|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Dleachtanna Stampa.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Dleachtanna ar Thobac.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1961
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Ilghnéitheach. | |
[EN] |
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla. |
36. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ; | |
[EN] | ciallaíonn “alt leasaitheach 1960” alt 38 den Acht Airgeadais, 1960 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an t-aonú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo; | |
[EN] | tá leis “an Aire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1960, maidir leis na naoi mbliana airgeadais comhleanúnacha agus fiche dar tosach an bhliain airgeadais dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1962 ach “£946,321” a chur in ionad “£951,035”. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1960 ach “£600,348” a chur in ionad “£615,195”. | |
[EN] | (4) Déanfar suim £1,134,682 chun iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1962. | |
[EN] | (5) Déanfar an t-aonú blianacht bhreise déag a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire. | |
[EN] | (6) Féadfar aon mhéid den aonú blianacht bhreise déag nach mó ná £733,991 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid mar chabhair chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc. | |
[EN] | (7) Déanfar iarmhéid an aonú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt. | |
[EN] |
Deireadh le feidhm alt 11 de 21 & 22 Geo. III, c.16 (Ir.) maidir le hairleacain agus iasachtaí áirithe. |
37. —Ní bheidh ag alt 11 den Reacht Éireannach réamh-Aontachta dar teideal “An Act for establishing a bank by the name of the Governors and Company of the Bank of Ireland” agus a ritheadh sa bhliain 1781-82 feidhm maidir le haon airleacan nó iasacht a thabharfar tar éis dáta an Achta seo a rith don Aire Airgeadais, ach, faoi réir na sriantachta sin, leanfaidh an t-alt sin de lán-fheidhm agus lán-éifeacht a bheith aige. |
[EN] |
Alt 30 den Acht Airgeadais, 1960 , a leasú. |
38. —(1) Leasaítear leis seo alt 30 den Acht Airgeadais, 1960 ,— |
[EN] | (a) trí “agus freisin maidir le cuideachta a éileoidh faoiseamh faoin gCuid sin III ar shlí seachas de bhua na n-alt sin” a chur ag deireadh fo-alt (1), agus | |
[EN] | (b) trí “nó faoiseamh faoi Chuid III den Acht ar shlí seachas de bhua na n-alt sin (de réir mar is iomchuí),” a chur isteach i bhfo-alt (4) roimh “a dheonú”. | |
[EN] | (2) I gcás ina mbeidh feidhm ag alt 30 den Acht Airgeadais, 1960 , de bhua na leasuithe a dhéantar leis an bhfo-alt sin roimhe seo, beidh éifeacht aige maidir le hidirbhearta agus comharbais a tharlóidh tar éis an 19ú lá d'Aibreán, 1961. | |
[EN] |
Aisghairm. 1891, c.39. |
39. —(1) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin. |
[EN] | (b) Ní bheidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo ach amháin maidir le daoine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith. | |
[EN] | (2) (a) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcólún (3) den Chuid sin. | |
[EN] | (b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1961, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí. | |
[EN] | (3) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin, ach ní bheidh feidhm ag an aisghairm sin i gcás aon bhille nó nóta tarraingíodh nó a rinneadh roimh an lú lá de Lúnasa, 1961, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí, agus ar bille nó nóta é a tháinig i gcéadóir chun bheith inmhuirir de réir alt 35 den Stamp Act, 1891, roimh an dáta sin más lasmuigh den Stát a tarraingíodh nó a rinneadh é. | |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánach agus dleachtanna. |
40. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme. 1891, c.39. |
41. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1961 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar Cuid I den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim. | |
[EN] | (3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, í a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin. | |
[EN] | (4) Forléireofar Cuid IV den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an tAcht sin. | |
[EN] | (5) Measfar gur tháinig Cuid I den Acht seo i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1961, agus beidh éifeacht aici amhail ar an agus ón lá sin. | |
[EN] | (6) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi. |