Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear.)

14 1961


Uimhir 14 de 1961.


AN tACHT MUC AGUS BAGÚIN (LEASÚ), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA MUC AGUS BAGÚIN, 1935 GO 1956. [6 Meitheamh, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Forléiriú.

1937, Uimh. 23 .

1939, Uimh. 35 .

1956, Uimh. 37 .

1935, Uimh. 24 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1937” An tAcht Muc agus Bagúin, 1937 ;

ciallaíonn “Acht 1939” an tAcht Muc agus Bagúin (Leasú), 1939 ;

ciallaíonn “Acht 1956” an tAcht Muc agus Bagúin (Leasú), 1956 ;

ciallaíonn “An Coimisiún” an Coimisiún Muc agus Bagúin;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Muc agus Bagúin, 1935 .

(2) Déanfar na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1956, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú le haghaidh críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.

Alt 65 den Phríomh-Acht a leasú.

3. —Leasaítear leis seo alt 65 den Phríomh-Acht trí “, ach amháin don Choimisiún Muc agus Bagúin nó do dhuine a bheidh ag onnmhairiú bagúin thar a cheann,” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “dhuine ar bith”.

Alt 30 d'Acht 1937 a leasú.

4. —Leasaítear leis seo alt 30 (a cuireadh isteach le hAcht 1956) d'Acht 1937—

(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (1) de mhír (b), eadhon: “(i) cainníocht sonraithe bagúin nó cainníocht sonraithe de chineál áirithe bagúin nó cainníochtaí sonraithe de chineálacha áirithe bagúin, a mhíneofar i cibé slí is oiriúnach leis an gCoimisiún agus a shonróidh sé san ordú, a cheapadh mar chuóta eachtar-dhíola in aghaidh na tréimhse sin, nó”,

(b) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (ii) agus (iii) den mhír sin (b), eadhon:

“(ii) cuóta eachtar-dhíola bagúin nó cuóta eachtardhíola de chineál áirithe nó de chineálacha áirithe bagúin (a mhíneofar i cibé slí is oiriúnach leis an gCoimisiún agus a shonróidh sé san ordú) a cheapadh in aghaidh na tréimhse sin, a bheidh i gcoibhneas, ar cibé modh is oiriúnach leis an gCoimisiún agus a shonróidh sé san ordú, leis an gcainníocht bhagúin nó na cainníochtaí bagúin nó leis an gcainníocht nó na cainníochtaí de chineál áirithe nó de chineálacha áirithe bagúin (a mhíneofar i cibé slí is oiriúnach leis an gCoimisiún agus a shonróidh sé san ordú) a tháirgfear in áitreabh ceadúnaithe tréimhse áirithe, nó

(iii) cuóta eachtar-dhíola bagúin nó cuóta eachtardhíola de chineál áirithe nó de chineálacha áirithe bagúin (a mhíneofar i cibé slí is oiriúnach leis an gCoimisiún agus a shonróidh sé san ordú) a cheapadh in aghaidh na tréimhse sin a bheidh i gcoibhneas, ar cibé modh is oiriúnach leis an gCoimisiún agus a shonróidh sé san ordú, leis an líon muc de chineál áirithe nó de chineálacha áirithe muc (a mhíneofar i cibé slí is oiriúnach leis an gCoimisiún agus a shonróidh sé san ordú) a mharófar in áitreabh ceadúnaithe tréimhse áirithe, agus”,

(c) trí “ach amháin cibé cuid (más aon chuid é) de a shonrófar san ordú” a chur isteach i mír (c) i ndiaidh “bagún sin”, agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach, eadhon:

“(2) Nuair a bheidh aon chnóta eachtar-dhíola bagúin á cheapadh aige faoi mhír (b) den fho-alt sin roimhe seo den alt seo, tabharfaidh an Coimisiún aird ar na nithe seo a leanas, eadhon:

(a) an méid bagúin is féidir leis na margaí (cois baile agus lasmuigh) a ghlacadh,

(b) an méid muc atá ar fáil nó is dóigh a bheidh ar fáil ag ceadúnaithe le marú,

(c) an stoc bagúin atá ar láimh,

(d) a inmhianaithe atá sé soláthar bagúin a choinneáil leis na margaí lasmuigh den Stát, agus

(e) cibé nithe eile is dóigh leis an gCoimisiún a bhaineann le hábhar.”.

Alt 33 d'Acht 1937 a leasú.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 33 (a cuireadh isteach le hAcht 1956) d'Acht 1937 trí—

(a) “ná an chainníocht a cheanglaítear leis an deimhniú a onnmhairiú ón” a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) in ionad “ná an fo-chuóta eachtar-dhíola don”,

(b) “cúig phunt” a chur in ionad “dhá phunt” agus “an chainníocht a cheanglaítear leis an deimhniú a onnmhairiú ón” a chur in ionad “an fho-chuóta eachtar-dhíola don” san fho-alt sin (1), agus

(c) “cúig phunt” a chur in ionad “dhá phunt” i bhfo-alt (2).

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo in aon chás ina ndearnadh deimhniú fo-chuóta eachtar-dhíola dá dtagraítear san alt sin 33 a sheirbheáil roimh thosach feidhme an ailt seo.

Alt 2 d'Acht 1939 a leasú.

6. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1939 trí “(seachas comhalta den Choimisiún)” a chur isteach sa mhíniú ar “oifigeach údaraithe don Choimisiún” i bhfo-alt (1) i ndiaidh “duine”.

Alt 4 d'Acht 1939 a leasú.

7. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1939 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3), eadhon:

“(3) (a) Is seachtar comhalta a bheidh ar an gCoimisiún, is é sin, cathaoirleach (dá ngairtear an Cathaoirleach san Acht seo) agus seisear gnáthchomhalta (dá ngairtear gnáthchomhaltaí san Acht seo).

(b) Is iad a bheidh mar ghnáthchomhaltaí—

(i) beirt daoine arb éard gach duine acu—

(I) duine a ainmneofar chun bheith ina ghnáthchomhalta ag comhlacht nó comhlachtaí a mbeidh dearbhaithe ag an Aire le hordú gurb é an comhlacht ainmniúcháin é nó gurb iad na comhlachtaí ainmniúcháin iad chun críocha na fomhíre seo (is comhlacht nó comhlachtaí a mheasann sé a bheith ionadach do leasa táirgeoirí muc) agus a ndéanfar maidir lena ainmniú fógra i scríbhinn a sheachadadh don Aire (maraon le ráiteas i scríbhinn arna shíniú ag an duine á chur in iúl go dtoilíonn sé leis an ainmniú) lá is fiche ar a laghad roimh an lá a thosódh téarma oifige an duine sin mar ghnáthchomhalta dá dtiocfadh sé chun bheith ina ghnáthchomhalta, nó

(II) duine a ainmneofar chun bheith ina ghnáthchomhalta faoi mhír (c) den fho-alt seo,

(ii) triúr duine arb éard gach duine acu—

(I) duine a ainmneofar chun bheith ina ghnáthchomhalta ag comhlacht nó comhlachtaí a mbeidh dearbhaithe ag an Aire le hordú gurb é an comhlacht ainmniúcháin é nó gurb iad na comhlachtaí ainmniúcháin iad chun críocha na fomhíre seo (is comhlacht nó comhlachtaí a mheasann sé a bheith ionadach do leasa leasaitheoirí bagúin) agus a ndéanfar maidir lena ainmniú fógra i scríbhinn a sheachadadh don Aire (maraon le ráiteas i scríbhinn arna shíniú ag an duine á chur in iúl go dtoilíonn sé leis an ainmniú) lá is fiche ar a laghad roimh an lá a thosódh téarma oifige an duine sin mar ghnáthchomhalta dá dtiocfadh sé chun bheith ina ghnáthchomhalta, nó

(II) duine a ainmneofar chun bheith ina ghnáthchomhalta faoi mhír (c) den fho-alt seo, agus

(iii) duine amháin a ainmneoidh an tAire agus is oifigeach don Aire.

(c) Má tharlaíonn aon bhliain, de dhroim comhlacht nó comhlachtaí dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó i bhfomhír (ii), cibé acu é, de mhír (b) den fho-alt seo do mhainniú duine a ainmniú nó forálacha na fomhíre sin (i) nó (ii), cibé acu é, a chomhlíonadh, nach mbeidh an líon riachtanach daoine ainmnithe faoi na fomhíreanna sin, déanfaidh an tAire, roimh an lá a thosóidh téarma oifige daoine a ainmneofar mar ghnáthchomhaltaí faoin mír sin (b) an bhliain sin, duine nó daoine, de réir mar a bheidh, a ainmniú, chun bheith ina ghnáthchomhalta nó ina ngnáthchomhaltaí agus is éard a bheidh sa duine nó sna daoine a ainmneofar amhlaidh—

(i) i gcás inar mhainneachtain é ag comhlacht nó comhlachtaí dá dtagraítear san fhomhír sin (i), duine nó daoine a mheasann an tAire a bheith ionadach do leasa táirgeoirí muc, agus

(ii) i gcás inar mhainneachtain é ag comhlacht nó comhlachtaí dá dtagraítear san fhomhír sin (ii), duine nó daoine a mheasann an tAire a bheith ionadach do leasa leasaitheoirí bagúin.

(d) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a chúlghairm nó a leasú.”.

Cathaoirleach an Choimisiúin.

1941, Uimh. 23 .

8. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 5 d'Acht 1939, eadhon:

“5.—(1) (a) Déanfaidh an tAire roimh an lá ceaptha duine a cheapadh chun bheith ina Chathaoirleach agus, as sin amach agus de réir mar is gá, déanfaidh na gnáthchomhaltaí duine a cheapadh chun bheith ina Chathaoirleach.

(b) Cinnfidh na gnáthchomhaltaí an nós imeachta chun duine a roghnú chun a cheaptha mar Chathaoirleach, agus mura gcinnfidh na gnáthchomhaltaí an nós imeachta nó mura roghnófar duine de réir an nós imeachta, roghnófar an Cathaoirleach trí thoghchán a sheolfar idir na gnáthchomhaltaí ag cruinniú de na gnáthchomhaltaí agus beidh feidhm ag forálacha mhíreanna (a) go (h) d'fho-alt (1) d'alt 43 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , maidir leis an toghchán ionann is dá mba thagairt do dhuine nó daoine an tagairt san fhomhír sin (a) do bhall nó baill agus ionann is dá mba thagairtí do ghnáthchomhaltaí na tagairtí ina dhiaidh sin san fho-alt sin do bhaill.

(c) Tabharfaidh príomh-oifigeach an Choimisiúin fógra i scríbhinn don Aire i dtaobh Cathaoirleach a bheith ceaptha ag na gnáthchomhaltaí maraon le ráiteas i scríbhinn a bheidh sínithe ag an duine á chur in iúl go dtoilíonn sé leis an gceapadh.

(2) (a) Murab éag, éirí as, teacht faoi dhícháilíocht nó cur as oifig roimhe sin dó, beidh Cathaoirleach a bheidh arna cheapadh roimh an lá ceaptha i seilbh oifige go ceann tréimhse bliana dar tosach an lá ceaptha.

(b) Murab éag, éirí as, teacht faoi dhícháilíocht nó cur as oifig roimhe sin do, beidh gach Cathaoirleach ina dhiaidh sin i seilbh oifige go ceann tréimhse trí bliana dar tosach an lá díreach tar éis an lae a scoir an Cathaoirleach de bheith i seilbh oifige a bhí díreach roimhe in oifig an Chathaoirligh.

(3) Féadfaidh an duine a bheidh i seilbh oifig an Chathaoirligh éirí as a oifig aon tráth trí litir a dhíreofar, i gcás an éirí as tarlú i rith na bliana dar tosach an lá ceaptha, chun an Aire, agus, i gcás aon éirí as eile, chun príomh-oifigeach an Choimisiúin, agus beidh éifeacht ag an éirí-as amhail ar an agus ón dáta a gheobhaidh an tAire nó an príomh-oifigeach, de réir mar bheidh, an litir, agus beidh an duine inathcheaptha mar Chathaoirleach.

(4) (a) Féadfaidh an tAire aon tráth i rith na bliana dar tosach an lá ceaptha an Cathaoirleach a chur as oifig.

(b) Féadfaidh an tAire, aon tráth tar éis an bhliain dar tosach an lá ceaptha a bheith caite, an Cathaoirleach a chur as oifig, ar thromlach na ngnáthchomhaltaí á iarraidh sin, más dóigh leis an Aire buan-éagumas de dheasca easláinte a bheith ar an gCathaoirleach chun dualgais a oifige a chomhlíonadh.

(5) (a) Má thagann an Cathaoirleach chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, ansin, ar é a theacht faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin chun teideal a bheith aige suí sa Teach sin, scoirfidh sé de bheith ina Chathaoirleach.

(b) Aon duine a mbeidh, de thuras na huaire, teideal aige faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina Chathaoirleach.

(6) Beidh an Cathaoirleach dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh sé de bheith, i seilbh oifige má bhreithnítear ina fhéimheach é, nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse air nó má scoireann sé de bheith ina ghnáthchónaí sa Stát nó má bhíonn sé as láthair, seachas le cead ón gCoimisiún nó mar gheall ar bhreoiteacht, i rith aon tréimhse trí mhí as a chéile ó gach cruinniú den Choimisiún a chomórfar i rith na tréimhse sin.

(7) (a) Má tharlaíonn corrfholúntas in oifig an Chathaoirligh, tabharfaidh príomh-oifigeach an Choimisiúin fógra i scríbhinn ina thaobh don Aire a luaithe is féidir agus—

(i) i gcás corrfholúntas tarlú i rith na bliana dar tosach an lá ceaptha, líonfaidh an tAire an folúntas trí cheapachán, agus

(ii) i gcás corrfholúntas tarlú tar éis an bhliain dar tosach an lá ceaptha a bheith caite, líonfaidh na gnáthchomhaltaí an folúntas trí cheapachán,

agus beidh an duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige go ceann na coda eile den tréimhse a bheadh a réamhtheachtaí, dá leanadh sé ina Chathaoirleach i seilbh oifige agus, más gnáthchomhalta é, measfar, ar é a cheapadh amhlaidh, é a bheith tar éis éirí as oifig mar ghnáthchomhalta.

(b) Tabharfar fógra i scríbhinn do phríomh-oifigeach an Choimisiúin a luaithe is féidir i dtaobh ceapachán faoi fhomhír (i) de mhír (a) den fho-alt seo agus tabharfaidh príomh-oifigeach an Choimisiúin fógra i scríbhinn don Aire i dtaobh ceapachán faoi fhomhír (ii) den mhír sin (a) agus, i ngach cás, tosóidh téarma oifige an duine a cheapfar faoin mír sin (a) ar dháta an fhógra sin.

(8) I gcás téarma oifige an Chathaoirligh dul in éag trí imeacht aimsire beidh sé inathcheaptha.

(9) Má bhíonn duine, díreach roimh thosach feidhme alt 8 den Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1961 , i seilbh oifig an Chathaoirligh, leanfaidh an duine sin de bheith i seilbh oifige go dtí an lá roimh an lá ceaptha agus measfar é a bheith arna cheapadh ag an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo roimh an lá ceaptha chun bheith ina Chathaoirleach.

(10) (a) Má bhíonn éagumas sealadach ar an gCathaoirleach chun dualgais a oifige a chomhlíonadh mar gheall ar easláinte nó cúis leordhóthaineach eile, ceapfaidh na gnáthchomhaltaí duine (is duine de na gnáthchomhaltaí) chun dualgais an Chathaoirligh a chomhlíonadh le linn an éagumais agus beidh ag an duine sin le linn an éagumais cumhachtaí uile an Chathaoirligh agus measfar chun críocha an Achta seo gurb é an duine sin an Cathaoirleach, agus measfar freisin le linn an éagumais nach gnáthchomhalta é.

(b) Íocfaidh an Coimisiún le haon duine a cheapfar faoin bhfo-alt seo cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachais a cheapfaidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(11) Má fhaigheann an duine a cheapfar roimh an lá ceaptha chun bheith ina Chathaoirleach bás roimh an lá sin, measfar, chun críocha fho-alt (7) den alt seo, gurb é an lá ceaptha a fuair sé bás, agus, má fhaigheann duine a cheapfaidh na gnáthchomhaltaí chun bheith ina Chathaoirleach bás roimh thosach a théarma oifige mar Chathaoirleach, measfar corrfholúntas a bheith in oifig an Chathaoirligh an lá a thosódh an téarma oifige sin.

(12) Sa Chuid seo den Acht ciallaíonn “lá ceaptha” an lá a cheapfaidh an tAire le hordú faoin bhfo-alt seo chun bheith ina lá ceaptha chun críocha na Coda seo den Acht seo.”

Gnáthchomhaltaí an Choimisiúin.

9. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 6 d'Acht 1939, eadhon:

“6 (1) Beidh na gnáthchomhaltaí, murab éag, éirí as oifig, teacht faoi dhícháilíocht nó cur as oifig roimhe sin dóibh, i seilbh oifige go ceann tréimhse trí bliana dar tosach, i gcás comhaltaí a ainmníodh roimh an lá ceaptha, an lá ceaptha agus, i gcás comhaltaí dá éis sin, an lá díreach tar éis an lae a scoir na comhaltaí a bhí in oifig díreach rompu de bheith i seilbh oifige.

(2) Féadfaidh duine is gnáthchomhalta éirí as a oifig tráth ar bith trí litir chuig príomh-oifigeach an Choimisiúin agus beidh éifeacht ag an éirí as amhail ar an agus ón dáta ar a bhfaighidh an príomh-oifigeach an litir agus beidh an duine inathainmnithe mar chomhalta.

(3) (a) Má thagann gnáthchomhalta chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, ansin, ar é a theacht faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin chun teideal a bheith aige suí ann, scoirfidh sé de bheith ina ghnáthchomhalta.

(b) Aon duine a bheidh i dteideal de thuras na huaire faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal suí amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina ghnáthchomhalta.

(4) Beidh gnáthchomhalta dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh sé de bheith, i seilbh oifige má bhreithnítear ina fhéimheach é, nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó má thugann cúirt dlínse inniúla pianbhreith phríosúnachta nó phianseirbhíse air nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát nó má fhanann sé as láthair, ar aon chúinse seachas le cead an Choimisiúin nó mar gheall ar bhreoiteacht, ar feadh aon tréimhse trí mhí as a chéile ó gach cruinniú den Choimisiún a chomórfar i rith na tréimhse sin.

(5) (a) Aon ghnáthchomhalta arb oifigeach don Aire é a d'ainmnigh an tAire, féadfaidh an tAire é a chur as oifig tráth ar bith.

(b) Féadfaidh an tAire tráth ar bith duine is gnáthchomhalta a chur as oifig ar iarratas ón gcomhlacht nó ó na comhlachtaí a d'ainmnigh an duine sin mar ghnáthchomhalta nó arb é a mainneachtain duine a ainmniú nó forálacha mhír (b) d'fho-alt (3) d'alt 4 den Acht seo a chomhlíonadh faoi deara an duine sin a ainmniú, más é tuairim an Aire buan-éagumas de bhíthin easláinte a bheith ar an gcomhalta chun dualgais a oifige a chomhlíonadh.

(6) (a) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc na ngnáthchomhaltaí, tabharfaidh an príomh-oifigeach, a luaithe is féidir, fógra i scríbhinn—

(i) don Aire, agus

(ii) más faoi mhír (b) d'fho-alt (3) d'alt 4 den Acht seo a ainmníodh an comhalta is cúis leis an bhfolúntas, don chomhlacht nó do na comhlachtaí a d'ainmnigh an comhalta sin nó arb é a mainneachtain duine a ainmniú nó forálacha na míre sin (b) a chomhlíonadh ba chúis leis an duine sin a ainmniú.

(b) Déanfar corrfholúntas a tharlóidh i measc na ngnáthchomhaltaí a líonadh—

(i) i gcás inar oifigeach don Aire a d'ainmnigh an tAire faoi fhomhír (iii) den mhír sin (b) an comhalta is cúis leis an bhfolúntas, tríd an Aire d'ainmniú oifigeach don Aire, agus

(ii) i gcás inar faoi fhomhír (i) nó faoi fhomhír (ii) den mhír sin (b) a ainmníodh an comhalta is cúis leis an bhfolúntas—

(I) trí dhuine dá dtagraítear san fhomhír réamhráite faoinar ainmníodh an comhalta a ainmniú laistigh de thríocha lá tar éis an lae a fuair an comhlacht nó na comhlachtaí réamhráite fógra i dtaobh an fholúntais ó phríomhoifigeach an Choimisiúin, agus trí fhógra i scríbhinn i dtaobh an ainmnithe, maraon le ráiteas i scríbhinn a bheidh sínithe ag an duine á chur in iúl go dtoilíonn sé leis an ainmniú, a sheachadadh don Aire laistigh de dhaichead lá tar éis an lae a fuarthas amhlaidh an fógra réamhráite, nó

(II) i gcás an comhlacht nó na comhlachtaí a bheidh i dteideal duine a ainmniú chun corrfholúntas a líonadh do mhainniú duine a ainmniú nó forálacha na míre seo a chomhlíonadh, tríd an Aire d'ainmniú—

(A) i gcás inarb é an comhlacht nó inarb iad na comhlachtaí réamhráite an comhlacht nó na comhlachtaí dá dtagraítear san fhomhír sin (i), duine is dóigh leis an Aire a bheith ionadach do leasa táirgeoirí muc, agus

(B) i gcás inarb é an comhlacht nó inarb iad na comhlachtaí réamhráite an comhlacht nó na comhlachtaí dá dtagraítear san fhomhír sin (ii), duine is dóigh leis an Aire a bheith ionadach do leasa leasaitheoirí bagúin.

(c) Tabharfar fógra i scríbhinn do phríomh-oifigeach an Choimisiúin a luaithe is féidir i dtaobh an tAire do dhéanamh ainmniú faoin bhfo-alt seo agus tosóidh téarma oifige gnáthchomhalta a ainmneofar faoin bhfo-alt seo—

(i) i gcás inarb é an tAire a d'ainmnigh an comhalta, ar dháta an fhógra sin, agus

(ii) in aon chás eile, ar an dáta ar a bhfaighidh an tAire an fógra agus an ráiteas dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo nó, más laethanta éagsúla a gheofar na doiciméid sin, ar an dáta ar a bhfaighfear an doiciméad is deirearnaí acu.

(d) Beidh an duine a ainmneofar mar ghnáthchomhalta chun corrfholúntas a líonadh i measc na ngnáthchomhaltaí i seilbh oifige go ceann na coda eile den tréimhse a bheadh an comhalta ba chúis leis an bhfolúntas i seilbh oifige dá leanadh sé de bheith ina ghnáthchomhalta.

(7) I gcás téarma oifige gnáthchomhalta dul in éag trí imeacht aimsire beidh sé inathainmnithe.

(8) Má fhaigheann duine a ainmneofar roimh an lá ceaptha chun bheith ina ghnáthchomhalta bás roimh an lá sin, measfar, chun críocha fho-alt (6) den alt seo, gurb é an lá ceaptha a fuair sé bás, agus má fhaigheann duine a ainmneofar dá éis sin chun bheith ina ghnáthchomhalta bás roimh thosach a théarma oifige mar ghnáthchomhalta, measfar corrfholúntas i measc na ngnáthchomhaltaí a bheith ann an lá a thosódh an téarma oifige sin.

(9) Má tharlaíonn, díreach roimh thosach feidhme alt 9 den Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1961 , go mbeidh duine i seilbh oifige mar ghnáthchomhalta, beidh an duine sin i seilbh oifige go dtí an lá roimh an lá ceaptha agus ansin scoirfidh sé de bheith i seilbh oifige.”

Alt 7 d'Acht 1939 a shrianadh.

10. —Ní bheidh feidhm ag alt 7 d'Acht 1939 maidir leis an gCathaoirleach ná le gnáthchomhalta den Choimisiún a ainmníodh faoi fhomhír (i) nó (ii) de mhír (b) d'fho-alt (3) d'alt 4 den Acht sin nó faoi fhomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (6) d'alt 6 den Acht sin.

Alt 8 d'Acht 1939 a leasú.

11. —Déantar leis seo alt 8 d'Acht 1939 a leasú trí—

(a) “, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais,” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “ó am go ham”, agus

(b) “tar éis dó dul i gcomhairle leis” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “le haontú”.

Oifigí agus foireann an Choimisiúin.

12. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 9 d'Acht 1939, eadhon:

“9. (1) Féadfaidh an Coimisiún cibé oifigí agus áitribh eile a cheannach, a ghlacadh ar léas, a thógáil nó a fháil ar shlí eile, agus iad a ghléasadh agus a chothabháil, i cibé áiteanna is dóigh leis is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh go cuí agus féadfaidh siad aon áitribh a bheidh dílsithe iontu agus is dóigh leis nach mbeidh ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin a dhíol, a chur ar léas nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(2) Déanfaidh an Coimisiún a luaithe is féidir tar éis an lae cheaptha agus dá éis sin de réir mar is gá duine a cheapadh chun bheith ina phríomh-oifigeach don Choimisiún.

(3) Féadfaidh an Coimisiún cibé oifigigh, seirbhísigh agus gníomhairí, agus cibé méid acu, a cheapadh is dóigh leis an gCoimisiún ó am go ham is gá chun feidhmeanna an Choimisiún a fheidhmiú go cuí agus sealbhóidh gach oifigeach, seirbhíseach agus gníomhaire a cheapfar amhlaidh agus príomh-oifigeach an Choimisiúin oifig ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an Coimisiún.

(4) Íocfaidh an Coimisiún le hoifigigh an Choimisiúin (lena n-áirítear an príomh-oifigeach), le seirbhísigh agus le gníomhairí an Choimisiúin cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachais a cheapfaidh an Coimisiún ó am go ham agus le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais i gcás an phríomh-oifigigh.

(5) Faoi réir fho-alt (6) den alt seo, ní cheapfar duine faoin alt seo chun bheith ina oifigeach don Choimisiún mura mbeifear tar éis é a roghnú trí chomórtas poiblí.

(6) An ceanglas roghnaithe trí chomórtas poiblí a fhorchuireann fo-alt (5) den alt seo ní bheidh feidhm aige maidir le—

(a) ceapachán is ardú céime do dhuine is oifigeach cheana féin don Choimisiún,

(b) oifig ar gá, i dtuairim an Choimisiúin, saincháilíochtaí chuici nach gnách ag daoine, nó

(c) oifig ar go ceann tréimhsí teoranta, tréimhsí dhá bhliain ar a mhéid, a dhéantar ceapacháin chuici.

(7) Má thagann oifigeach (lena n-áirítear an príomhoifigeach) nó seirbhíseach don Choimisiún chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, ansin, ar é a theacht faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin chun teideal a bheith aige suí sa Teach sin scoirfidh sé de bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach den sórt sin.

(8) Aon duine a mbeidh de thuras na huaire teideal aige faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun teacht chun bheith ina oifigeach (lena n-áirítear príomh-oifigeach) nó ina sheirbhíseach don Choimisiún.

(9) Ní bheidh príomh-oifigeach an Choimisiúin ina chomhalta den Choimisiún.

(10) (a) I gcás duine a bheith, díreach roimh thosach feidhme alt 12 den Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1961 , ar fostú mar oifigeach nó mar sheirbhíseach don Choimisiún, leanfaidh an duine sin, tar éis tosach feidhme an ailt sin 12, de bheith ar fostú mar oifigeach nó mar sheirbhíseach, de réir mar a bheidh, don Choimisiún, agus beidh sé ar fostú ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an Coimisiún (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha maidir le luach saothair agus liúntais i leith caiteachais) is téarmaí agus coinníollacha nach lú fábhar ná iad sin faoina raibh sé ar fostú díreach roimh an tosach feidhme sin, ach féadfar a oifig nó a phost a athrú agus féadfar a dhualgais a athrú nó a athshocrú.

(b) Aon duine a bheidh ar fostú mar oifigeach nó mar sheirbhíseach don Choimisiún díreach roimh thosach feidhme an ailt sin 12, ní chuirfear as an bhfostaíocht sin é gan toiliú an Aire.”

Alt 11 d'Acht 1939 a leasú.

13. —Leasaítear leis seo alt 11 d'Acht 1939 trí “nó faoin Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1961 ,” a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh “fén Acht so”.

Alt 12 d'Acht 1939 a leasú.

14. —Leasaítear leis seo alt 12 d'Acht 1939 trí—

(a) “triúr” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “beirt”,

(b) “nó níos mó” a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh “folúntas amháin”, agus

(c) “, le haontú an Aire,” a scriosadh as fo-alt (5).

Alt 14 d'Acht 1939 a leasú.

15. —Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht 1939 trí “nó ghnáthchomhalta ag a mbeidh údarás ón gCoimisiún gníomhú chuige sin agus síniú oifigigh don Choimisiún ag a mbeidh údarás ón gCoimisiún gníomhú chuige sin” a chur isteach i ndiaidh “Chathaoirligh” i bhfo-alt (2).

Alt 15 d'Acht 1939 a leasú.

16. —Leasaítear leis seo alt 15 d'Acht 1939 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) eadhon:

“(1) Déanfaidh an Coimisiún—

(a) gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó a chaithfidh sé a choinneáil i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, agus

(b) a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana, a chuntais don bhliain sin, clár comhardaithe amhail don lá deiridh den bhliain sin agus ráiteas cuntas don bhliain sin a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus iniúchfaidh seisean na cuntais agus tabharfaidh sé tuarascáil orthu agus ar na doiciméid eile a chuirfear faoina bhráid, agus

(c) a luaithe is féidir tar éis iniúchadh a bheith déanta faoin alt seo ar a chuntais, cóip den ráiteas cuntas agus den chlár comhardaithe arna ndeimhniú ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a chur chun an Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna de na doiciméid sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(d) a luaithe is féidir tar éis an leagan a dúradh, cóipeanna de na doiciméid ar leagadh cóipeanna díobh a chur chuig gach ceadúnaí.”.

Alt 19 d'Acht 1939 a leasú.

17. —(1) Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1939 trí “phríomhoifigeach” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “Rúnaí”.

(2) Aon deimhniú a thabharfar faoin bhfo-alt sin (2) roimh thosach feidhme an ailt seo beidh éifeacht aige, ar an tosach feidhme sin, amhail is dá n-airbheartódh sé é a bheith faoi láimh phríomh-oifigeach an Choimisiúin.

Orduithe faoi alt 34 d'Acht 1939.

18. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, más cuí leis, a ordú don Choimisiún aon cheann de na horduithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'alt 34 d'Acht 1939 nó ordú faoi fho-alt (3) den alt sin a dhéanamh ag socrú an ráta tobhaigh faoin alt sin agus féadfaidh sé freisin más cuí leis, in ordachán a bhainfidh le hordú faoin bhfo-alt sin (3), an ráta nó na rátaí tobhaigh a shocrófar san ordú agus an tréimhse a dhéanfar an t-ordú a shonrú.

(2) Is i scríbhinn a thabharfar ordachán faoin alt seo don Choimisiún.

(3) Déanfaidh an Coimisiún de réir ordachán faoin alt seo.

Srian le heolas a fuarthas chun críocha alt 58 d'Acht 1939 a nochtadh.

19. —Ní dhéanfar (ach amháin le toiliú an duine i scríbhinn) eolas i dtaobh aon duine a fuarthas chun críche alt 58 d'Acht 1939—

(a) a fhoilsiú ag an gCoimisiún de bhun an ailt sin 58, ná

(b) a thaispeáint ná a thabhairt d'aon duine ach amháin d'oifigeach don Choimisiún a mbeidh baint aige leis i gcúrsa a dhualgais mar oifigeach den sórt sin,

i bhfoirm ná modh a thabharfadh go mbeadh a fhios gur eolas é a bhaineann leis an duine sin nó leis an áitreabh atá á áitiú aige.

Alt 5 d'Acht 1956 a leasú.

20. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1956 trí “más dóigh leis an Aire go bhfuil airgead sa Chiste Ginearálta nach bhfuil ag teastáil chun críocha an chiste sin agus go gcuirfidh sé sin in iúl i scríbhinn don Choimisiún nó gur dóigh” a chur isteach i bhfo-alt (1) in ionad “más”.

An tAire toiliú leis an gCoimisiún do dhéanamh orduithe áirithe.

21. —Ní dhéanfaidh an Coimisiún ordú faoi alt 54 ná alt 55 d'Acht 1937, ná faoi alt 34 ná alt 36 d'Acht 1939 ná faoi alt 3 d'Acht 1956 gan toiliú an Aire.

Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh an Choimisiúin.

22. —(1) Féadfaidh an Coimisiún scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun pinsin, aiscí agus liúntais a dheonú, ar scor dóibh, do cibé oifigigh nó seirbhísigh, nó i leith cibé oifigeach nó seirbhíseach, de chuid an Choimisiúin is cuí leis an gCoimisiún.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim ar scor dóibh, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith scéim do leasú scéime a cuireadh faoi bhráid an Aire agus a ceadaíodh roimhe sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(4) Déanfaidh an Coimisiún scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Má tharlaíonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í lena cinneadh.

(6) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Onnmhairiú bagúin ag an gCoimisiún.

23. —(1) Féadfaidh an Coimisiún bagún a onnmhairiú de na gráid sin a shonróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais ó am go ham i bhfoirm taobhanna Wiltshire nó mórghearrtha díobh sin agus an droim ag gabháil leo.

(2) Féadfaidh an Coimisiún ó am go ham a cheangal ar shealbhóirí ceadúnas bagún de cibé grád nó gráid (is grád nó gráid a bheidh sonraithe faoi fho-alt (1) den alt seo) a dhíol leis an gCoimisiún, i cibé riocht a shonróidh sé, agus cibé cainníocht díobh a shonróidh sé, sa cheanglas faoi ghné taobhanna Wiltshire nó mórghearrtha díobh a mbeidh an droim ag gabháil leo agus, de réir mar a shonróidh an Coimisiún—

(i) an bagún a sheachadadh don Choimisiún lena onnmhairiú ag an gCoimisiún, nó

(ii) an bagún a onnmhairiú thar ceann an Choimisiúin go dtí cibé tír nó tíortha nó cibé duine nó daoine nó áit nó áiteanna sa tír nó sna tíortha sin agus de réir cibé coinníollacha, más aon choinníoll é, a shonróidh an Coimisiún.

(3) Íocfaidh an Coimisiún le sealbhóirí ceadúnas ar aon ghné bagúin a dhíolfar leis an gCoimisiún faoin alt seo an praghas is iomchuí ag féachaint do na praghsanna a bheidh socraithe de thuras na huaire faoi fho-alt (4) den alt seo don ghné sin bagúin.

(4) (a) Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, socróidh an tAire ó am go ham i cibé slí agus faoi threoir cibé ábhair is oiriúnach leis praghsanna (de réir an chéad meáchain) gach gné bagúin a dhíolfar leis an gCoimisiún faoin alt seo is bagún de ghrád a bheidh sonraithe faoi fho-alt (1) den alt seo agus é sa riocht a shonróidh an tAire.

(b) Tabharfar fógra i scríbhinn don Choimisiún a luaithe is féidir i dtaobh aon phraghas a shocrófar faoi mhír (a) den fho-alt seo agus i dtaobh na ngrád a shonrófar faoi fho-alt (1) den alt seo.

(5) Comhlíonfaidh sealbhóirí ceadúnas aon cheanglas de chuid an Choimisiúin faoin alt seo agus más rud é, maidir le haon bhagún, go mainneoidh sealbhóir ceadúnais ceanglas de chuid an Choimisiúin faoin alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air a ríomhfar de réir cúig phunt in aghaidh gach céad meáchain bagúin ar mhainnigh an sealbhóir an ceanglas a chomhlíonadh ina leith.

(6) I gcás inarb é tuairim an Choimisiúin maidir le bagún a sheachaid sealbhóir ceadúnais don Choimisiún nó a d'onnmhairigh sé thar a cheann de bhun ceanglais faoin alt seo nach bagún den ghrád é nó nach bagún sa riocht é a shonraigh an Coimisiún sa cheanglas, féadfaidh an Coimisiún—

(a) (i) an bagún a chur ar ais chuig sealbhóir an cheadúnais, agus a cheangal ar shealbhóir an cheadúnais an chainníocht chéanna bagúin den ghrád a shonraigh agus sa riocht a shonraigh an Coimisiún sa cheanglas bunaidh a sheachadadh don Choimisiún nó a onnmhairiú thar a cheann, agus

(ii) aon chaillteanas nó costas faoina ndeachaigh an Coimisiún i ndáil leis an mbagún a cuireadh ar ais chuig sealbhóir an cheadúnais a bhaint as an bpraghas is iníoctha ar an mbagún nó ar aon bhagún eile arna sheachadadh don Choimisiún nó arna onnmhairiú thar a cheann ag sealbhóir an cheadúnais, nó

(b) cibé suim is dóigh leis an gCoimisiún is suim réasúnach, ag féachaint do ghrád agus riocht an bhagúin, a bhaint as an bpraghas is iníoctha ar an mbagún faoin alt seo le sealbhóir an cheadúnais nó ar aon bhagún eile arna sheachadadh don Choimisiún nó arna onnmhairiú thar a cheann.

(7) (a) Ní cheanglóidh an Coimisiún ar shealbhóir ceadúnais cainníocht bhagúin de bhreis ar an gcainníocht a bheidh sonraithe sa deimhniú fo-chuóta eachtardhíola (de réir bhrí Chuid III d'Acht 1937) don áitreabh lena mbaineann an ceadúnas a dhíol leis i rith aon tréimhse eachtar-dhíola (de réir bhrí na Coda sin III).

(b) Má tharlaíonn i rith aon tréimhse eachtar-dhíola (de réir bhrí na Coda sin III) go dtairgfidh sealbhóir ceadúnais don Choimisiún chun a dhíolta cainníocht bhagúin faoi ghné taobhanna Wiltshire nó mórghearrtha díobh sin a mbeidh an droim ag gabháil leo agus is de ghrád nó gráid a bheidh sonraithe, agus a bheidh sa riocht a bheidh sonraithe, in aon cheanglas de chuid an Choimisiúin arna dhéanamh i rith na tréimhse sin, ceannóidh an Coimisiún ar an bpraghas is iomchuí ag féachaint do na praghasanna a bheidh socraithe de thuras na huaire faoi fho-alt (4) den alt seo do na gnéithe sin bagúin—

(i) i gcás an chainníocht, dá ndéantaí í a mhéadú den chainníocht (más ann) bhagúin a cheannaigh an Coimisiún cheana féin ón sealbhóir i rith na tréimhse sin, a bheith comhionann leis an gcainníocht, nó níos lú ná an chainníocht, a bheidh sonraithe sa deimhniú fo-chuóta eachtardhíola (de réir bhrí na Coda sin III) in aghaidh na tréimhse sin don áitreabh lena mbaineann an ceadúnas, an bagún go léir, agus

(ii) in aon chás eile, cibé cainníocht (más ann) bhagúin is cuí leo, ag féachaint do na cainníochtaí (más ann) bagúin a d'onnmhairigh an sealbhóir réamhráite an lú lá d'Eanáir, 1960, nó dá éis agus roimh thosach feidhme an Achta seo, ar choinníoll nach lú an chainníocht a cheannófar ná an chainníocht (más ann) a bheadh, dá ndéantaí í a mhéadú de chainníocht (más ann) bhagúin a cheannaigh an Coimisiún cheana féin ón sealbhóir i rith na tréimhse eachtar-dhíola réamhráite, comhionann leis an gcainníocht a bheidh sonraithe sa deimhniú fo-chuóta eachtar-dhíola sin.

(8) Aon bhagún a bheidh sealbhóir ceadúnais tar éis a sheachadadh don Choimisiún nó a onnmhairiú thar a cheann aon tráth faoi alt seo, measfar, chun críocha alt 33 (a cuireadh isteach le hAcht 1956) d'Acht 1937, gur onnmhairíodh é an tráth sin ón áitreabh lena mbaineann an ceadúnas agus go gcomhlíonann sé forálacha aon ordaithe eachtar-dhíola faoi alt 30 (a cuireadh isteach le hAcht 1956) d'Acht 1937 a bhí i bhfeidhm an tráth sin maidir leis an mbagún.

(9) Déanfar airgead a bheidh dlite den Choimisiún i leith bagún a bheifear tar éis a dhíol leis faoin alt seo a íoc as Ciste an Bhagúin (Praghas a Chobhsú) agus déanfar airgead a gheobhaidh an Coimisiún i leith bagún a onnmhaireofar faoin alt seo a íoc leis an gCiste sin.

(10) Cuirfear ceanglais a dhéanfaidh an Coimisiún in iúl do shealbhóirí ceadúnas trí fhógraí i scríbhinn agus seirbheálfar na fógraí de réir fhorálacha Chuid 3 den Phríomh-Acht.

(11) San alt seo ciallaíonn “sealbhóir ceadúnais” duine a shealbhaíonn ceadúnas um leasú nó ceadúnas um leasú agus marú faoi Chuid II den Phríomh-Acht.

Ullmhú, pacáil agus iompar bagúin le honnmhairiú ag an gCoimisiún nó thar a cheann.

24. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, le toiliú an Aire, foráil a dhéanamh trí rialacháin i dtaobh—

(a) an modh agus an tslí ina n-ullmhófar bagún a dhíolfar leis faoi alt 23 den Acht seo,

(b) an modh agus an tslí ina bpacálfar bagún a dhíolfar leis faoin alt sin 23 ar a n-áirítear na hábhair agus na pacáistí a bheidh le húsáid le haghaidh na pacála,

(c) an modh agus an tslí ina marcálfar bagún a dhíolfar leis faoin alt sin 23, an modh agus an tslí ina marcálfar na hábhair agus na pacáistí a úsáidfear le haghaidh na pacála, na marcanna a chuirfear agus na nithe a thaispeánfar leis na marcanna sin,

(d) glaineacht agus aimridiú na n-ábhar agus na bpacáistí,

(e) rangú agus grádú lánas na bpacáistí,

(f) deiseanna iompair agus láimhsithe an bhagúin a dhíolfar leis faoin alt sin 23 agus é ar bealach ó áitreabh na ndíoltóirí go dtí áitreabh an Choimisiúin nó go dtí an long, an fheithicil nó an deis iompair ina n-iomprófar é amach as an Stát, agus

(g) feistis, aerú agus glaineacht longa, feithiclí agus deiseanna iompair eile ina ndéanfar bagún a díoladh leis faoin alt sin 23 a iompar amach as an Stát.

(2) Aon duine a sharóidh foráil rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fineáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air más é an chéad chion aige é agus fíneáil nach mó ná caoga punt más é an dara cion é nó aon chion dá éis sin aige é.

(3) Ní bheidh feidhm ag rialacháin faoi alt 45 nó alt 46 den Phríomh-Acht maidir le bagún lena mbainfidh rialacháin faoin alt seo agus ní bheidh feidhm ag alt 66 den Acht sin, sa mhéid a bhaineann sé le rialacháin faoi na hailt sin 45 agus 46, maidir le bagún lena mbainfidh rialacháin faoin alt seo.

(4) Féadfaidh an Coimisiún cion faoin alt seo a ionchúiseamh.

Cumhacht an Aire chun onnmhairiú bagúin áirithe a thoirmeasc.

25. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 65 den Phríomh-Acht, féadfaidh an tAire, le hordú, toirmeasc a chur le bagún de cibé grád nó gráid a shonrófar san ordú faoi ghné taobhanna Wiltshire nó mórghearrtha díobh a mbeidh an droim ag gabháil leo a onnmhairiú, i gcoitinne nó go dtí tír nó tíortha sonraithe, ach amháin ag an gCoimisiún nó thar a gceann.

(2) Féadfaidh an tAire ordú a dhéanfar faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú le hordú.

Bagún agus feoil muice a réamhphacáillena dhíol ar mionreic.

26. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh i dtaobh—

(a) toirmeasc a chur le réamhphacáil bagúin agus feoil muice ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnais (dá ngairtear ceadúnas réamhphacála san alt seo),

(b) an tAire do dheonú agus do chúlghairm ceadúnas réamhphacála,

(c) an tAire do chur coinníollacha ag gabháil le ceadúnais réamhphacála agus an tAire do leasú agus do chúlghairm na gcoinníollacha,

(d) modh agus slí réamhphacála bagúin agus feoil muice eile lena n-áirítear na hábhair fillteála agus na pacáistí a bheidh le húsáid le haghaidh na réamhphacála,

(e) glaineacht agus aimridiú na n-ábhar fillteála agus na bpacáistí, agus

(f) rangú agus grádú lánas na bpacáistí,

agus féadfaidh rialacháin faoin alt seo a fhoráil go mbeidh feidhm ag forálacha éagsúla díobh maidir le gnéithe éagsúla bagúin agus feoil muice eile.

(2) Aon duine a sháróidh foráil de rialacháin a dhéanfar faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fineáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air más é an chéad chion aige é agus fíneáil nach mó ná caoga punt más é an dara cion nó aon chion dá éis sin aige é.

(3) Na rialacháin a rinneadh faoi alt 45 den Phríomh-Acht maidir le bagún a phacáil agus na hábhair agus na pacáistí a bheidh le húsáid le haghaidh na pacála ní bheidh feidhm acu maidir le pacáil bagúin lena mbainfidh rialacháin a dhéanfar faoin alt seo ná leis na hábhair ná na pacáistí a bheidh le húsáid sa phacáil.

(4) San alt seo ciallaíonn “réamhphacáil”, i ndáil le bagún nó feoil muice eile, an bagún nó an fheoil muice eile a ullmhú agus a phacáil, in áit seachas an t-áitreabh a mbeidh sé beartaithe an bagún nó an fheoil muice eile a dhíol ar mionreic ann, i slí nach gá aon ullmhú ná pacáil eile ar an mbagún ná ar an bhfeoil muice eile sula ndíolfar ar mionreic é nó chun é a dhíol ar mionreic.

Cumhachtaí an Choimisiúin maidir le margaí a fhorbairt i gcóir bagúin agus feoil muice eile agus táirgí feoil muice.

27. —Féadfaidh an Coimisiún gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) poiblíocht in aon fhoirm nó meán a chur ar fáil, nó socrú a dhéanamh lena chur ar fáil nó cabhrú, le hairgead nó ar shlí eile lena chur ar fáil, sa Stát agus lasmuigh den Stát chun daoine a spreagadh chun tuilleadh bagúin agus feoil muice eile agus táirgí feoil muice a táirgeadh sa Stát a thomhailt agus a úsáid agus chun dlús a chur le méadú ar na cainníochtaí bagúin agus feoil muice eile agus táirgí feoil muice a onnmhaireofar as an Stát,

(b) fiosrúcháin, suirbhéireachtaí, anailíseanna, staidéir agus tuarascálacha maidir le margaí, margaí ionchasacha agus cúrsaí margaidh do bhagún agus d'fheoil muice eile agus do tháirgí feoil muice sa Stát agus lasmuigh den Stát a dhéanamh nó socrú a dhéanamh faoina chomhair sin,

(c) aithbhreithnithe, suirbhéireachtaí agus staidéir fhorleitheadúla, thréimhsiúla maidir le trádáil i mbagún agus i bhfeoil muice eile agus i dtáirgí feoil muice lasmuigh den Stát a dhéanamh nó socrú a dhéanamh faoina chomhair sin,

(d) obair thurgnamhach agus forbartha agus fiosrúcháin, maidir le soláthar cineálacha nua agus feabhsaithe bagúin agus feoil muice eile agus táirgí feoil muice, pacála le haghaidh bagúin agus feoil muice eile agus táirgí feoil muice agus modhanna chun bagún agus feoil muice eile agus táirgí feoil muice a thairiscint le haghaidh an mhargaidh, a dhéanamh nó socrú a dhéanamh faoina chomhair sin agus cabhrú, le hairgead nó ar shlí eile chuige sin,

(e) seomraí taispeántais, buróanna eolais agus bunachais dá samhail a bheidh beartaithe chun dlús a chur le tuilleadh bagúin agus feoil muice eile agus táirgí feoil muice a thomhailt agus dlús a chur le méadú ar na cainníochtaí bagúin agus feoil muice eile agus táirgí feoil muice a onnmhaireofar as an Stát a bhunú, a fheistiú agus a oibriú, agus socrú a dhéanamh chun iad a bhunú, a fheistiú agus a oibriú, agus cabhrú leis an oibriú sin, le hairgead nó ar shlí eile, sa Stát agus lasmuigh den Stát,

(f) paimfléid, fógraí, irisí, iriseáin, nuachtáin, irisleabhair agus ábhar eile dá samhail is oiriúnach leis a fhoilsiú agus a imdháil, nó socrú a dhéanamh lena bhfoilsiú agus lena n-imdháil, sa Stát agus lasmuigh den Stát, chun daoine a spreagadh chun tuilleadh bagúin agus feoil muice eile agus táirgí feoil muice a thomhailt agus chun dlús a chur le méadú ar na cainníochtaí bagúin agus feoil muice eile agus táirgí feoil muice a onnmhaireofar as an Stát,

(g) onnmhairiú bagúin agus feoil muice eile agus táirgí feoil muice a chur chun cinn, a urasú, a spreagadh, a chomhoirdniú agus a fhorbairt, agus cabhrú (le hairgead nó ar shlí eile) leis an onnmhuiriú sin, i cibé cuma is dóigh leis an gCoimisiún is gá nó is inmhianaithe,

(h) aon ghníomhaíocht a mheasfaidh an Coimisiún dá dtiocfaidh nó ar dócha go dtiocfaidh di, go díreach nó go neamhdhíreach, méadú ar na cainníochtaí bagúin agus feoil muice eile agus táirgí feoil muice a onnmhaireofar as an Stát a ghabháil de láimh nó a chur chun cinn nó socrú a dhéanamh agus cabhrú, le hairgead nó ar shlí eile, lena gabháil de láimh nó a cur chun cinn.

Deontais don Choimisiún.

28. —(1) Gach bliain airgeadais, féadfar deontas nó deontais de cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le clár caiteachais an Choimisiúin don bhliain airgeadais sin, a íoc leis an gCoimisiún as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Úsáidfidh an Coimisiún deontas faoin alt seo, faoi réir cibé coinníollacha a shonróidh an tAire i scríbhinn ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais, chun aon chaillteanas a ghlanadh faoina rachaidh an Coimisiún i ndáil le honnmhairiú bagúin agus ní úsáidfear é chun aon críche eile.

(3) Íocfaidh an Coimisiún deontas faoin Acht seo isteach i gCiste an Bhagúin (Praghas a Chobhsú).

Iasachtaí a ráthú.

29. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis agus le toiliú an Aire Airgeadais, iasacht chun an Choimisiúin a ráthú.

(2) Aon uair a ráthóidh an tAire iasacht faoin alt seo, féadfaidh sé ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, go n-ais íocfaidh an Coimisiún go cuí príomhshuim na hiasachta nó go n-íocfar ús ar an iasahct nó go ndéanfar an phríomhshuim sin a aisíoc agus an t-ús sin a íoc.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a fheidhmiú i slí gur mó ná £500,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi na fo-ailt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i dteannta méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíocht den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCoimisiún.

(4) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, tabharfaidh an Coimisiún don Aire, má fhoréilíonn an tAire é, cibé urrús a shonrófar san fhoréileamh chun aisíoc aon airgid a urrú don Aire a bheidh sé faoi dhliteanas a íoc nó tar éis a íoc faoin ráthaíocht.

(5) A luaithe is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina luafar, maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) má rinne an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid a aisíocadh (má aisíocadh) leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(6) Déanfaidh an Coimisiún aon airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (maraon le hús air, má cheanglaíonn an tAire Airgeadais sin, de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá bhliain ó dháta an t-airgead a airleacan faoi fho-alt (10) den alt seo.

(7) Má bhíonn an t-airgead go léir, nó aon chuid den airgead, a cheanglaíonn fo-alt (6) den alt seo a aisíoc leis an Aire gan aisíoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) den alt seo chun suim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Coimisiún de bheith faoi dhliteanas don Aire i leith na suime sin agus déanfaidh an Coimisiún an tsuim sin (maraon le hús uirthi, má cheanglaíonn an tAire Airgeadais é, de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh, beidh sé, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, inghnóthaithe mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) Déanfar airgead a aisíocfaidh an Coimisiún leis an Aire nó a ghnóthóidh an tAire ón gCoimisiún faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

(10) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire chun suimeanna a íoc a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo.

(11) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh faoi chomhair airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suim nó suimeanna a thógáil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh sé, chun críocha na hiasachta sin, urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead a thógfar ar iasacht amhlaidh.

(12) Déanfar príomhshuim agus ús aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus na costais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beidh siad iníoctha as an gcéanna.

Iocaíochtaí as Ciste Ginearálta an Choimisiúin Muc agus Bagúin.

30. —Íocfar as Ciste Ginearálta an Choimisiúin Muc agus Bagúin an t-airgead go léir a cheanglaítear nó a cheadaítear leis an Acht seo a íoc ag an gCoimisiúin (seachas airgead a cheanglaítear leis an Acht seo a íoc as Ciste an Bhagúin (Praghas a Chobhsú) agus fós an caiteachas go léir faoina rachaidh an Coimisiún faoin Acht seo.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

31. —Gach ordú agus rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán, de réir mar a bheidh, a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, de réir mar a bheidh, beidh an t-ordú nó an rialachán, de réir mar a bheidh, ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin gcéanna.

Caiteachas an Aire.

32. —A mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfar an caiteachas faoina rachfar ag riaradh an Achta seo.

Aisghairm.

33. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an aisghairm ar ailt 40 go 43 d'Acht 1939 maidir le bagún arna onnmhairiú nó arna dhíol roimh thosach feidhme an ailt seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

34. —(1) Féadfar an tAcht Muc agus Bagúin (Leasú), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na Achtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1961, a ghairm de na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1956, agus den Acht seo le chéile.