáta sin é, é féin a chur faoi dhliteanas le haghaidh seirbhíse eachtraí ar feadh tréimhse sonraithe agus an tAire nó oifigeach a bhí údaraithe ag an Aire chuige sin a bheith tar éis glacadh leis an tairiscint, bainfidh an t-alt seo freisin leis an gcomhalta sin ar feadh na tréimhse sin.

(2) D'ainneoin aon ní i gCaibidil III de Chuid IV den Phríomh-Acht, beidh gach comhalta de na Buan-Óglaigh lena mbainfidh an t-alt seo de thuras na huaire faoi dhliteanas fónamh lasmuigh den Stát le díorma de na Buan-Óglaigh

(a) a cuireadh chun bealaigh de bhun an Acht Fórsaí Cosanta (Leasú), 1960, nó

(b) a chuirfear chun bealaigh de bhun alt 2 den Acht seo.

le haghaidh seirbhíse le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe.

Leasú ar an bPríomh-Acht.

4. —(1) Aon chomhalta de na Buan-Óglaigh a bheidh ag fónamh lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe a bheidh armáilte measfar, chun críocha an Phríomh-Achta, é a bheith ar fianas le linn dó a bheith ag fónamh amhlaidh.

(2) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, leasaítear leis seo alt 61 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-mhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-mhír (i) i mír (b) d'fho-alt (2):

“(ia) gur aistriú é chun a chumasú don fhear fónamh, nó leanúint d'fhónamh, lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe agus go ndéanfar é le linn, nó tráth nach faide ná mí roimh thosach, na seirbhíse sin, nó”,

(b) trí “nó gur aistriú é chun a chumasú don fhear fónamh, nó leanúint d'fhónamh, lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe agus go ndéanfar é le linn, nó tráth nach faide ná mí roimh thosach, na seirbhíse sin” a chur isteach i ndiaidh “aistriú sin” i bhfo-alt (3), agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Aon fhear de na Buan-Óglaigh a aistreofar, de bhua an ailt seo nó alt 296 den Acht seo, ó chór seirbhíse amháin chun cóir sheirbhíse eile chun a chumasú don fhear fónamh, nó leanúint d'fhónamh, lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe, déanfaidh an t-údarás míleata forordaithe, nuair a bheidh an tseirbhís sin críochnaithe, é a aistriú a luaithe is féidir chun an chóir sheirbhíse chéadluaite.”

(3) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, leasaítear leis seo alt 70 den Phríomh-Acht—

(i) trí “nó le linn dó a bheith ag fónamh lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe” a chur isteach i ndiaidh “buan-tseirbhís” i mír (b) d'fho-alt (3) agus i mír (b) d'fho-alt (4), agus

(ii) trí “nó tréimhse na seirbhíse sin lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe, de réir mar a bheidh, nó i gcás a mbeidh an dá thréimhse sin ann agus gan aon eatramh ama eatarthu, an tréimhse ó thosach na tréimhse is túisce go dtí deireadh na tréimhse eile” a chur isteach i bhfo-mhír (i) den mhír sin (b) den fho-alt sin (3) agus sa mhír sin (b) den fho-alt sin (4) i ndiaidh “forógra i bhfeidhm”.

(4) (a) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, beidh éifeacht ag alt 75 den Phríomh-Acht, mar a bhainfidh sé le fear de na Buan-Óglaigh a bheidh ag fónamh lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe, amhail is dá bhfolódh na tagairtí ann do thréimhse éigeandála tagairtí do thréimhse a bheidh an fear ag fónamh lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe.

(b) Más rud é go mbeidh, maidir le fear de na Buan-Óglaigh, tréimhse ann (is tréimhse éigeandála nó tréimhse a bheidh an fear ag fónamh lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe) agus go dtiocfaidh, laistigh de thrí mhí tar éis éag dí, tréimhse ina diaidh (is tréimhse éigeandála nó tréimhse a bheidh an fear ag fónamh lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe), measfar, chun críocha fho-alt (3) d'alt 75 den Phríomh-Acht, gurb é an tráth a d'éag an tréimhse is déanaí a luaitear a d'éag an tréimhse chéadluaite.

(5) Aon rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (4) d'alt 192 den Phríomh-Acht agus lena bhforáiltear go mbeidh feidhmiú na dlínse a thugtar d'armchúirteanna le halt 169 den Phríomh-Acht ag braith ar thoiliú údaráis shibhialta a shonraítear sna rialacháin ní bheidh feidhm acu maidir le feidhmiú na dlínse sin ag armchúirt chun comhalta de na Buan-Óglaigh a thriail i gcion a rinne sé agus é ag fónamh lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe.

(6) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, leasaítear leis seo alt 296 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (I) i bhfo-mhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (2):

“(Ia) gur aistriú é chun a chumasú don fhear fónamh, nó leanúint d'fhónamh, lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe agus go ndéanfar é le linn, nó tráth nach faide ná mí roimh thosach, na seirbhíse sin, nó”,

(b) trí “nó gur aistriú é chun a chumasú don fhear fónamh, nó leanúint d'fhónamh, lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe agus go ndéanfar é le linn, nó tráth nach faide ná mí roimh thosach, na seirbhíse sin” a chur isteach i ndiaidh “aistriú” i mír (c) den fho-alt sin (2), agus

(c) trí “nó le linn dó a bheith ag fónamh lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe” a chur isteach i ndiaidh “buan-tseirbhís” i bhfomhír (a) agus i bhfo-mhír (b) d'fho-alt (3).

(7) I gcás comhalta de na Buan-Óglaigh a bheith, ar dháta an Achta seo a rith, ag fónamh lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe, ní bheidh feidhm maidir leis an gcomhalta sin, le linn tréimhse na seirbhíse sin, ag na leasuithe a dhéantar ar an bPríomh-Acht le fo-ailt (2), (3), (4) agus (6) den alt seo.

Feidhm alt 11 den Wills Act, 1837, agus an Wills (Soldiers and Sailors) Act, 1918.

1837, c. 26.

1918, c. 58.

5. —Aon chomhalta de na Buan-Óglaigh a bheidh ag fónamh lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe a bheidh armáilte measfar, chun críocha alt 11 den Wills Act, 1837, agus an Wills (Soldiers and Sailors) Act, 1918, gur saighdiúir i seirbhís mhíleata iarbhír é le linn dó a bheith ag fónamh amhlaidh, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin maidir leis an gcomhalta ag an alt sin agus ag an Wills (Soldiers and Sailors) Act, 1918, a dúradh.

Breitheanna agus básanna áirithe lasmuigh den Stát a chlárú.

1880, c. 13.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfar le toiliú an Aire Sláinte, foráil a dhéanamh le haghaidh taifead a choimeád i dtaobh—

(a) bás comhalta de na Buan-Óglaigh,

(b) bás banchéile nó bás na ndaoine eile sin a shonrófar sna rialacháin de theaghlach chomhalta de na Buan-Óglaigh, agus

(c) breith linbh ag banchéile chomhalta de na Buan-Óglaigh,

a tharlóidh lasmuigh den Stát le linn don chomhalta de na Buan-Óglaigh a bheith ag fónamh lasmuigh den Stát le Fórsa Idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe agus, maidir le bás dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo nó breith, i cibé imthosca a shonrófar sna rialacháin.

(2) Déanfar na taifid a choimeádfar de bhun rialachán faoin alt seo—

(a) a fhíordheimhniú i cibé slí a shonrófar sna rialacháin ag cibé duine a shonrófar chuige sin sna rialacháin, agus

(b) a chur go dtí an tArd-Chláraitheoir i cibé slí a shonrófar sna rialacháin.

(3) (a) Cothabhálfaidh an tArd-Chláraitheoir clár ar a dtabharfar Clárleabhar Básanna Óglaigh na hÉireann (dá ngairtear Leabhar na mBásanna san alt seo) agus cuirfidh sé faoi deara go dtaifeadfar i Leabhar na mBásanna gach taifead báis a chuirfear chuige faoin alt seo.

(b) Cothabhálfaidh an tArd-Chláraitheoir clár ar a dtabharfar Clárleabhar Breitheanna Óglaigh na hÉireann (dá ngairtear Leabhar na mBreitheanna san alt seo) agus cuirfidh sé faoi deara go dtaifeadfar i Leabhar na mBreitheanna gach taifead breithe a chuirfear chuige faoin alt seo.

(c) Gach taifeadadh a dhéanfar faoi mhír (a) nó mír (b) den fho-alt seo is i cibé foirm a dhéanfar é a shonrófar sna rialacháin faoin alt seo agus beidh cibé sonraí ann a shonrófar sna rialacháin sin.

(d) Measfar, chun críocha na nAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Bása, 1863 go 1952, gur clárleabhair de réir bhrí na nAchtanna sin Leabhar na mBásanna agus Leabhar na mBreitheanna, ach beidh éifeacht ag mír (3) d'alt 27 den Births and Deaths Registration Act (Ireland), 1880, mar a bhaineann sé le Leabhar na mBásanna agus le Leabhar na mBreitheanna, amhail—

(i) is dá scriosfaí “upon payment of the appointed fee, and”, agus

(ii) dá mba thagairt do ráiteas i scríbhinn ó dhuine a bheidh sonraithe faoi mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo an tagairt inti do dhearbhú reachtúil ó dhuine amháin nó níos mó ar a bhfuil ceangal faoin Acht sin eolas a thabhairt maidir leis an mbreith nó leis an mbás dá dtagraítear sa mhír sin.

(4) Coimeádfaidh an tArd-Chláraitheoir treoir i leith Leabhar na mBásanna agus treoir i leith Leabhar na mBreitheanna ina oifig; agus beidh teideal ag daoine na treoracha a chuardach agus cóip dheimhnithe de thaifead i Leabhar na mBásanna nó i Leabhar na mBreitheanna nó d'ítimí sa taifead a fháil ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar gach slí maidir le táillí agus eile lena mbeadh feidhm faoi na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Bása, 1863 go 1952, nó faoi aon achtachán eile maidir leis na cláir breitheanna agus básanna; agus déanfar na táillí sin a bhailiú agus a dhiúscairt díreach mar a dhéantar le táillí is iníoctha faoi na hAchtanna sin atá luaite.

(5) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann cheachtar Teach acu sin laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin beidh an rialachán sin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

(6) Beidh éifeacht agus measfar éifeacht a bheith ag an alt seo ar an agus ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1960.

Aisghairm.

1960, Uimh. 22 .

7. —Aisghairtear leis seo an tAcht Cosanta (Leasú), 1960 .

Gearrtheideal agus comhlua.

8. —(1) Féadfar an tAcht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Cosanta, 1954 agus 1960, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.