|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Dlinse agus cumhachtaí an Bhoird) | Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Aisghairm) |
AN tACHT CARTHANAS, 1961
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Forálacha Ilghnéitheacha maidir le Carthanais | |
[EN] |
Bronntanais chun creideamh a chur chun cinn. |
45. —(1) Nuair a bheifear á chinneadh cé acu is bronntanas carthanúil bailí nó nach ea bronntanas arb é is críoch dó creideamh a chur chun cinn toimhdeofar agus is toimhde dochloíte é go bhfolaíonn agus go dtabharfaidh an chríoch tairbhe don phobal. |
[EN] | (2) Ionas go seachnófar na deacrachtaí a éireoidh nuair a bheifear ag tabhairt éifeachta d'intinní bronntóirí bronntanas áirithe arb é is críoch dóibh creideamh a chur chun cinn agus ionas nach ndírathófar na hintinní sin agus d'ainneoin gur bronntanais charthanúla bailí bronntanais áirithe chun na críche réamhráite, lena n-áirítear bronntanais chun Aifrinn a léamh go poiblí nó go príobháideach, achtaítear leis seo go mbeidh éifeacht ag bronntanas carthanúil bailí chun creideamh a chur chun cinn agus, maidir le héifeacht a bheith aige, go bhforléireofar é de réir dlíthe, canóna, deasghnátha agus airteagal an chreidimh a bheidh i gceist. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag na fo-ailt sin roimhe seo i gcás bronntanais a thiocfaidh in éifeacht roimh an lú lá d'Eanáir, 1960. | |
[EN] |
Scéimeanna chun comhchisti infheistíochta a bhunú. |
46. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt nó an Bord, le hordú, scéimeanna a dhéanamh agus a chur in éifeacht chun comhchistí infheistíochta (dá ngairtear scéimeanna san alt seo) a bhunú ar théarmaí ina mbeidh foráil— |
[EN] | (a) chun maoin a aistreofar chun an chiste ó charthanas, nó thar ceann carthanais, a bheidh rannpháirteach sa scéim a infheistiú faoi chúram iontaobhaithe a bheidh ceaptha chun an ciste a bhainistí; agus | |
[EN] | (b) chun teideal a bheith (faoi réir fhorálacha na scéime) ag na carthanais rannpháirteacha chun caipiteal agus ioncam an chiste ina scaireanna a chinnfear faoi threoir méid nó luach na maoine a bheidh aistrithe chuige ag gach carthanas acu nó thar ceann gach carthanais acu agus faoi threoir luach an chiste le linn an aistrithe. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an Ard-Chúirt nó an Bord scéim a dhéanamh ar iarratas ó dhá charthanas nó níos mó: ar choinníoll go bhféadfaidh an Bord scéim a dhéanamh as a dtreoir féin i gcás aon dá charthanas nó níos mó darb iontaobhaithe an Bord. | |
[EN] | (3) Féadfar scéim a dhéanamh i dtéarmaí a cheadóidh d'aon charthanas a bheith rannpháirteach, nó a chuirfidh srian i slí ar bith leis an gceart chun bheith rannpháirteach. | |
[EN] | (4) Féadfaidh foráil a bheith i scéim le haghaidh, agus le haghaidh gach ní i dtaobh, an comhchiste infheistíocha a bhunú, a infheistiú, a bhainistí agus a fhoirceannadh, agus féadfaidh, go sonrach, foráil a bheith inti— | |
[EN] | (a) chun luach saothair a thabhairt do dhaoine a bheidh ceaptha ina n-iontaobhaithe chun an ciste nó aon chuid de a theachtadh nó a bhainistí, i dteannta nó d'éagmais forála á údarú do dhuine an luach saothair a ghlacadh d'ainneoin é a bheith freisin ina iontaobhaí carthanais, nó ina iontaobhaí, do charthanas rannpháirteach; | |
[EN] | (b) chun méid an chiste a shrianadh, agus chun an ceart chun maoin a aistriú isteach sa chiste nó a thógáil amach as a rialú maidir le ham nó le méid nó eile, agus chun go bhféadfar suimeanna a airleacan as an gciste i modh iasachta chun carthanais rannpháirtigh go dtí go n-aistarraingeoidh an carthanas maoin as an gciste; | |
[EN] | (c) chun go bhféadfar ioncam a choimeád siar gan a dháileadh d'fhonn nach mbeidh neamhionannais sna suimeanna a dháilfear, agus, i gcoitinne, chun dáileadh ioncaim a rialú; | |
[EN] | (d) chun go bhféadfar airgead a fháil ar iasacht go sealadach faoi chomhair íocaíochtaí as an gciste; | |
[EN] | (e) chun go bhféadfar ceisteanna a éireoidh faoin scéim maidir le ceart carthanais chun bheith rannpháirteach, nó maidir le cearta carthanas rannpháirteacha, nó maidir le haon ní eile, a chinneadh go críochnaitheach le cinneadh na n-iontaobhaithe a bheidh ag bainistí an chiste nó in aon slí eile; | |
[EN] | (f) chun rialú a dhéanamh ar na cuntais agus an t-eolas a thabharfar do charthanais rannpháirteacha. | |
[EN] | (5) I dteannta na forála chun maoin a aistriú chun an chiste ar an bhforas go mbeidh teideal ag an gcarthanas chun scair i gcaipiteal agus in ioncam an chiste, féadfaidh foráil a bheith i scéim chun go bhféadfar suimeanna a thaisceadh ó charthanas nó thar a cheann ar an bhforas (faoi réir fhorálacha na scéime) go mbeidh teideal ag an gcarthanas chun go n-aisíocfar leis na suimeanna a bheidh taiscthe agus chun ús a fháil orthu de réir ráta a chinnfear leis an scéim nó fúithi; agus i gcás ina mbeidh aon fhoráil den sórt sin i scéim beidh foráil inti freisin chun na suimeanna sin (nach mó ná na suimeanna is inchurtha go cuí i leith taiscí a dhéanamh) a bheidh ag teastáil le réasún ó am go ham i leith dliteanas an chiste chun taiscí a aisíoc agus i leith an úis ar thaiscí, lena n-áirítear suimeanna a bheidh ag teastáil mar chúltaca, a eisiamh ón méid caipitil agus ioncaim a bheidh le roinnt idir carthanais a bheidh rannpháirteach ar chuma seachas trí thaisceadh a dhéanamh. | |
[EN] | (6) Ach amháin a mhéid go bhforálfar a mhalairt i scéim, ní fhéadfar na cearta faoin scéim a bheidh ag carthanas rannpháirteach a shannadh ná a mhuirearú, ná ní bheidh aon iontaobhaí ná duine eile a mbeidh baint aige le bainistí an chomhchiste infheistíochta a bheidh arna bhunú leis an scéim faoi cheangal ná i dteideal cuntas a thógáil ar aon iontaobhas nó cothromas eile a bhainfidh le carthanas rannpháirteach nó lena mhaoin nó lena chearta. | |
[EN] | (7) Féadfar maoin a bheidh ar teachtadh ar aon iontaobhas carthanúil a aistriú chun comhchistí infheistíochta a bheidh arna mbunú faoin alt seo mura mbeidh an chumhacht chun sin a dhéanamh eisiata le foráil a dhéanfaidh tagairt shonrach do scéimeanna i dtéarmaí an iontaobhais. | |
[EN] | (8) Measfar chun gach críche gur comhchiste infheistíochta carthanas. | |
[EN] | (9) Féadfaidh an Ard-Chúirt, le hordú, téarmaí scéime a leasú nó a athrú nó scéim a fhoirceannadh agus féadfaidh an Bord, le hordú, téarmaí scéime a rinneadh le hordú ón mBord a leasú nó a athrú nó scéim den sórt sin a fhoirceannadh. | |
[EN] |
Na hócáidí ar a gcuirfear maoin chun feidhme cy-près. |
47. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is mar a leanas a bheidh na himthosca ina bhféadfar críocha bunaidh bronntanais charthanúil a athrú ionas go bhféadfar an mhaoin a bheidh tugtha, nó cuid di, a chur chun feidhme cy-près:— |
[EN] | (a) más amhlaidh atá go hiomlán nó go páirteach— | |
[EN] | (i) go bhfuil na críocha bunaidh comhlíonta a mhéid is féidir; nó | |
[EN] | (ii) nach féidir na críocha bunaidh a chur i gcrích nó nach féidir iad a chur i gcrích de réir na dtreoracha a tugadh agus de réir spiorad an bhronntanais; nó | |
[EN] | (b) i gcás nach bhforálann na críocha bunaidh úsáid ach amháin le haghaidh cuid den mhaoin a bheidh ar fáil de bhua an bhronntanais; nó | |
[EN] | (c) i gcás inar féidir an mhaoin a bheidh ar fáil de bhua an bhronntanais agus maoin eile is inchurtha chun feidhme chun críocha den sórt céanna a úsáid níos éifeachtúla i dteannta a chéile agus gur féidir go hiomchuí chuige sin, ag féachaint do spiorad an bhronntanais, iad a chur chun feidhme chun comhchríocha; nó | |
[EN] | (d) i gcás inar leagadh síos na críocha bunaidh faoi threoir limistéar arbh aonad chun críche éigin eile an tráth sin é ach a bhfuil scortha aige ó shin de bheith ina aonad den sórt sin, nó faoi threoir aicme daoine nó limistéar a bhfuil scortha aige ó shin, ar chúis ar bith, de bheith oiriúnach, ag féachaint do spiorad an bhronntanais, nó de bheith fóinteach chun an bronntanas a riaradh; nó | |
[EN] | (e) más rud é, maidir leis na críocha bunaidh, go hiomlán nó go páirteach, ó leagadh síos iad— | |
[EN] | (i) go mbeidh leor-shocrú déanta dóibh ar shlite eile; nó | |
[EN] | (ii) go mbeidh scortha acu, mar gheall ar iad a bheith gan tairbhe nó díobhálach don phobal nó ar chúiseanna eile, de bheith carthanúil de réir dlí; nó | |
[EN] | (iii) go mbeidh scortha acu in aon slí eile de mhodh oiriúnach éifeachtúil a thabhairt chun an mhaoin atá ar fáil de bhua an bhronntanais a úsáid, ag féachaint do spiorad an bhronntanais. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) difir do na coinníollacha nach mór a bheith comhlíonta ionas go bhféadfar maoin a bheidh tugtha chun críocha carthanúla a chur chun feidhme cy-près, ach amháin sa mhéid go gceanglaíonn na coinníollacha sin go mbeadh teipthe ar na críocha bunaidh. | |
[EN] | (3) Déanfar tagairtí sna fo-ailt sin roimhe seo do chríocha bunaidh bronntanais a fhorléiriú, i gcás cur na maoine chun feidhme a bheith arna athrú nó arna rialú le scéim nó i slí eile, mar thagairtí do na críocha a mbeidh an mhaoin inchurtha chun feidhme chucu de thuras na huaire. | |
[EN] | (4) Dearbhaítear leis seo go gcuireann iontaobhas chun críocha carthanúla de dhualgas ar iontaobhaí, nuair a cheadaíonn agus a cheanglaíonn an cás go gcuirfear an mhaoin nó cuid éigin di chun feidhme cy-près, a áirithiú go n-úsáidfear go héifeachtúil le haghaidh carthanais í trí bhearta a dhéanamh chun go bhféadfar í a chur chun feidhme. | |
[EN] | (5) Bainfidh an t-alt seo le maoin a tugadh chun críocha carthanúla, d'ainneoin gur roimh thosach feidhme an Achta seo a tugadh amhlaidh í. | |
[EN] |
Bronntanais ó dheontóirí anaithnid nó séantacha a chur chun feidhme cy-près. |
48. —(1) Aon mhaoin a tugadh chun críocha carthanúla nó neamhcharthanúla sonracha a chlisfidh féadfaidh Cúirt dlínse inniúla í a chur chun feidhme cy-près, ionann is dá mba chun críocha carthanúla i gcoitinne a tugadh í, más maoin í— |
[EN] | (a) le deontóir nach féidir a dhéanamh amach cé hé, nó nach féidir teacht air, tar éis aon fhógráin agus fiosrúcháin a bheidh réasúnach; nó | |
[EN] | (b) le deontóir a mbeidh séanadh i scríbhinn ar a cheart chun an mhaoin a thabhairt ar ais dó forghníomhaithe aige, | |
[EN] | ach nuair a bheidh maoin a tugadh chun críocha neamhcharthanúla sonracha á cur chun feidhme cy-près tabharfar aird ar mhianta na n-iontaobhaithe nó na ndaoine eile a bheidh i bhfeighil na maoine. | |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo toimhdeofar agus is toimhde dochloíte í (gan aon fhógrán ná fiosrúchán) gur le deontóirí nach féidir a dhéanamh amach cé hiad maoin, sa mhéid gurb éard í an mhaoin sin— | |
[EN] | (a) na fáltais as bailiúcháin airgid a rinneadh le boscaí bailiúcháin nó trí mheáin eile nach raibh ceaptha chun bronntanais a idirdhealú ó chéile; | |
[EN] | (b) na fáltais as aon chrannchur, comórtas, siamsa, díolachán nó gníomhacht dá sórt sin chun airgead a chruinniú, tar éis lamháltas a dhéanamh i leith maoin a tugadh chun duaiseanna nó earraí lena ndíol a sholáthar nó ar bhealach eile ionas go bhféadfaí an ghníomhacht a ghabháil de láimh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh Cúirt dlínse inniúla a threorú, le hordú, go ndéanfar chun críocha an ailt seo (gan aon fhógrán ná fiosrúchán) maoin nach dtagann faoi réim fho-alt (2) a áireamh mar mhaoin le deontóirí nach féidir a dhéanamh amach cé hiad, más dóigh leis an gCúirt— | |
[EN] | (a) go mba rud míréasúnach é, ag féachaint do na méideanna ba dhócha a thabharfaí ar ais do na deontóirí, dul faoi chaiteachas d'fhonn an mhaoin a thabhairt ar ais; nó | |
[EN] | (b) go mba rud míréasúnach é, ag féachaint don saghas bronntanais atá iontu, do na himthosca a bhaineann leo agus dá méid, agus don fhad aimsire atá caite ó tugadh na bronntanais, go mbeadh súil ag na deontóirí go dtabharfaí an mhaoin ar ais. | |
[EN] | (4) I gcás ina gcuirfear maoin chun feidhme cy-près de bhua an ailt seo, measfar gur scar an deontóir lena leas uile an tráth a tugadh an bronntanas; ach i gcás ina gcuirfear maoin chun feidhme amhlaidh mar mhaoin le deontóirí nach féidir a dhéanamh amach cé hiad nó nach féidir teacht orthu, agus nach gcuirfear chun feidhme amhlaidh í de bhua fho-alt (2) nó (3)— | |
[EN] | (a) sonróidh an scéim méid iomlán na maoine sin; agus | |
[EN] | (b) beidh deontóir aon chuid den mhéid sin i dteideal, má dhéanann sé éileamh tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta ar a ndearnadh an scéim, chun suim is comhionann leis an gcuid sin, lúide aon chaiteachas faoina ndeachaigh iontaobhaithe an charthanais go cuí tar éis an dáta sin maidir le héilimh a bhain lena bhronntanas, a aisghabháil ón gcarthanas a gcuirfear an mhaoin chun feidhme chuige; agus | |
[EN] | (c) féadfaidh treoracha a bheith sa scéim maidir leis an socrú a dhéanfar chun freastal d'aon éileamh den sórt sin. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo, measfar gur chlis críocha i gcás ina dtiocfaidh d'aon deacracht a bhainfidh le maoin a chur chun feidhme chun na gcríocha sin go mbeidh an mhaoin sin, nó, i gcás maoin a bheidh le cur chun feidhme chun críocha carthanúla, an chuid nach inchurtha chun feidhme cy-près faoi alt 47, ar fáil le tabhairt ar ais do na deontóirí. | |
[EN] | (6) San alt seo, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, folaíonn tagairtí do dheontóir tagairtí do dhaoine a bheidh ag éileamh tríd an deontóir bunaidh nó faoi, agus folaíonn tagairtí do mhaoin a tugadh tagairtí don mhaoin a bheidh de thuras na huaire in ionannas leis an maoin a tugadh i gcéadóir nó maoin a chin ón maoin sin. | |
[EN] | (7) (a) Mura mó ná míle punt luach na maoine, féadfaidh an Bord na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar leis an alt seo do Chúirt dlínse inniúla maidir le maoin a tugadh chun críocha carthanúla sonracha agus, chun críocha an fheidhmithe sin, forléireofar tagairtí atá sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo do Chúirt dlínse inniúla mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Bhord. | |
[EN] | (b) Chun críocha mhír (a)— | |
[EN] | (i) measfar gurb é luach talún a luach inrátaithe arna iolrú faoi chaoga, | |
[EN] | (ii) measfar gurb é luach aon íocaíochta tréimhsiúla a mbeidh talamh faoina réir méid bliantúil na híocaíochta sin arna iolrú faoi chúig déag, agus | |
[EN] | (iii) measfar gurb é luach aon íocaíochta tréimhsiúla eile méid bliantúil na híocaíochta sin arna iolrú faoi fhiche. | |
[EN] | (8) Bainfidh an t-alt seo le maoin a tugadh chun críocha carthanúla nó neamhcharthanúla d'ainneoin gur roimh thosach feidhme an Achta seo a tugadh amhlaidh í. | |
[EN] |
Forléiriú bronntanas chun críocha measctha. |
49. —(1) I gcás ina bhfolaíonn, nó ina bhféadfaí a mheas go bhfolaíonn, aon cheann de chríocha bronntanais cuspóirí carthanúla agus cuspóirí neamhcharthanúla le chéile, forléireofar téarmaí an bhronntanais agus tabharfar éifeacht dóibh i slí a eisiafaidh na críocha neamhcharthanúla, agus déileálfar, dá réir sin, leis an gcríoch mar chríoch charthanúil. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)— | |
[EN] | (a) má bhíonn feidhm ag an mbronntanas roimh an lú lá d'Eanáir, 1960, nó | |
[EN] | (b) (i) má dhéanann téarmaí an bhronntanais cionroinnt, nó má bhíonn foráil iontu chun cionroinnt a dhéanamh, idir na cuspóirí carthanúla agus na cuspóirí neamhcharthanúla, agus | |
[EN] | (ii) más féidir na cuspóirí neamhcharthanúla a aithint ó thuairisc shainráite nó ó thuairisc intuigthe. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh an t-alt seo, trína oibriú ar aon bhronntanas maidir leis an tréimhse ón 1ú lá d'Eanáir, 1960, go dtí an 24ú lá de Mheán Fómhair, 1960, teideal a thabhairt d'aon duine chun aon cháin nó dleacht a íocadh nó a iompraíodh i rith na tréimhse sin a aiséileamh ná (ach amháin maidir le cáin nó le dleacht) a cheangal go ndéanfar na cuspóirí a dearbhaíodh sa bhronntanas a áireamh mar chuspóirí carthanúla ionas go gcuirfí ó bhail aon ní a rinneadh nó aon chinneadh a tugadh i rith na tréimhse sin. | |
[EN] |
Bronntanais le haghaidh uanna agus cuimhneachán. |
50. —(1) Gach bronntanas a thabharfar tar éis tosach feidhme an Achta seo chun tuama, lusca nó uaigh nó leac uaighe nó aon chuimhneachán eile ar dhuine marbh nó ar dhaoine marbha a chur ar fáil, a chothabháil nó a fheabhsú, agus nach mbeadh carthanúil ar shlí eile, is bronntanas carthanúil a bheidh ann a mhéid a fhoráiltear leis an alt seo. |
[EN] | (2) Is bronntanas carthanúil bronntanas den sórt sin an fad nach rachaidh sé— | |
[EN] | (a) i gcás gan ach bronntanas ioncaim a bheith ann, tharseasca punt sa bhliain, | |
[EN] | (b) in aon chás eile, thar míle punt ó thaobh méide nó luacha. | |
[EN] |
Cumhacht chun treoracha a iarraidh ar an Ard-Chúirt. |
51. —(1) I ngach cás is sárú nó sárú barúlach ar aon iontaobhas chun críocha carthanúla nó aon uair a mheasfar gur gá treoir nó ordú ón Ard-Chúirt chun aon iontaobhas chun críocha carthanúla a riaradh, féadfaidh an Bord, nó, le toiliú an Ard-Aighne, féadfaidh duine ar bith, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar cibé faoiseamh is gá de réir nádúir an cháis agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú is oiriúnach leis an gCúirt a dhéanamh ina thaobh sin. |
[EN] | (2) I gcás aon imthosc dá sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 47 a bheith ann maidir bronntanas carthanúil is ábhar d'iarratas faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi, ar an iarratas sin a fháil, scéim a chumadh chun an mhaoin a bheidh ar áireamh sa bhronntanas carthanúil a chur chun feidhme cy-près. | |
[EN] |
Dualgas ar sheiceadóirí, mura mbeidh siad díolmhaithe faoi alt 20, fógráin i dtaobh réadtiomnaithe agus tiomnachtaí carthanúla a fhoilsiú. |
52. —(1) Aon uair a bheidh réadtiomnú carthanúil nó tiomnacht charthanúil in aon uacht, ansin an duine (dá ngairtear an t-ionadaí pearsanta san alt seo) dá ndeonófar probháid na huachta nó litreacha riaracháin maille leis an uacht, déanfaidh sé, faoi réir na díolúine a dheonóidh an Bord faoi alt 20, na nithe seo a leanas— |
[EN] | (a) laistigh de thrí mhí tar éis probháid nó litreacha riaracháin a dheonú, na sonraí seo a leanas a fhoilsiú, uair amháin san Iris Oifigiúil agus trí huaire go comhleanúnach i nuachtán éigin a léitear sa cheantar a n-ordaítear an réadtiomnú nó an tiomnacht nó an chuid is mó de sin a chaitheamh nó a chur chun feidhme ann nó, mura mbeidh aon treoir ann maidir le haon cheantar den sórt sin, i nuachtán maidine éigin a fhoilsítear gach lá seachtaine i mBaile Atha Cliath— | |
[EN] | (i) an réadtiomnú nó an tiomnacht atá san uacht, | |
[EN] | (ii) ainm an tiomnóra, | |
[EN] | (iii) dáta na huachta, | |
[EN] | (iv) ainm an duine dar tugadh an réadtiomnú nó an tiomnacht, | |
[EN] | (v) ainm an duine a cheap an tiomnóir chun an réadtiomnú nó an tiomnacht a bhainistí agus a stiúradh; agus | |
[EN] | (b) laistigh de cheithre mhí tar éis probháid nó litreacha riaracháin a dheonú, trí pháipéar (seachas an Iris Oifigiúil) ina mbeidh na foilseacháin chomhleanúnacha de bhun mhír (a) a sheachadadh in oifig an Bhoird nó a chur chucu leis an bpost. | |
[EN] | (2) Má mhainníonn ionadaí pearsanta déanamh de réir mhír (a) d'fho-alt (1), beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn ionadaí pearsanta déanamh de réir mhír (b) d'fho-alt (1), beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomhair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Bord inchúiseamh a dhéanamh maidir le cion faoi fho-alt (2) nó (3). | |
[EN] | (5) Is amach as an eastát nó as na cistí a réadtiomnaíodh nó a tiomnaíodh don charthanas a bheidh i gceist a íocfaidh ionadaí pearsanta na costais faoina rachaidh sé ag déanamh de réir fho-alt (1) dó. | |
[EN] |
Fógra don Bhord i dtaobh imeachtaí dlíthiúla. |
53. —(1) Sula dtionscnóidh aon duine seachas an tArd-Aighne aon imeachtaí dlíthiúla (ach amháin imeachtaí dlíthiúla a thionscnófar le húdarás nó faoi threoir ón mBord faoi alt 25) maidir le haon charthanas, cuirfidh an duine sin fógra i scríbhinn chun an Bhoird i dtaobh na n-imeachtaí dlíthiúla a bheidh beartaithe, maraon le haon eolas is gá nó is cuí nó a iarrfaidh an Bord ó am go ham, chun a mhíniú cad é an saghas imeachtaí iad agus cad iad na cúspóirí atá leo. |
[EN] | (2) Ní thabharfaidh aon ní i bhfo-alt (1) go mbeidh aon ordú in aon imeachtaí nach ndearnadh páirtithe iontu den Bhord ina cheangal agus ina ordú críochnaitheach i gcoinne an Bhoird. | |
[EN] |
Féadfaidh iontaobhaithe carthanais gníomhais, etc., a thaisceadh i nglacadán a chuirfidh an Bord ar fáil. |
54. —Is dleathach d'iontaobhaithe nó do dhaoine eile a mbeidh ina gcoimeád acu aon ghníomhais nó munúintí i leith nó i dtaobh carthanas iad a thaisceadh lena slánchoimeád i nglacadán a chuirfidh an Bord ar fáil, faoi réir aon rialachán a dhéanfaidh an Bord faoin Acht seo. |
[EN] |
Cumhacht thromlach dhá thrian de na hiontaobhaithe chun déileáil le maoin charthanais. |
55. —(1) San alt seo, ciallaíonn “diúscairt”, maidir le maoin, aon díol, malartú, idir-roinnt, morgáistiú, léasadh nó diúscairt eile a dhéanfar ar an maoin. |
[EN] | (2) I gcás cumhacht a bheith ag iontaobhaithe carthanais cinneadh ar dhiúscairt ar aon mhaoin de chuid an charthanais, beidh ag tromlach dhá thrian de na hiontaobhaithe i dtionól dá gcomhlacht a bheidh comhdhéanta go cuí cumhacht dhlíthiúil, thar a gceann féin agus thar ceann a gcomhiontaobhaithe, na gníomhartha, na gníomhais, na conarthaí agus na forchinntithe sin uile a dhéanamh, a shnaidhmeadh agus a fhorghníomhú, is gá chun éifeacht dlí a thabhairt d'aon diúscairt ar an maoin, agus beidh an éifeacht dhlíthiúil ag na gníomhartha, na gníomhais, na conarthaí nó na forchinntithe sin a bheadh acu dá mbeidís, faoi seach, arna ndéanamh, arna snaidhmeadh, nó arna bhforghníomhú ag na hiontaobhaithe gníomhacha uile de thuras na huaire. | |
[EN] |
Foráil maidir le comhlachtaí corpraithe a bheidh ag gníomhú mar iontaobhaithe aonair i gcásanna áirithe. |
56. —I gcás ina ndearnadh, roimh thosach feidhme an Achta seo, comhlacht corpraithe a cheapadh mar iontaobhaí aonair d'iontaobhas carthanúil, ansin, i gcaitheamh na tréimhse sin roimh an tosach feidhme sin agus dá éis a bhí an comhlacht corpraithe sin agus a leanfaidh sé de bheith i seilbh oifige— |
[EN] | (a) measfar gur foráladh agus gur ceanglaíodh i dtéarmaí an iontaobhais agus go bhforáiltear agus go gceanglaítear iontu aon iontaobhaí amháin a cheapadh, agus | |
[EN] | (b) measfar nach ndearnadh ach aon iontaobhaí amháin don iontaobhas a cheapadh i gcéadóir faoi théarmaí an iontaobhais. | |
[EN] |
Comhalta de chomhlacht ceannais fundúireachta carthanúla d'éirí as oifig agus an folúntas a líonadh. |
57. —Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le corparáid a bunaíodh le hAcht nó le cairt mar chomhlacht ceannais carthanais— |
[EN] | (a) féadfaidh comhalta éirí as a chomhaltas trí fhógra míosa ar a laghad i scríbhinn a thabhairt don chorparáid go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh; | |
[EN] | (b) féadfaidh an chorparáid duine eile a cheapadh chun bheith ina chomhalta den chorparáid in ionad comhalta a éireoidh as amhlaidh. | |
[EN] |
Tabharfaidh an tOifigeach Probháide tuairisceán bliantúil don Bhord i dtaobh réadtiomnuithe agus tiomnachtaí carthanúla. |
58. —Tabharfaidh an tOifigeach Probháide, idir an lú lá d'Iúil agus an lú lá de Shamhain gach bhliain, tuairisceán don Bhord ina mbeidh— |
[EN] | (a) sonraí faoi gach réadtiomnú carthanúil nó tiomnacht charthanúil in aon uacht a taifeadadh san Oifig Phrobháide nó ar cuireadh cóip di ar aghaidh chuige ó oifig aon duine de na cláraitheoirí probháide ceantair atá sa Stát nó ó aon fhoinse eile i rith na bliana roimh an lú lá sin d'Iúil, | |
[EN] | (b) ainm an tiomnóra, | |
[EN] | (c) ainm an duine dár deonaíodh probháid na huachta nó litreacha riaracháin maille leis an uacht, | |
[EN] | (d) dáta na huachta agus dáta na probháide nó na litreacha riaracháin. | |
[EN] |
Cumhacht chun easnamh áirithe a shlánú. |
59. —Údaraítear leis seo don Bhord suim seacht bpunt déag trí scilling déag agus cúig phingin, is é sin, méid easnaimh atá ina gcuntais bhliantúla ón mbliain 1873, a íoc isteach ina gcuntas ginearálta amach as ioncam fáis an Chiste Aisghabhála Carthanas Claonchasta atá á choimeád acu. |