An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1961)

2 1961

AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1961

AN SCEIDEAL.

Ábhair áirithe dá mbeidh foráil i scéimeanna faoi alt 16.

Alt 17.

1. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, soláthrófar pinsean agus aisce do dhuine—

(a) ar dheireadh a bheith lena chomhaltas den Bhord trí dheireadh a theacht lena théarma oifige gan é a athcheapadh, mura ndeimhneoidh an Rialtas go n-athcheapfaí é mura mbeadh é a bheith as láthair ó chruinnithe uile an Bhoird ar feadh tréimhse sé mhí nó mar gheall ar mhíchumas nó mí-iompar a luafar nó gur dhiúltaigh sé glacadh lena athcheapadh,

(b) ar é d'éirí as oifig i rith a théarma oifige tar éis dó seasca bliain d'aois a shlánú nó mar gheall ar easláinte roimh an aois sin a shlánú dó,

(c) ar é a chur as oifig faoi alt 5 den Phríomh-Acht, mura ndeimhneoidh an Rialtas gur cuireadh as oifig é mar gheall ar é a bheith as láthair ó chruinnithe uile an Bhoird ar feadh tréimhse sé mhí nó mar gheall ar mhíchumas nó mí-iompar a luafar.

2. Má fhaigheann duine bás i rith a théarma oifige mar chomhalta den Bhord tar éis seirbhís inphinsin nach giorra ná cúig bliana a thabhairt, deonófar d'ionadaí pearsanta an duine sin agus íocfar leis aisce (dá ngairtear aisce báis sa Sceideal seo) de mhéid is comhionann le tuarastal scoir an duine sin nó leis an aisce a dheonófaí don duine sin nó a íocfaí leis dá n-éireodh an duine sin as oifig mar gheall ar easláinte lá a bháis, cibé acu is mó.

3. Más rud é i gcás aon duine a mbeidh an Bord tar éis pinsean nó pinsean agus aisce a dheonú dó ar é do scor d'oifig a shealbhú mar chomhalta den Bhord go bhfaighidh sé bás tráth a bheidh méid na n-íocaíochtaí a bheifear tar éis a íoc leis ar scór an phinsin sin ó thráth an scoir sin go dtí dáta a bháis nó comhiomlán na n-íocaíochtaí sin agus na haisce, de réir mar a bheidh, níos lú d'aon suim ná méid na haisce báis a dheonófaí dá ionadaí pearsanta dá bhfaigheadh sé bás díreach roimh an scor sin, déanfaidh an Bord aisce is comhionann leis an tsuim sin a íoc lena ionadaí pearsanta.

4. Ní dhéanfar pinsean ná aisce, seachas aisce báis, a sholáthar le haghaidh ná i leith dhuine muran rud é nach lú ná deich mbliana a thréimhse seirbhíse inphinsin.

5. Nuair a bheidh tréimhse seirbhíse inphinsin á ríomh, ní chomhaireofar codáin de bhliain.

6. Ní bheidh méid pinsin is iníoctha le haon duine níos mó ná leath tuarastal scoir an duine sin.

7. (1) Má bhíonn méid pinsin a dheonóidh an Bord d'aon duine níos mó ná an méid ab iníoctha leis an duine sin dá ríomhtaí é de réir an ochtódú cuid de thuarastal scoir an duine sin in aghaidh gach bliana comhlánaithe dá sheirbhís inphinsin, ní bheidh aon aisce iníoctha ag an mBord leis an duine sin.

(2) Ní bheidh méid aisce (lena n-áirítear aisce báis) níos mó ná oiread go leith tuarastal scoir an duine dá ndeonófar é.

8. Ní bheidh pinsean inmhuirir ná insannaithe.

9. Má bhíonn duine dá mbeidh pinsean deonaithe ag an mBord éagumasach ar admháil a thabhairt i leith aon suime is iníoctha ar scór an phinsin sin, féadfar an tsuim a íoc, mar is rogha leis an mBord, le cibé duine eile is oiriúnach leis an mBord, nó le haon fhoras a bheidh ag tabhairt aire don duine dá mbeidh an pinsean deonaithe.

10. Má bhíonn aon duine dá mbeidh pinsean deonaithe ag an mBord ar fostú in aon phost a n-íoctar an luach saothair ina leith as airgead arna sholáthar ag, nó amach as, ceann amháin nó níos mó acu seo a leanas, eadhon, an Bord, an tOireachtas, an Príomh-Chiste, údarás áitiúil nó bord nó comhlacht arna bhunú le haon Acht ón Oireachtas nó le haon Acht ó Oireachtas Shaorstát Éireann nó faoi aon Acht den sórt sin—

(a) i gcás luach saothair an duine sin sa phost sin a bheith, maidir le haon tréimhse dhá mhí dhéag, comhionann le nó níos mó ná ráta bliantúil a thuarastail ar an dáta a scoir sé de bheith i seilbh oifige mar chomhalta den Bhord, ní bheidh an pinsean iníoctha in aghaidh na tréimhse sin, agus

(b) in aon chás eile, déanfar méid an phinsin, maidir le haon tréimhse dhá mhí dhéag a mbeidh breis ag suim an phinsin ina haghaidh agus an luach saothair in aghaidh na tréimhse sin ar ráta bliantúil tuarastail an duine sin ar an dáta a scoir sé de bheith i seilbh oifige mar chomhalta den Bhord, a laghdú méid na breise.

11. Aon uair a bheifear, i gcás duine dár dheonaigh an Bord pinsean, tar éis pinsean (dá ngairtear an dara pinsean sa mhír seo) a dheonú, cibé acu sular dheonaigh an Bord an pinsean nó dá éis sin é, dó i leith seirbhíse i bpost dá dtagraítear sa mhír díreach roimhe seo—

(a) más rud é, maidir le haon tréimhse, gur comhionann méid an dara pinsean le, nó gur mó é ná, leath tuarastal scoir an duine sin, ní bheidh an pinsean iníoctha in aghaidh na tréimhse sin,

(b) más rud é, maidir le haon tréimhse, gur lú méid an dara pinsean ná leath tuarastal scoir an duine sin agus go mbeidh méideanna an phinsin agus an dara pinsean in aghaidh na tréimhse sin níos mó, i dteannta a chéile, de shuim ar bith ná leath tuarastal scoir an duine sin, déanfar méid an phinsin a laghdú in aghaidh na tréimhse sin an tsuim sin.

12. (1) Sa Sceideal seo—

ciallaíonn “seirbhís inphinsin”—

(a) seirbhís mar chomhalta lánaimsire den Bhord ag duine atá faoi bhun cúig bliana is seasca d'aois, agus ina theannta sin, i gcás comhalta den Bhord a shlánóidh an aois sin le linn a théarma oifige, cibé tréimhse seirbhíse, más aon tréimhse é, mar chomhalta lánaimsire den Bhord (nach faide ná trí mhí) tar éis an dáta a shlánóidh sé an aois sin, agus ní níos mó ná sin, a dhéanfadh, nuair a chuirfí é lena sheirbhís inphinsin roimh an dáta sin, bliain seirbhíse inphinsin eile, agus

(b) cibé seirbhís a bheidh ordaithe ag an Aire (má bhíonn) le toiliú an Aire Airgeadais i cibé post nó poist a bheidh ordaithe ag an Aire (má bhíonn) le toiliú an Aire Airgeadais;

ciallaíonn “tuarastal bliantúil inphinsin”, maidir le comhalta den Bhord, tuarastal bliantúil an chomhalta ach ní fholaíonn sé íocaíochtaí i leith caiteachas, aiscí, bónas nó íocaíochtaí speisialta nó neamhghnácha a íoctar leis an gcomhalta;

ciallaíonn “tuarastal scoir”, maidir le comhalta den Bhord, a mheán-tuarastal bliantúil inphinsin i rith na tréimhse trí bliana dar críoch an dáta a chríochnóidh a sheirbhís inphinsin.

(2) Déanfar tagairtí sa Sceideal seo do mhéid pinsin a fhorléiriú mar thagairtí do mhéid bliantúil an phinsin.